Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a eascraíonn as which stem from
" Tá gach dealramh air gurb iad an leibhéal ard coireachta agus foréigin a eascraíonn as mí-úsáid alcóil an t-aon rud a bhfuil an Rialtas seo buartha faoi.
a d'eascair ón gcruinniú which emerged from the meeting
" Agus munar éirigh leo gach a bhí uathu a chur i gcrích, d'éirigh leo an bhrí is an bheatha a shú amach as mórán chuile ráiteas, chuile cháineadh, chuile phlean gníomhaíochta, chuile straitéis a d'eascair ón gcruinniú nach raibh ag teacht lena gclár féin.
a d'eascair as uafáis which emerged from the horrors
" Is é na Náisiúin Aontaithe, a d'eascair as uafáis an dara Cogadh Domhanda, a thug aitheantas ceart do choincheap na gcearta daonna, mar a thuigimid é sa lá atá inniu ann.
a d'eascair as an tionscadal which grew from the project
" Leabhar álainn clóbhuailte, arna fhoilsiú ag Cannongate (féirín iontach Nollag do chara a síleann tú cuid mhór de), an dara toradh, agus an comhoibriú leanúnach idir ealaíontóirí sa dá thír a d'eascair as an tionscadal an tríú toradh agus, i ndeireadh na dála, b'fhéidir, an toradh is luachmhaire agus is buaine.
as ar eascair siad from which they came originally
" Gheobhaidís tacaíocht ó na tíortha as ar eascair siad a chinnteodh go mairfidís.
as ar eascair an CLG from which the GAA grew
" Siombalachas ======= Le blianta beaga anus, níl aon dabht ach go bhfuil cuid mhaith den siombalachas a léirigh an fhealsúnacht as ar eascair an CLG creimthe.
a d'eascair which arose
" Peter Finn, de bharr go raibh sé sásta na ceisteanna go léir - spioradálta, polaitiúil, morálta - a d'eascair as na scannail a phlé lena chuid mac léinn.
a eascraíonn which arises
" Ní le teann mórtais ná díomais ná anuabhair a mhaíonn sé seo, ach leis an umhlaíocht sin a eascraíonn ón fhéinmhuinín agus ón chinnteacht dhobhogtha go mbíonn an ceart aige i gcónaí.
as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe from which a certain amount of co-operation sometimes grew
" Cé nach bhfuil aon amhras orm ach go bhfuil baill i gcoiteann ag an dá eagraíocht, rud a chothaíonn gaol ann féin, gaol as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe, chreid mé agus creidim fós gur dhá eagraíocht atá go hiomlán neamhspleách iad Sinn Féin agus an IRA.
a d’eascródh as timpiste which would arise from an accident
" Ar dtús báire, ba cheart don Stát dul in urrús ar na húinéirí talún in aghaidh aon chúiseamh dlí a d’eascródh as timpiste ar a gcuid talún.
a d’eascair as scéim urraíochta which arose from a sponsorship scheme
" Ach le tamall anuas tá siad cráite ag scannal airgeadais a d’eascair as scéim urraíochta i Québec chun íomhá Cheanada a chur chun cinn agus an bonn a bhaint as an ghluaiseacht neamhspleáchais.
ónar eascair Solidarnosc from which Solidarnosc emerged
" Chabhraigh an mhuinín nua seo le cruthú an atmaisféir ónar eascair Solidarnosc, an ghluaiseacht ceardchumann a chuaigh i gcochall na gcumannach, ag cur deireadh le ré an chumannachais Pholannaigh i 1989.
ónar eascair Solidarnosc from which Solidarnosc emerged
" Chabhraigh an mhuinín nua seo le cruthú an atmaisféir ónar eascair Solidarnosc, an ghluaiseacht ceardchumann a chuaigh i gcochall na gcumannach, ag cur deireadh le ré an chumannachais Pholannaigh i 1989.
a eascraíonn as blianta fada seirbhíse which comes from long years of service
" Is cuma cé chomh hábalta is a bhíonn na daoine úra a thiocfaidh isteach go Roinn ar bith glacfaidh sé blianta fada orthu teacht ar an taithí is ar an eolas a eascraíonn as blianta fada seirbhíse.
na foinsí as ar eascair sé the sources from which it came
" Céard go díreach na hábhair staidéir a bheidh ar na cúrsaí seo? DdeB: Is dócha gurb é an ceol traidisiúnta is túisce a thagann chun cuimhne ach ní múineadh ceoil atá i gceist againn (tá go leor á dhéanamh sin cheana féin) ach léiriú a thabhairt ar chúlra an cheoil agus na foinsí as ar eascair sé, na daoine a chum agus a chaomhnaigh an ceol sna blianta roimhe seo, an tslí ar mhair siad anseo lena linn féin agus an spreagadh a fuair siad ón saol sin.
gur eascair an daorchluiche ón gcluiche corr that baseball came from rounders
" Sasana Is cosúil gur thosaigh an daorchluiche i Sasana san 18ú haois (cé go raibh cluichí dá leithéid thart le fada, agus tá daoine ann a mhaíonn gur eascair an daorchluiche ón gcluiche corr, a eagraítear faoi scáth Chumann Lúthchleas Gael in Éirinn!).
go n-eascraíonn sé ar fad as míthuiscint, that it all comes from a misunderstanding,
" Ach sílim go n-eascraíonn sé ar fad as míthuiscint, le bheith fírinneach.
a eascraíonn which stems
" D’aistrigh sé go Dunedin (logainm a eascraíonn ó Dhún Éideann na hAlban) sa bhliain 1869, agus lean sé ar aghaidh leis an scríbhneoireacht (filíocht agus iriseoireacht).
a eascraíonn as which come from
" Níor airigh siad go bhféadfadh go mbeadh buntáistí ag baint le hacht, dá reachtófaí é, ó thaobh chruthú postanna agus chothú na n-ealaíon de, agus ó thaobh na mbuntáistí a eascraíonn as oideachas dátheangach a bheith bainte amach ag duine, agus go leor eile fosta.
a eascraíonn ón alcól which stems from alcohol
" Ní bhíonn ach beoir a bhfuil méid beag alcóil inti ar díol taobh istigh de staideanna agus, dá bhrí sin, ní bhíonn an mí-iompar a eascraíonn ón alcól uaireanta,le feiceáil.
eascair stemmed from, resulted from
" Tá an chaibidil an-ghearr, ach tá go leor eolais inti le tuiscint ghinearálta a thabhairt don léitheoir maidir leis na teangacha as ar eascair na teangacha Ceilteacha, an difríocht idir P-Ceilteach agus Q-Ceilteach (coincheap a raibh deacracht riamh agam leis) agus na tréimhsí stairiúla éagsúla a ndéantar tagairt dóibh agus an teanga á plé i gcomhthéacs acadúil.
eascraíonn caidreamh thar a bheith speisialta as an gcairdeas. a very special relationship comes about from the friendship
" Cuireann an Seiceach gliondar ar chroí an cheoltóra sráide agus eascraíonn caidreamh thar a bheith speisialta as an gcairdeas.
ar eascair from which stemmed
" Gan mhoill ina dhiaidh sin, thug Tríona Ní Dhomhnaill agus a deartháir Micheál cuireadh dó seinm leo i ngrúpa ar a tugadh Seachtar, ar eascair The Bothy Band, grúpa tábhachtach eile, as taobh istigh de chúpla mí.
eascraíonn stem (from)
" Ach cad é mar a bheadh sé dá dtarlódh a leithéid, i ndáiríre? **Davecat**Tá sé fíor go n-eascraíonn go leor scannán as eachtraí a tharla i saol fíordhaoine.
a eascraíonn as, which spring from it,
" Sin é go díreach atá i gceist anseo, athrú a dhéanamh ar Bhunreacht na hÉireann d’fhonn tús áite a thabhairt do Chonradh Liospóin, agus d’aon dlíthe a eascraíonn as, ar Bhunreacht na hÉireann.
a d'eascair as iompróir trúpaí which came from a troop carrier
" I bhfobhailte saibhre mar Wayne, Nua-Gheirsí, nó Westchester County, Nua-Eabhrac, bíonn ar a laghad leath den phobal ag tiomáint na gcarranna seo – leithéidí an Hummer (a d'eascair as iompróir trúpaí – ar ar tugadh Humvee – a d’úsáid arm Mheiriceá!) agus an Cadillac Escalade, arb é a inniúlacht MPG ná dhá mhíle dhéag in aghaidh an ghalúin.
eascraíonn ranganna seachtainiúla weekly classes spring up from
" Go hiondúil, bíonn na ceardlanna ar siúl tráthnóna Dé Domhnaigh agus go minic, eascraíonn ranganna seachtainiúla as na ceardlanna sin.
D'eascair an taispeántas seo as this exhibition arose from
" D'eascair an taispeántas seo as alt a scríobh mé in *Beo!* (c.
eascraíonn emanates
" “Bhí mé i gcónaí faoi dhraíocht ag an dath agus tá domhan úr féideartheachtaí cruthaithe ag an bheocht a eascraíonn as an phróiseas úr monotype seo,” ar sé.
Eascraíonn ceisteanna go leor plenty of questions arise
" Bhíodh sé le rá fada ó shin, dá mba mhian leat an domhan a thaisteal, gur cheart duit a bheith i do mhairéalach leis an chabhlach Ach is léir anois gurbh fhearr i bhfad mar ghairm-mhian post a fháil sa tseirbhís phoiblí! Cinntiú, nó ceisteanna le freagairt Eascraíonn ceisteanna go leor as an eachtra seo faoin ról atá ag boird stáit.
eascraíonn as arises from
" Tá sé ar fad go hiontach ach b'fhearr liomsa an cuireadh pearsanta thar chupán caife ar Shráid Chamden níos fearr nó scéal a chloisteáil faoin gceangal a eascraíonn as eachtra cheoil.
Eascraíonn an naimhdeas seo this enmity eminates from
" Eascraíonn an naimhdeas seo as eisean a bheith ag tabhairt droim láimhe dóibh i rith a shaoil.
eascraíonn as arises out of
" 5m agus €3m fá seach a chaill siad i mBuiséad 2009, bhí an pota óir bainte ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann! Nach aisteach sin in am nuair atá na pingineacha gann? Nach aisteach fosta nach bhfuair eagraíocht a bhí ag lorg airgid (Údarás na Gaeltachta) an €3m a rabhthas ag súil leis fad is go bhfuair eagraíocht eile (Comhaltas Ceoltóirí Éireann) €3m nár iarr siad! Is iomaí ceist a eascraíonn as seo.
eascróidh shall spring forth
" Tá a lán fianaise againn a thugann le fios, má chruthaíonn tú na gnéithe sóisialta, timpeallachta, cultúrtha maraon leis an ngeilleagar, ag an am céanna, eascróidh forbairt fadtéarmach agus nuálaíocht amach as.
go n-eascróidh an tráchtáil that commerce shall develop
" Is í an áit a bhfuil an fhadhb, go síltear go n-eascróidh an dara cuid amach, go n-eascróidh an tráchtáil, amach as céad sciar na hoibre a bheith déanta.
Eascraíonn comes from, derives from
" Eascraíonn an tacaíocht sin, ní amháin as dréim le stát do na Carainn, ach as an gcosaint a thugann an eagraíocht armáilte do Charainn a bhíonn faoi bhagairt.
eascair derived, arose out of
" Dála an scéil, measann Mike Baillie, Ollamh le Bitheolaíocht Ársa nó pailé-éiceolaíocht, in Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste, gur eascair Cú Chulainn as dreige a theagmhaigh le haeráid an domhain sa bhliain 540i.
eascraíonn arising
" Itheann muintir na gcomhphobal an bia céanna a itheann daoine bochta eile na tíre agus, mar gheall air sin, tá na fadhbanna céanna sláinte a eascraíonn as an drochaiste bia atá acu is a bhíonn ag daoine bochta i gcoitinne.
eascair developed from
" Creidtear gur eascair vaimpírí as lucht míghnímh, daoine a chuir lámh ina mbás féin, as cailleacha nó ainsprioraid a ghlac seilbh ar anamacha daoine eile.
eascraíonn arises
" Is ó Mau a eascraíonn roinnt aibhneacha a shníonn amach i lochanna iomráiteacha an Scoiltghleanna.
eascair arose (from)
" com/watch?v=op-lX8B9iMk) Bhí fear ar an raidió a rá gur thuig sé an fáth gur tharla an t-achrann i bPort an Dúnáin agus gur eascair achrann an deireadh seachtaine as aighneas Bhóthar Gharbh Achaidh.
eascair arose
" Is é Tizi-Ouzou, príomhchathair Kabylie, atá mar dhaingean an fhreasúra i gcoinne an arabaithe agus is anseo a tharla an eachtra as ar eascair ‘Earrach na nImazighen’, nó ‘Tafsut Imazighen’.
d'eascair arose
" Nárbh fhéidir iad a tharraingt le chéile agus a eagrú? As seo a d'eascair an tseift agóidí a eagrú timpeall na tíre ar an 15ú Aibreán.
D'eascair arose out of
" ' D'eascair an cruinniú seo as cruinniú eile a d'eagraigh Glór na nGael i mBaile Átha Cliath i Meán Fómhair anuraidh (Beo Deireadh Fómhair 09).
eascraíonn arise from
" An eascraíonn an pictiúr seo as a shaol féin, mar dhalta agus mar mhúinteoir ? *“My own secondary education was with the Christian Brothers in Dublin and I didn’t like it.
D’eascair came from
" D’eascair 13% de phobal Mheiriceá as an Afraic.
as ar eascair from which sprung
" Ar ndóigh, tá mé ag filleadh ar an seandúchas as ar eascair Clanna Gaeil an chéad lá riamh.
a d’eascair as which arose from it
" Deirtear gurb iad siúd a scaip an scéala go raibh an tír ag lorg cabhrach agus a chuir tús leis an bhfeachtas tarrthála a d’eascair as.
d’eascair arose
" As sin a d’eascair an próiseas le Straitéis Fiche Bliain a chur chun tosaigh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
Eascraíonn na smaointe seo these thoughts arise
" Eascraíonn na smaointe seo as dírbheathaisnéis an laoch iománaíochta as Port Láirge, Dónal Ó Seancháin, a foilsíodh i ndeireadh na bliana seo caite, *‘If you don’t know me don’t judge me’*.
D’eascair arose from
" An Cur is Cúiteamh =========== D’eascair an díospóireacht phoiblí is déanaí i dtaca le pósadh comhghnéis as rún a ritheadh trí Theach na nIonadaithe cúpla mí ó shin.
d’eascair derived from
" D’fhoilsigh Hervé Lossec leabhar le déanaí dar teideal Les Bretonnismes, a mhíníonn nathanna cainte i bhFraincis na Briotáine a d’eascair as an mBriotáinis.
d'eascair arose
" As a leithéid a d'eascair anbhuaine mar chíréibeanna Newark agus Siceágo sna seascaidí.
eascraíonn arise
" Maítear go mbíonn leisce orthu dul i ngleic leis na fadhbanna sóisialta a eascraíonn go rialta as daoine a bheith ag cailleadh an iomarca airgid sna fearais chearrbhachais dá dheasca.
d’eascair as came out of
" Ní móide go dtabharfaidh Caoimhe — ná na mílte eile a chuir Barack Obama faoi dhraíocht lena bhriathra binne agus a mheangadh ceanúil — mórán aird go deo ar an méid atá á scríobh ag a huncail faoi Uachtarán SAM agus an bhaint atá aige le lucht an airgid atá ag déanamh scrios ar an domhan lena chomhairle geilleagair a d’eascair as Ollscoil Chicago agus a chuid saineolaithe ar nós Milton Friedman.
Eascraíonn arise
" Eascraíonn go leor ceisteanna dlíthiúla, eiticiúla agus mórálta as seo faoi chearta phríobáideachais agus na meáin.
eascraíonn as arise from
" 5 billiún, sea, B(illiún), in aghaidh na bliana, idir íocaíocht as cúram sláinte, tháirgiúlacht laghdaithe agus chostais ghaolmhara eile nach iad a eascraíonn as caitheamh tobac.
eascróidh as an deis seo shall arise from this facility
" Ní fios go fóill cé hiad na cineálacha pobail a eascróidh as an deis seo.
eascraíonn as arise from
" Dánta a eascraíonn as an méid a d’fhulaing sí is ea iad, dánta nochta is gan aon chleasaíocht bhréige liteartha iontu a thruailleodh iad, dánta i dteanga ársa nár chualathas á labhairt ar na sráideanna arís go dtí ré an fhile féin.
Eascraíonn an cheist the question arises
" Eascraíonn an cheist: an féidir fuinneamh a chur i mblagadóireacht na Gaeilge agus í a chur ar ais ar a seanléim? Thiocfadh le Foras na Gaeilge comórtas a chur ar bun le hurraíocht a thabhairt do bhlaganna áirithe a meastar a bheith fiúntach.
eascraíonn arises from
" Sa chomhthéacs seo, is meabhrúchán scanrúil iad na hionsaithe in Osló agus ar Oileán Utøya faoin gcontúirt a bhaineann le hantoisceachas a eascraíonn as dearcadh na comhcheilge.
D'eascair arose
" D'eascair gach córas polaitíochta de chuid na linne seo as an gcomhrac cumhachta úd a tharlaíos idir rialtas agus an rialú.
d’eascródh as na socruithe seo would issue from these arrangements
" Agus ar ndóigh bheadh uirthi aon chinneadh a d’eascródh as na socruithe seo ar fad a chur ina luí ar a muintir féin sa Ghearmáin.
eascair arose
" Ba léir gur cheist chigilteach a bhí anseo don Roinn Oideachais mar gur eascair díospóireacht phoiblí náisiúnta as an mhéid a bhí sa tuarascáil.
a d’eascair as arose out of
" Níor mhair an comhrialtas a d’eascair as Sunningdale ach cúig mhí mar nach raibh sé inghlacaithe ag na paraimílitigh ar cheachtar den dá thaobh sa gcoimhlint.
d’eascair nua-aoisiú an gheillagair came the modernization of the economy
" As na hathruithe sóisialta agus cultúrtha a d’eascair nua-aoisiú an gheillagair.
a d’eascair aníos which arose
" Thug Peter Johnston, Stiúrthóir BBC Uladh, an príomhaitheasc agus labhair sé faoi na dúshláin a bhí roimh na meáin chumarsáide faoi láthair agus an tábhacht a bhain leis an chraoltóireacht a d’eascair aníos ó fhoinsí dúchasacha.
eascraíonn emanate
" Is galar uafásach í clamadóis, atá sainiúil ar an gcóála, agus eascraíonn galair éagsúla eile aisti, eadhon daille, aimride, aicíd na scamhóg agus ionfhabhtú chonair an fhuail.
d’eascair cuid arose some
" Ní féidir an dul chun cinn agus an bharbarthacht a scaradh – as riachtanais na cogaíochta a d’eascair cuid den teicneolaíocht is iontaí dá bhfuil againn, ach cuireann an teicneolaíocht ar chumas an duine ollscriosadh uafásach a dhéanamh ar a dheartháireacha.
a eascróidh gach fuinneamh from which shall spring every energy
" Cibé bealach a rachaidh na hÉireannaigh chun cinn, is as críocha aineoil anama slua beag daoine ina measc a eascróidh gach fuinneamh le hiad a iompar chun tosaigh i réimsí bitheolaíochta, ríomhaireachta, fuinnimh, nó cibéard a bhéarfas rath.
As seo a d’eascair from this arose
" As seo a d’eascair na margaí todhchaíochta agus díorthacha.
d'eascair an reachtaíocht the legislation arose
" Ba as sin a d'eascair an reachtaíocht chun Páirceanna Náisiúnta a bhunú i 1949 (ceantar Kinder Scout ina measc) agus an reachtaíocht i 2000 a thug Cead Slí Deimhnithe do dhaoine ar cheithre mhilliún acra de thalamh i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.
D’eascair roinnt rialacha as some rules arose out of
" D’eascair roinnt rialacha as cruinniú a bhí i nGaillimh an geimhreadh seo chuaigh thart ag daoine a raibh spéis acu i comórtais i dteangacha éagsúla.
an dúshlán a eascraíonn as aosú an phobail the challengue which arises from the aging public
" Tá an scéim seo an-tábhachtach do gheilleagar agus do shochaí na tíre, de réir Bowen, le dul i ngleic leis an dúshlán a eascraíonn as aosú an phobail ach go háirithe.
a d'eascair as beartais dá leithéid which arose from such plans
" Deis Stairiúil ===== Anuas ar sin, is beag athrú a d'eascair as beartais dá leithéid san am a chuaigh thart.
deacrachtaí a eascraíonn as problems which arise from
" , nach bhfuil an duine in ann éirí aniar leis na deacrachtaí a eascraíonn as míreachtú nó forlámhas phobail an domhain ar a chéile? Ar cheart do na hÉireannaigh a gcuid féin a dhéanamh de thaighde agus de staidéar na síochána agus torthaí a n-iarrachtaí a roinnt le muintir eile an domhain ar dhóigh a dhéanfadh leas na comhdhaonnachta? Bíonn *‘Centre for Peace Studies’* thall is abhus sna forais tríú leibhéal in Éirinn agus i dtíortha i bhfad is i ngar.
Eascraíonn seo as this arises from
" Eascraíonn seo as na hathruithe móra atá tagtha ar shaol na tuaithe le dhá ghlúin anuas.
má eascraíonn aon tairbhe as if any good comes out of it
" Guím gach rath ar Fhóram na nAontachtach ach cuirfidh sé iontas orm má eascraíonn aon tairbhe as.
D’eascair arose from
D’eascair grew out of
" D’eascair an borradh teicneolaíochta agus an timpeallacht nua oibre seo ó na hathruithe a tháinig ar bhonneagar na tionsclaíochta seo.
d’eascair arose
" Tógadh an t-idirlíon agus cuireadh seirbhísí ar fáil tríd, agus ar ndóigh, as sin ar fad a d’eascair Facebook, Google, agus an guthán cliste.
don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu to the mistake(s) which arise easily and a plenty as a result
" Tá An Chonair Chaoch (2012) lán de thagairtí do na codarsnaí seo a dhealaíonn T1 agus T2 óna chéile agus don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu: ‘Cé go bhfuil cinniúint na gcainteoirí dúchais agus na bhfoghlaimeoirí i dtuilleamaí a chéile, .
a eascraíonn as which arises from
" Ar an gcuid is mó, is airgead amú an caiteachas stáit a eascraíonn as an dualgas reachtúil seo.
D’eascair an-líon páirtithe agus gluaiseachtaí as a lot of parties and movements arose from
" **SMM: D’eascair an-líon páirtithe agus gluaiseachtaí as Sinn Féin le 90 bliain anuas, ó Chumann na nGaedhael, Fianna Fáil agus Clann na Poblachta, Saor Uladh, Saor Éire, Páirtí na nOibrithe, an IRSP, Flaitheas na 32 Co.
nach n-eascródh muirthéacht Mharxach as Marxist revolution wouldn’t erupt out of
" Ba léir on tús nach n-eascródh muirthéacht Mharxach as an éagruth a bhuail na geilleagair Iartharacha, agus is maith nár eascair nó níor cuireadh aon fhealsúnacht chun cinn a chuirfeadh rath ar dhaoine.
is maith nár eascair it’s good that it didn’t erupt
" Ba léir on tús nach n-eascródh muirthéacht Mharxach as an éagruth a bhuail na geilleagair Iartharacha, agus is maith nár eascair nó níor cuireadh aon fhealsúnacht chun cinn a chuirfeadh rath ar dhaoine.
D’eascair sé as an aeráid neamhspleáchais it arose from the
" D’eascair sé as an aeráid neamhspleáchais ina raibh na cimí ag feidhmiú, cé gur ghné dhifriúil ar fad é i measc bhunaitheoirí Bhóthar Seoighe.
na tograí a d'eascair aisti sin the projects which flowed from it
" "Ach go bé gur shíl muintir Bhóthar Seoighe go dtiocfadh leo Gaeltacht a bhunú, ní bheadh Cultúrlann ann agus na tograí a d'eascair aisti sin.
a d’eascair as which arose from
" Beidh an Fhleadh Trasatlantach ann (a d’eascair as Celtic Connections agus as na Seisiúin Trasatlantacha) ina léiriú mór sainroghnaithe aon uaire agus beidh leithéidí Eddi Reader, Dan Tyminski (O Brother Where Art Thou) agus John Doyle (Solas) ag teacht le chéile chun an nasc ceoil idir Albain, Meiriceá Thuaidh agus Éire a cheiliúradh.
Ar na tionscnaimh a d’eascair as among the projects which grew out of
" Ar na tionscnaimh a d’eascair as an Idirphlé cuireadh an Fóram Domhanda maidir le hImirce agus Forbairt (FDIF) ar bun.
a d’eascródh as which would arise from
" Dar liomsa rinne Gluaiseacht na Gaeilge botún straitéiseach ag an am: tógadh seasamh láidir ina aghaidh deireadh a bheith curtha le Gaeilge éigeantach sna scrúduithe agus níor ceistíodh i gceart na himpleachtaí bunreachtúla agus eile a d’eascródh as deireadh a bheith curtha le riachtanas Ghaeilge sa státseirbhís.
D’eascair grew, developed
" D’eascair an t-arm eithneach as an dul chun cinn iontach a rinneadh i réimse na fisice sa chéad leath den fhichiú aois, agus léiríonn tógáil agus úsáid an airm chéanna an bharbarthacht a luíonn i gcroí an duine.
má d'eascair if as a result (of this)
" Ach má d'eascair éirí amach na Siria as seo, táthar freisin go láidir den tuairim go raibh na ceannaircigh ag fáil cúnaimh fhlaithiúil ó rialtais an Iarthair freisin, rialtais arbh fhearr leo Assad a fheiceáil titithe.
eascraíonn arises, originates
" (Ón bhfocal cheiromancy a chiallaíonn ‘léamh láimhe’ a eascraíonn an leasainm sin, is cosúil).
Eascraíonn an t-imeartas focal the pun / wordplay derives
" Eascraíonn an t-imeartas focal, *Poorhouse*, as an Drochshaol agus buailtear é le cás comhaimseartha na hÉireann agus síorchúlaithe geilleagair.
gach ní a eascraíonn as everything which arises from
" Is féidir éisteacht leis an Aire Shatter ar Youtube (*European Defence Agency*) agus ECAT ag trácht ar *cyber defence industry* amhail is gur obair chóir agus dhleathach gach ní a eascraíonn as na réimsí sin.
a d'eascródh as which would spring forth
" gurbh fhearr le haontachtaithe go mbeadh bratach os cionn Halla na Cathrach i mBéal Feirste ná an dul chun cinn geilleagrach a d'eascródh as socrú polaitíochta ar na saincheisteanna seo.
a eascraíonn as aineolas an mhóraimh which springs from the majority's ignorance
" Ní hé nach bhfaca cuid eile againn an nimh san fheoil sin ina gcoinne a eascraíonn as aineolas an mhóraimh go bunúsach.
Eascraíonn an cheist the question arises
" An bhfuil an baol ann go bhfuil an tuar ag teacht fán tairngreacht i dtaobh an steiréitíopa náisiúnta, ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan? Cumas Teanga sa Mheá ========== Eascraíonn an cheist ar ndóigh faoi cad is brí le bheith id’ Éireannach sa lá atá inniu ann? An bhfuil an té a ghlac páirt i Lá Mór na Gaeilge an mhí seo caite chun cearta a éileamh do chainteoirí Gaeilge a dhath níos Éireannaí ná deisceabail Ross O Carroll Kelly a bheas ag tarraingt ar Staid Aviva ar Lá 'le Pádraig le tacaíocht a thabhairt do Choláiste na Carraige Duibhe nó do Chlongowes Wood i gcluiche ceannais rugbaí scoileanna Chúige Laighean? Ar cheart idirdhealú a dhéanamh feasta idir an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach? Ní thig a shéanadh ach an oiread go bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach a tháinig chun na tíre seo le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh ar an aitheantas dúchasach fosta.
as ar eascair a muintir from which their people sprang
" Tá anáil na gcultúr as ar eascair a muintir le sonrú go tréan ar an ghlúin seo agus is chun tairbhe na tíre an éagsúlacht seo a chothú.