Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chuireann ar chumas which enables
" An laige is mó atá ann maidir leis an nGaeilge ar an idirlíon ná nach bhfuil áiseanna curtha ar fáil a chuireann ar chumas daoine an teanga a fhoghlaim.
acu chun cur ar a gcumas to enable them
" Níl sé beartaithe ach an séú cuid a chur ar fáil den airgead atá ag teastáil chun an Ryan White CARE Act a mhaoiniú, acht a bhfuil sé mar aidhm aige cuidiú a chur ar fáil d'othair HIV a bhfuil ioncam íseal acu chun cur ar a gcumas cúram sláinte a fháil agus drugaí a chuirfidh fad lena saol.
a chuireann ar ár gcumas which enables us
" Rinne Breandán Ó Doibhlin deighilt tráth idir "léamh" agus "léitheoireacht", idir "scil a chuireann ar ár gcumas ciall a bhaint as an chóras comharthaí sin ar a dtugaimid scríbhinn" agus scil a chuireann ar ár gcumas córas comharthaí de chineál eile a léamh.
cur ar chumas na bhfoghlaimeoirí to enable the learners
" An phríomhaidhm atá agam mar mhúinteoir ná cur ar chumas na bhfoghlaimeoirí an Ghaeilge a úsáid go muiníneach nuair a bhuaileann siad le cainteoirí eile.
a chumasú to enable
" Tá an tsreang seo de dhíth chun líne fóin a chumasú le haghaidh leathanbhanda.
a chumasú to enable
" Tá an tsreang seo de dhíth le líne fóin a chumasú le haghaidh leathanbhanda.
a chuirfeadh ar a gcumas which would enable them
" Dá bhrí sin, faoi stiúir Phádraig Uí Fhearail, tháinig coiste le chéile agus chuireadar rompu airgead a fháil ó Fhoras na Gaeilge a chuirfeadh ar a gcumas duine a fhostú lena chinntiú go gcruthófaí spás taitneamhach don Ghaeilge ag baint úsáide as an amhránaíocht, an fhilíocht agus an drámaíocht.
le cur ar a gcumas to enable them
" Tá ceannaire Fhine Gael, agus duine a d’fhéadfadh bheith ina Thaoiseach ar an tír lá éigin, ag moladh gurb é an tslí is fearr leis an Ghaeilge ar chur chun cinn ná an rogha a thabhairt do dhaltaí scoile gan í a fhoghlaim! Bheadh sé beagáinín níos ciallmhaire dó a mholadh go dtabharfaí na deiseanna agus acmhainní nua-aimseartha cuí do scoileanna agus do mhúinteoirí le cur ar a gcumas múineadh na Gaeilge a dhéanamh éifeachtach agus taitneamhach.
ag cur ar chumas na múinteoirí atá á n-oiliúint acu enabling the teachers that they are training
" Tá sé mar dhualgas ar an stát é sin a dhéanamh ach tá deacracht ann: Níl aon cheann de na coláistí oiliúna ag cur ar chumas na múinteoirí atá á n-oiliúint acu teagasc gan stró trí mheán na Gaeilge.
Chuir sé ar chumas léiritheoirí It enabled producers
" Chuir sé ar chumas léiritheoirí cláracha ar ardchaighdeán a dhéanamh.
a chuirfeadh ar a chumas which would enable him
" Ba é an 26 Márta an spriocdháta a thug sé do na páirtithe le teacht ar shocrú a chuirfeadh ar a chumas an Feidhmeannas in Stormont a athbhunú.
Cuirfear ar chumas na n-ollscoileanna the universities will be enabled
" Cuirfear ar chumas na n-ollscoileanna tabhairt faoin obair seo go proifisiúnta, a bhuíochas seo ar fad d’Éamon Ó Cuív a thuig tábhacht an mhéid atá á bhaint amach thar sáile.
ag cur ar chumas na mbulaithe enabling the bullies
" (Paragraf 10) GléasannaBhí an bhulaíocht riamh mar ghné de shaol na scoile, ach sa lá atá inniu ann tá gléasanna nua teicneolaíochta ag cur ar chumas na mbulaithe a gcuid íospartach a chiapadh ar bhealaí níos sofaisticiúla.
a chuirfidh ar ár gcumas which will enable us
" Anois, aontaím leis an tuairim go bhfuil gá le córas comhtháite éigin a chuirfidh ar ár gcumas taisteal timpeall na hardchathrach ar Luas nó Dart nó ar bhus leis an ticéad céanna.
cur ar chumas enable
" Ní bheidh an tAontas Eorpach ina measc mura n-éiríonn leis na ballstáit cur ar chumas an Aontais gníomhú go héifeachtach ar leibhéal idirnáisiúnta.
chuir ar a chumas enabled him
" Bhí grásta eile ag Michael mar bhláth ar an mbua sin – d’aimsigh sé friotal teangan go luath a chuir ar a chumas coincheapanna casta ealaíne a cur i láthair an phobail.
chuir ar a chumas aige enabled him
" Ach tháinig sé slán as an gcogadh, agus mhaíodh sé gurbh é an féinoideachas a bhí riachtanach ag an am a chuir ar a chumas aige smaointe neamhghnácha a cheapadh ina shaol acadúil.
cumasúcháin enabling
" Tá ról cumasúcháin (enabling) ag stáit nua-aoiseacha san aonú aois fichead.
chuirfidh ar a gcumas shall enable them
" Beidh orthu agóid, ní ar son maoinithe, ach ar son na n-uirlisí daonlathacha a chuirfidh ar a gcumas dul i gceannas ar a gcúrsaí féin.
chuir ar chumas enabled
" De réir a chéile tógadh bonneagar leathanbhanda a chuir ar chumas lucht an ghréasáin seirbhísí den chéad ghlúin eile a chur ar fáil.
le cur ar a gcumas so as to enable them
" Níos túisce i mbliana bhí a dhóthain Ghaeilge ag an triúr a bhí ag iarraidh post an Taoisigh a líonadh, le cur ar a gcumas páirt a ghlacadh i ndíospóireacht teilifíse beo trí Ghaeilge ar TG4, seachtain roimh an Olltoghchán.
chuir ar chumas enabled
" É sin agus rud tábhachtach eile a chuir ar chumas na ndaoine ní ba mhó d’ábhair an tsaoil a cheannach, mar atá, fiacha.
chuirfeadh ar a chumas would enable him
" Dúirt an t-alt seo go sonrach “sa mhéid gur féidir é” go mbeadh ar Bhreitheamh a cheapfaí i gceantar ina raibh an Ghaeilge á labhairt “oiread eolais ar an nGaeidhlig agus chuirfeadh ar a chumas déanamh in éamais conganta ó fhear teangan agus fianaise a tabhairt sa teangain sin.
a chuireann ar chumas which enables
" Ach in Éirinn níl aon chóras dea-nósúil a chuireann ar chumas Éireannach is inimirceach iarraidh ar an rialtas baill dá dteaghlaigh a ligean isteach sa tír.
ar a chumas dul i ngleic le to enable it to get to grips with
" Ceisteanna a bhaineann le dearcadh na ndaoine: céard iad na luachanna is tábhachtaí dúinn mar phobal? Agus ceist eile: cé na hathruithe is mó atá de dhíth ar an chóras pholaitíochta le go mbeadh ar a chumas dul i ngleic le fadhbanna na linne seo? Bhí mise chomh soineanta is gur shíl mé go raibh na páirtí polaitíochta dáiríre faoin cheist seo roimh an olltoghchán, ach, ón méid atá feicthe agam ó shin, tuigim nach raibh ann ach béalghrá agus cur i gcéill.
chuirfeadh ar chumas would enable
" Trí dul i gcomhairle le Comhaltas na Mac Léinn sna coláistí éagsúla, d’fhéadfaí pacáiste tacaíochta a chur ar fáil a chuirfeadh ar chumas chuile coláiste Oifigeach Siamsaíochta Ghaeilge a earcú, ar a mbeadh sé mar chúram air/uirthi ócáidí sóisialta is siamsaíochta a eagrú go rialta do chainteoirí Gaeilge sa choláiste, faoi choimirce Chomhaltas na Mac Léinn.
chun a chur ar chumas an rialtais to enable the government
" Vótáil na daoine i reifreann chomh fada siar leis an mbliain 1979 chun a chur ar chumas an rialtais reachtaíocht a chur tríd an Oireachtas le go dtabharfaí an vóta sna painéil ollscoileanna do na céimithe ó na coláistí tríú leibhéal ar fad.
cumasaigh enable
" Ar a suíomh fá choinne forbróirí feidhmchláiríní Android, tugtar an chomhairle seo a leanas chun cinntiú go bhfuil feidhmchláiríní inrochtana lámh ar láimh leis an gcóras *TalkBack*: ● Déan nascleanúint iomasach ● Bain úsáid as tomhaisí molta do thargaid ● Tabhair lipéidí ciallmhara do ghnéithe an CU (comhéadán úsáideora) ● Tabhair rogha ar ghnéithe idirgníomhacha ar a ritheann am istigh ● Bain úsáid as rialtáin chreatlaigh chaighdeánacha nó cumasaigh TalkBack do rialtáin chustaim ● Bain triall as tú féin.
a chumasaíonn which enables
" Creidimid go gcabhróidh bunú fóraim, a chumasaíonn comhrá idir dhaoine ina dteangacha féin, le hardán a chur ar fáil a chothóidh tuiscint níos fearr idir dhaoine agus a gcultúir éagsúla.
gcuireann sé ar ár gcumas it enables us
" Agus meallann sé sinn leis an chaoi a gcuireann sé ar ár gcumas ár gcaighdeán maireachtála a fheabhsú.
chuir ar a chumas galf a imirt enabled one/him to play golf
" Cad is cúis leis an bhfeabhas iontach seo ar stádas ghalfairí na hÉireann le seacht mbliana anuas? Creidim go bhfuil tosca éagsúla i gceist agus ina measc sin tá an t-ardú ar chaighdeán maireachtála an ghnáthdhuine le caoga bliain anuas a chuir ar a chumas galf a imirt ar chostas réasúnta seachas mar a bhíodh – cluiche an uasaicme (dlíodóirí, dochtúirí, ardstátseirbhísigh is araile) a bhí sa ghalf ar feadh i bhfad.
ag cur ar chumas na seandálaithe enabling the archaeologists
" Tá an nuatheicneolaíocht ag cur ar chumas na seandálaithe a gcuid oibre a dhéanamh na laethanta seo ar shlí i bhfad níos éifeachtaí agus níos tapúla, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.