Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Dá ndruidfeá if you closed
" Dá ndruidfeá do shúile agus tú i do shuí sa phuball Gaeltachta, shílfeá go cinnte gur ag Oireachtas na Gaeilge a bhí tú - ach amháin go raibh an ghrian ag spalpadh anuas! Gura fada buan Féile Milwaukee.
draoithe druids
" Saolaíodh Ciarán i gCléire, ach is lú ná sásta a bhí draoithe an oileáin nuair a tháinig sé abhaile tráth ag scaipeadh creidimh nua.
ag druidim le approaching
" Agus muid ag druidim le 2018, tá sé suimiúil go bhfuil na Sasanaigh agus na hÉireannaigh ar aon tuairim sa chás seo agus go bhfuil na haontachtaithe ina n-aonar.
a fhiacla druidte his teeth clenched
" Strapaire fir, a mhatáin teannta, a shúile ag stánadh roimhe, a fhiacla druidte, bata i lámh amháin, an lámh eile ar nós sealgaire ag tarraingt a chreiche.
ag druidim le approaching
" Focal scoir ó Éamonn féin: dúirt sé liom agus muid ag druidim le deireadh ár gcomhrá gur rud thar a bheith speisialta a bhí ann dó a bheith ábalta daoine eile a spreagadh nó mothúcháin a mhúscailt iontu i ndiaidh dóibh a bheith ag amharc ar a shaothar.
Druideadh na scoltacha the schools were closed
" Druideadh na scoltacha seo uilig agus tógadh ceann lárnach i mBaile na Finne.
druideadh an líne the line was closed
" Rith an chéad traein ó Bhealach Féich go dtí na Gleanntaí ar an 3 Meitheamh, 1895 agus druideadh an líne sa bhliain 1952.
ag druidim leo approaching them
" Dúirt sé fosta go bhfuair sé bagairt roimh an ócáid ó na faisistithe, ach is léir go ndeachaigh siad i bhfolach nuair a chuala siad ceol na mbannaí ag druidim leo.
druidte isteach closed in
" Ní maith liom a bheith druidte isteach.
ag druidim chun clabhsúir drawing to an end
" "Tá an bhliain ag druidim chun clabhsúir agus cuireann sé muid ag smaoineamh ar dheireadh cúrsaí: cúrsaí meatha, cúrsaí dorchachta agus diamhrachta agus doilbhe, cúrsaí duibhe agus duifin agus báis.
dhruid an fearas fuafar he closed the hateful device
" Stán Balor go mailíseach ar an ghuthán póca, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile leis an aeróg, dhruid an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
dhruid an fearas fuafar he closed the hateful device
" Stán Balor go mailíseach ar an ghuthán póca, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile leis an aeróg, dhruid an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
a dhruid de leataobh who moved from the side
" "Is cén áit a gcaithfear í a ghearradh, mar sin?" a d'fhiafraigh sé os ard, é ag cur múisce ar sheanbhean a dhruid de leataobh san am céanna.
le druid to be closed
" Tá na tithe tábhairne le druid gach Déardaoin feasta ar a leath i ndiaidh a haon déag.
druidte go teann tightly closed
" Bhí a leathshúil druidte go teann le faitíos roimh an fhís fhíochmhar a nochtaíodh dó: Éire mar a bheas i gcionn deich mbliana! Éire i samhradh na bliana 2013! Bhí sé scanrúil, scéiniúil, scáfar mar aisling.
ag druidim liom approaching
" * Gluais • Glossary grian líomóideach shearbh Van GoghVan Gogh's bitter lemon sun dá mo dhallúblinding me sócúlachcomfortable go diansmaointeachextremely thoughtful mar is dual dóas it usually does scáthannashadows ag atswelling, expanding in aice an chaibinéidbeside the cabinet ag siotgháiresniggering fá dtaobh deabout it aitstrange ag gríosú mo chuid samhlaíochtainciting my imagination searmanasceremony chóir a bheithnearly ag druidim liomapproaching dá freagairtanswering her go drúisiúillustfully ag teannadh liomgoing close up to me ba ghnách liom amharc uirthiI used to look at her fireannmale i dtólamhalways marcaíocht ar rudaíto ride things leasrachathighs de shíor dá mo leanstan thartalways following me around chomh tógtha sin liomso taken with me ghoillfeadh sí go dtí an croí ormit would really upset/bother me dá tochas féinscratching herself ag casachtáilcoughing dá mhacasamhail seolike this ag goillstean ortbothering you drochspionna bad mood bulógloaf corruairsometimes buanchairdefriends for life gliondarjoy faoi smachtunder control bosca na mbréagánthe toy box go dtí gur ghéill m'athairuntil my father gave in brionglóid ar dóigha great dream corroíchethe odd night smúitdust gníomhaction rachtanna na fírinneachtabouts of truthfulness dóighiúilgood-looking aibíripe a cuid murnán beag bánher little white ankles osnasigh ag barr a malaíat the top of her brows smigeadchin toradhfruit a scoilteadhwhich was split stán mé uirthiI stared at her mo chuid lochtannasamy faults íomháimage Más ionúin an chráin is ionúin an t-ál.
ag druidim chun deiridh coming to an end
" Ach má athraíonn seo, agus má bheartaíonn muintir Bhaile Átha Cliath ar a dtacaíocht a thabhairt don Uasal Ryan seachas d'fhear Bertie, náiriú poiblí a bheidh ann don Taoiseach agus comhartha soiléir go bhfuil a cheannasaíocht ar Fhianna Fáil ag druidim chun deiridh.
Ann ach nár dhruid a mbéal they hardly shut their mouths
" Ann ach nár dhruid a mbéal na trí seachtainí a bhí siad le chéile.
ag druidim leis an am approaching the time
" Sa chéad dul síos, nuair a bhí sé ag druidim leis an am a raibh mé le dul ar scor agus mé ag machnamh ar fhéidearthachtaí an tsaoil ar féarach, chonaic mé fógra do scoil samhraidh, seachtain Ghaeilge bhliantúil ar fheirm amuigh faoin tuath sa Bhreatain Bheag Theas Nua.
ag druidim le ceann scríbe approaching its destination
" " Ceart go leor mar sin, ach cad faoi ríomhairí glúine? Bhuel, tá siad sin sa chatagóir seo a leanas: "Gléasanna atá ceadaithe le linn na heitilte ach a bhfuil cosc orthu nuair atá an t-eitleán ag gluaiseacht ar thalamh, ag éirí de thalamh, ag druidim le ceann scríbe nó ag tuirlingt.
le druidim to be closed
" Tá leabharlanna le druidim i mBéal Feirste, ach tá a mbunús sna ceantracha ar a dtugtar *Areas of Social Need, *na ceantracha is díothaí i dTuaisceart Éireann.
ag druidim leis na blianta deireanacha approaching the last years
" Níor tháinig Orpen chuige féin arís riamh i ndiaidh an chogaidh agus críochnaíonn an taispeántas le sraith ón tréimhse dheireanach dá shaol, a thaispeánann an t-éadóchas agus an drochshláinte a tháinig air agus é ag druidim leis na blianta deireanacha dá shaol.
Druideadh na túir fhaire the look-out towers were closed
" Druideadh na túir fhaire i ndeisceart Ard Mhacha an lá i ndiaidh do ráiteas an IRA a theacht amach.
druidte closed
" Agus, gan na turasóirí, bheadh cuid mhaith de na tithe tábhairne agus siopaí faoin tuath folamh, nó druidte fiú, rud a mbeadh drochthionchar aige ar ghnáthshaol na bpobal ansin.
ag druidim le spriocdháta tábhachtach approaching an important deadline
" Mar léiritheoir teilifíse, bíonn orm féin déanamh cinnte de go mbím in ann smaoineamh go cruthaitheach agus teacht ar chur chuigí nua go rialta - fiú amháin agus mé ag druidim le spriocdháta tábhachtach.
ag druidim le spriocdháta tábhachtach approaching an important deadline
" Mar léiritheoir teilifíse, bíonn orm féin déanamh cinnte de go mbím in ann smaoineamh go cruthaitheach agus teacht ar chur chuigí nua go rialta - fiú amháin agus mé ag druidim le spriocdháta tábhachtach.
olltoghchán ag druidim linn a general election approaching
" Ach bí san airdeall sna míonna atá romhainn: beidh cúrsaí fuinnimh agus an fhorbairt inbhuanaithe ag éirí níos tábhachtaí i measc an phobail – anseo in Éirinn (agus olltoghchán ag druidim linn), san Eoraip go léir, agus fiú amháin i gcás an andúiligh fuinnimh is mó ar domhan, na Stáit Aontaithe.
ag druidim leis approaching him
" Scaoil Ronnie é ceithre huaire nuair a bhí sé ag druidim leis.
a dhruid which moved
" Ceol a dhruid ó oíche go lá is ó mhaidin go tráthnóna go héasca.
Draoi na feadóige móire the druid of the flute
" Stony Steps – Matt Molloy ======= Draoi na feadóige móire.
ag druidim linn approaching
" Agus comóradh céad bliain 1916 ag druidim linn, níl a fhios agam an bhfuil cuimhneachán do Mhícheál Ó hÉanaigh beartaithe ag muintir Ghleann Cholm Cille.
ag druidim le 300 approaching 300
" ***AÓF: Cé mhéad ball atá anois ann, idir dhaoine óga agus dhaoine fásta?***TÓU: Déarfainn go bhfuil muid ag druidim le 300 nó b’fhéidir níos mó anois.
druidte, de cheal gnó. closed, due to lack of business.
" É sin nó go bhfuil sé druidte, de cheal gnó.
ag druidim linn. approaching.
" Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag gníomhú ar son a cuid balleagraíochtaí faoi láthair le neart phobal na Gaeilge a chur taobh thiar d’éilimh éagsúla agus olltoghchán mhí na Bealtaine ag druidim linn.
ag druidim linn approaching
" Tá an geimhreadh ag druidim linn anseo, ach bhí an t-ádh liom agus mé ar saoire.
ag druidim leis. coming up.
" Bhí imní ar Angie agus Steve faoin am seo, mar, mar gheall ar an mhéid béime a bhí ar an sacar i saol a mic, ní raibh sé ag déanamh mórán oibre ar scoil agus bhí scrúduithe an GCSE ag druidim leis.
ard-draoi na bhfigiúirí, the high druid of the figures,
" Sruth leanúnach de na páipéir chéanna á dtabhairt ag reathairí sealaíochta chuig “an gCeann Tallaí”, ard-draoi na bhfigiúirí, suite lena *acolytes* os comhair altóir na teicneolaíochta.
An slua faoi gheasa ag an draoi. The crowd under the druid's spell.
" An slua faoi gheasa ag an draoi.
á ndruid being closed
" Tá scoileanna atá bunaithe ar chreideamh á ndruid mar gheall ar thitim i líon na ndaltaí in áiteacha a mbeadh scoil amháin imeasctha inmharthana.
ag druidim le deireadh an gheimhridh approaching the end of winter
" Paiseanta faoin bpeil Faoi láthair, áfach, agus muid ag druidim le deireadh an gheimhridh sna Fritíortha, níl ach mórábhar amháin i mbéal an phobail in Melbourne: an chaid.
ár ndraoi fuaime. our sound druid.
" Tigh Karl, ár ndraoi fuaime.
tá an daorchluiche ag druidim chun deiridh, baseball is drawing to a close,
" Tá an samhradh ag sleamhnú uainn go mall, tá an daorchluiche ag druidim chun deiridh, agus tá lucht na peile Meiriceánaí amuigh ar an bpáirc imeartha arís.
druideanna druids
" Nemeton – garráin dhiaga a dtagadh druideanna le chéile iontu tráth den saol, lena ndeasghnátha a chleachtadh agus le corrainmhí bocht donasach a bhronnadh ar na déithe mar íobairt.
atá i ndiaidh druidim ceal fógraíochta. which has closed due to lack of advertising.
" Céad slán leis an *Medical Weekly* atá i ndiaidh druidim ceal fógraíochta.
druidte closed
" (Tá an oifig druidte ó shin agus fuarthas amach nár íocadh cíos le linn na ndeich mí a bhí USAIG ann.
Ag druidim le trí a chlog ar maidin coming up to three in the morning
"Ag druidim le trí a chlog ar maidin, bhí Barr an Chúma ciúin.
Dhruid closed
" Dhruid sé a shúil agus chuaigh sé ag smaoineamh ar chruachás na hÉireann agus orthu siúd a chuir leis an tsáinn sin ó thus na bliana úire.
draoithe teicniúla techno druids
" Ní ga dom ach seinnt nó fuaimeanna nó frásaí ceoil a thaifeadadh agus fágaim an draíocht teicniúil faoi na draoithe teicniúla! Sé an chaoi go n-oibríonn sé ná go roinntear an scáileán i mboscaí ina gcuirtear ruainní beaga ceoil atá réamhthaifeadta agus trí bhreathnú ar na boscaí ‘seinntear’ an ruainnín ceoil.
druidte closed
" Bhí a leathshúil ar oscailt go teann le faitíos roimh an fhís fhíochmhar a nochtadh dó nuair a bhí a shúil druidte: Éire mar a bheidh i gcionn cúig bliana! Éire i samhradh na bliana 2014! Míle bliain i ndiaidh Chath Chluain Tairbh beidh Éire faoi ionsaí arís, más fíor d’fhís Bhaloir.
druidim chun deiridh drawing to a close
" Tuigeann an saol mór go bhfuil ré órga an cheoil taifeadta ag druidim chun deiridh.
Druideadh was closed
" Druideadh an Leitrim Post, de chuid River Media, agus agus lig an Irish Independent an-chuid daoine chun bealaigh le bliain anuas.
druideadh were closed
" Tugaim faoi deara gur druideadh roinnt mhaith de na siopaí leabhair is fearr dá raibh againn, mar shampla, siopa Mhic Cionnaith i nGaillimh agus Greens i mBaile Átha Cliath.
druidim linn drawing close
" Mar sin féin, agus geimhreadh na bliana seo ag druidim linn, beidh na meáin ag iarraidh a chur ina luí orainn gurb é ulpóg na muc an bhagairt is mó don chine daonna ó bhí an phlá ann.
dhruid close
" Níor dhruid na bialanna don gheimhreadh, mar is nós le go leor sa tír seo a dhéanamh, mar gur beag difir ó thaobh ráchairte de, a fheictear ó cheann ceann na bliana.
druidim closing
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
druidim leis nearing
" Chomh dócha lena athrach, táimid ag druidim leis an Spealadh is Mó riamh.
dhruidfidh shall draw
" Cloisfidh tú treoraí ag maíomh ar an dáta sin nuair a dhruidfidh na turasóirí cruinn thart air lá ar bith i gcearnóg na hollscoile, óir ní féidir iad a choinneáil amach as an áit.
dhruideann draws
" Téann Aoife agus an Garda Réamonn Seoighe araon i mbaol beatha de réir mar dhruideann an tóir chun buaice.
druidte go teann shut fast
" Níl ann ach rud beag de scoilt, ach ar a laghad tá an doras a bhí druidte go teann le cuimhne na ndaoine anois ar oscailt.
ag druidim drawing
" Feicfidh tú an dá Mheiriceá Ibéireach, Spáinneach agus Portaingéileach, ag druidim níos gaire fós dá chéile.
Druideadh were closed
" Druideadh scoileanna, bóithre, aerfoirt agus ionaid oibre.
dhruid sé he closed
" Agus an mhonalóg thart, stán Balor go mailíseach ar an ghuthán phóca, scríob sé a gheadán go gangaideach leis an ghléas, ansin a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile; dhruid sé an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
ag druidim le coming towards
" Bhí sé ar an léarscáil gur cheart cosán seanbhóthar Rómhánach a leanacht agus bhí fhios agam go raibh mé ag druidim le Ribchester, nó Bremetennacym, mar atá tugtha ar an léarscáil fosta.
druideadh síos was closed down
" Ach tháinig rialtas úr den eite dheis isteach agus druideadh síos San Vicente del Caguan mar ionad idirbheartaíochta, ach áit iontach suimiúil atá ann.
druideadh were closed
" 
Tá sé aitheanta ag gach duine taobh amuigh de Chumann na nOifigeach Príosúin go bhfuil an tSeirbhís Príosúin ó thuaidh mífheidhmiúil de réir ceann de na síorfhiosrúcháin, go bhfuil barraíocht daoine ag obair inti ar fhoireann a chumann a cuid rialacha féin (druideadh dhá chumann sóisialta mídhleathacha ar thailte dhá phríosún an mhí seo) agus nach dtig, le teann mhíchumas na foirne céanna, cimí a athshlánú.
ag druidim drawing close
" Tharla 2016 ag druidim linn, tá Coiste Cuimhneachán na Cásca i Learpholl ag déanamh taighde ar na hóglaigh as an cheantar seo a throid san Éirí Amach agus i gCogadh na Saoirse.
ag druidim drawing near
" ” Ag múineadh Béarla sa Bhrasaíl ================= Níl amhras ar bith faoi ach go bhfuil borradh faoi earnáil na scoileanna príobháideacha Béarla sa Bhrasaíl, agus beidh go ceann tamaill: agus Corn an Domhain 2014 agus Cluichí Oilimpeacha 2016 ag druidim beidh éileamh ard ar chainteoirí Béarla – agus ar mhúinteoirí Béarla, leis.
ghonta druidte injured shut
" Shiúil sé go mall i leith ardán na léachta, an leathshúil ghonta druidte, an leathlámh a leathshíobadh de clúdaithe le léine ildaite den chineál a chaitheann Mandela.
Druidim closing
" Druidim Siopaí ======== Níl deireadh le héabhlóid an idirlín fós, ná baol air, ach sílim go dtuigfimid anois nach mbeidh sé chomh cinniúnach is a ceapadh ar dtús.
druidte dúnta closed down
" Meitheal Forbartha na Gaeltachta =================== **SMM: Cad é an dóigh chun cinn sa Ghaeltacht nuair a tchímid Meitheal Forbartha na Gaeltachta druidte dúnta agus srianta ar Údarás na Gaeltachta? Ar cheart cur leis an tionscal físe? - Go mbeadh seirbhís iomlán teilifíse Ghaeilge ann a bheadh ag freastal ar na cainteoirí is saibhre sa Ghaeltacht agus ar ‘Éire na Gaelscolaíochta’ fosta mar tá an ghlúin Gaeilgeoirí aníos sa Ghalltacht ag éirí iontach líonmhar?** DMFh: Aithním an obair a bhí á déanamh ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta ó bunaíodh iad agus an freastal agus seirbhísí a thug siad do mhuintir na Gaeltachta.
ealta druideanna a flock of starlings
" Bhí siad mar a bheadh ealta druideanna timpeall orainn.
Béal Druidte, Ceann Críonna little said, soonest mended
" Béal Druidte, Ceann Críonna =============== Bhí conspóidí poiblí éagsúla bainteach le cuairteanna ríoga ar an Astráil thar na blianta.
druideann costas tairgeadh cost of production draws
" Nuair is féidir é sin a dhéanamh, druideann costas tairgeadh an bhunruda i ngar do neamhní.
ag druidim le lár na cathrach approaching the city centre
" " Níos measa fós, nuair a bhí an mórshiúl ag druidim le lár na cathrach, chuir na póilíní in iúl do Chairde na hÉireann go raibh balc mór de lucht agóide ag fanacht leis an mhórshiúl i gCearnóg Derby agus bheadh sé róchontúirteach dul ann.
a bhéal a choinneáil druidte to keep his mouth shut
" Ach is mór an meas atá aige orthu siúd a chaitheann a saol go dílis agus go neamhbhalbh de réir bhriathar agus shampla Saor Adhmaid Nasaireit, an Giúdach Palaistíneach a bhfuair údaráis na Róimhe réidh leis ar an chros siocair nach raibh sé sásta a bhéal a choinneáil druidte.
a mbéal a choinneáil druidte to keep their mouths shut
" Ach is daoine iad na sagairt seo, fearacht Íosa Críost féin, nach raibh sásta a mbéal a choinneáil druidte nuair a chonaic siad éagóracha thart orthu, ná go raibh géarghá le rudaí a athrú.
druidte closed
ag druidim leis an éag near death’s door
" Láimh leis an Bhás ======= Caithfear a thuiscint go raibh na marthanóirí brúite in aice leis na daoine a fuair bás, páistí ina measc - chuala siad iad ag scairteadh amach, chonaic siad dreach an uafáis ar a n-aghaidheanna, mhothaigh siad a gcoirp ag streachailt, bhí siad taobh leo nuair a bhí siad i ndeireadh na feide, ag druidim leis an éag, agus ansin nuair a d’fhill siad abaile chuala siad ó na meáin chumarsáide go raibh an locht orthu féin, d’ainneoin a gcrógacht ar an lá.
ag druidim isteach ar an slua closing in on peoples’ space
" Brú, Bagairt is Béicíl gan Ghá ============= Ansin thosaigh siad ag béicíl agus ag drantú agus ag druidim isteach ar an slua a bhí fós ag caint agus ag comhrá i bhforsheomra an óstáin.
druidte le mí anuas closed in the last month
" Tá daichead ’s a cúig staisiún Garda druidte le mí anuas; tá siopaí ag drud ceann i ndiaidh an cheann eile agus tá foirne peile gan imreoirí agus iad ag impí ar na seanimreoirí toggáil amach arís.
Draoi druid
" Cathbad Draoi, an tuar oilc, an leanbh sa mbroinn.
ndruidtear an doras the door is closed
" “Measaim gurb é an rud atá á rá ag Misean Oirthear Bhéal Feirste nach teach pobail é seo a dtiomáiníonn daoine chuige gach Domhnach agus a n-imíonn siad uaidh nuair atá an tseirbhís thart agus go ndruidtear an doras go dtí an Domhnach dár gcionn.
Druideadh an Dallóg Iarainn the Iron Curtin was closed
" Druideadh an Dallóg Iarainn agus leis sin, cailleadh aon dóchas a bhí acu go bhfeiceadh siad a chéile arís.
dhruid an Eoraip E. drew close
" Agus lena gceart a thabhairt dóibh, dhruid an Eoraip leis na Stáit measartha tapa maidir le ceangail idirlín.
choinnigh siad an béal druidte they kept their mouths shut
" D’fhóir an ainriail sin don Ghearmáin gan a dhath a rá, agus choinnigh siad an béal druidte.
raibh am druidte ann it was closing time
" Shílfeadh duine go raibh am druidte ann, agus iad ag carnadh piontaí chucu féin.
ag druidim le closing on
" Cúltacaigh gach Ní! ======= Nuair a d’fhreastail mé ar an ollscoil (agus táimid ag druidim le 20 bliain ó thosnaigh mé ann!) bhí cead againn aistí scríofa de láimh a thabhairt isteach.
dhruid nuachtáin aitheanta well known newspapers
" Léiríonn figiúirí ón Audit Bureau of Circulation go bhfuil meath leanúnach tagtha ar líon léitheoireachta phríomhnuachtáin na hÉireann agus dhruid nuachtáin aitheanta ar nós an *Sunday Tribune* agus *Irish Daily Star Sunday* le dornán blianta anuas.
druidte ina iomláine closed entirely
" " Cé nach bhfuil cuma iontach dóchasach ar an ráiteas sin, níor mhór a admháil nach bhfuil an doras druidte ina iomláine ach an oiread.
ná druidimis ar súile let’s not close our eyes
" Ná bacaimis le reductio ad Hitlerium, an '*What about the IRA?*’ Tá agus beidh neart ama fána choinne sin ach ná druidimis ar súile d'fhaillí an Stáit ach oiread.
ag druidim closing
" "Sin ráite, ní hé go raibh an t-airgead againn lán tí de leabhair a cheannach Bhí an leabharlann áitiúil ag druidim agus cheannaigh Mamaí na leabhair seo uilig ar 10 nó 20 pingin an leabhar!" Faoi Oiliúint ag Mac Péice ============= Chomh maith leis an ábhar léitheoireachta, bhí neart ealaíne agus ceol i gcónaí sa teach.
druidte linn arís draw close again
" com/tracks/123495801&amp;color=007c21&amp;auto_play=false&amp;show_artwork=false"></iframe> Tá an t-am sin den bhliain druidte linn arís nuair a scriobhfaidh na gasúir litir chuig Santy ag inseacht dó céard atá uathu i gcomhair na Nollag.
agus muid ag druidim i dtreo as we draw towards
" Bí geall go mbeidh nuachtáin na hÉireann lán le haltanna fadálacha agus muid ag druidim i dtreo 2016 faoin aisling atá imithe ar strae agus le heagarfhocail a bheas ag maíomh go mbeadh náire shaolta ar na géanna fiáine dá bpillfidís ar a dtír dhúchais sna saolta deireanacha seo.
druidte enclosed
" “An chéad seo caite, bhí na pobail Éireannacha druidte, scartha leo fein ar na feirmeacha agus ar na estancios (feirmeacha ollmóra), agus phós Éireannaigh Éireannaigh eile.
ag druidim cumhacht iomlán drawing complete power
" Ach cén chaoi gur casadh an taoide go fíochmhar i gcoinne Pauline Marois, ó bheith ag druidim cumhacht iomlán go dtí náire iomlán, agus í ag éirí as an bpolataíocht oíche an toghcháin? Ar an gcéad dul síos, cé go seasann páirtí Marois, le Parti Québecois, go láidir ar son chearta na bhFrainciseoirí , agus é mar aidhm bhunúsach acu neamhspléachais a bhaint amach do Québec, bhí Marois cúramach gan an t-ábhar sin a lua i rith an fheachtais toghchánaíochta.
atá ag druidim chun deiridh. which is coming to a close
" Caitheann Balor a shúil nimhe ar an bhliain atá ag druidim chun deiridh.
druidim leis nearing
" Táimid ag druidim leis an Spealadh is Mó riamh agus tá an chuma ar an scéal gur gairid uainn an Tríú Cogadh Domhanda dar le Maidhc Ó Cathail.
draoi druid
" Thug Gabriel Rosenstock taitneamh do leabhar filíochta Pheadair Uí Uallaigh, leabhar a shníomhann a 'eolas beacht' ar lus agus ar luibheanna trí logainmneacha Chorca Dhuibhne mar a dhéanfadh 'draoi'.
Má dhruidtear é if it’s closed
" Má dhruidtear é, caithfear, dar leis, na hathruithe cuí a chur i bhfeidhm ar na córais toghchánaíochta agus ar na ceapacháin do na háisíneachtaí stáit san áireamh.
an druidim siar ón ilteangachas the retreat from multilingualism
" Ní maith le Ciarán Mac Aonghusa an druidim siar ón ilteangachas a bheas ar bun feasta, is cosúil, más leid ar bith an cúbadh atá ar na bacáin don Tionscnamh um Theangacha Nua-aoiseacha sa Bhunscoil.