Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag eascairt ó emerging from
" An mhí seo caite ag comhdháil bhliantúil eagraíocht na nGardaí, Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána, dúradh gurb é an garda ag bun an dréimire amháin atá thíos leis na líomhaintí tromchúiseacha atá ag eascairt ó Bhinse Morris agus cuireadh i leith an Aire Dlí agus Cirt Michael McDowell nach bhfuil sé ag cur brú ar cheannasaíocht an fhórsa aghaidh a thabhairt ar na líomhaintí.
Ag eascairt as plé an Choimisiúin, arising from the debate of the Commission
" Leithscéal Ag eascairt as plé an Choimisiúin, cuireadh moltaí áirithe faoi bhráid na rialtas agus na n-eagraíochtaí eile a raibh baint acu leis an bpolasaí asamhlaithe.
Ag eascairt as na díospóireachtaí seo arising from these debates
" MoltaíAg eascairt as na díospóireachtaí seo, cuireadh breis agus céad moladh faoi bhráid an rialtais náisiúnta.
Ag eascairt as an míshástacht seo, stemming from the dissatisfaction
" DíospóireachtAg eascairt as an míshástacht seo, tá díospóireacht ar siúl faoi láthair maidir leis an maoiniú a chuirtear ar fáil do spóirt éilíteacha san Astráil.
eascairt as to come from it
" php) Tá roinnt de lucht saineolais ag faire orthu, ag súil le tionscnamh ar fónamh a fheiceáil ag eascairt as.
eascairt arising
" Ag eascairt as an Reachtaíocht sin, ceapadh Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga i Feabhra 2004.
ag eascairt arising from
" Beidh impleachtaí móra do chúrsaí spóirt ag eascairt as pé cinneadh a dhéanfar i dtaobh cúrsaí craolacháin.
eascairt as arising from
" Ach cad tuige nár coimisiúnaíodh an mhacasamhail i dtús an chéid, tráth ar bogadh an tseandealbh agus tráth ina raibh pócaí na Comhairle Cathrach flúirseach go maith? Sin ceist nár freagraíodh ach an oiread! Ag eascairt as an scéal úd a craoladh ar Nuacht TG4 ar an 28 Aibreáin, d'eisigh an Seanadóir Niall Ó Brolacháin ó Chomhaontas Glas ráiteas ag cáineadh na Comhairle Cathrach.
dochar a d’fhéadfadh eascairt as damage which could be developed from
" Ní léir go n-ardaítear mórán ceisteanna ag leibhéal an Bhoird faoin dochar a d’fhéadfadh eascairt as ceadú infheistíochta, nach mbeadh de thoradh air ach breis daoine gan Ghaeilge a mhealladh isteach sa Ghaeltacht.
Ag eascairt as arising from
" Ag eascairt as sin, d’iarr Pobal ar na comhairleoirí gnó agus airgeadais Mazars iniúchadh a dhéanamh ar na fadhbanna a chonaic siad agus bealaí a aimsiú le dul i ngleic leo.
Ag eascairt as sin arising from that
" Ag eascairt as sin, rinne Coughlan achainí pearsanta chuig an Taoiseach (ar an 12 Bealtaine, 1981) ag impí air idirbheartaíocht a dhéanamh ar a son: *“I would love to secure some little concession for these girls and I ask you to write to the Home Secretary on their behalf.
ag eascairt as arising from
" Ag caint ag Tóstal na Gaeilge an mhí seo caite, mhol an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Caerdydd go gceapfaí iarbhreitheamh, abhchóide sinsireach nó ollamh ollscoile le scagadh agus próiseáil neamhspleách a dhéanamh ar na moltaí a bheas ag eascairt as an phróiseas athbhreithnithe.
ag eascairt as treoracha arising from directives
" In ainneoin dhaingniú na rialacha a bhaineann le beathú na muc le blianta beaga anuas (ag eascairt as treoracha an Aontais Eorpaigh), is nós le go leor Spáinneach lasmuigh de mhórcheantair uirbeacha na tíre banbh nó dhó a ramhrú i gcónaí.
Ag eascairt as sin arising from that
" Baint As na Treorach ========= Ag eascairt as sin, rinne mé iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise le haghaidh taifid a bhain le hathrú na treorach.
Ag eascairt as na hagallaimh sin arising from those interviews
" Ag eascairt as na hagallaimh sin d'éiligh an Gréasán Géarchéime Éignithe go ndéanfaí fiosrúchán a thionscan mar gur léir, dar leo, nár thapaigh an Garda Síochána an deis an cás a fhiosrú go críochnúil nuair a tháinig sé chun solais i 1991 agus arís i 1998.
bheadh ag eascairt as which may arise from
" Déanfaidh an tAire cinneadh in am tráth, áfach, maidir le haon phríomhthoradh a bheadh ag eascairt as a chur faoi bhráid an phobail.
ag eascairt as arising from
" Ní inniu ná amárach a tharlóidh seo ach tá súil agam go gcuirfidh ábhar an ailt seo tuilleadh beochta sa díospóireacht agus, ag eascairt as sin, go gcruthófar tuiscint níos fearr ar thábhacht na Gaeilge ó thaobh feiceálacht na teanga ar chosáin agus ar cholbha bhóithre na tíre.
eascairt arising
" Má tá doghrainn go leor agus éirí amach ag eascairt as drochlámh agus saint na mbancanna abhus in Éirinn, níl na Stáit Aontaithe róshocair do lucht polaitíochta ach oiread.
Ag eascairt as léacht arising from a lecture
" Ag eascairt as léacht a thug Máire Mhic Róibín in Ard Mhacha an tseachtain seo chuaigh thart, meabhraíonn Robert McMillen dúinn gur mithid coiscéim eile a ghlacadh anois ar bhealach na síochána.