Pota Focal Intergaelic
devil | eil | ceil | deil | déil
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rogha an dá dhíogha a choice between two evils
" Chonacthas don Lucht Oibre gur rogha an dá dhíogha a bhí acu.
ainghníomh evil deed
" Deir daoine eile gur cheart pionós géar a ghearradh orthu siúd a dhéanann an t-ainghníomh agus go bhfuil an t-ádh orthu a bheith ina gcónaí san Iodáil, áit nach bhfuil aon phionós báis.
rogha an dá dhíogha a choice between evils
" Idir an dá linn, tá rogha an dá dhíogha déanta ag tíortha ar nós na Saimbia, Mhósaimbíc agus na Siobáibe.
mhírún evil intent
" Chomh luath is a fhoilsítear tuarascáil a lochtann an PSNI, nochtar "fianaise" fá mhírún an IRA, bíodh sí fíor nó bréagach.
urchóideach harmful, evil
" "Níor mhaith le muintir Dhoire go ndéanfaí a gcathair a nascadh leis an trádáil urchóideach seo," a deir Jim Keys, urlabhraí FEIC.
rogha an dá dhíogha a choice between two evils
" Maidir le réiteoirí, tá rogha an dá dhíogha acu sin.
lucht míghníomha evil-doers
" Tá dearcadh simplí ag an eite dheas reiligiúnda: tá taobh s'againne ceart; is lucht míghníomha an taobh eile.
an mhaitheas agus an t-olc good and evil
" Léiríonn an stíl *chiaroscuro* (codarsnacht láidir idir solas agus dorchadas) a úsáideann sé an mhaitheas agus an t-olc agus go bhfuil beatha agus bás thart timpeall orainn i gcónaí.
ainbhearta evil deeds
" Anois, cén t-ainm seo arís atá ar an tráchtaire sin atá chomh daingean ina bharúlacha a mhaíonn gurb eisean an t-aon duine sa lá atá inniu ann atá toilteanach fimíneacht agus ainbhearta a nochtadh? An duine sin, a mbíonn sé féin agus Clooney de shíor in adharca a chéile? Ó, sea, Bill O’Reilly ó Fox News.
lán mioscaise agus aimhleasa full of hatred and evil
" Tá mé olc agus fuathúil, lán mioscaise agus aimhleasa, agus béarfaidh mé liom sibh síos go leac na bpian, in éineacht leis na hanamacha bochta atá sa mhála ar mo ghualainn.
máthair gach oilc the mother of all evil
" Ach ní bhainfidh siad sin amach mura dtugann Jeffrey agus polaiteoirí aontachtacha a n-aghaidh ar réiteach na faidhbe agus chan ar *bete noire *an náisiúnachais, máthair gach oilc, dar leo.
rogha an dá dhíogha a choice between two evils
" Agus mar sin, beifear ar ais arís ag rogha an dá dhíogha sar i bhfad.
achan mhíghníomh every evil deed
" Creidfidh *Love Ulster* gur ionsaí orthu féin a bhí in achan mhíghníomh a tharla an deireadh seachtaine seo caite, ach bhí i bhfad Éireann níos mó taobh thiar de chlampar an tSathairn seo caite, rud nár thuig na polaiteoirí agus, ach go háirithe, b’fhéidir, na Gardaí.
Dia idir sinn is an t-olc. God between us and all evil.
" Peadar: Dia idir sinn is an t-olc.
ó thionchar olc from the evil effect
" Tháinig an triúr as Iáva agus go dtí lá a mbás d’fhan siad neamhaithreach, ag maíomh nach raibh siad ach ag cosaint thír Mhoslamach ó thionchar olc an Iarthair.
drochrún evil intent
" Tá daoine crua agus tobann sa chathair, ag béicí i rith an ama, nó ag magadh fút, ach níl drochrún ar bith iontu.
Drochrud riachtanach a necessary evil
" Drochrud riachtanach, leadránach agus uaigneach a bhíos iontu ar mhuileann coise an tsaoil ghnó do dhream eile.
dhrochbheart evil deed
" Ba i mbothóig i gcúl an tí a bhí láthair an uafáis, an áit a dtéadh sé i bhfolach ón tsaol mhór chun a dhrochbheart a chur i gcrích.
drochghníomh evil deed
" Ach chuile uair, i ndiaidh dó an drochghníomh a dhéanamh, thagadh sé ar ais ón dorchadas, gan aon athrú air, mar bheadh gnáthdhuine ann.
an t-ainbheartach oilc seo this horrible evil-doer.
" Is í an fhírinne lom a chuireann casadh aigne orainn: is duine cosúil linn féin é an t-ainbheartach oilc seo.
Mhaith agus an t-Olc good and evil
" Tá an choimhlint seo i gcroílár cuid mhaith creideamh ar fud an domhain: an streachailt idir yin agus yan i dTaochas na Síne, idir Séat agus Osiris na sean-Éigipte, idir fhorsaí diaga agus lucht an tsaoil seo sa tsean-Ghréig, agus idir an Mhaith agus an t-Olc i mBíobla na Críostaíochta.
Aoibhiúil evil Enda' the ród
" Enda Aoibhinn Aoibhiúil a bhí ar an ridire seo agus dúirt nach raibh sé sásta leis an dóigh a raibh Brian ag bainistiú na ríochta.
feall evil deed
" Cead a gCinn do na feallairí “*Scratch a counterintelligence officer in the U.
bhfeallaire evil doer
" ” Ach má fhaigheann muintir Mheiriceá amach an fhírinne maidir lena “chairde” Iosraelacha riamh, seans go bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire.
feall evil deed
" Bhí an baol ann go n-imreoidís feall ar an phobal Moslamach agus go leathnódh an deighilt idir an dá phobal.
Oilc of evil
" Ach ar fhaitíos go gceapfadh éinne gur Arabaigh agus Ioslamaigh amháin a d’fhéadfadh a bheith ina “mbagairt” do na Stáit Aontaithe, is maith an rud é go bhfuil leithéidí Kim Jong-Il, “Doctúir an Oilc” é féin, ann.
ainsprioraid evil spirit
" Creidtear gur eascair vaimpírí as lucht míghnímh, daoine a chuir lámh ina mbás féin, as cailleacha nó ainsprioraid a ghlac seilbh ar anamacha daoine eile.
t-olc evil
" Titeann bean aimsire dá bás ó áiléir chró feirme an Bharúin – sea go deimhin, tá an t-olc ligthe den éill is tá an saol camtha as a riocht.
Drochleid an evil prompt
" Drochleid á Chraobhscaoileadh Bhíos thar a bheith míchompórdach faoin dtuairim go n-iomlánaítear ar neamh cailíní a dúnmharaítear faoi gháirsiúlacht bhreoite leithéid de dhuine agus carachtar Stanley Tucci, agus níos míchompórdaí fós, b’fhéidir, go mbeidís le chéile go síoraí sna flaithis, buíon íobartach, sainmhínithe de bharr oilc a ndúnmharfóra! Mo leithscéal, a chairde, ní thagann maith riamh ón olc agus tá sé contúirteach agus mífhreagrach an tuairim sin a chraobhscaoileadh.
oilc evil
" Leigheas Ach tá a dteachtaireacht shimplí á slogadh siar ag cuid den aos óg, iad réidh le creidbheáil gur lig Sinn Féin síos iad, go bhfuil forlámhas oilc an aontachtaigh i réim fós agus nach bhfuil todhchaí rathúil rompu mura gcuireann siad in éadan an réimeas ag Stormont.
deargolc intense evil
" An deargolc ba chúis leis an fhulaingt mhillteanach sin – olc de bhun tola.
Ais an Oilc axis of evil
" Ais an Oilc Ina aitheasc ‘Staid an Aontais’ i 2002, luaigh George W.
ar shlí na hurchóide on the side of evil
" Tá sí imithe ar shlí na hurchóide.
hoilc woes, evil
" Ba léir freisin go raibh an réiteach ag Sarkozy ar na hoilc ar fad, ach an deis a bheith aige a smaointe a chur i bhfeidhm.
chosaint ar olc to protect from evil
" In Éirinn, mharaítí muc nó coileach ar an lá sin agus spréití cuid den fhuil i gceithre chúinne an tí chun an teach agus an teaghlach a chosaint ar olc.
i gcoinne an oilc against evil
" An bhfuil teoiric Assange ceart? Is léir ó na hagallaimh atá á dtabhairt aige faoi láthair gur fear neamheaglach é a chreideann go bhfuil sé ag seasamh go láidir i gcoinne an oilc.
súil nimhe evil eye
" Bíonn Balor bocht faoi bhrú millteanach ón Eagarthóir Mac Slua Muirí, cionn is go síleann sé nach mbíonn súil nimhe Bhaloir sách nimhiúil in amanna.
an t-olc evil
" An gcuideoidh an borradh seo leis an pháirtí an Chéad Aireacht a bhaint amach agus cad é a dhéanfaidh na haontachtaithe sa chás sin? Déanta na fírinne, tá an mhaith agus an t-olc araon i dtorthaí an toghcháin ó dheas don DUP agus don UUP.
Súile Nimhe evil eye
" Tá Balor na Súile Nimhe ar bís lena scaob a chraobhscaoileadh le muintir na hÉireann ar fad, agus go speisialta le léitheoirí dílse Beo Ar Éigean (an cúigear acu).
scéal ainghnímh tale of evil deed
" Ní luafar, áfach, gur chreid an dream sin gach scéal ainghnímh ón mbuíon chéanna roimh an “idirghabháil dhaonnúil” ar mhaithe leis na daoine sin a chosaint.
ag cur drochghníomhartha blaming evil deeds
" Anois, sula dtosaíonn léitheoirí Beo Ar Éigean! ag cur briathra i mbéal Bhaloir, nó ag cur drochghníomhartha i leith an Chomhrialtais, ní miste dom a mhaíomh nach bhfuil sé ar intinn ag Rialtas na hÉireann muirear a ghearradh ar an aer úr… ach amháin mar a bhaineann le cuairteoirí.
olc agus maith good and evil
" Ceisteanna faoi rothaí mór an tsaoil, ceart agus cóir, grá agus gráin, olc agus maith.
an choimhlint idir an mhaith agus an t-olc the conflict between good and evil
" Táimid ag dul chun cinn gan amhras, ach ní thiocfaidh deireadh leis an choimhlint idir an mhaith agus an t-olc i gcroí an duine.
tús agus deireadh gach oilc the cause of all evil
" Ach tríocha bliain ó cuireadh deireadh le pionós corpartha i scoileanna na tíre, meas tú an bhfuil sé in am anois deireadh a chur leis an tuairim smolchaite gur buaileadh an teanga isteach ionainn? Ocht mbliana déag ó baineadh Peig den Ardteist an bhfuil sé in am fosta ag an ghlúin úr teacht ar phearsa fuatha eile chun a ngráin don teanga a chur in iúl? Agus cén chomhairle a chuirfinn orthu siúd uilig a shamhlaíonn gurb é cuimhní cinn seanmhná as Ciarraí tús agus deireadh gach oilc? Mar a déarfadh Muimhneach cáiliúil eile, Roy Keane, *'Get over it!'*
ar gach olc from every evil
" Ní miste domsa iad a chosaint ar gach olc, ar gach doghníomh agus ar gach aimhleas.
doghníomh agus ar gach aimhleas bad deed and every evil
" Ní miste domsa iad a chosaint ar gach olc, ar gach doghníomh agus ar gach aimhleas.
gunnadóir an oilc the evil gunman
" Dar le daoine mar Wayne LaPierre, ní stopfaidh ach gunnadóir maith gunnadóir an oilc.
an Drochrud Do-shamhlaithe the evil unimaginable one
" - ‘Mea Maxima Culpa’ (Alex Gibney) - ‘Hors Satan’ (Bruno Dumont) - ‘Men at Lunch – Lón sa Spéir’ (Seán Ó Cualáin) Sara chíoraim scannán faisnéise Sheáin Uí Chualáin, samhlaígí ar dtús an Drochrud Do-shamhlaithe……… Is iomaí miotas uirbiach a rug greim ar shamhlaíocht phobal Chorcaí sna naoidéag seascaidí.
mar mhíniú ar an olc to explain the evil
" ‘Mea Maxima Culpa’ ========= Ach, mar is gnách, más néata na meafair sin thuas, ní leor in ao’chur iad mar mhíniú ar an olc.
ar an maith agus an olc about good and evil
" Aiste scannánaíochta ar an maith agus an olc.
Dúil sa Titim agus san Ainghníomh a great interest in failure evil deed
" Dúil sa Titim agus san Ainghníomh =============== Ocht milliún is fiche duine timpeall an domhain a bhí ag faire de réir lucht an chainéil, léiriú ar cháil Armstrong agus ar an tsuim atá curtha ag daoine ar fud na cruinne i scéal nach gcuireann in aon slí le huaisleacht nó le hardghradam an spóirt.
raibh an t-olc ag baint le cuid mhór that evil pertained to a lot
" Má bhí sé de rún aige athmhuintearas a chothú idir an dá phobal, b’olc an tús a chuir sé leis an obair nuair a thug sé aitheasc sa bhliain 2006 ina ndearna sé athfhriotal ar shliocht a chuir i leith Muhammad go raibh an t-olc ag baint le cuid mhór dá ndearna sé.
an tuar oilc the prophecy of evil
" Cathbad Draoi, an tuar oilc, an leanbh sa mbroinn.
ba bhun le cuid mhór den olc was the cause of a lot of evil
" Déanta na firinne agus mé ag fás aníos, bhí mé thar a bheith bródúil as nach raibh creideamh ar bith agam mar ba é an creideamh ba bhun le cuid mhór den olc sa tsochaí thart orm - an seicteachas agus rudaí eile a chuir samhnas orm - a bhí in ainm is a bheith Críostúil.
an t-olc seo a chur ina cheart to correct this evil
" Ba chóir do rialtais an iarthair cuidiú leis na tíortha eile an t-olc seo a chur ina cheart.
Fréamhacha an oilc the roots of evil
" Fréamhacha an oilc agus nádúr na oilc.
agus olcais trí chéile and (matters of) evil in general
" An líon is mó leabhar, go háirithe sna siopaí leabhair beaga, is le cúrsaí coiriúlachta, maruithe agus olcais trí chéile a bhaineann siad.
a dtugtar an mhaith agus an t-olc orthu which are called good and evil
" Sa tsochaí chomhaimseartha, go háirithe i réimse na haigneolaíochta, tá claonadh ann na ceisteanna a bhaineann leis na coincheapa a dtugtar an mhaith agus an t-olc orthu a sheachaint, go háirithe más ceisteanna freagrachta atá faoi chaibidil.
a shúil nimhe a chaitheamh siar ar to turn his evil eye back on
" Tá deireadh na bliana ag teannadh linn, a léitheoirí dílse, agus b’fhéidir nárbh fhearr rud a dhéanfadh Balor ná a shúil nimhe a chaitheamh siar ar imeachtaí na bliana.
an lámh in uachtar a fháil ar an olc overcome evil
" Ach tá an Afraic Theas de dhíth orainn go léir mar splanc dóchais, a léireoidh dúinn gur féidir an éagóir agus an bhrúidiúlacht a shárú agus gur féidir leis an daonnacht an lámh in uachtar a fháil ar an olc agus ar an dearg-ghráin – agus é sin a dhéanamh go mórchroíoch agus gan fuil a dhoirteadh.
diabhalta evil
" Léirigh an bhean óg a misneach ag an bpointe sin áfach, mar rinne sí socrú leis an “dochtúir” diabhalta sin.
chun a leithéid d’olc a tharraingt that would attract such evil
" com/EverydaySexism/sky-sports-news-live-q-and-a-with-beth-tweddle-twi> Cibé ar bith faoi JP Morgan agus *British Gas*, a bhí tar éis cinnithe gnó a dhéanamh, a chuaigh i bhfeidhm go mór ar ghnáthshaol daoine, agus daoine a bhí ar an trá fholamh go minic, ní raibh aon ní déanta ag Tweddle chun a leithéid d’olc a tharraingt uirthi féin.
i láthair an oilc sinn into the presence of evil
" Tugann Edwin Epps, Plándálaí, i láthair an oilc sinn.
caitheamh an 'nazar wearing the evil eye
" **4 An Briocht 'Nazar'** Ceann de na nósanna is tábhachtaí ná caitheamh an 'nazar' nó 'an tsúil nimhe', nó mar a deir an Béarla, an 'evil eye'.
Eascraíonn gach dochar is gach sochar every evil and good arises from one (thing)
" Eascraíonn gach dochar is gach sochar (bíodh gur leis na hIosraelaigh amháin a bhaineann taobh an tsochair sa Phalaistín) as aon rud amháin: córas cinedheighilte an stáit, córas a chuireann éinne as áit ar bith ar domhan, chun tosaigh ar gach éinne eile má thig leis nó léi a chruthú go bhfuil aon chreideamh amháin aige nó aici.
na leabhair fé ndear an droch-obair go léir the books are the root of all evil
" Bhí an ceart ag an sagart in Don Cíochóté: > “Sea!” arsan sagart, “na leabhair fé ndear an droch-obair go léir.
Rogha an dá dhíoga leoga indeed a choice between two evils
ainghnímh evil deed
" Tá fonn ar dhuine acu, An tAthair Denis Maher as Tiobraid Árann, dul chun cainte le Shipman sa phríosún agus ceist a chur air céard a spreag é chun ainghnímh.
má dhruid an duibheagán leis go bagrach (even) if evil threateningly approached him
" Chonaic Ray Mac Mánais fiúntas agus saibhreas in imeacht na mblianta ag Oireachtas na Gaeilge agus má dhruid an duibheagán leis go bagrach ar an láimh eile, thóg an dream óg a chroí lena gcuid spleodair.