Pota Focal Intergaelic
de | dhe | dua | duel | duet
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
de dheasca féinmharaithe due to suicide
" Tá páiste as gach triúr ina chónaí faoi bhochtaineacht; déantar eigniú ar thriúr páistí gach seachtain; is páistí 26% den dream a éignítear; maraítear nó gortaítear níos mó ná 1,800 páiste gach bliain i dtaismí bóthair; caitear £143 per capita ar sheirbhísí do pháistí Thuaisceart Éireann, £217 a chaitear i Sasana; tá cineál éigin meabharghalair ar 20% de dhaoine óga; caitheann idir 50% agus 70% de pháistí an lucht taistil seal san otharlann am éigin ina n-óige; bíonn 20% de dhaoine óga gan dídean am éigin ina saol; tá rátaí báis de dheasca féinmharaithe níos airde anois ná básanna de dheasca taismí bóthair i measc an aosa óig.
ag dul dó féin due to himself
" Dar leis an mbainisteoir go bhfuil leath de tháillí sheirbhísí an chapaill ag dul dó féin toisc gur leis leath an chapaill.
de cheal airgid due to lack of money
" Faraor géar, ní féidir dul chuig chuile fhéile, de cheal airgid! Chuaigh mé chuig Aspen, Colorado, i mí Aibreáin agus ní raibh ach 58 scannán ar siúl ag an bhféile ansin.
de cheal postanna feiliúnacha due to a lack of suitable jobs
" * Gluais • Glossary dul i dtaithí arget used to seanmóirsermon léachtaíreadings gnáthchomhráordinary conversation chomh tuirseach is a bhínnhow tired I used to be luasspeed sruth caintea stream of words foighneachpatient botúinmistakes séiplíneachchaplain bosca faoistineconfession box ag éisteachthearing confessions eascainíswearing iarrachtattempt leithreastoilet sna Flaithisin Heaven seálshawl sa Nigéirin Nigeria deoisediocese gáneed ualachburden misneachhope leictreachaselectricity cuisneoirífridges cadhnrabattery a bheadh le luchtúwhich would have to be charged gineadóirgenerator go han-spárálachvery sparingly scannán an-mholtaa highly-praised film deontasgrant bolgánbulb mionrud éiginsome small thing le caoi a chur airto repair it m'airdmy attention draíochtmagic a d'ardaíodh mo chroíwhich used to lift my heart a chuaigh i bhfeidhm go mór ormthat really made an impression on me spioradáltachtspirituality achrannquarrelling aighnisdisputes tuairimí láidrestrong opinions pearsantachtaí láidrestrong personalities in árach a chéileat loggerheads Ghoill naimhdeas mar sin go mór ormthat sort of hostility really upset me chruthódh séit would prove turas na croisethe stations of the cross an CarghasLent aisteachstrange gníomh creidimhan act of faith ráiteasstatement briathar Déthe word of God béimemphasis trí chéilein general gannscarce comaoineachcommunion fireann nó baineannmale and female an-ghar don nádúrvery close to nature do bhaol a mbáiteto the danger of being drowned scór ógánachtwenty young men a bádhwho were drowned truamhéalachheart-breaking strompthastiff ina baclainnon her arm mothúcháinemotions ar tír móron the mainland ag cur láimhe ina mbás féincommitting suicide d'aireofáyou would feel bádrowning sciobadh na farraigethe sea's snatching sólássolace i gcréin the soil i ngaineamh na cillein the sand of the grave faraoralas uaigneas imeachtathe loneliness of departure cé is moite de na laethanta saoireapart from the holidays a fhilleann go lánaimsearthawho return on a full-time basis de cheal postanna feiliúnachadue to a lack of suitable jobs ábhair acadúlaacademic subjects
de thairbhe an dlí nua due to the new law
" Ach má bhíonn dlí Westminster i réim, beidh tábhairneoirí a dhíolann bia faoi láthair ag déanamh cuntais agus éireoidh siad as an bhia i bhfábhar tobac má chailleann siad airgead de thairbhe an dlí nua.
de cheal aon chinneadh faoi mhaoiniú due to lack of a decision about funding
" Níl iomrá ar bith ar Chathaoirleach buan a cheapadh ar an bhord, tá éiginnteacht ann i gcónaí faoi struchtúr úinéireachta na haerlíne agus d'fhéadfadh brabúsacht an chomhlachta a bheith i mbaol, de cheal aon chinneadh faoi mhaoiniú.
de cheal aon chluiche dian due to a lack of any difficult match
" I gcoinne Luimnigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann bhí cuma cineál stálaithe ar a gcuid imeartha, de cheal aon chluiche dian ar feadh sé seachtainí roimhe sin, agus níor éirigh leis an bhfoireann an imirt shlachtmhar chéanna a bhaint astu féin is a bhain sna cluichí go dtí sin.
de bharr na poiblíochta due to the publicity
" "Bhí sé úsáideach go raibh an scéal ar an teilifís agus sna nuachtáin mar tuigeann níos mó daoine an ceangal contúirteach idir tobac agus daille anois agus tháinig a lán daoine a raibh an galar orthu chun tosaigh de bharr na poiblíochta," a mhínigh sé dom.
de cheal airgid sa bhuiséad due to lack of money in the budget
" Nuair a fógraíodh, tar éis na hóráide seo, go raibh an tUasal Bush chun cuairt a thabhairt ar shaotharlann taighde i gColorado, “d’aimsigh” an Roinn Fuinnimh go leor airgid go tapa chun 32 taighdeoir a athfhostú ann, daoine a briseadh as a bpostanna cúpla seachtain roimhe sin de cheal airgid sa bhuiséad.
de cheal ama due to lack of time
" Obair dheonach í seo a bhfuil cúraimí faoi leith ag gabháil léi; is deacair do dhaoine a gcroí a chur inti go hiomlán, de cheal ama.
de cheal aon chinneadh due to a lack of any decision
" Tá an t-aighneas idir feirmeoirí agus lucht siúil sléibhe imithe in olcas, mar shampla, de cheal aon chinneadh ón Aire, agus an chosúlacht ar an scéal nach dtiocfar ar réiteach roimh an chéad olltoghchán eile.
druidte, de cheal gnó. closed, due to lack of business.
" É sin nó go bhfuil sé druidte, de cheal gnó.
tréimhsí fada imeartha gan briseadh de bharr calaoise. long periods of play without a break due to fouling.
" Bhí na scileanna ar fheabhas, bhí luas lasrach san imirt agus bhí tréimhsí fada imeartha gan briseadh de bharr calaoise.
de bharr éilimh. due to demand.
" Ach tugadh isteach córas an chúldorais – is é sin, an dara seans don chontae a chaill craobh Laighean agus Craobh na Mumhan – i 1997 de bharr éilimh.
de bharr toirmisc agus ruathar díoltais. due to prohibition and revenge attacks.
" Leagtar an-bhéim ar an gciapadh a d’fhulaing an gnáthdhuine de bharr toirmisc agus ruathar díoltais.
cur i bhfeidhm phróis chuí an dlí. the implementation of due process of law.
" Is é an chloch is mó ar phaidrín an bhreithimh ná cur i bhfeidhm phróis chuí an dlí.
de cheal imreoirí maithe, due to a lack of good players,
" Maidir le foireann Átha Cliath, ar nós Phort Láirge san iomáint is gá a rá nach rabhadar maith go leor, de cheal imreoirí maithe, chun an bua a fháil ar Chiarraí.
de cheal na féidearthachta due to the lack of the possibility
" Go bunúsach, tá daoine marbh dá chéile de cheal na féidearthachta go mbeidh caidrimh eatarthu.
de cheal aistritheora atá cumasach go leor, due to a lack of translator who is sober enough,
" Seans go mbeidh Ambasadóir na Gearmáine ag dul thart i mbliana ag cuartú duine le héisteacht leis, le go míneodh sé a chás i nGaeilge na Gearmáine, ach seans go n-éireoidh sé as de cheal aistritheora atá cumasach go leor, nó sóbráilte go leor fiú.
ag fulaingt faoi fhoréigean agus ocras suffering due to violence and hunger
" Cuireann siad i gcuimhne dúinn, ar laethanta seo an rachmais, nach bhfuil gach duine chomh maith as agus atá muid féin, go mbíonn daoine ag fulaingt faoi fhoréigean agus ocras agus go bhfuil dualgas orainn – ní rogha – cuidiú leo oiread agus is féidir linn.
seachas próiseas cuí a bheith dulta tríd. instead of going through due process
" Ach níl sé ceart, ach an oiread, saol duine a scrios agus é a athrú ó bhonn taobh istigh de thrí seachtaine mar gheall ar scannán uair an chloig a bheith déanta faoi seachas próiseas cuí a bheith dulta tríd.
de cheal airgid; due to lack of money;
" Téann go leor acu ag seilg sa choill de cheal airgid; mura bhfuil tú in acmhainn dul go Pak ’N’ Save, is ansiúd a théann tú.
atá i ndiaidh druidim ceal fógraíochta. which has closed due to lack of advertising.
" Céad slán leis an *Medical Weekly* atá i ndiaidh druidim ceal fógraíochta.
de bharr gortaithe due to injury
" Cé go bhfuil fuinneamh nua ag foireann na tíre don bhliain seo amach romhainn, tá easnamh mór sa champa gan leithéidí Sarahjane Belton, Patrique Kelly agus Germaine Healy atá tar éis éirí as an rugbaí de bharr gortaithe.
de dheasca due to
" Léiríonn an staidéar sin go bhfuil an domhan ag cailliúint idir $2 trilliún agus $5 trilliún in aghaidh na bliana de dheasca an dífhoraoisithe.
toisc an aois due to age
" Nó Carla Bruni ag rá i Madame Figaro ar an 7 Márta ‘gur mhaith léi páiste eile a bheith aici’, agus má tharlaíonn sé nach n-éiríonn sí torrach toisc an aois atá uirthi - tá Carla Bruni-Sarkozy 41 bliain d’aois – ba bhreá léi páiste a uchtú.
thig de dheasca comes about due to
" Tá easpa an daonlathais áitiúil ag feidhmiú sna toghcháin, easpa a thig de dheasca cumhacht na bpáirtithe móra a bhrúnn a dtoil anuas ar na daoine, dá n-ainneoin.
ceal íocaíochtaí due to lack of loans
" Agus luachanna tithe ag titim, agus na sluaite neamhinniúil a morgáistí a íoc, thit na bancanna as a chéile freisin, ceal íocaíochtaí.
mar gheall ar dhrochshláinte due to reasons of bad health
" Mar atá cúrsaí, caithfidh an gnáthshaoránach íoc as a chostaisí sláinte féin, agus is minic a dhiúltaíonn na comhlachtaí árachais don iarratasóir mar gheall ar dhrochshláinte a bheith air cheana féin.
de dheasca na tubaiste due to the disaster
" A cháil titithe go mór ar na mallaibh, áfach, de dheasca na tubaiste a bhain le príosún Halla Uí Dhroighneáin a bheith caite i dtraipisí agus faoina chuid claonadh i dtreo na heite deise agus coir an Diamhaslú á dhleathú aige.
i ngeall ar due to
" Tá gean agus cion ar leith ag muintir na hAstráile ar an gcosán seo i ngeall ar fheachtas míleata tábhachtach a tharla ann i rith an Dara Cogadh Domhanda.
cheal spáis due to lack of space
" Ní scrúdóimid cúiseanna na géarchéime san Fhionlainn, cheal spáis.
le teann from dint, due to
" Tá polaiteoirí Theach Laighean ag titim dá gcuid suíochán costasach compordach mar a bheadh duilleoga sa ghaoth Mhárta – cuid acu ag titim gan éirí, agus cuid eile ag titim le teann gáire fúthu siúd nach n-éireoidh arís.
le barr amhrais due to doubt
" " "Beag an baol" a shíl mé dom féin, agus an compás i mo lámh agam i rith an ama le barr amhrais.
trí bhíthin due to
" Gortaítear agus maraítear trí bhíthin muineál briste, cnámh droma briste, géag bhriste nó taom croí, a lán de na capaill sin le linn a dtréimhse rásaíochta, agus díobh siúd nach bhfuil maith go leor chun rásaíochta, maraítear mórán le haghaidh tionscal na feola.
i ndán in store, due
" Scríobh an file Seamus Heaney réamhrá don iarratas bunaidh a chuir an chathair ar an ghearrliosta agus istigh ann chuir sé na línte fáidhiúla seo: So hope for a great sea change On the far side of revengeBelieve that a farther shoreIs reachable from here Dúradh na línte dóchasacha seo den chéad uair sa Guildhall i nDoire i 1990 ag an chéad léiriú de *The Cure of Troy*, dráma de chuid Heaney, agus spreag siad daoine le creidiúint go raibh am níos gile i ndán do mhuintir Dhoire.
i ngeall ar due to
" Tá bánú na tuaithe ar siúl le blianta fada chomh maith, agus meastar go gcuirfear leis an gclaonadh seo i ngeall ar an triomach a thit amach ní ba mhinice le fiche bliain anuas.
de cheal ama due to lack of time
" An Fotheidealú ======= Níl an fotheidealú furasta, de cheal ama.
chóir their due
" “Tá mo Roinn ag comhoibriú inniu ar bhonn leanúnach le Chomhairle na Gaelscolaíochta agus ní mheasaim go bhfaigheann an Chomhairle an chóir.
le himeacht ama in due course
" Nó b’fhéidir go bhfuil mé go hiomlán mícheart agus gur pobail nua atá á bhforbairt sna hoileáin sin faoi láthair agus go dtiocfaidh a seal siúd le himeacht ama.
A bhuíochas sin thanks for that is due
" A bhuíochas sin do cheannaire Fhine Gael Enda Kenny, a d’fhógair gan dul i gcomhairle le duine ar bith go mbeadh an Ghaeilge ina ábhar roghnach do dhaltaí meánscoile th’éis an Teastais Shóisearaigh.
chun cothrom na Féinne a thabhairt dí to give her her due
" I rith na séimhse seo, chun cothrom na Féinne a thabhairt dí agus mo bhuíochas a ghabháil léi as a crogacht i mo rangsa, chuir mé m’ainm síos don chúrsa Seapáinise.
Baineadh sé be it due to
" Baineadh sé le dearcadh creidimh na bProtastúnach nó ná baineadh, ba é an chóir fhioscach riamh an chloch ba mhó ar a bpaidrín (mura miste leat an meafar!).
de bharr easpa saineolais due to lack of expert knowledge
" Ní fhéadfadh Bord an Údaráis feidhmiú mar is ceart ar thrí chúis im’ thuairimse: - (i) i dtosach tá an Bord rómhór le bheith feidhmiúil; - (ii) is comhairleoirí contae nó iarchomhairleoirí contae 13 as an 17 ball tofa ar bhord na heagraíochta, agus ní bheadh sé de mhisneach acu vótaí a chur i mbaol trí sheasamh a ghlacadh, a chuirfeadh caomhnú na Gaeilge roimh chruthú fostaíochta; - (iii) de bharr easpa saineolais, ní hacmhainn don bhord dúnghaois a shocrú ná dianscrúdú a dhéanamh ar obair na heagraíochta.
ar a chastacht due to its intricacies
" Ní fhéadfadh an reacht sin oibriú, dar leo, ar a chastacht.
de thoradh due to
" Tá éirithe leis na heagraíochtaí, an CLG agus an AFL, na sluaite móra a mhealladh ó am go ham trí fhógraíocht dhian a dhéanamh agus de thoradh ghéire na hiomaíochta idir an dá thír.
de bharr an íomhá a chothaigh sé go cúramach due to the image carefully cultivated
" in ann vótaí a mhealladh ó dhaoine nach raibh meas mada acu ar a pháirtí, de bharr an íomhá a chothaigh sé go cúramach: an intleachtóir ag troid ar son an ghnáthdhuine agus ag labhairt amach in aghaidh na héagóra, bíodh sé sa mbaile nó thar lear.
de bharr gearáin due to a complaint
" Is iomaí comhlacht poiblí a rialaíodh ina n-éadan de bharr gearáin ón phobal mar gur theip orthu a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nó faoi aon reachtaíocht eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.
De bharr cúinsí geilleagair an ama due to economic circumstances of the time
" De bharr cúinsí geilleagair an ama, theip ar go leor de chliantchomlachtaí an Údaráis a gcuid spriocanna a bhaint amach.
leis an taise due to the damp
" B’fhéidir gur chlúdaigh na gúnaí éadroma a gcuid náire, ach leis an taise níor cheil siad morán rud ar bith eile.
siocair due to
" (Tharla réabhlóidí geilleagair eile roimhe sin ar ndóigh, an t-athrú sealbhaíochta siocair na n-acht talún ó na 1880í i leith, cuirim i gcás, ach aisteach go leor, níor tháinig ann i gceart don réabhlóid thionsclaíoch in Éirinn).
toisc due to
" Neart an Chur Le Chéile ============= Tá na Samaritans ag tosú ar chomhoibriú le heagraíochtaí eile anois toisc éileamh níos mó ná riamh ar a gcuid seirbhísí agus níos lú airgead acu chun an chabhair a thabhairt.
le himeacht ama in due course
" **SÓC: Bhí dlúthcheangal agat leis an CLG go háitiúil, rud a d’eascair go hiontaobhas Pháirc an Chrócaigh le himeacht ama?** MMGE: Thosaigh mé mar Rúnaí ar chumann Chill Chartha i 1962.
de bharr due to
" Cé go leagann imreoirí áirithe tábhacht ar chúrsaí féiniúlachta (ábhar den Cheilteachas uileghabhálach úd an athuair!) is í an tsuim sa spórt féin, de bharr chothú leanúnach na ndílseoirí, is mó a chuir an cumann ar a bhonnaibh, agus is í a choimeádann fuinneamh ann freisin.
toisc due to
" Cloiseann sí an Bhriotáinis chuile lá, cé go mbíonn uirthi dul i muinín na Fraincise, toisc í a bheith chomh uileláithreach.
de bharr easpa cúraim due to lack of care
" Gortaíodh roinnt mac léinn a rinne stáidéar i gcoláistí Tvind eile san Eoraip de bharr easpa cúraim le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta.
Lena cheart a thabhairt dóibh to give them their due
" Tarraingt Siar an tSamhailscéil ================ Lena cheart a thabhairt dóibh, tharraing Myers siar an méid a scrí sé ar an 29ú Eanáir 1992 - *‘The allegation was that Terence MacSwiney was one of a group of men who were planning to kidnap and possibly murder the Bishop of Cork because of his stridently anti-IRA opinions.
Lena mórcheart a thabhairt don to give due to
" Lena mórcheart a thabhairt don dá chumann seo, thugadar foirne ban agus fear araon leo, agus bhí na Fillos in ann an dara foireann fear a sholáthar leis, Ártabros de Oleiros.
Lena gceart a thabhairt daoibh to give them their due
" Lena gceart a thabhairt daoibh, chinntigh siad ar na mallaibh go dtionólfar comhdháil fá choinne an bunreacht a leasú.
de dheascaibh easpa smachta ón rialtas due to lack of governmental regulation
" Níor theip bancanna mór le rá Mheiriceá de dheascaibh easpa smachta ón rialtas, ach de dheascaibh drochsmachtú aineolach.
Leis an gcorraíl due to the turbulence
" Leis an gcorraíl a bhí san Eoraip sna tríochaidí, cuireadh cúrsaí cumarsáide agus cúrsaí taistil in aimhréidh.
De dheasca dhonacht due to the bad
" De dheasca dhonacht an earraigh is an tsamhraidh, tá brú níos mó ná riamh ag teacht ar fheirmeoirí.
siocair due to the fact
" Bhí go leor eolais agam ar Thoraigh roimh ré siocair gur léigh mé roinnt mhaith ar stair agus ar mhuintir an oileáin blianta ó shin.
de thairbhe an teilifís a bheith acu due to their having television
" Tá siad ceangailte leis an chuid eile den tír, agus leis an domhan mhór ar bhealach amháin, de thairbhe an teilifís a bheith acu, an guthán, agus ar ndóigh an t-idirlíon.
le heaspa gréine due to lack of sun
" Is mó an baol dá réir go dtitfidh daoine thart orainn in isle brí le heaspa gréine amach i ndúluachair na bliana.
bhíodh cosaint dlite faoin fhéineachas don ghasúr children were due protection under Brehon law
" (Bhí Jean-Jacques Rousseau ar na céad smaointeoirí a raibh cur chuige páiste-lárnach aige; bhíodh cosaint dlite faoin fhéineachas don ghasúr fosta, dála an scéil).
atá ag teacht aníos which are due to happen
" Séard atá i gceist leis ná go roinneann a n-úsáideoirí eolas faoi imeachtaí atá ag teacht aníos.
chun a gcearta a thabhairt do na canúintí éagsúla to give the various dialects their due
" Is díol spéise a bhfuil le rá sa réamhrá, áit a dtugtar léargas ar an iarracht mhacánta a rinne an Rannóg chun a gcearta a thabhairt do na canúintí éagsúla agus chun tuairimí an phobail a chur san áireamh: Sa bhliain 1953 foilsíodh Gramadach na Gaeilge – Caighdeán Rannóg an Aistriúcháin d’fhonn go bhfaighfí tuairimí agus moltaí ón bpobal a chuideodh leis an Rannóg córas deilbhíochta a leagan amach a bheadh oiriúnach lena ghlacadh mar chaighdeán comhchoiteann.
De bharr fiosruithe due to enquiries
" Gá le hAthchaighdeánú ========== De bharr fiosruithe ón bpobal agus caitheamh ama le linn cruinnithe ar phointí éiginnte gramadaí agus in éagmais aon fhianaise go raibh eagrán athbhreithnithe á réiteach ag Rannóg an Aistriúcháin, bheartaigh an Coiste Téarmaíochta i 2002 tabhairt faoi chúpla pointe a shoiléiriú.
de cheal due to the lack
" Bhí an leagan nua den chúpla riail a mhol an Coiste Téarmaíochta in úsáid ag go leor de cheal aon eagráin athbhreithnithe den Chaighdeán Oifigiúil.
nach dtugtar an aire ba chóir do care as is due is not taken
" Is locht é seo is féidir a fháil ar dhúnghaois inimirce an Aontais Eorpaigh go ginearálta, ach ciallaíonn sé sin sa chás seo nach amháin nach dtugtar an aire ba chóir do na híospartaigh, ach ní bhaintear amach cuspóirí i réimse chur i bhfeidhm an dlí ach oiread.
de bharr titim thubaisteach due to the drastic fall
" Anois tá an *‘landlady’* buailte ag cruachás airgid, de bharr titim thubaisteach le cúig bhliain anuas san ioncam fógraíochta.
de dheascaibh na heagla due to this fear
" ” Faigheann daoine bás de dheascaibh na heagla in úrscéalta na bpáistí, ach tugann an dialann seo le fios don ghlúin nua go dtarlaíodh tragóidí cosúil le sin go minic níos lú ná caoga bliain ó shin.
mar gheall ar eachtra thromchúiseach due to some serious incident
" Tá go leor ar m’aithne ag siúl thart a iompraíonn cneasú ar éigean thar ghoimh mar gheall ar eachtra thromchúiseach a thit amach nuair a bhí siad ag fás aníos.
mar gheall ar ghéarleanúint due to persecution
" Uaireanta bíonn inimircigh a bhfuil cead acu a bheith i Maracó i measc na ndaoine a thugtar chun na teorann, fiú amháin dídeanaithe, is é sin daoine a theith óna dtír dhúchais mar gheall ar ghéarleanúint ar bronnadh stádas dídeanaí orthu i Maracó.
de dheasca a aoise due to his age
" In ainneoin a dhíchill ní raibh ar a chumas é sin a dhéanamh áfach de dheasca a aoise agus a choirp leonta is dóigh.
I nDiaidh an tSoiscéil, an tAirgead one must pay the dues after the gospel
" I nDiaidh an tSoiscéil, an tAirgead! ================= Anois, má tá tú ag smaoineamh ar E46 a cheannach, seo chugat roinnt eolais faoina luach.
mar gheall ar due to the
" An Míthátal ===== Tugann na fírící sin i lár an bhreithiúnais le fios gur cineál aiste reductio ad absurdum aiste na mbreitheamh, aiste a thug rabhadh don tír mar gheall ar thorthaí diúltacha a thiocfadh aniar aduaidh ar an gcomhphobal, dá n-éireodh le Mrs Fleming Bunreacht na hÉireann a úsáid chun poll a chur sa reacht ó 1993, reacht a shrianaigh í ina cuid ainnise.
bhí an ghaoth bainte dá seolta ag an leasú seo it wasn’t going anywhere due to this amendment
" Bhí athbhreithniú breithiúnach Thomáis Mhic Ruairí fós ar na bacáin ag an am ach bhí an ghaoth bainte dá seolta ag an leasú seo.
de bharr seanbhean due to an old lady
" Tá an dlí seo ina údar achrainn anois de bharr seanbhean as Nua-Eabhrac, a thug dúshláin an Achta um Cosaint an Phósta, ag rá go ndéanann sé leithcheal uirthi.
de dheascaibh chur isteach tubaisteach due to the disastrous interruption
" Roghnaíonn sé “*My Indian Red*” ó Danny Barker, agus tiomnaíonn sé an t-amhrán bríomhar seo do gach aon saoránach nach raibh in ann iad féin a ghléasadh i gceart i gcóir ceiliúradh *St Joseph’s Night* de dheascaibh chur isteach tubaisteach Katrina.
mar gheall ar an aclaíocht due to the exercise
" Bhí cuma mhaith air mar gheall ar an aclaíocht, is dóigh, ach bhí dearcadh iontach dearfach aige.
trí bhíthin due to
" Go deimhin, má bhaintear na spriocanna polaitiúla amach trí bhíthin an Tadhg-an-dá-thaobhachais réamhluaite, samhlaítear suáilce pholaitiúil leis an gcur chuige sin ana-mhinic.
mar gheall air seo due to this
" Is mar gheall air seo atá trácht le cloisteáil le roinnt blianta anuas ar bhaineannú na himirce.
an fód dúchais de dheasca the home country due to
" Tréigeann daoine eile an fód dúchais de dheasca na géarleanúna a imrítear orthu mar gheall ar a gcreideamh, a dtuairimí polaitíochta nó a gclaonadh gnéis.
de dheascaibh a gcreideamh i gcoinne due to their religion being against
" Dhiúltaigh tuismitheoirí an linbh cead a thabhairt de dheascaibh a gcreideamh i gcoinne aistriúchán fola.
lena gceart a thabhairt dóibh to give them their due
" Agus lena gceart a thabhairt dóibh, dhruid an Eoraip leis na Stáit measartha tapa maidir le ceangail idirlín.
siocair an ghanntanais airgid due to lack of money
" Nó, an é gur lú an líon daoine atá in ann deoch mheisciúil a cheannach go rialta, go háirithe daoine óga, siocair an ghanntanais airgid? Níl na Daoine Chomh Splanctha ============= Tá smaointe eile ann nach mbeifeá ag súil leo.
Mar gheall ar an easpa díolacháin due to the lack of sale(s)
" Mar gheall ar an easpa díolacháin an chuid eile den bhliain, bíonn ar dhíoltóirí fáil réidh le cuid dá bhfoireann oibre.
de bharr a bheith ag iompar due to being pregnant
" Leis an éagóir sin a chealú, shocraigh an Chúirt Uachtarach go raibh ceart ag bean ginmhilleadh a bheith aici sa stát seo sa gcás go mbeadh a beatha féin i mbaol de bharr a bheith ag iompar, baol ón bhféinmharú san áireamh! B’ait an breithiúnas é, nuair a léann tú an fhoclaíocht in Airteagal 40.
in am agus i dtráth in due time
" Beidh fhios againn faoi sin in am agus i dtráth, ach idir an dá linn bainimis taitneamh agus sásamh as an gcuid eile den chraobhchomórtas nuair a thabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Chorcaigh agus Luimneach aghaidh ar an gClár.
a bhuíochas sin thanks for that due
" I gcás cuid de na cluichí in Ulaidh mar shampla ba mhó an t-éileamh ar thicéid ná an soláthar, a bhuíochas sin do shuim an phobail agus don aimsir bhreá.
de bharr ghéarchéim an airgid due to the financial crisis
" Faoin am seo, de bharr ghéarchéim an airgid san Eoraip, níl lá san aer, de réir cuid de na staidreamh, nach dtagann míle duine nua go dtí an Ghearmáin.
De bharr méid m’aineolais due to my ignorance
" De bharr méid m’aineolais mar aon le heaspa suime le hinsint na fírinne, cheapas i gcónaí go mba aisteach an gnó é an siúl rásaíochta toisc go raibh, dar liom, cuma anásta, neamhéasca ar an siúlóir nach bhfuil iomlán ‘nádúrtha’ i gcomórtas le stíl tharraingteach, ghrástúil fiú, an reathaí.
Tá baint nach beag ag this is largely due to
" Tá baint nach beag ag coláiste na hollscoile leis sin ar ndóigh.
leis, maidir leis an gcóir is gá a chur ar also, in regard to the rights due to
" Tá comhrialacha i bhfeidhm san AE anois a phléann le cearta náisiúnach tríú tíortha atá san Aontas ar bhonn dleathach agus fadtéarmach, agus tá rialacha Eorpacha, leis, maidir leis an gcóir is gá a chur ar dhaoine a theitheann chun na hEorpa ón ngéarleanúint.
an aire is cóir ar due attention
" Ar an gcéad dul síos, thug Crépeau faoi deara go samhlaíonn forais is dúnghaoisí an AE ceist na hinimirce neamhdhleathaí le cúrsaí coiriúlachta, póilíneachta agus slándála agus dá réir sin nach dtugtar an aire is cóir ar chearta na n-inimirceach a dhéanann iarracht an tAE a bhaint amach gan chead.
mar gheall ar an nguth mín, cumhachtach due to the fine and powerful voice
" Ach cé hí Adele, le fírinne? Is amhránaí cáiliúil í Adele a bhfuil clú agus cáil bainte amach aici ar fud na cruinne mar gheall ar an nguth mín, cumhachtach atá aici.
as ucht a cuid mothúchán a chur trasna due to her putting her feelings
" Is cinnte go bhfuil an-mheas ag daoine ar Adele as ucht a cuid mothúchán a chur trasna ina cuid amhrán.
mar gheall ar cheist na hiomaíochta due the matter of competition
" Go háirithe más deacracht san earnáil atá ann, ní bhíonn fonn an t-eolas sin a roinnt leo siúd nach bhfuil san earnáil mar gheall ar cheist na hiomaíochta.