Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lena mbeatha a thabhairt i dtír to earn their living
" Deir Mairéad go bhfuil sé cineál íorónta go gcaithfidh grúpa atá ag seinm ceol Gaelach an tír a fhágáil lena mbeatha a thabhairt i dtír.
a ghnóthú to earn
" Cartlann cheoil ollmhór a chruthaítear i ndáiríre agus tá na comhlachtaí ceoil anois ag iarraidh airgead a ghnóthú as an gcoincheap seo.
a shaothraigh sí that she earned
" Bhí an t-airgead a shaothraigh sí caite cheana féin ag glanadh na gcostas atá uirthi go leanúnach mar ealaíontóir.
a bheatha a thabhairt i dtír to earn his living
" Nuair a tháinig Tomás Mac Gearailt air ais go hÉirinn i lár na nóchaidí tar éis blianta fada a chaitheamh sna Stáit Aontaithe, ní raibh sé ar intinn aige a bheatha a thabhairt i dtír ag díol leabhar.
a shaothrú to earn
" Cén fáth nach mbeadh sé ar chumas an stáisiúin leathmhillún punt a shaothrú gach bliain ar an fhógraíocht? Is cinnte go mbeadh costas breise foirne i gceist ach bheadh brabach réasúnta ar fáil a d'fhéadfaí a infheistiú sa tseirbhís ansin - go háirithe ar mhargaíocht chun tuilleadh éisteoirí a mhealladh.
ag tuilleamh a bheatha earning his living
" Cad a bhí ar siúl, meas tú? Bhí sé ag obair, é ina shuí ansin an lá ar fad ag tuilleamh a bheatha ar bhealach an-simplí; thug daoine airgead dó agus rinneadar iad féin a thomhas.
tuillte earned
" Dá bhrí sin tá cúiteamh, is é sin íocaíocht, tuillte acu, dar leo.
a thuilleamh to earn
" Bealaí eile ======= Ach an bhfuil an GPA á rá sin? Tá siad ag caint ar airgead a thuilleamh ar bhealaí eile (pubanna a oscailt, mar shampla) ach deir siad nach "íoc agus imir" atá uathu.
ag saothrú a gcoda earning their living
" " Agus cá bhfuil Íosa Mhic Ghiolla Mháire fhad is atá Cement Roadstone ag saothrú a gcoda ar chróite an IRA a líonadh le stroighin? Ar Safari atá sí sa Chéinia agus in Uganda.
gnóthaithe earned
" Ionsaí amháin eile ag Coláistí Átha Cliath agus poc éirice gnóthaithe acu.
ag gnóthú earning
" Cúrsaí airgid ======= Tá Breandán ag gnóthú i bhfad níos lú airgid ná an $75,000 sa tseachtain a shaothraigh Flatley le linn a thréimhse le Riverdance.
tuillte earned
" Labhair Uachtarán an CLG freisin agus dúirt go raibh buíochas mór tuillte ag na daoine a bhunaigh an Dublin Hurling Club agus mhol sé a gcuid iarrachtaí chun an cluiche a chaomhnú.
chun a mbeatha a shaothrú to earn a living
" Tá postanna á gcailleadh go forleathan sa gheilleagar áitiúil aíochta agus seirbhísí agus tá tionchar an-díobháileach ag seo ar na teaghlaigh a bhíonn ag tarraingt ar Mary's Center, a bhfuil breis is 90% díobh ag brath go hiomlán ar an earnáil seo chun a mbeatha a shaothrú.
a gcuid a shaothrú to earn a living
" Tugadh an bóthar don Phrotastúnach, agus chuaigh ráfla thart gur dhúirt an Caitliceach leis: "I ndiaidh Home Rule, ní bheidh muintir s'agatsa ábalta a gcuid a shaothrú.
ag saothrú a gcoda earning their keep
" Cúpla glúin ó shin bheadh na *Navies* seo ag obair ar na tionscadail nua tithíochta a bhí ag preabadh aníos sa Bhreatain, anois is ar pháirceanna glasa na hÉireann atá siad ag saothrú a gcoda.
tuillte deserved, earned
" Tháinig feabhas air sin an bhliain seo caite ach táim go láidir den tuairim go raibh sé tuillte go maith againn.
ag saothrú earning
" " Chaith Spillane dhá shamhradh ag seinm an dordghiotáir le grúpa Johnny Crowley, an cantaire bailéad Corcaíoch, agus ag saothrú airgid ón cheol den chéad uair.
ag saothrú earning
" "Dá bhfaighinn post ina mbeinn ag saothrú trí oiread airgid, ach go gcaithfinn bogadh go háit eile, ní dhéanfainn é," a dúirt sí liom.
a shaothrú to earn
" Bhí siad ina mbaill de rocghrúpa an tráth sin, ach níor bhraith siad ar an cheol amháin le hairgead a shaothrú.
a shaothraíodh siad that they used to earn
" " Is féidir a lán airgid a shaothrú ag fánseinm a deir siad, meangadh beag gáire ar a n-aghaidh, gan iad sásta aon rún a scaoileadh faoin mhéid a shaothraíodh siad.
a thuilleamh to earn
" Deirtear go bhféadfadh an CLG na milliúin euro a thuilleamh tré chluichí sacair agus rugbaí a cheadú agus go bhféadfaí an t-airgead sin a úsáid ansin chun an iomáint agus an pheil, agus an liathróid láimhe ar ceann de chluichí an chumainn í chomh maith le cluiche corr chomh fada le m'eolas, a fhorbairt tuilleadh.
tuillte earned
" "Tá an-mheas ag daoine ar TG4 agus tá an meas sin tuillte acu.
ghnóthaigh na Stáit Aontaithe The US earned
" Bhí (agus tá) muintir na Gearmáine Thiar an-bhuíoch as an gcuidiú seo gan dabht, ach ní raibh trácht aontreoch i gceist ach oiread: ghnóthaigh na Stáit Aontaithe ní ba mhó cumhachta polaitiúla san Eoraip dá bharr.
a ghnóthú to earn
" Um an dtaca sin bhí an ceacht foghlamtha agus gach foireann chontae i mbun an chineál traenála a mharódh capall! Agus níor mhaolaigh ar an bhéim ar thraenáil ach an oiread ach gach foireann i mbun na hoibre agus an chruatain chéanna ar mhaithe le Craobh na hÉireann a ghnóthú.
a mbeatha a shaothrú to earn a living
" Tugann sí le fios nach ionann an saol a bhí aicise agus an saol a bhí ag a comhghleacaithe ceoil a bhí ag iarraidh a mbeatha a shaothrú ar an cheol amháin - Dolores Keane, Frances Black, Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill, mar shampla.
a thuilleann siad that they earn
" D'éirigh sí as a bheith ag múineadh trí bliana ó shin ach is ar éigean atá sí féin agus a fear céile Len Graham (amhránaí cáiliúil eile) ábalta maireachtáil ar an airgead a thuilleann siad.
a ghnóthú to earn
" "Má tá Enron agus Worldcom ábalta na billiúin de bhrabach fealltach a ghnóthú, níl ann ach dóithín do dhochtúirí na hÉireann an ceann is fearr a fháil air sin.
ag saothrú earning
" Tá siad ag saothrú 35%-40% níos lú i gcásanna áirithe i gcomparáid le póilíní i ranna eile.
tuillte earned
" Gníomh maith fiúntach ann féin le déanamh, a déarfá, agus tá moladh tuillte ag na ceoltóirí agus na hamhránaithe ar fad a ghlac páirt sa tionscadal gan íocaíocht ar bith.
ag saothrú earning
" Tá muid ag craoladh ceithre uair is fiche sa lá, tá ardchaighdeán ag baint le cuid de na cláracha agus tá muid ag saothrú go leor airgid chun roinnt daoine a fhostú - fiú más ar bheagán airgid atá siad ag obair.
a shaothrú to earn
" Ní féidir le feidhmeannaigh RTÉ a bheith ag gearán leis na polaiteoirí maidir leis an nganntan airgid atá orthu, agus ag an am céanna bheith ag teacht i dtír ar an dream is laige sa tír chun na milliúin euro in ioncam fógraíochta a shaothrú.
a shaothraigh sé as which he earned from it
" D'éirigh go maith leis an albam sin agus bhí sé in ann maireachtáil ar an airgead a shaothraigh sé as ar feadh cúpla bliain.
tuillte earned
" Tá buíochas tuillte ag an Athair Diarmuid Ó Péicín, Íosánach, a chuidigh le haird an phobail agus an rialtais a dhíriú ar an eagóir a bhí á déanamh ar Thoraigh agus na seirbhisí cuí a bhaint amach do phobal an oileáin.
chun an táille a shaothrú to earn the fare
" Bhí rún aige dul go Ceanada le Kathleen agus phill sé go Learpholl chun an táille a shaothrú.
níl cent rua déanta againn we haven't earned a cent
" Nílim ag rá gurb é an t-airgead an rud is tábhachtaí, ach go dtí seo níl cent rua déanta againn.
a ghnóthú to earn
" Ní bhfuair sé an "t-éinín" agus b'éigean dó an liathróid a chur sa pholl ó 12 troigh thar dromchla aimhréidh le críochnú cothrom le Tomás Bjorn agus imirt bhreise a ghnóthú.
ag tuilleamh earning
" De réir tuarascála de chuid an Choimisiúin, i 1996/97 bhí iascairí na hÉireann ag tuilleamh thart ar £13,890 sa bhliain, sin go mór faoi bhun mheánphá tionscail na linne, £17,000.
nuair a bhí ort do bheatha a shaothrú when you had to earn a living
" ie) Gluais • Glossary ar an drabhlásdrinking heavily dá bharras a result geallwager a bheatha a shaothrúto earn his living i dtuilleamaí ar a chuid airgiddepending on his money cneadgroan damantadamned clár éadainforehead ag sá priocairí te ina ghoilesticking hot pokers into his stomach spící biorachasharp spikes ag lúbarnaíltwisting go míshuaimhneachuneasily imeachtaíevents galántaelegant meidhreachmerry dreoilín teaspaighgrasshopper drithlín gliondaira spark of joy gnúisface folthair faoi dhraíochtunder a spell comwaist cuireadhinvitation go fonnmhareagerly a chompánaighhis companions sméideadhwink a gcuid ráiteas graostatheir obscene comments maorgamajestic cornchlársideboard i ndlúthchipíin serried ranks táim sáchI have enough leachtliquid mionscáth gréinemini parasol do bharraicíníyour toes dlúthdhiosca rómánsachromantic CD tolgcouch chuimil sí a gruashe rubbed her cheek de chogar mealltachin an enticing whisper eiteogawings súimínsip milissweet mearbhalldizziness nuair a tháinig sé chuige féinwhen he came to céimeannasteps ar na cannaíheavy drinking a chártaí creidmheasahis credit cards cloigínbell toradhresult iarrachtaíattempts lámh leis an teachbeside the house curtha i leataobhset aside an bhean ghlantacháinthe cleaning woman shrac a chuid éadaigh de féinhe pulled his clothes off le tuawith an axe osnasigh crotshape láibeachmuddy drochbholadhbad smell anáilbreath stán síshe stared dallógablinds céastatortured breoiteill a chomhairligh síshe advised cearrwrong galardisease An Crannchur NáisiúntaThe National Lottery duaisprize a sheol ar bhóthar d'aimhleasa túwhich lead you astray drabhlásdebauchery ragairnerevelry geallghlacadóiríbookmakers fiántaswildness nuair a bhí ort do bheatha a shaothrúwhen you had to earn a living ní mór dom éiríI have to get up gnó práinneachurgent business í ag machnamh ar éagóir an tsaoilthinking about the unfairness of the world na heasláinthe sick ina seilbh féinin her possession a goideadh uaidhstolen from him burla nótaí airgida wad of notes sonraídetails théadh séhe used to go goileappetite bhíodh meadhrán ina cheannhis head would be swimming spadántasluggish fuinneamhenergy comhairleadvice dochtúir comhairleachconsultant buidéal leighismedicine bottle oideas oiriúnacha suitable prescription máinliasurgeon seomra feithimhwaiting room plódaithepacked cuma na bochtaineachtathe look of poverty go fiosrachinquisitively míchompordachuncomfortable lig sé airhe pretended scuainequeue le dímheaswith lack of respect a chuid otharhis patients do shealsayour turn sciob ColmColm snatched go dubhachgloomily go giorraiscabruptly níos críonnamore prudent níl mo ghoile thar mholadh beirtemy stomach isn't great sracfhéachaintglance aclaíochtexercise draidgháiregrin tréaniarrachta strong effort a choinneáil faoi shrianto keep under control bia róshaibhirfood that is too rich córas néarógachnervous system aclaífit i mbarr do shláintein the best of health géilleann tú do gach mianyou give in to every desire baoisfoolishness sólássolace saothraigh do bheathaearn your living mair ar an bpá a íoctar leatlive on the wage that you're paid maslaitheinsulted go drochmheasúilcontemptuously níor chorraigh ColmColm didn't move geallwager maireachtáil arlive off eagraíocht charthanachtacharitable organization meangadh searbhsarcastic smile cairde rachmasachawealthy friends toilteanachwilling faghairtflash buntáisteadvantage éigeandáilemergency sochar pearsantapersonal benefit má aithnítear méif I'm recognised i ndáiríreserious lándáiríretotally serious a dhearbhai
saothraigh do bheatha earn your living
" ie) Gluais • Glossary ar an drabhlásdrinking heavily dá bharras a result geallwager a bheatha a shaothrúto earn his living i dtuilleamaí ar a chuid airgiddepending on his money cneadgroan damantadamned clár éadainforehead ag sá priocairí te ina ghoilesticking hot pokers into his stomach spící biorachasharp spikes ag lúbarnaíltwisting go míshuaimhneachuneasily imeachtaíevents galántaelegant meidhreachmerry dreoilín teaspaighgrasshopper drithlín gliondaira spark of joy gnúisface folthair faoi dhraíochtunder a spell comwaist cuireadhinvitation go fonnmhareagerly a chompánaighhis companions sméideadhwink a gcuid ráiteas graostatheir obscene comments maorgamajestic cornchlársideboard i ndlúthchipíin serried ranks táim sáchI have enough leachtliquid mionscáth gréinemini parasol do bharraicíníyour toes dlúthdhiosca rómánsachromantic CD tolgcouch chuimil sí a gruashe rubbed her cheek de chogar mealltachin an enticing whisper eiteogawings súimínsip milissweet mearbhalldizziness nuair a tháinig sé chuige féinwhen he came to céimeannasteps ar na cannaíheavy drinking a chártaí creidmheasahis credit cards cloigínbell toradhresult iarrachtaíattempts lámh leis an teachbeside the house curtha i leataobhset aside an bhean ghlantacháinthe cleaning woman shrac a chuid éadaigh de féinhe pulled his clothes off le tuawith an axe osnasigh crotshape láibeachmuddy drochbholadhbad smell anáilbreath stán síshe stared dallógablinds céastatortured breoiteill a chomhairligh síshe advised cearrwrong galardisease An Crannchur NáisiúntaThe National Lottery duaisprize a sheol ar bhóthar d'aimhleasa túwhich lead you astray drabhlásdebauchery ragairnerevelry geallghlacadóiríbookmakers fiántaswildness nuair a bhí ort do bheatha a shaothrúwhen you had to earn a living ní mór dom éiríI have to get up gnó práinneachurgent business í ag machnamh ar éagóir an tsaoilthinking about the unfairness of the world na heasláinthe sick ina seilbh féinin her possession a goideadh uaidhstolen from him burla nótaí airgida wad of notes sonraídetails théadh séhe used to go goileappetite bhíodh meadhrán ina cheannhis head would be swimming spadántasluggish fuinneamhenergy comhairleadvice dochtúir comhairleachconsultant buidéal leighismedicine bottle oideas oiriúnacha suitable prescription máinliasurgeon seomra feithimhwaiting room plódaithepacked cuma na bochtaineachtathe look of poverty go fiosrachinquisitively míchompordachuncomfortable lig sé airhe pretended scuainequeue le dímheaswith lack of respect a chuid otharhis patients do shealsayour turn sciob ColmColm snatched go dubhachgloomily go giorraiscabruptly níos críonnamore prudent níl mo ghoile thar mholadh beirtemy stomach isn't great sracfhéachaintglance aclaíochtexercise draidgháiregrin tréaniarrachta strong effort a choinneáil faoi shrianto keep under control bia róshaibhirfood that is too rich córas néarógachnervous system aclaífit i mbarr do shláintein the best of health géilleann tú do gach mianyou give in to every desire baoisfoolishness sólássolace saothraigh do bheathaearn your living mair ar an bpá a íoctar leatlive on the wage that you're paid maslaitheinsulted go drochmheasúilcontemptuously níor chorraigh ColmColm didn't move geallwager maireachtáil arlive off eagraíocht charthanachtacharitable organization meangadh searbhsarcastic smile cairde rachmasachawealthy friends toilteanachwilling faghairtflash buntáisteadvantage éigeandáilemergency sochar pearsantapersonal benefit má aithnítear méif I'm recognised i ndáiríreserious lándáiríretotally serious a dhearbhai
an t-ús a ghnóthaítear the interest that is earned
" Ní mór an t-ús a ghnóthaítear tríd an tsuim seo a infheistiú sa Scéim Iasachtaí Náisiúnta agus é a bheith ar cóimhéid leis an chíos talún a bhí á íoc roimhe sin.
níor thuill siad cathaoirleacht they didn't earn a chairmanship
" Níl Caitliceach fán áit; Sinn Féin, an SDLP, Alliance féin, níor thuill siad cathaoirleacht ar choistí na comhairle.
nach saothraíonn who don't earn
" Tar éis an tsaoil, seo an áit a bhfuil go leor de na státseirbhísigh faoi éide ina gcónaí, gan trácht ar na fostaithe oifige sin ar fad nach saothraíonn milliún dollar sa bhliain, ná baol air.
a shaothrú to earn
" Dá bharr seo, bhí ar líon mór de dhéagóirí an cheantair a n-aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá agus ar Shasana chun cúpla punt a shaothrú.
Ghnóthaigh sé he earned
go dtuillfidh sé that he'll earn
" Is féidir a bheith cinnte go dtuillfidh sé cuid mhaith airgid freisin ón mbrabús a dhéanfar ar an leabhar atá á scríobh ag beirt iriseoirí Mheiriceánacha ina thaobh faoi i láthair.
a ghnóthú to earn
" Ach an laige is mó a bhain le hAontroim, dar le Liam, ná nach raibh taithí acu ar bhua a ghnóthú i gcluiche mór ar an stáitse mór.
a shaothraíonn a chuid who earns a living
" " Mar dhuine a shaothraíonn a chuid as an cheol, dar le Neil nach bhfuil inse béil ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an tslí bheatha.
a ghnóthú to earn
" An chéad cheann ná cén aidhm atá ag na drugaí sa chéad áit? Is dóigh gurb é airgead agus brabach an freagra agus an peaca is bunúsaí ar fad laistiar dó - saint - an tsaint chéanna a chuireann cathú orainn ar fad an deis a thapú chun airgead bog a ghnóthú ar dhóigh nach bhfuil iomlán morálta nó dleathach.
ag saothrú pingneacha suaracha earning bad money
" Bheadh trua agat do na leaidíní beaga a bhíonn ag saothrú pingneacha suaracha ag díol cártaí poist ar an láthair seo.
cúl dána, sotalach a ghnóthú earn a bold, arrogant goal
" É fós sna déaga ar nós Setanta, bearradh lom gruaige aige ("skinhead" a thugtaí ar a leithéid, agus bhí sé an-neamhchoitianta i measc imreoirí peile agus iománaíochta san am), rinne Jimmy Barry rud nach bhfuil déagóir in ainm is a dhéanamh i gcluiche ceannais na hÉireann: cúl dána, sotalach a ghnóthú a bhuafadh an chraobh i gcoinne rogha na coitiantachta.
tuillte earned
" Chomh maith leis sin, is féidir moltaí a chur faoina mbráid nó iad a mholadh más dóigh leat go bhfuil sé tuillte acu.
agus an pá sin á shaothrú agat when you are earning that pay
" Cé nach bhfuil an costas maireachtála i dTuaisceart Éireann ard - tá costas tithíochta íseal go leor, cuir i gcás - ní féidir leat mórán airgid a shábháil agus an pá sin á shaothrú agat.
a thuillim that I earn
" Caithfidh mé a admháil, áfach, i mo chás féin nach raibh mórán difir idir an pá a shaothraigh mé agus an t-airgead a thuillim ón obair a dhéanaim de ghnáth, an tsaorscríbhneoireacht.
ag saothrú airgid earning money
" B'fhéidir gur scéal fíor nó finscéal atá anseo ach is léir go bhfuil paramílitigh ag saothrú airgid as "coireanna gan íospartaigh".
ná mar a thuilleann múinteoir than a teacher earns
" Pé scéal é, is fear saibhir é an bainisteoir céanna mar íoctar tuarastal an-mhaith leis de réir mar a thuigim, i bhfad níos mó ná mar a thuilleann múinteoir, cuir i gcás, dá fheabhas é.
saothraithe earned
" Drochaimsir a fhaigheann sí ar ndóigh, agus fearthainn go flúirseach - ach cuidíonn sin leis an uisce bheatha is blasta in Albain a cruthú, leithéidí Ardbeg, Bowmore agus Caol Íle! Ach anois, táthar ag tabhairt "glas" ar Íle ar chúis eile: an clú atá saothraithe ag an oileán mar ionad nua-teicneolaíochta, ach go háirithe maidir le fuinneamh athnuaite.
á ghnóthú go bog being earned easily
" Níl leisce ar thuismitheoirí áirithe dul i muinín an dlí má fheiceann siad airgead á ghnóthú go bog agus tá lucht dlí sásta cabhrú leo.
a shaothrú to earn
" Chaill a athair radharc na súl agus é ina ógfhear agus thosaigh máthair s'aige a dhéanamh tae sa teach laethanta aonaigh le hairgead a shaothrú; tá "The Tae" mar ainm ar an teaghlach ó shin i leith.
a ghnóthú to earn
" Ní féidir cruthúnas níos fearr a fháil maidir le do chuid oibre ná Emmy a ghnóthú.
a shaothraím mo chuid that I earn my living
" Is ar an eagarthóireacht a shaothraím mo chuid agus níl mé a rá nár thoiligh mé leis an obair sin ar bhealach éigin, mar creidim nach dtig litríocht ná critic ná cur is cúiteamh ná díospóireacht fhiúntach a bheith ann mura gcleachtann lucht pinn is caibidle cruinneas friotail is smaointeoireachta.
tuillte earned, deserved
" Cén uair a thiocfadh leat a rá go bhfuil níos mó luacha ag baint le rud a laghdú ná mar atá le rud a mhéadú? Cé mhéad uair a chuala tú duine ag gearán faoi chanbhás lom spárálach, é ag rá nach bhfaca sé rud ar bith ann, go raibh an praghas áiféiseach agus go dtiocfadh le duine ar bith é a dhéanamh? An bhfuil an freagra faighte agat go foill? Is ea, tá mé ag caint faoi ghluaiseacht ealaíne a tharla sna seascaidí agus atá go fóill ábalta díospóireachtaí fíochmhara a spreagadh idir daoine faoin fhiúntas a bhaineann léi agus an t-aitheantas atá nó nach bhfuil tuillte aici.
ag tuilleamh earning
" Is é sin le rá go bhfuil daoine ag tuilleamh idir €150 agus €200, mar shampla, agus nach bhfuil siad i dteideal cárta leighis.
tuillte earned
" Bhuel, nach bhfuil an áibhéil tuillte agam? Samhlaigh scannán dubh agus bán: strainséir ina sheasamh i ndoras, figiúr dorcha in aghaidh an tsolais amuigh agus a scáth sínte go fada síos ar urlár cúng éigin - mise, agus ar chúl dorais ag bun an phasáiste súile fhear an tí leata chomh mór gur beagnach bán ar fad iad, cluas greamaithe don adhmad, bodhraithe go tobann ag macalla an iarainn sna boinn agus mé ag coisíocht céim ar chéim chun tosaigh - chugat, a fhear na súl bán, faitíos chugat! Agus leis sin shiúil mé síos an pasáiste, ag comhaireamh na gcoiscéimeanna dom féin, a haon, fan tamall, a dó, chuaigh mé i bhfad scéil leis, a trí, bhain fad mór millteach fada as nó gur shroich an doras agus chnag, aon dó trí.
gnóite earned
" Tá bonn sinsear uile-Éireann gnóite ag duine amháin de mhuintir Chamuis sa pheil, is é sin Mícheál Ó Méalóid.
a shaothrú to earn
" Agus is iomaí áit, in iarthar na hÉireann ach go háirithe, go bhfuil an oiread sin gaoithe ann go mbeadh farasbarr áirithe ag duine thar a chuid riachtanas féin - agus deis aige, dá bharr, cúpla euro a shaothrú as an ngaoth atá ag séideadh os cionn a thí féin.
a shaothrú to earn
" Is rud coitianta é déagóirí dul isteach sa TA chun airgead a shaothrú le cúrsa coláiste a dhéanamh.
tuillte go maith aici well-earned
" Is dócha, nuair a chuireann tú san áireamh an méid atá bainte amach aici, go bhfuil éalúchas mar seo tuillte go maith aici! *Is as Baile Átha Cliath í Caoimhe Ní Laighin.
ag saothrú neart airgid earning plenty of money
" Suimiúil go leor, tá an ráiteas seo oiriúnach go maith faoi láthair agus saothar páiste ag cruthú iontais agus ag saothrú neart airgid i saol na nua-ealaíne i Meiriceá.
meas a ghnóthú to earn respect
" Is minic chomh maith a bhíonn tionchar ag na cairde atá ar comhaois leo ar a n-iompar, agus go mbíonn siad ag iarraidh meas a ghnóthú trí bheith ag tiomáint go gasta agus go mífhreagrach.
a ghnóthaigh an teideal gradamach seo which earned this esteemed title
" Is í Corcaigh an chathair is lú riamh a ghnóthaigh an teideal gradamach seo "Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa" agus is í, lena sráideanna nuachóirithe don ócáid, atá ag dul i ngleic go muiníneach leis an dúshlán mór seo atá roimpi.
a ghnóthú to earn
" Fágann sin go mbeadh ar an Lucht Oibre líon mór suíochán breise a ghnóthú.
airgead a thuilleamh san earnáil phríobháideach to earn money in the private sector
" Tuigim anois cé chomh deacair is atá sé, uaireanta, airgead a thuilleamh san earnáil phríobháideach.
a shaothrú to earn
" Bhí mé tuairim is ocht mbliana d'aois ag an am agus bhí m'athair ag iarraidh tuilleadh airgid a shaothrú dá chlann tríd fhrámaí a chur thart ar phictiúir.
a ghnóthú to earn
" Is mór an gaisce, dar ndóigh, réalta peile agus iomána a ghnóthú an bhliain chéanna agus tarlaíonn sé sin ó am go ham.
tuillte earned
" Pioctar na smidiríní seacláide agus *marzipan *suas agus itear iad ansin - iad tuillte go maith acu, agus ag an lucht féachana! Stair chasta ======= Tá stair chasta ag an Eilvéis, cé gur tháinig na *cantons *(réigiúin leathneamhspleácha) le chéile ar bhonn comhcheangail le linn ré an impiriúlachais san Eoraip.
a shaothrú to earn
" " Brú ón Rialtas ======= Na laethanta seo, tá athruithe móra ag titim amach sna hollscoileanna, maidir le struchtúir agus maoiniú, agus tuilleadh brú á chur orthu airgead a shaothrú iad féin.
agus go saothróidh siad and that they will earn
" Teastaíonn ón Rialtas go mbeidh na hollscoileanna in ann iad féin a chothú agus go saothróidh siad tuilleadh airgid iad féin.
tuillte earned
" Moladh tuillte aici as seasamh siar ón vóta faoi dhíol thithe Eanach Mheáin mar go raibh comhairleoir polaitiúil dá cuid ar dhuine dóibh siúd a chuir tairiscint isteach.
a shaothrú to earn
" Ag deireadh na n-ochtóidí, nuair nach raibh sé ag tiomáint tacsaí le hairgead breise a shaothrú, thosaigh English ag scríobh faoi thriail iomráiteach Mickey Featherstone agus drong Éireannach na Westies a bhí ag feidhmiú sa West Side i Manhattan.
a thuilleamh to earn
" Seans go bhfuil roinnt tuismitheoirí ag súil go n-éireoidh lena gclann spórt a imirt go gairmiúil agus a lán airgid a thuilleamh.
á shaothrú being earned
" ” Cé go raibh post aige sa bhanc, bhí sé deacair go maith bheith beo ar an mhéid airgid a bhí á shaothrú aige sna blianta tosaigh sin.
Níl faic na ngrást tuillte acu. They've earned nothing.
" Níl faic na ngrást tuillte acu.
tuillte deserved, earned
" Is tré iarrachtaí na n-imreoirí idirchontae a chuirtear na cluichí sin i láthair an domhain mhóir agus tá aitheantas tuillte acu faoi mar a thuilleann ealaíontóirí agus lucht spóirt ghairmiúil, is é sin aitheantas i bhfoirm faoisimh nó liúntais cánach.
á thuilleamh being earned
" Feiceann iománaithe agus peileadóirí é sin agus feiceann siad an cineál airgid atá á thuilleamh ag lucht sacair, rugbaí, gailf agus araile.
a shaothrú earning
" Leis an airgead atá sé a shaothrú, thóg Hevia monarcha i Maidrid atá ag déanamh píobaí uilleann.
a thuilleamh to earn
" Má tá scríbhneoirí na Gaeilge le hurraim na léitheoirí a thuilleamh beidh orthu freagairt do dhálaí saoil na linne seo ar bhealaí a aithneoidh na léitheoirí a bheith nua-aimseartha agus ag teacht leis an taithí atá acu féin ar an saol.
tuillte earned
" “Tá sé soiléir le blianta anuas,” a deir Ray Yeates, “go bhfuil Taibhdhearc na Gaillimhe i mbarr réime i saol amharchlainne na tíre, is cuma cé acu Gaeilge nó Béarla atá i gceist, agus go bhfuil clú tuillte ag aisteoirí mar Dhiarmuid de Faoite.
a thuilleamh to earn
" Má tá scríbhneoirí na Gaeilge le hurraim na léitheoirí a thuilleamh beidh orthu freagairt do dhálaí saoil na linne seo ar bhealaí a aithneoidh na léitheoirí a bheith nua-aimseartha agus ag teacht leis an taithí atá acu féin ar an saol.
ag saothrú earning
" Is iomaí contrárthacht atá san Afraic Theas mar thír: an deighilt idir na ciníocha; an deighilt idir saibhir agus bocht; tithe móra millteacha cúpla méadar ó bhaile seantán; daoine ag saothrú na gcéadta milliún rand ó ór na tíre agus páistí ag freastal ar scoil gan leabhair, gan áiseanna agus amanna gan mhúinteoir.
tuillte earned
" Tá cuid den phobal san Astráil míshásta gur thug póilíní na tíre eolas d’údaráis na hIndinéise a chuidigh leo naonúr Astrálach a ghabháil i mBali níos luaithe i mbliana agus drugaí ina seilbh ach tá daoine eile den tuairim go bhfuil cibé pionós a ghearrfar orthu tuillte go maith acu.
a shaothrú to earn
" Más fíor na tuairiscí, bhí sé ag iarraidh airgead a shaothrú le fiacha a bhí ar a dheartháir a ghlanadh.
thuilleann muid that we earn
" I bhfocail eile, d’achan €10,000 a thuilleann muid, caitheann muid €14,000.
ag saothrú ioncam íseal earning a low income
" Is é an rud is scanrúla faoin bhorradh seo, áfach, ná go measann MABS go raibh breis is 60% de na daoine a chuaigh i dteagmháil leo dífhostaithe nó ag saothrú ioncam íseal.
airgead ceart a thuilleamh to earn proper money
" Agus ní dóigh liomsa ach an oiread go n-éireoidh leo airgead ceart a thuilleamh riamh.
tuillte earned
" Tá na milliúin euro tuillte acu as an chleas is úire dá gcuid: na bealaí rúnda tuaithe thart ar an bhaile a thaispeáint do na gluaisteánaithe bochta a bhíonn ag iarraidh taisteal idir an Uaimh agus Baile Átha Cliath gach lá.
airgead ceart a thuilleamh to earn proper money
" Agus ní dóigh liomsa ach an oiread go n-éireoidh leo airgead ceart a thuilleamh riamh.
ón méid a thuilleann an gnó from the amount that the company earns
" Tagann maoiniú an chomhlachta ón méid a thuilleann an gnó óna sheirbhísí comhairleoireachta teanga agus aistriúcháin.
a thuilleamh to earn
" Tá dhá mhíle dhéag euro in aghaidh na bliana ar fáil – chaithfeá roinnt mhaith airgid a thuilleamh le cur leis sin.
ón méid a thuilleann an gnó from the amount that the company earns
" Tagann maoiniú an chomhlachta ón méid a thuilleann an gnó óna sheirbhísí comhairleoireachta teanga agus aistriúcháin.
a shaothrú to earn
" Nuair a bhuailim le hEoin an lá dár gcionn i dteach tábhairne ar Shráid Thomáis sa chathair deir sé go raibh sé breá sásta leis an oíche ach nár éirigh leis cent a shaothrú ón cheolchoirm.