Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le linn na trialach during the trial
" Cén bhaint atá ag seo le cúrsaí? Is é an pointe ar mhaith liom aird a tharraingt air ná gur cuireadh Simpson i gcarcair díreach i ndiaidh dhúnmharú Simpson Brown agus Goldman agus nár ligeadh amach ar bannaí é ag am ar bith le linn na trialach.
i gcaitheamh an tsamhraidh during the summer
" Bíonn trí bhád farantóireachta ag gabháil isteach go Cléire i gcaitheamh an tsamhraidh, ó Dhún na Séad agus ó Scoil Mhuire, agus bád an phoist, Naomh Ciarán II, i gcaitheamh an gheimhridh.
i mbaol báis le linn na breithe in danger of dying during the birth
" Beidh an ginmhilleadh ceadaithe fosta i gcás ban a bheas i mbaol báis le linn na breithe.
ag craoladh ag na buaicamanna broadcasting during peak times
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Aonad? Ar na laigí a bhaineann leis an Aonad tá go bhfuil an soláthar teoranta ó thaobh uaireanta craolta agus nach mbíonn muid ag craoladh ag na buaicamanna - ach amháin ar an idirlíon.
le linn na tréimhse sin during that period
" Théadh siad go clubanna agus tábhairní éagsúla, leithéidí The Ship, La Chaisse, The Marquee agus The Speakeasy, agus chuir Nikki aithne ar go leor ceoltóirí a bhí i mbéal an phobail le linn na tréimhse sin.
le linn buamála during a bombing
" Maraíodh mathair Kaim le linn buamála, agus tá a athair i mbun cogaíochta in éadan an Taliban.
le linn an tséasúir during the season
" Tá cumann láidir iascaireachta ar an bhaile a ritheann comórtaisí go rialta le linn an tséasúir.
le linn cartún during cartoons
" **An Iodáil** - cosc ar fhógraí le linn cartún.
le linn a thréimhse ollscolaíochta during his period in university
" Go mbeadh tionchar éigin ag Aonad na Gaeilge ar gach mac léinn le linn a thréimhse ollscolaíochta i Luimneach.
le mo linnse during my time
" "Chuaigh Davitt ana-mhór i bhfeidhm orm thar aon duine eile a bhí suas le mo linnse toisc go raibh sé ag scríobh laistigh den gcathair, go raibh tionchar Mheiriceá ar go leor slite, tionchar an cheoil agus tionchar fhilíocht Mheiriceá, tar éis dul i bhfeidhm air mar a bhí sé dulta i bhfeidhm ormsa.
le linn na tógála during the construction
" Meastar go mbeidh 2,700 post ar fáil le linn na tógála agus timpeall 50 post buan nuair a bheas sé críochnaithe.
le linn an chogaidh chathartha during the civil war
" Ag an am bhí a hathair i bpríosún ar chúiseanna polaitiúla, agus ní raibh sé ró-éasca dá máthair post a fháil, toisc nach raibh sí sásta an mhóid dílseachta a bhí ar oibrithe an stáit a ghlacadh le linn an chogaidh chathartha a ghlacadh.
le linn na nóchaidí during the Nineties
" Ní hamháin sin, ach le linn na nóchaidí dhíol na rialtais cuid mhór comhlachtaí stáit.
gur fhógair Zapatero i rith an fheachtais that Zapatero announced during the campaign
" Ní cúis iontais é, mar sin, go raibh an bua ag an Partido Socialista, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh gur fhógair Zapatero i rith an fheachtais go mbeadh na trúpaí Spáinneacha ag dul abhaile dá mbeadh an bua ag na sóisialaithe.
in imeacht ár laetha during the course of our days
" An fhírinne féin, is cumadóireacht í de thoradh a léimid ar a gcastar dúinn in imeacht ár laetha.
I rith an Charghais during Lent
" I rith an Charghais, timpeall deich mbliana ó shin, a rinne Buckley a bhealach den chéad uair chuig an séipéal beag Caitliceach atá suite trasna na sráide ó Chríochfort Bhád Farantóireachta Staten Island.
i rith na gcogaí domhanda during the world wars
" I dtaca leis Am Mòd (nó "tionól" sa Ghaeilge), tá sé bunaithe le fada agus rinneadh céad bliain na féile (bhí sos ann i rith na gcogaí domhanda) a cheiliúradh anuraidh san Oban, Earraghàidheal.
le linn an phróiseis cumadóireachta during the composing process
" An bhfuil sé deacair tiún maith a chumadh? LK: Táim ag ceapadh go n-athraíonn na tiúin cuid mhaith le linn an phróiseis cumadóireachta.
le linn aer-ionsaí chéanna during the same airstrike
" Dúirt duine de mo chomharsana, seanbhean 68 bliana d'aois a bhí i bhfolach le linn aer-ionsaí chéanna, go chuir *"shock and awe" *an oíche sin i 1940 i gcuimhne di arís, ceithre bliana is seasca tar éis na heachtra.
le linn tréimhse deacra during a difficult period
" " Cé go raibh neart nua ag Ray, tháinig sé ar ais go hÉirinn le linn tréimhse deacra.
le linn na gcomórtas luathbhliana during the competitions early in the year
" Fógraíodh roimh an Nollaig go raibh sé i gceist ag Cumann Lúthchleas Gael (CLG) athruithe áirithe ar rialacha na peile agus na hiomána a chur ar a dtriail agus é sin a dhéanamh le linn na gcomórtas luathbhliana ar nós Chorn Uí Bhroin agus na Sraithe Náisiúnta peile agus iomána.
le linn a thréimhse during his period
" Músclaíodh a chuid suime sa Ghaeilge le linn a thréimhse san ollscoil fosta.
le linn m’óráide during my speech
" Mar a dúirt mé le linn m’óráide ag an ócáid ar an 14 Bealtaine, tháinig cuid mhór daoine chuig ranganna Gaeilge thar na blianta, daoine a raibh baint acu leis an rince Gaelach nó le Cumann Lúthchleas Gael ach fuair siad amach go raibh sé i bhfad níb fhusa coiscéim damhsa a fhoghlaim, nó cúl a scóráil sa pheil, ná greim a fháil ar ghramadach na Gaeilge! Luigh Seán isteach ar fhoghlaim na Gaeilge le díograis agus, dá bharr sin, tá an ghramadach agus an comhrá ar a thoil aige.
I gcaitheamh na nóchaidí during the Nineties
" I gcaitheamh na nóchaidí, bhí luach an táirgthe ag méadú breis is 10% in aghaidh na bliana.
le linn na gciceanna éirice during the penalty kicks
" Níor ardaigh aon duine an cheist nuair a bhí Jerzy Dudek ag geáitsíocht mar a bheadh muileann gaoithe ann os comhair Shevchenko ach rith ceisteanna fá chúrsaí cultúir, Éire aontaithe agus an chiall atá leo fríd m’intinn le linn na gciceanna éirice.
le linn a thréimhse during his period
" ” Fuair Seán litir ó Rialtas na Breataine le linn a thréimhse i Sasana ag rá go raibh air dul isteach san arm.
le linn Chogadh na Saoirse during the War of Independence
" Ag an am sin ba iarbhaill den IRA - ar chuimhin leo na híobairtí a rinneadh le linn Chogadh na Saoirse – cuid mhór de Theachtaí Dála Fhianna Fáil agus ba mhic nó iníonacha le hiaróglaigh an chuid eile.
le linn na ndíospóireachtaí inmheánacha seo during these internal debates
" Ba doiligh a theacht ar phoblachtánach a d’inseodh dom cad é go díreach a bhí á phlé le linn na ndíospóireachtaí inmheánacha seo.
le himeacht an chluiche iomráitigh úd during the course of that famous match
" (Ceist: An raibh óráid Sheáin Óig i mbliana chomh maith nó níos fearr ná óráid Joe Uí Chonghaile i 1980?) Má bhí dearmad déanta againn air, ní raibh sé i bhfad ár mbualadh arís le himeacht an chluiche iomráitigh úd idir Gaillimh agus Cill Chainnigh i mí Lúnasa seo thart, cén fáth gurb í an iomáint an cluiche is fearr ar domhan.
lenár linn féin during our own time
" “Ba é an dearcadh a bhí aigesean ná gur gá an bhéim a chur ar shochaí nua-aimseartha a chruthú ina bhfuil an bhéim ar chearta daonna agus chan ar Bhíoblaí agus téacsanna ársa mar níor scríobhadh lenár linn féin iad , agus d’aontóinn leis sin.
le linn an chogaidh chathartha during the civil war
" D’fhan sé féin i mBéiriút le linn an chogaidh chathartha sa tír sin.
i rith ghéarchéim an ghalair crúibe is béil during the foot-and-mouth crisis
" ” Tharraing Leigh aird air féin den chéad uair in 2001 i rith ghéarchéim an ghalair crúibe is béil.
le linn na tréimhse céanna during the same period
" Ach rinne siad an turas fada go dtí an tír iargúlta seo blianta ó shin, idir an Gorta Mór agus an Chéad Chogadh Domhanda, cosúil leis na mílte Éireannach eile le linn na tréimhse céanna.
le linn bainiseacha during weddings
" Ní rinceann Herring riamh, mura n-áiríon tú sean-waltz meisciúil le linn bainiseacha.
i gcaitheamh a shaoil during his/her lifetime
" Diomaite de sin, is beag buntáiste eile a bhronntar ar an ghnáthdhuine sa Ghaeltacht i gcaitheamh a shaoil.
i rith an fhrithdhúnta during the lockout
" D'iarr muid ar an rialtas i rith an fhrithdhúnta idirghabháil a dhéanamh.
le linn na sraithe during the series
" ” Chuir sé isteach ar dhaoine áirithe go raibh Aoife, mar láithreoir an chláir, ag úsáid go leor Béarla le linn na sraithe.
le linn cuairte gairide during a short visit
" Moltaí ======= Bheadh sé dodhéanta triall ar gach rud atá le feiceáil sa chathair ghalánta seo le linn cuairte gairide agus, mar sin, b’fhéidir gurbh fhiú liosta tosaíochtaí a dhéanamh roimh ré – rudaí nach féidir an chathair a fhágáil gan iad a fheiceáil – le pleanáil do chuairte a dhéanamh níos fusa.
in imeacht dhá thráthnóna during the course of two evenings
" Taifeadta in imeacht dhá thráthnóna.
bhí an-cháil air i rith a shaoil he was very famous during his life
" Ní léann mórán daoine leabhair Carlyle anois, taobh amuigh den ollscoil, ach bhí an-cháil air i rith a shaoil.
le linn an fheachtais during the campaign
" Bhí sé le feiceáil fosta le linn an fheachtais a d’eagraigh Na Gaeil Óga chun tuarthéacs trí Ghaeilge a bhaint amach.
le linn dhíospóireachtaí an Chonartha during the Treaty debates
" ” Dev a dúirt le linn dhíospóireachtaí an Chonartha - sular thiomáin sé a theachtaí roimhe doras na Dara Dála amach i 1922.
le linn thréimhse an Rialtais reatha during the time of the current Government
" Tá súil aige go dtarlóidh é sin le linn thréimhse an Rialtais reatha.
aimsir an chogaidh chathartha during the time of the civil war
" Thar na trí lá a chaitheamar i bhfoisceacht an bhláir, chonaiceamar scórtha de na daoine seo ag máirseáil, ag campáil, ag druileáil, agus ag déanamh gach rud eile a dhéanadh an gnáthshaighdiúir aimsir an chogaidh chathartha.
le linn an chogaidh chathartha during the civil war
" Seachas an t-amhrán sin agus na scéalta uafáis a tháinig ón ait le linn an chogaidh chathartha sna nóchaidí, ba bheag eolas a bhí agam faoi Mhósaimbíc go dtí gur shroich mé í ón Afraic Theas ag tús mhí an Mheithimh.
i rith na tochailte during the excavation
" Nochtadh loirg den tréimhse sin i rith na tochailte.
i rith an tsearmanais during the ceremony
" D’eitil héileacaptar ó Aerchór na hÉireann thar Chró na Rad i rith an tsearmanais.
le linn achrainn inmheánaigh during an internal dispute
" Ó shin i leith, dúirt Rabbitte go raibh baint ag Haddock le dúnmharú Gary Convie agus Eamon Fox (beirt Chaitliceach a scaoileadh ar láithreán tógála i mí na Bealtaine 1994); Thomas Sheppard (brathadóir líomhanta a scaoileadh i 1996); an tOirmhinneach David Templeton (a bualadh go holc i mí an Mhárta 1997); Billy Harbinson (1997); Tommy English (iarpholaiteoir de chuid an UDP, 2000); agus David Greer (a maraíodh le linn achrainn inmheánaigh de chuid na ndílseoirí in 2000.
i rith na dtéarmaí scoile during the school term
" Cén fáth ar bunaíodh é?***Bunaíodh é le go mbeadh seirbhís náisiúnta ar fáil i rith na dtéarmaí scoile do dhéagóirí a bheadh ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh, go háirithe iad siúd a bheadh tar éis freastal ar chúrsaí samhraidh Choláiste na bhFiann.
le linn na tréimhse atá á caitheamh aige during the period that he's spending
" Ní bheadh sé d’acmhainn agam ar aon bhealach eile a bheith ag obair i lár chathair Londan, gan trácht ar a bheith i mo chónaí ann!” Is díol spéise é nach bhfuil cárta cuntais nó creidmheasa ag Collins nó fiú fón póca, agus den chéad uair, le linn na tréimhse atá á caitheamh aige i Londain, tá meaisín níocháin aige dó féin.
le linn na tréimhse torthúla sin during that productive period
" Chaith an bheirt fhear breis is seasca bliain ag obair le chéile agus le linn na tréimhse torthúla sin d'fhorbair siad stíl bheochana ina raibh cuid mhór cleasaíochta agus grinn.
linn idirbheartaíocht Chill Rímhinn during the negotiations at Saint Andrews
" Cuireann McGimsey i gcuimhne d’aontachtaithe gur socraíodh go mbeadh Acht Gaeilge á chur chun cinn le linn idirbheartaíocht Chill Rímhinn ina raibh an DUP páirteach.
i rith an Ghorta Mhóir. during the Great Famine.
" An síleann tusa go bhfuil sé de cheart agat ba a bheith agat? Cuimhnigh ar na mílte a fuair bás i rith an Ghorta Mhóir.
le linn na tréimhse during the period
" Tá tú idir dhá phost faoi láthair ach, ar an chéad dul síos, cad é go díreach a bhíonn ar bun agat sa*** Chomhairle Ealaíon? Ar athraigh an post le linn na tréimhse a chaith tú ann?*** Tá mé ag obair leis an Chomhairle Ealaíon mar bhainisteoir forbartha sna healaíona idirnáisiúnta ó 2003.
rith na conspóide during the controversy
" Nuair a bhíothas ag bailiú tuairimí ón phobal i rith na conspóide dúirt duine amháin go bhfuil idir uaigneas agus ríogacht ag baint leis na figiúirí meirgeacha seo ar an trá agus go bhfuil níos mó i gceist ná ealaín amháin.
cúpla uair le linn an agallaimh a few times during the interview
" ” Deir sé go magúil go mbeadh an-rath ar an Ghaeilge arís dá mba rud é gur chuir na Sasanaigh Éirinn ar fad faoi chois!Cuirim ceist ar Krauss cúpla uair le linn an agallaimh cad é is féidir linn a dhéanamh leis an taoide a chasadh agus stop a chur le meath na dteangacha.
i rith na gearchéime during the crisis
" Níos measa fós, i rith na gearchéime rinne mé dearmad scriú amháin a bhaint amach agus b'éigean dom dreapadh síos le hé a fháil.
le linn an achrainn dheireanaigh during the last quarrel
" Tá leisce ar na cúirteanna dílseoirí ar nós na Shoukris a choinneáil i bpríosún, agus mar a léirigh Rialtas na Breataine le linn an achrainn dheireanaigh taobh istigh den UDA, ní chuirfidh sé ó chodladh na hoíche iad má bhíonn dílseoirí ag marú a chéile ar bhonn “housekeeping.
le linn na díospóireachta during the debate
" Tugadh a luach saothair d’Adams as an obair a bhí déanta aige féin agus ag gluaiseacht na poblachta le deireadh a chur leis an choimhlint ó thuaidh ach is coimhthigh iad na tuaisceartaigh diamhra, scanraitheacha seo agus beidh Michael McDowell bródúil as an bhuille a thug sé do Gerry Adams le linn na díospóireachta ar RTÉ seachtain an toghcháin.
i rith an tsosa during the break
" Mholfainn féin triail a bhaint as na brioscaí a bhíonn ar fáil i rith an tsosa – déanta sa bhaile agus fós te ón oigheann.
i rith na n-ochtóidí during the Eighties
" Cuireadh tús leis an táirgeadh fíona anseo i gceart sna seachtóidí agus tháinig borradh as cuimse faoin tionscal i rith na n-ochtóidí nuair a thit an tóin as an margadh idirmhalartach leis an mBreatain.
le linn Chogadh na mBórach during the Boer War
" Chonacthas an bhratach den chéad uair le linn Chogadh na mBórach san Afraic ag tús an chéid seo caite.
mar gur cuireadh na ceamaraí slándála as le linn dó bheith sa bheairic. because the security cameras were turned off during his time in the barracks.
" Mhaígh Barrett le linn a thrialach go raibh a fhios ag na húdaráis cad é bhí ar bun aige mar gur cuireadh na ceamaraí slándála as le linn dó bheith sa bheairic.
le linn na tréimhse sin. during that period.
" “Tá cuimhne cheomhar agam ar rudaí áirithe le linn na tréimhse sin.
le linn na trialach. during the trial.
" Agus forais achomhairc á lua ag a lucht cosanta, mhaígh siad nár tugadh triail chothrom don chúigear mar gheall ar “thuairisciú dhochrach” na meán le linn na trialach.
le linn na bpoll deireanach during the final holes
" Bhí gach duine acu chun tosaigh ag am éigin le linn na bpoll deireanach sin.
le linn Chorn Domhanda an Rugbaí during the Rugby World Cup
" B'ag cluiche a d’imir na All Blacks i gcoinne na Sasanach le linn Chorn Domhanda an Rugbaí i 1999 a canadh é i Maoiris amháin.
i rith na gcogaí domhanda, during the world wars,
" Ach is cuan mór nádúrtha den scoth é Caolas Chrombaidh, agus i rith na gcogaí domhanda, ba bhunáit thábhachtach cabhlaigh é.
le linn a chuairte during his visit
" Agus é mar aoi ar an “Late Late Show” ag deireadh na n-ochtóidí, dúirt an fear grinn Lenny Henry le Gay Byrne gur bhraith sé go raibh gach duine ag breathnú air agus é ag siúl ar Shráid Grafton le linn a chuairte ar Éirinn.
le linn phósadh seaca a thuistí. during his parents' frozen marriage.
" Seo páiste a d’fhulaing le linn phósadh seaca a thuistí.
le linn an tséasúir sciála during the skiing season
" Bhí an-tóir ar Ruapehu le linn an tséasúir sciála i mbliana.
le linn ár dtréimhsí ansin during our periods there
" Ar leibhéil áirithe, bheifeá ag súil nach mbeadh comhoiriúnacht idir aidhmeanna agus nósanna na ngrúpaí éagsúla thuasluaite, ach le linn ár dtréimhsí ansin feictear dúinn go bhfuil cómhaireachtáil shíochánta eatarthu, agus go bhfuil siad ag tarraingt go han-mhaith lena chéile.
i rith cluiche peile Meiriceánach during an American Football game
" Bíodh an diabhal ag scéalta beaga mar thrioblóid ar an stocmhalartán, shíormharú san Iaráic, agus easpa árachais i measc na saoránach bocht - ba é an scéal mór ná an troid a thit amach idir sonóg pheile Ollscoil Oregon agus sonóg pheile Ollscoil Houston i rith cluiche peile Meiriceánach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.
i rith ochtóidí an chéid sin, during the eighties of that century,
" Sa bhliain 1875, thosaigh ollscoileanna in Massachusetts ag imirt faoi na rialacha nua seo, agus i rith ochtóidí an chéid sin, thosaíodar ag athrú an chluiche sa chaoi nach raibh sé chomh cosúil le rugbaí níos mó.
Ba é seo aimsir bhunaithe agus fháis na n-ollscoileanna móra stáit This was the period during which state universities were establised and grew
" Ba é seo aimsir bhunaithe agus fháis na n-ollscoileanna móra stáit freisin, agus taobh istigh de scór bliain nó mar sin bhí ollscoileanna ag imirt an spóirt nua seo ó chósta go cósta.
i rith na n-ochtóidí, during the Eighties,
" Is léir go bhfuil cuid de na tuismitheoirí in Croxteth agus Norris Green ar nós cuma liom maidir lena bpáistí, ach nach raibh an rialtas ar nós cuma liom maidir *leosan* idir 1979 agus 1997?Ba léir, i rith na n-ochtóidí, go raibh polasaí rialtas Thatcher ag cruthú fadhbanna millteanacha sóisialta in áiteanna mar Learpholl, ach in agallamh le Woman's Own i mí Dheireadh Fómhair 1987, dúirt an príomh-aire, "There is no such thing as society.
ar siúl i rith na tréimhse sin. on during that period.
" Ón mbliain 1949, níor tháinig ach ceithre athrú ar an rialtas náisiúnta, cé go raibh 23 olltoghchán ar siúl i rith na tréimhse sin.
le linn na seisiún during the sessions
" ***AÓF: Céard é an píosa ceoil deireanach ar éist tú* ** **leis agus céard í an tiúin dheireanach a d'fhoghlaim tú?** TC: Foghlaimím tiúineanna le linn na seisiún i gcónaí.
le linn a déaga during her teens
" Agus í ina girseach óg, ní chuireadh sí críoch le dán go dtí go mbíodh léaráid déanta aici le cur leis, agus le linn a déaga dhéanadh sí cur síos ildaite ar na brionglóidí a bhíodh aici.
i rith an tsearmanais, during the ceremony
" Ní bheidh ceol orgáin le cloisteáil i rith an tsearmanais, ach oiread, ach ceol ó bhosca pianó Willie féin, agus é ag canadh “*What A Friend You Have In Willie”*.
le linn an chumannachais. during communism
" Nuair a tugadh droim láimhe don chóras cumannach i 1989, níor cuireadh aon phionós orthusan a rialaigh an Pholainn le linn an chumannachais.
Le linn Chogadh na Saoirse, during the War of Independence,
" Le linn Chogadh na Saoirse, bhí Sam Maguire ina ghiolla gualainne don “Fhear Mór”, mar a tugadh air, i Londain.
le linn chamchuairt na nAstrálach thall during an Australian tour over there
" Dhá bhliain ó shin, chaill na hAstrálaigh sraith de chomórtais thrialacha a d’imir siad i gcoinne fhoireann Shasana le linn chamchuairt na nAstrálach thall.
i rith chogadh cathartha na Liobáine during the Lebanese civil war
" Chaith sé tréimhsí ag tuairisciú ó ionaid choinbhleachta i rith chogadh cathartha na Liobáine sna hochtóidí agus sa Bhoisnia le linn na nóchaidí.
Le linn ár gcomhrá, during our conversation
" Le linn ár gcomhrá, d’iarr mé air an mbeadh spéis aige seinn ar chúpla amhrán ar m’albam.
I rith na tréimhse céanna, during the same period
" I rith na tréimhse céanna, tá méadú 18 faoin gcéad tagtha ar líon na ndaoine a bhaineann úsáid as carr le dul chuig an obair go laethúil – i 1991, bhí 39 faoin gcéad ag tiomáint chun na hoifige i gcomparáid le 57 faoin gcéad in 2006.
le linn na comhdhála during the conference
" Rinneadh tagairtí rialta le linn na comhdhála don bhéim a chuirtear ar an teaghlach i mBunreacht na hÉireann agus i gconarthaí éagsúla idirnáisiúnta.
le linn bainise during weddings
" (ach) bhí feidhm phoiblí aici chomh maith – dhéantaí í a aithris le linn bainise agus an fáinne á chur ar mhéar na brídeoige.
I rith na trialach, during the trial
" I rith na trialach, rinne Bobby Molloy – a bhí ina aire stáit ag an am – iarracht teagmháil a dhéanamh leis an mBreitheamh Philip O’Sullivan, breitheamh den Ard-Chúirt a bhí i gceannas ar an triail.
Le linn an fheachtais, during the campaign
" Le linn an fheachtais, dúirt urlabhraithe de chuid Pháirtí an Lucht Oibre arís is arís eile go stróicfidís an reachtaíocht seo i na blúiríní bídeacha dá n-éireodh leo san olltoghchán.
le linn an fheachtais during the campaign
" Athrá a bhí sa tuairimíocht seo ar an chineál bagartha agus sceoin a cuireadh os ár gcomhair le linn an fheachtais roimh an dara reifreann ar Chonradh Nice.
i rith na bliana during the year
" Bhuel, tá bliain úr eile buailte linn – bliain bhisigh, a deirtear linn, agus tá muid ar fad ag súil le Dia go mbeidh biseach inteacht ar chúrsaí thar mar a bhí i rith na bliana atá díreach caite.
i rith an tsamhraidh during the summer
" Tiocfaidh na páirtithe le chéile i rith an tsamhraidh ansin chun vóta na stát éagsúil a chomhaireamh agus a n-iarrthóirí oifigiúla a ainmniú.
le linn a shaoil, during his life,
" Measann Liam go bhfuil an-chreidiúint ag dul chomh maith do Mháire Nic Fhinn, a thug seal ag obair do Ghael Linn fosta, as caitheamh chomh maith sin le Ó hÉanaí le linn a shaoil, nuair a bhí go leor eile ag tabhairt neamhairde air.
le linn na bhfonn sin, during those tunes,
" Sheinn Ciaran Tourish, Dermot Byrne, Mike McGoldrick, John Doyle agus John Joe Kelly roinnt fonn, agus ar feadh cúpla bomaite le linn na bhfonn sin, ba bheag nár ardaigh siad díon an Royal Glasgow Concert Hall.
le linn Chogadh na Saoirse during the War of Independence
" Bhí seanathair Hanafin ina chomhairleoir contae ag Sinn Féin le linn Chogadh na Saoirse agus bhí sé ar dhuine de na daoine sin a chuaigh le Fianna Fáil agus le hÉamonn De Valera.
le linn agallaimh during an interview
" Maítear gur cuireadh tús leis an díospóireacht seo sa bhliain 1988 de bharr ráitis a rinne John Howard le linn agallaimh ar an raidió.
le linn a feachtais. during her campaign.
" Rinne iarrthóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre (The Australian Labor Party), Maxine McKew, sáriarracht tacaíocht na nÁiseach a mhealladh le linn a feachtais.
i gcaitheamh an fheachtais, during the campaign,
" Thug an lánúin óg seo a lán cuairteanna ar Bennelong i gcaitheamh an fheachtais, go minic i gcuideachta Maxine McKew, agus labhair siad le grúpaí Síneacha ina dteangacha dúchais.
i rith na seachtaine saoire during the free (as in not working) week
" Craic ar bith ag gabháil sa tír, taobh amuigh de na múinteoirí bochta ag gearán faoi tháillí eitiltí Ryanair i rith na seachtaine saoire a bheas acu faoi lár na míosa seo.