Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag spadhradh enraging
" Dá mhéad a scread sé ba ea ba lú a laghdaigh a dtrua, gach scread acu ag spochadh is ag spadhradh cuimhní ina n-intinn.
le báiní enraged, crazy
" Bhí Vrubel le báiní nuair fuair sé seic cúítimh do €3,000 sa phost ón *East Side Gallery*.
ar mire enraged
" Is é Serie A príomhroinn sacair na hIodáile, agus is cosúil go bhfuil cuid mhór de lucht leanúna na sraithe sin ar mire cheart faoi chaighdeán na réiteoireachta, nó an easpa caighdeáin is cirte a rá.
ar mire enraged/s
" Fear eile a chuireann na póilíní smaointeoireachta Síónacha ar mire ná an tOllamh Norman Finkelstein, Giúdach agus údar frith-Shíónach The Holocaust Industry agus Beyond Chutzpah: The Misuse of Anti-Semitism.
le tréan feirge enraged
" Maróidh tú baill de na fórsaí slándála, rachaidh na fórsaí slándála sin isteach i gceantair áirithe le tréan feirge agus cuirfidh isteach ar mhuintir na háite.
ar buile enraged
" Bhí sé ar buile nuair a theip ar an mbille agus bhain sé úsáid arís is arís eile as na focail “séantóirí athrú aeráide” ina chuid ionsaithe ar an bhfreasúra.
ar mire enraged
" Meas ar Dhealbh ====== Inár dtuairisc do Nuacht TG4 an oíche sin, labhair muid leis an staraí Tom Kenny a bhí ar mire leis an Chomhairle Cathrach a chaith na milliúin euro ar athchóiriú na faiche ach nach raibh in inmhe cloí lena ngealltanas maidir leis an mhacasamhail cré-umha de dhealbh a bhí mar chuid de dhlúth is d'inneach na faiche céanna.
Chuir sé fearg ar it enraged
" Chuir sé fearg ar dhaoine nuair a tháinig sé chun solais go raibh an stát ag íoc na mílte €uró in aghaidh an lae as seirbhísí an lucht dlí.
ar buile enraged
" Ní mar sin a tharla sé ar ndóigh - níor tairgíodh dóibh ach iniúchadh teoranta ar pháipéarachas an cháis, á stiúradh ag an abhchóide sinsireach Desmond da Silva, QC - agus tá Geraldine Finucane agus a beirt mhac, John agus Michael agus a hiníon, Katherine ar buile go fóill faoin drochbhail a cuireadh dóibh, agus ní nach ionadh.
Bhíos ar buile I was enraged
" Bhíos ar buile le Nandos anois agus nuair nach ghlac sé leis an rabhadh deiridh, síos an trá linn, amach as an mbosca leis agus d’inis mé dó go bhfillfinn ar an áit an mhaidin dár gcionn, agus dá sé imithe, go dtuigfinn nach raibh sé ag iarraidh taisteal liom a thuilleadh.
ar buile enraged
" Bhí an bainisteoir, Capello, go mór ar buile le Terry, ní nach ionadh.
ba cheart dúinn ar fad fearg a bheith orainn we all ought to be enraged
" “Mar shaoránaigh Cheanada nach Dúchasach sinn, ba cheart dúinn ar fad fearg a bheith orainn mar gheall ar an éagóir agus ar an idirdhealú atá á dhéanamh ag an rialtas ar an bPobal Dúchasach i gCeanada” -William Leonard Felepchuk, ionadaí Chomhphobal na Mac Léinn sna Staidéir Dúchasacha agus Ceanadacha, Ollscoil Ottawa.
B'ansin a tháinig fearg orm I became enraged
a chuir colg agus confadh air which enraged him
" Scríobh tú alt an mhí seo a chuaigh thart agus san alt sin chuir tú roinnt ceisteanna ar Cheannaire an CIA, John Owen Brennan – ceisteanna nach raibh sé sásta a fhreagairt; ceisteanna a náirigh é agus a chuir colg agus confadh air.
spréachta enraged
" Bhí breis is 5000 duine ag siúl sráideanna Bhaile Átha Cliath ar agóid le déanaí agus bhí na daoine sin spréachta faoin scéal.
fearg ar roinnt dá “othar some of his patients enraged
" Bhí ionadh ar Weizenbaum nuair a nocht daoine rún a gcroíthe agus fearg ar roinnt dá “othar” nuair a thuig siad nach raibh ann ach meaisín agus go raibh rochtain ag Weizenbaum ar an eolas a roinn siad leis an meaisín céanna.
rabhadar go léir fraochta they were enraged
" Daoine Gorma is ea 13 as 15 ball na foirne, agus ba léir go rabhadar go léir fraochta.
nach ngríosódh fearg na tíre wouldn’t enrage the country
" Ní fheicim féin siocair ar bith nach bhféadfaí na scéalta seo uilig a chur i gcrích ar bhealach nach ngríosódh fearg na tíre agus, ag an am chéanna nach scriosfadh an téarnamh geilleagair.
muintir na feirge agus na staince the enraged and the obstinate
" Chomh maith le muintir na feirge agus na staince, nach mbacfadh le siúl a fhad le bothán vótála lena gcuid vótaí a scriosadh fiú amháin, tá dreamanna Poblachtacha nach ndallfaidh doras an ionad vótála go brách, bíodh go ndearna cuid acu é sin go díreach i nDoire.
Bhí mé spréachta le I was enraged with
" Bhí mé spréachta le Sinn Féin mar gur chuir siad duine gan mórán Ghaeilge ag seasamh i dtoghchán na hEorpa i dtoghcheantair ina bhfuil dhá mhórcheantar láidre Gaeltachta.
ar buile enraged
" Tobar, Níl Fhios Agam Thady =========== **Balor: A Aire, níl mé ach ag iarraidh a fháil amach an raibh tú ar buile nuair a bhí daoine ag gearán faoi do cheapachán.
go fraochta enraged
" Tá pobal SAM oibrithe go fraochta faoin gcaoi ar crochadh uathu go dleathach agus go coiriúil araon, an saibhreas a shaothraigh siad le blianta roimhe seo.