Rinne siad clocha snoite áille – crosa móra agus leaca cuimhneacháin – agus bhí ceardlanna acu ina ndearna siad pár as seithí do lámhscríbhinní, agus ina d’oibrigh siad le hór, airgead, cré-umha agus gloine.
Sa seomra suí chrom sé go staidéarach os comhair an chórais cheoil, an oiread sin cnaipí le casadh agus le brú, focail greanta os a gcionn, fuinneoigíní breactha le figiúirí beaga—bhain sé scil as tamall sular shleamhnaigh tarraiceán go mall as agus log ciorclach ann, áit ar leag sé an dlúthdhiosca go cúramach.
Agus 5,000 bliain greanta i gcloch sa cheantar, idir thuamaí cúirte agus thuamaí ursanacha, is áit an-suimiúil í do na daoine ar mo chúrsa siúl sléibhe agus bíonn siad i gcónaí sásta sos a ghlacadh ón siúl le hamharc ar na hiarsmaí Neoiliteacha.
“Beart de réir ár mBriathar”, a deirtear agus a scríobhtar agus a ghreantar agus a chantar, ach ní chreidtear – agus thar rud ar bith eile – ní dhéantar riamh.