Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Mar a luas cheana As I mentioned earlier
" Mar a luas cheana, tá cáil an cheoil ar an áit agus má thagann tú trasna ar an dream ceart, ní chífidh tú aon leaba! *Tá Odi Ní Chéilleachair agus a deirfiúr Sorcha tar éis a gcéad albam ('Briseann an Dúchas') a eisiúint ar an lipéad Cló Iar-Chonnachta.
saoradh luath early release
" Bhí saoradh luath na bpríosúnach - daoine a bhí ciontach as na dúnmharaithe ab uafásaí sa choimhlint ó thuaidh - ar cheann de na comhréitigh ba dheacra ag daoine glacadh leis.
á scaoileadh saor go luath who was given early release
" Má bhíonn duine ar bith á scaoileadh saor go luath ciontach as coir éigin, agus an fhianaise ann ina éadan, tógfar é agus cuirfear i bpríosún é.
níos túisce earlier
" Anuraidh, agus níos túisce i mbliana, bhí go leor cainte i dtaobh Chumann na nImreoirí (GPA) sa Chumann Lúthchleas Gael.
an móramh luath the early majority
" Is éard atá i gceist leis seo ná le haon nuálaíocht - bíodh sé bunaithe ar theicneolaíocht nó ná bíodh - go mbíonn an margadh nó an pobal scaipthe thar cúig ghrúpa éagsúla - na nuálaithe, na húsáideoirí luatha, an móramh luath, an móramh mall agus na fágálaithe.
d'aistarraingtí luatha for early withdrawls
" Má bhíonn do chuid airgid uait i rith na tréimhse, níl na cuntais seo oiriúnach mar go ngearrfaidh gach eagras (seachas An Post) pionós d'aistarraingtí luatha.
mhagairlín meidhreach early purple orchid
" " Nuair a thiocfas an samhradh tabharfaidh sé cur síos ar an mhagairlín meidhreach agus ar an éifeacht a bhí ag an phlanda bhig bhláthaigh sin ar a shaol.
níos túisce earlier
" Is féidir a rá go raibh comhluadar maith ag foireann na Poblachta sa mhéid sin, mar d'fhág foirne mór le rá ar nós na Fraince agus na hAirgintíne níos túisce ná na hÉireannaigh agus phacáil an Iodáil, Sasana, an Spáinn is araile a gcuid málaí i bhfad níos luaithe ná mar a bhí ceaptha dóibh a dhéanamh roimh an gcomórtas.
ní ba thúisce earlier
" Thug daoine eile faoi deara nach raibh aon tacaíocht ar fáil ó Howard do Michael Kirby, breitheamh san Ardchúirt, ní ba thúisce i mbliana nuair a cuireadh líomhaintí ina leith siúd agus go léiríonn an tacaíocht seo easpa seasmhachta.
luathscor a bhagairt air threatening him with early retirement
" Ní mó ná sásta a bhí an tEagarthóir Ó Doornail le Fathach na Súile Nime le tamall anuas agus bhí sé i ndiaidh luathscor a bhagairt air.
luathscor a bhagairt air threatening him with early retirement
" Ní mó ná sásta a bhí an tEagarthóir Ó Doornail le Fathach na Súile Nime le tamall anuas agus bhí sé i ndiaidh luathscor a bhagairt air.
i dtús na seachtóidí in the early Seventies
" Ba iad seo na léirsithe ba mhó san Astráil ó aimsir an chogaidh i Vítneam i dtús na seachtóidí.
ar a luaithe at the earliest
" Agus in ainneoin an méid a bhí le rá ag an iar-Aire Iompair Mary O'Rourke faoin tseirbhís a bheith ar fáil don phobal faoi dheireadh na bliana 2003, ní bheidh na tramanna le feiceáil ar shráideanna na hardchathrach go dtí mí an Mheithimh 2004 ar a luaithe.
Níos túisce earlier
" Níos túisce i mbliana bhí bainisteoir iomána Chontae na Mí in achrann le Coiste an Chontae toisc gur socraíodh cluichí craoibhe iomána do na clubanna lá nó dhó roimh cluiche tábhachtach ag foireann na Mí.
na luathsheascaidí the early Sixties
" Ach cuimhneoidh daoine atá aois áirithe ar na luathsheascaidí nuair a bhí foireann Thiobraid Árann ("Babs" Céitinn, John agus Jimmy Ó Dúill, Tony de Bhial, agus araile) in ainm is a bheith dochloíte, sé sin go dtí gur bhuaigh Cill Chainnigh orthu i 1967 agus Loch Garman i 1968.
moch early
" com)), 23-26 Deireadh Fómhair, mar go raibh mé i mo shuí go dtí moch ar maidin ag éisteacht le ceol traidisiúnta agus le hamhráníocht.
i bhfad róluath much too early
" "Foghlaimíonn tú na rudaí gránna faoin saol i bhfad róluath agus tú ag freastal ar scoil chónaithe.
go luath sna seachtóidí in the early Seventies
" Tháinig Gearóid Tóibín go dtí na Stáit Aontaithe as Luimneach sna daichidí agus é ina fhear óg, agus chuaigh sé i mbun theagasc na Gaeilge in Nua-Eabhrac go luath sna seachtóidí.
ag éirí go moch getting up early
" Is mian leo é sin a dhéanamh seachas a bheith ag iarraidh post maith a fháil trí obair dhian agus, ag an am céanna, a lán ama a chaitheamh i mbun traenála i lár an gheimhridh agus i mbun taistil ar fud na tíre chun cluichí a imirt, ag filleadh déanach oíche Dhomhnaigh agus ag éirí go moch maidin Dé Luain chun lá oibre a dhéanamh.
go luath sna nóchaidí in the early Nineties
" Dálta cuid mhaith daoine óga in Éirinn san am, thug Liam aghaidh ar Mheiriceá go luath sna nóchaidí.
ón ré luath-Chríostaí from the early Christian period
" Is breá liom dul ar thurais, agus is é an rud iontach faoin tseandálaíocht ná go mbíonn na láithreacha ársa amuigh faoin tuath de ghnáth, in áiteanna áille - tá cairn agus ciorcail ghallán neoiliteacha ar thaobh sléibhte, tá ráthanna de chuid na gCeilteach i measc páirceanna, tá mainistreacha ón ré luath-Chríostaí in aice le haibhneacha nó lochanna, agus tá caisleáin ar charraigeacha arda dubha in aice leis an fharraige.
magairlín meidhreach early purple orchid
" Tá an sabhaircín agus lus an chromchinn ag damhsa sa leoithne; tá na huain óga ag damhsa ar na bánta; tá an duilliúr úr ag damhsa ar ghéaga na gcrann; tá an magairlín meidhreach ag damhsa ar na méilte; tá Bertie an Bodach ag damhsa ó ghéarchéim go héigeandáil; tá Peewee Flynn agus an Half Leper Ó Leath Lobhair ag iarraidh damhsa amach ar dhoras an Bhinse Fhiosraithe, agus - Dia idir muid agus an t-olc - tá Balor na Súile Nimhe ag damhsa thart istigh sa phluais.
ag tús na gcaogaidí in the early Fifties
" " An aisteoireacht agus an ceol ======= Chas sé le Kitty Ní Ghallchóir ag tús na gcaogaidí nuair a bhíodar beirt ina mbaill d'Aisteoirí Ghaoth Dobhair.
a luas níos luaithe that I mentioned earlier
" AÓF: Agus cén t-amhránaí is fearr leat? MNA: Is maith liom na hamhránaithe go léir a luas níos luaithe ó Chiarraí, chomh maith le Dolores Keane, Niamh Parsons, Darach Ó Catháin agus Paul Brady.
ó mhoch maidine go dtí deireanach san oíche from early in the morning until late at night
" Tá réimse leathan cláracha sa sceideal agus nuacht ar fáil ar an uair chuile uair ó mhoch maidine go dtí deireanach san oíche.
níos túisce i mbliana earlier this year
" Ag an gcomóradh níos túisce i mbliana rinneadh athléiriú ar an gcath (bhí an toradh céanna air) agus rinneadh tagairt do thuairim na n-údarás in 1804 gur baineadh úsáid as an Aifreann agus as an nGaeilge le comhcheilg a spreagadh.
níos túisce earlier
" Bhí muid sa bhFrainc agus i Sasana níos túisce i mbliana.
sa Ré Luath-Chríostaí in the Early Christian period
" Bhí séipéal ar an oileán sa Ré Luath-Chríostaí.
ón ré luath-Chríostaí the early Christian period
" Ar an bhealach, thit mé i ngrá le dánta gonta, áille na manach ón ré luath-Chríostaí agus ansin leis na hamhráin ón 18ú haois, atá mar chuid den traidisiún amhránaíochta fós.
le linn na gcomórtas luathbhliana during the competitions early in the year
" Fógraíodh roimh an Nollaig go raibh sé i gceist ag Cumann Lúthchleas Gael (CLG) athruithe áirithe ar rialacha na peile agus na hiomána a chur ar a dtriail agus é sin a dhéanamh le linn na gcomórtas luathbhliana ar nós Chorn Uí Bhroin agus na Sraithe Náisiúnta peile agus iomána.
D'éirigh sí roimh an lá she got up really early
" D'éirigh sí roimh an lá maidin Dé Sathairn agus rinne sí cupa tae di féin.
luathshaothar early work
" Is ina luathshaothar a fheiceann muid é ag meabhrú ar an domhan miangasach, go minic i bhfoirm stócaigh óig.
laetha luatha na dTrioblóidí the early days of the Troubles
" Ach go bé snípéirí de chuid an IRA (mharaigh siad triúr agus maraíodh ball amháin dá gcuid) thabharfaí an drochbhail chéanna ar an cheantar is a tugadh ar Bombay Street agus ar shráideanna eile a dódh go talamh le linn laetha luatha na dTrioblóidí.
a luas níos luaithe that I mentioned earlier
" Cá bhfaigheann tú do chuid ceoil go ginearálta agus leaganacha neamhghnácha mar seo? PÓC: Cuid acu ó na ceoltóirí a luas níos luaithe agus uaireanta caithim am ag dul trí na bailiúcháin cheoil ar nós chuid an Bhreathnaigh (Ceol Rince na hÉireann, I-V, le Breandán Breathnach), O’Neill’s (O’Neill’s Music of Ireland leis an gCaiptín Francis O’Neill) agus a leithéid.
láithreáin luath-Chríostaí early Christian sites
" Bhí suim agam go háirithe na láithreáin luath-Chríostaí a fheiceáil agus iarsmaí na mainistreacha ó na meánaoiseanna.
an-mhoch very early
" go leisciúillazily ag fógairt ormcalling to me bodhardeaf go crostacrossly ligthe ar cíosrented out go hiondúilusually ar mhaithe le do shláintesefor the sake of your health neart rudaí spéisiúlaplenty of interesting things seala period of time tá airde ag teacht ionatyou've grown a thagadh muid ar cuairtwhen we used to come to visit an-mhochvery early sciuirda quick dash, flying visit leamhboring mo náire thúshame on you múineadhmanners ón matalfrom the mantelpiece pussulky expression ná bac leisdon't bother with it galpuff go mífhoighdeachimpatiently ar fánwandering á ndóbeing burnt rith sé léiit occured to her sna sceachain the bushes cheapfá go raibh siad trí thineyou would think that they were on fire cuid an dreoilínthe wren's portion an siúladh Mamó síos chuig an siopa fadó .
as breith ar mo chois ar ball chomh dána sin for catching hold of my leg earlier so boldly
" ‘Sin ceacht duit as breith ar mo chois ar ball chomh dána sin,’ arsa Sara go borb.
ré Luath-Chríostaí the Early Christian era
" Fuarthas lámhdhéantúsáin ón Chré-umhaois anseo; tá iarsmaí de dhúnta ón Aois Iarainn ar imeall an locha; agus tá cloch snoite ón ré Luath-Chríostaí ar Oileán Mháirtín ag béal an locha.
an-mhoch very early
" go leisciúillazily ag fógairt ormcalling to me bodhardeaf go crostacrossly ligthe ar cíosrented out go hiondúilusually ar mhaithe le do shláintesefor the sake of your health neart rudaí spéisiúlaplenty of interesting things seala period of time tá airde ag teacht ionatyou've grown a thagadh muid ar cuairtwhen we used to come to visit an-mhochvery early sciuirda quick dash, flying visit leamhboring mo náire thúshame on you múineadhmanners ón matalfrom the mantelpiece pussulky expression ná bac leisdon't bother with it galpuff go mífhoighdeachimpatiently ar fánwandering á ndóbeing burnt rith sé léiit occured to her sna sceachain the bushes cheapfá go raibh siad trí thineyou would think that they were on fire cuid an dreoilínthe wren's portion an siúladh Mamó síos chuig an siopa fadó .
as breith ar mo chois ar ball chomh dána sin for catching hold of my leg earlier so boldly
" ‘Sin ceacht duit as breith ar mo chois ar ball chomh dána sin,’ arsa Sara go borb.
ré Luath-Chríostaí the Early Christian era
" Nuair a rinneadh tochailt ar an láithreán, fuarthas reilig mhór ón ré Luath-Chríostaí, agus búcla cré-umha agus rudaí eile ón 7ú nó 8ú haois.
ó fhoirgnimh thionsclaíocha luatha from early industrial structures
" Chonaic muid iarsmaí ón Chré-Umhaois, ón ré Luath-Chríostaí, ó thréimhse na Normannach, ó Phlandáil Uladh, agus ó fhoirgnimh thionsclaíocha luatha.
sa ré Luath-Chríostaí in the early Christian period
" Is curach é an Naomh Efflam freisin, ach tá sí déanta as leathar, mar a bhíodh báid na manach sa ré Luath-Chríostaí.
Théinn ansin luath I used to go there early
" Théinn ansin luath, roimh na seisiúin, agus mhúineadh sé cúpla focal dom.
i dtús na nóchaidí in the early Nineties
" Cúpla lá ina dhiaidh sin, tháinig sé chun solais nár dhíol sé pingin as obair phéinteála a rinneadh ar a theach i dtús na nóchaidí, tráth a bhí sé ina Chathaoirleach ar Bhord Sláinte an Oirthir.
na taifid scríofa is luaithe the earliest written records
" Is iad seo na taifid scríofa is luaithe sa Bhreatain.
na taifid scríofa is luaithe the earliest written records
" Is iad seo na taifid scríofa is luaithe sa Bhreatain.
an Ré Luath-Chríostaí the Early Christian Period
" Sa seomra a bhaineann leis an Ré Luath-Chríostaí, tá clog álainn cré-umha le feiceáil, a rinneadh thart fán 9ú haois.
sna fichidí luatha in her early twenties
" Go gairid i ndiaidh oíche na dtinte ealaíne rinne mé comhrá le bean óg sna fichidí luatha i dteach tábhairne.
ar ball earlier
" Cad é mar a chuir sibh suim sa Ghaeilge? **CD:** Bhuel, mar a mhínigh muid duit ar ball – má bhí tú ag éisteacht – chuidigh sé go mór linn nár chaith muid lá riamh ar scoil.
an Ré Luath-Chríostaí the Early Christian Period
" Sa seomra a bhaineann leis an Ré Luath-Chríostaí, tá clog álainn cré-umha le feiceáil, a rinneadh thart fán 9ú haois.
sna fichidí luatha in her early twenties
" Go gairid i ndiaidh oíche na dtinte ealaíne rinne mé comhrá le bean óg sna fichidí luatha i dteach tábhairne.
an Ré Luath-Chríostaí the Early Christian Period
" Sa seomra a bhaineann leis an Ré Luath-Chríostaí, tá clog álainn cré-umha le feiceáil, a rinneadh thart fán 9ú haois.
Ré Luath-Chríostaí Early Christian period
" Sa Ré Luath-Chríostaí, cuireadh “mo-” roimh ainmneacha naomh agus “-óc” (nó “-áig” sa ghinideach) ag an deireadh mar chomharthaí ceana agus measa.
an domhain Luath-Chríostaí of the early Christian world
" Tá comharthaí dothuigthe ann ó thraidisiún áitiúil na gCruithneach, agus tá gréasa ann a thagann ó thraidisiún an domhain Luath-Chríostaí, mar shampla lámhscríbhinní maisithe de na Soiscéil agus scrínte oirnéalta déanta as miotal, ar bhoscaí iad ina gcoinnítí leabhair naofa, cloig agus taisí.
ón Ré Luath-Chríostaí from the Early Christian Era
" Tá músaem níos sine béal dorais, faoi chúram Historic Scotland, agus bailiúchán iontach dealbh ón Ré Luath-Chríostaí a fuarthas go háitiúil ann.
sách luath early enough
" Thuig mé é sin sách luath, buíochas le Dia.
níos luaithe earlier
" Tá na coláistí ag líonadh níos luaithe chuile bhliain, agus tá liosta feithimh anois i go leor de na cumainn – nílimid in ann glacadh leis na daltaí go léir a bhfuil suim acu bheith páirteach sa chumann.
sna fichidí luatha, a woman in her early twenties,
" Dar le Magdalena Alf, bean sna fichidí luatha, go bhfuil, "Lá na Naomh Uile ar na laethanta is tábhachtaí i rith na bliana.
go luath sna seachtóidí early in the Seventies
" Rinne Iarla Ó Lionáird taifeadadh air ar cheirnín de chuid Chór Chúil Aodha go luath sna seachtóidí faoi stiúir mhac Sheáin, Peadar.
a luaigh mé ar ball, whom I mentioned earlier,
" AÓF: Cén uirlis cheoil is fearr leat? TM: An phíb uilleann, ar ndóigh! AÓF: An bhfuil aon uirlis nach dtaitníonn leat? TM: An bainseó! AÓF: Cad í an chuimhne is deise atá agat ar 2006 ó thaobh an cheoil nó na hamhránaíochta de? TM: Nuair a chas an fear sin Alan Burke, a luaigh mé ar ball, “Óró sé do bheatha abhaile!” ag seisiún amhránaíochta ag an bhféile sin in Copenhagen.
Sa Ré Luath-Chríostaí, in the Early Christian period,
" Sa Ré Luath-Chríostaí, bhí *vallum* thart ar shuíomh na mainistreach.
ag iarraidh athchló a chur ar mo luathshaothair, wanting to reprint my early work,
" “Nuair a tháinig na foilsitheoirí Reed (foilsitheoirí fhoclóir agus litríocht Mhaoraise) chugam le gairid, mar sin, ag iarraidh athchló a chur ar mo luathshaothair, thapaigh mé an deis an rud a chur ina cheart faoi dheireadh.
sa Ré Luath-Chríostaí. in the Early Christian period.
" Ní dheachaigh mise ann, áfach, mar ní maith liom bheith thuas ard! Is cinnte go raibh séipéal nó mainistir níos luaithe fiú ann, sa Ré Luath-Chríostaí.
ar an chláirseach luath on the early harp
" Bhí grúpa darbh ainm The North Star Céilí Band ann agus daoine atá ansin go fóill, leithéidí Chuck agus Ann Heyman – tá Ann ina saineolaí ar an chláirseach luath – Lara McKenzie, mo dheartháir agus a bhean.
réasúnta luath reasonably early
" In áit dul a chodladh ag am réasúnta luath oíche amháin le déanaí, agus ní den chéad uair a tharla sé ach an oiread, thosaigh mé ag breathnú ar “All Ireland Gold” ar TG4.
go moch ar maidin early in the morning
" 30 nó mar sin, i rith na seachtaine) agus ródheireanach freisin le haghaidh gasúr agus daltaí scoile agus daoine a éiríonn go moch ar maidin a mbeadh suim acu cluichí móra na mblianta atá thart a fheiceáil arís.
saothar luath early work
" Bhí claonadh osréalaíoch go minic i saothar luath Freud agus léiríodh sé daoine agus plandaí ar bhealaí neamhghnácha.
Eitilt luath early flight
" **Dhá mhíle agus trí mhíle is fiche!** 18-19/8/07: Eitilt luath chuig an mBruiséil agus féile mhór na Beilge, an Eurithmix, ansin eitilt go Sasana an mhaidin dár gcionn, go Birmingham, agus piocfaidh Aindí an Bé-fhear muid suas ag an aerfort le dul go féile na Levellers, Beautiful ** ** Days.
go moch ar maidin early in the morning
" Dhá mhí ina dhiaidh sin, maraíodh Derek O’Toole, fear óg arbh as Cluain Dolcáin dó, nuair a leag carr é go moch ar maidin agus é ar a bhealach abhaile ó theach cara dá chuid.
go moch early
" Bíonn seisean amuigh i mbád ar an fharraige, go moch ar maidin, faoi ailltreacha Chionn Ghlinne.
luath-stair early history
" Turas faoi threoirBhí turas s'againne dírithe ar luath-stair Lìte.
Go luath sa phróiseas, early in the process,
" " Go luath sa phróiseas, d’aithin Collins go mbeadh an Ghaeilge an-tábhachtach sa scannán.
sna laethanta luatha in the early days
" “Bhí an-chabhair ar fad agam sna laethanta luatha sin ó Michael Davitt, mo chara nach maireann a thuilleadh.
go luath ina saol, early in her life,
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
luath-thumoideachas. early immersion education
" De bharr na gceisteanna dlíthiúla seo, is doiligh a mheas cén stádas atá ag an chiorclán a d’eisigh an tAire Oideachais i mí Iúil 2007, inar fógraíodh athruithe ar an luath-thumoideachas.
a imríodh go luath sna seachtóidí which was played early in the seventies
" Cluiche iomána craoibhe faoi 21 bliain a bhí i gceist, a imríodh go luath sna seachtóidí idir mo chlub féin, Cumann Báire Caoimhín, agus Cuala, club a raibh baint mhór ag Tom Holden - athair Mick agus a dheartháireacha Vinnie agus P.
níos túisce ná sin. earlier than that.
" Go deimhin, is féidir léamh faoi sclábhaíocht i leabhair Shasana – *Oroonoko, *cuir i gcás* –* a foilsíodh chomh fada siar le 1688, agus níl dabht ar bith ach go raibh sclábhaíocht ar bun níos túisce ná sin.
ní ba luaithe, earlier,
" Trí mhí ní ba luaithe, ar an 31 Iúil 1893, tháinig de hÍde agus leithéidí Eoin Mhic Néill le chéile agus bhunaigh siad Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
i rith luathstair na coilíneachta. during the colony's early history.
" Tá go leor fianaise ar fáil a chruthaíonn go mbíodh caidreamh collaí i gceist go minic idir na fir i rith luathstair na coilíneachta.
go luath i stair na coilíneachta, early in the history of the colony,
" Bhí Gaeilge ag go leor de na hÉireannaigh a tháinig chun na hAstráile go luath i stair na coilíneachta, cuid nach beag acu a thug a n-aghaidh ar an tír ar bheagán Béarla.
i leith cheist an luath-thumoideachais regarding the early immersion question
" Ach murab ionann agus a cur chuige i leith cheist an luath-thumoideachais agus i leith theanga teagaisc na Pobalscoile úire sa Daingean, ní léir go raibh oiread flosca ná fuadair ar an Aire Hanafin tabhairt faoin phrácás áirithe seo.
go luath sna seascaidí, in the early Sixties,
" Rinne Moon teagmháil le boic mhóra na heite deise sa tSeapáin go luath sna seascaidí, nuair a chuir bunaitheoir CIA na Cóiré (KCIA), Kim Jong-Pil, é in aithne do Yoshio Kodama agus Ryoichi Sasakawa – beirt choirpeach cogaidh agus máistrí *yakuza* a thosaigh ag obair do CIA na Stát Aontaithe (SAM) i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
sách moch quite early
" Ba le carr a bhaineamar féin Atlantic City amach freisin, ag éirí sách moch maidin Shathairn agus ag bualadh síos an Garden State Parkway (príomhartaire Nua-Gheirsí) chomh luath agus ab fhéidir linn.
ní ba luaithe i mbliana earlier this year
" Baineadh geit astu ní ba luaithe i mbliana nuair a foilsíodh tuarascáil a léirigh go bhfuil muintir na hAstráile ar an dara daonra is raimhre ar domhain.
Ní ba luaithe earlier
" Ní ba luaithe i mbliana, mar shampla, rinne an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Seanadóir Stephen Smith, gearán le rialtas na hIaráine nuair a daoradh daoine óga chun báis ann.
ó thús a hóige from her earliest days
" ” Ceol ó thús a hóige Dúirt Cathy in am amháin go mbíodh sí ag drandan ceoil an-luath sa saol, go fiú sula raibh sí in ann siúl, de réir an méid a d’inis a máthair di ina dhiaidh sin.
luathscor early retirement
" Ní mó ná sásta a bhí an t-eagarthóir úr eatramhach le Fathach na Súile Nimhe le tamall roimhe sin agus bhí sé i ndiaidh luathscor a bhagairt ar Laoch na Litríochta mura dtiocfadh feabhas ar a chuid scríbhneoireachta.
dúnghaois fan nó imeacht go luath stay or go early policy
" Tugtar ‘dúnghaois fan nó imeacht go luath’ (stay or go early policy) ar an gcur chuige seo.
toiseach a' Ghiblein early April
" Thèid fiosrachadh mun seo a sgaoileadh aig toiseach a' Ghiblein.
go luath early on
" Cuireadh tús le ceiliúradh ar 26 Eanáir go luath i stair na nEorpach san Astráil agus tugadh ‘Anniversary Day’ air um an dtaca sin.
Ionchollú luathfhoirmle an early form of incarnation
" Ionchollú luathfhoirmle ‘Nationwide’ na linne seo a bhí ann, ach bhí sé éagosúil leis sa mhéid seo a leanas.
luathdéaga early teens
" Is minic ar ndóigh nach mbíonn athair na bpáistí ina gcónaí sa bhaile anois, rud a fhágann go bhfuil an baol ann nach mbeidh teagmháil rialta ag sciar maith de pháistí na hÉireann le fear go sroichfidh siad na luathdéaga, tráth a bhainfidh siad an mheánscoil amach.
luathochtóidí early 80s
" Léirmheas na Míosa ‘*Let the Right One In*’ (2008) Kare Hadebrant OskarLina Leandersson EliPer Ragner Hakan Johan Soderqvist CeolHotye van Hoytem Ceamara Tomas Alfredson Stiúrthóir Suite i mbruachbhaile suarach i Stockholm sna luathochtóidí, is scéal fíorshímplí ar shlí amháin é ‘*Let the Right One In*’ faoi bhuachaill óg dhá bhliain déag a thiteann i ngrá leis an chailín nua a bhogann isteach béal dorais.
a luaithe as early
" Ghlaoigh sé ar an Dochtúir Manmohan Singh, a luaithe is a atoghadh é ina Phríomhaire ar India, le cinntiú dó go ndéanfadh na húdaráis abhus a ndícheall na mic léinn Indiacha a chosaint.
luath-sheanaois early old age
" Mar dhuine a mhair trí na seascadaí, tá sé ina chompord ar mo luath-sheanaois nár dhíol Ken Loach amach d’éinne go fóill beag.
cheana before, earlier
" Cén fáth nár smaoinigh mé air seo cheana, a Bhaloir.
luathdéaga early teens
" Agus mé sna luathdéaga tharla go raibh mé féin agus mo mhuintir ar saoire i gCiarraí in áit álainn darb ann Kell’s Cove nach bhfuil i bhfad ón gCoireán.
scor luath early retirement
" Ghlac James Pinnington (nó 'J' mar a thugtaí air) scor luath as an phost a bhí aige sa státseirbhís agus bhí sé ag líonadh a chuid ama ag déanamh na ‘Munros’.
luathscannáin early films
" com/watch?v=4mpLvUY8TUE Is léir ón dá shliocht sin go bhfuil ‘Away We Go’ go mór fá chomaoin luathscannáin Woody Allen.