Pota Focal Intergaelic
enact | exalt | act | eacht | eat
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na tréithe ceannann céanna the exact same traits
" Tírdhreach álainn, fiáin, fileata atá sa gceantar seo agus tá na tréithe ceannann céanna le brath sa cheol agus sna hamhráin atá ar an diosca seo.
ba bheaichte a rá it would be exact to say
" Tá na céadta buama píopa caite ar thithe na haicme oibre, nó an aicme *dole *ba bheaichte a rá, b'fhéidir, lá i ndiaidh lae.
an rud ceannann céanna a éileamh to demand the exact same thing
" Spreag an feachtas seo cuid póilíní an NYPD leis an rud ceannann céanna a éileamh.
an rud ceannann céanna the exact same thing
" "Níl aon ghá go mbeadh sé seo i nGailearaí an Tate nuair atá an rud ceannann céanna ar siúl ar an teilifís.
an socrú ceannann céanna the exact same arrangement
" Ba é an pointe a bhí acu, agus pointe réasúnta dar liom, ná gur dhá chluiche éagsúla iad an pheil agus an iománaíocht agus má dhéantar socrú i leith ceann acu ní gá an socrú ceannann céanna a dhéanamh i dtaca leis an gceann eile.
paiteanta clear, exact
" Tá an chuid is mó de na seanfhondúirí seo den tuairim gur éirigh le Bounds léargas paiteanta a thabhairt ar na nithe is tábhachtaí in áit mar Guinan’s.
beacht exact, precise
" Rinne *Ireland On Sunday *cur síos beacht ar an tslí a ndearna siad a mbealach abhaile.
an rud ceannann céanna the exact same thing
"an rud ceannann céanna fíor ar an gCeathrú Rua le Comhairle Contae na Gaillimhe.
an toradh ceannann céanna the exact same result
" Cuimhnigh gur triúr a rinne moltóireacht ar an oíche, ach tar éis marcanna 18 moltóir a bhí i láthair a chomhaireamh thángthas ar an toradh ceannann céanna.
den radharc ceannann céanna of the exact same view
" Stopamar ar chúinne amháin agus taispeánadh grianghraif dúinn den radharc ceannann céanna le linn Chath Passchendale i 1917.
coinníollacha ceannann céanna the exact same conditions
" An mbeidh na coinníollacha ceannann céanna i bhfeidhm do na hoibrithe seo a bhogfaidh ó earnáil go hearnáil? Más buncheisteanna iad seo do dhaoine aonair, tá ceist ollmhór á tógáil ag na ceardchumainn fosta.
an ghramadach cheart chruinn chruthanta the correct accurate exact grammar
" Ach theastaigh uaim an múinteoir ceart a fháil – múinteoir a thabharfadh an ghramadach cheart chruinn chruthanta dom; tuiseal ginideach iolra na n-aidiachtaí, an modh coinníollach agus an modh foshuiteach caite san áireamh.
toradh beacht an chéad chomhairimh. the exact result of the first count.
" Bail ó Dhia freisin ar chuid de na diabhal réitigh Ghaelacha sin! Ní minic riamh go mbíonn níos mó ná 1% idir an tallaí neamhoifigiúil agus toradh beacht an chéad chomhairimh.
chun a bheith cruinn), to be exact),
" ieAr an ábhar go mbeidh mé ag pósadh i mbliana (bhuel i gceann míosa chun a bheith cruinn), bím ag tabhairt cuairte ar an suíomh seo, atá an-úsáideach, go minic.
mhothaigh mé an rud ceannann céanna I felt the exact same thing about Belfast
" Mar dhuine a chaith bunús a chuid ama fá thithe tábhairne thart ar Pháirc an Chrócaigh roimh chluichí móra Chumann Lúthchleas Gael, oscailt súl a bhí sa turas céanna, ach mhothaigh mé an rud ceannann céanna fá Bhéal Feirste, cathair a bhfuil mé i mo chónaí inti ar feadh mo shaoil.
le díoltas a bhaint amach. to exact revenge.
" De réir an tseanchais, tá seans go bhfillfidh na sléibhte ar Tongariro le díoltas a bhaint amach.
na mothúcháin cheannann chéanna the exact same emotions
" AÓF: Cén t-amhrán is fearr leat féin ar an albam? LMacM: "Johnny Seoighe", mar ceapaim gur léirigh Mícheál Ó Briain, an ceoltóir a sheinn liom, na mothúcháin cheannann chéanna a theastaigh uaim féin a chur in iúl.
mar is beaichte a rá. to be exact.
" Is cuma más diúgaire nó duine den lucht gnó thú, beidh suim agat sa scéal is déanaí ó ghrúdlanna Miller agus Coors - nó SABMiller agus Molson Coors mar is beaichte a rá.
le bheith cruinn, to be exact
" Ach ar dtús, caitheann Balor a shúil nimhe ar an bhliain atá ag druidim chun deiridh, nó le bheith cruinn, ar na daoine a bhí i mbéal an phobail i rith 2007.
nótaí beachta agus cruinne exact precise notes
" Cuireann muid tús leis an amhrán agus téann Fiachna i mbun a cheirde – nótaí beachta agus cruinne ar fad á seinn aige.
an cheist cheannann chéanna the exact same question
" Ach saoithiúil go leor, níor dhúirt an tAire gur i bPobalscoil Chorca Dhuibhne a chaithfí an freastal sin a dhéanamh orthu siúd gan Ghaeilge nó a bhí lag sa teanga! Ceist bhunúsachMaidir leis an suirbhé agus na ciallachais a bhainfear aisti, tá ceist an-bhunúsach le cur: An dtig torthaí as suirbhé áitiúil a úsáid le polasaí náisiúnta a shocrú? Óir thiocfadh go mbeadh an cheist cheannann chéanna ag teacht chun cinn i nGaeltachtaí eile amach anseo.
beacht exact
" É ag cinntiú freisin go bhfuil na buillí beacht, go bhfuil an fhuaim i gceart, go bhfuil an luas, an luascadh agus an mothúchán cuí – óir is eisean atá ag cinntiú go bhfuil gach rud socair tríd an amhrán ar fad.
ina ndéanfar cur síos beacht in which an exact description will be made
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
Le bheith beacht, to be exact
" Le bheith beacht, bhuaigh Griffin agus a bhean chéile, Marion Mahony, an comórtas de bharr gur chuir na léaráidí áille ildathacha a tharraing sise go mór le hiarratas a fir.
íomhánna soiléire beachta clear exact images
" A bhuíochas leis an tsatailít Mars Express, bhí bunadh an domhain mhóir ábalta íomhánna soiléire beachta de dhromchla an phláinéid a fheiceáil ar an idirlíon an mhaidin Luain sin.
gearrtha díreach amach an exact replication
" Tá an bord fáilte gearrtha díreach amach as scannán dubh is bán.
fíorchóipeanna exact copies
" Chomh luath is a rinneadh ábhar digiteach den cheol, d’fhéadfaí fíorchóipeanna a dhéanamh as.
ceanann céanna exact same
" Tá cúirt uachtarach in Éirinn, agus an ról ceanann céanna aici agus atá ag ceann Mheiriceá (ar ndóigh, tá codanna go leor de Bhunreacht na hÉireann bunaithe ar Bhunreacht Mheiriceá), ach is annamh é i mbéal na ndaoine mar atá ceann Mheiriceá, agus is beag Éireannach, fiú iadsan atá ardoilte, a d'fhéadfadh baill na Cúirte Uachtaraí a ainmniú.
le bheith beacht to be exact
" Is iomaí buille a buaileadh ar an Ghaeilg in imeacht an ama, ach tá an ceann is tromchúisí ar na gaobhair - fear beag féasóige as tuaisceart Bhéal Feirste! Cuireadh Reacht Chill Chainnigh i bhfeidhm sa 14ú céad, 1367 le bheith beacht, 35 reacht a raibh sé d'aidhm acu smacht a chur ar an lucht plandála sin a bhí ag éirí níos Gaelaí ná na Gaeil féin, i gcodanna den tír.
cruinn exact
" Nó chun a bheith cruinn, an chéad leabhar ar amharc mé ann.
ceannann céanna exact same
" An é, mar sin, gur altanna i nGaeilge faoi na hábhair ceannann céanna atá de dhíth orainn, sin, nó nuachtán ina mbeadh níos mó den tuairimíocht agus gné altanna ann, seachas cúrsaí reatha an lae? Ceann de tréithe ba láidre a bhí ag Foinse ná go raibh caighdéan na Gaeilge réasúnta ard agus simplí go leor a léamh.
ceannann exact, same
" Tharla an rud ceannann céanna i gcás an rialaitheoir airgeadais, a chlis go tubaisteach i mbun a chúraim.
cruinn exact
" Bhí mé briste brúite marbh tuirse, mar gur ghlac sé saoltaí domh fáil ‘fhad leis an áit – sé uaire déag le bheith cruinn – nuair a smaointíonn tú nach bhfuil sé ach 4 uaire a chloig dá mbeadh eitilt dhíreach ann.
beacht exact
" com/lucy_montgomery/) Ach s’iad na Seapánaigh go háirithe – 50,000 acu sa bhliain le bheith beacht – atá chomh gafa léi go bhfuil taispeántas fúithi i dTóiceo i mbliana.
cheanann chéanna exact same
" Faoin Roinn cheanann chéanna a bheas feidhmiú na stráitéise a fhad is a bhaineann sé le hoideachas.
cheannann chéanna exact same
" Níl aon dá phinneog dhaonna mar a gcéanna, ach tá an fheidhm cheannann chéanna acu - minicíochtaí áirithe a threisiú agus minicíochtaí eile a mhaolú.
ceannann céanna exact same
" Thíos le Bua nó Céim Suas as an gCailleadh =============== Cé nach bhfuil an scéal ceannann céanna le ríomh maidir le cúrsaí iomána, tá sé thar a bheith soiléir nach ndearna sé dochar do fhoireann Thiobraid Árann an chéad bhabhta de chraobhchomórtas na Mumhan a chailliúint i gcoinne Chorcaí.
chruinn ghlinn ghlé exact, clear
" Mura bhfuil cuimhne chruinn ghlinn ghlé agaibh ar an dea-rún, ní thig libh a bheith freagrach as, gan trácht ar é a choinneáil.
ceannann céanna exact same
" Ní fhaigheann aon cheamara an radharc ceannann céanna.
ceannann céanna exact same
" Rinne DeValera an rud ceannann céanna nuair a tháinig sé i gcumhacht don chéad uair sa bhliain 1932.
le bheith beacht to be exact
" Ní bhaineann an deighilt seo ach amháin leo siúd a thagann i dtír i mbáid neamhúdaraithe, le bheith beacht, cé go dtagann formhór mór de na daoine atá sa tír gan chead ar eitleáin.
ceannann céanna exact same
" I bhformhór na n-ardscoileanna, freastalaíonn na páistí ar na ranganna ceannann céanna a d’fhreastalóidis orthu in Éirinn, agus má bhíonn aon rud ar siúl tar éis scoile, gnáthspórt atá ann, dála peil Mheiriceánach, cispheil, nó daorchluiche.
an toradh ceanann céanna the exact same result
" Éisteacht agus Neamhaird ============== Tá an próiseas nua comhairliúcháin curtha ar bun ach tá an chosúlacht ar an scéal gurb é an toradh ceanann céanna a bheas air.
beachta exact
" I ndeireadh ama, séard atá de dhíth ná fóram feidhmiúil a bhfuil cumhachtaí beachta aige, atá ionadaíoch ar ghrúpaí mhionlaigh, atá in inmhe billí a thionscnamh agus miondhealú a déanamh ar reachtaíocht de chuid na Dála.
le bheith cruinn to be exact
" "Rugadh mé i gContae an Chláir, in oirthear an chontae le bheith cruinn, i sráidbhaile beag darb ainm Cuinche (Quin).
ceannanna céanna exact same
" Tá sé íorónta go bhfuiltear ag baint feidhme anois as na dea-thréithe ceannanna céanna le dearbhú go bhfuil inimirce ón Áise bailí.
na húdaráis cheannanna chéanna the exact same authorities
" Cháin na húdaráis spóirt Mheiriceánacha go géar iad, ag maíomh nach raibh sé ceart ná cóir cúrsaí spóirt agus polaitíochta a mheascadh – na húdaráis cheannanna chéanna a d’imir baghcat polaitiúil ar na Cluichí Oilimpeacha i Moscó sa bhliain 1980! Tá grianghraf den triúr ar an bpóidiam, Smith agus Carlos cromcheannach le dorn in airde agus lámhainn dhubh orthu fad is a seinneadh amhrán náisiúnta SAM, ar na pictiúir is íocónaí riamh i stair spóirt.
ceantair cheannanna chéanna exact same areas
" Tá na ceantair seo sna cathracha móra, in iarthar Sydney ach go háirithe, na ceantair cheannanna chéanna ina bhfuil toghcheantair imeallacha go leor.
is deacair an rud é nascanna beachta a dhéanamh it’s difficult to make the exact connections
" Deirtear gur chaith Wallace formhór a shaoil róghonta cromtha leis na leabhair, agus más ea, is deacair an rud é nascanna beachta a dhéanamh idir a chuid scríbhneoireachta agus na máistreacha a tháinig roimhe.
gur a mhalairt glan atá i ndán that the exact opposite is going to occur
" Tá neart fianaise, áfach, gur a mhalairt glan atá i ndán.
ar an ealaín cheannann chéanna at the exact same thing
" An Nós is Annamh is Iontach ============ Nuair a bhain mé an ollscoil amach, cuireadh mo sháith iontais orm nuair a chonaic mé oibrí de chuid na hollscoile amuigh chomh luath céanna le fear an Bhardais agus é ar an ealaín cheannann chéanna.
Mar sin, déanaim an rud ceannann céanna so I do the exact same thing
" Mar sin, déanaim an rud ceannann céanna le Gaeilge.
ag rá an rud ceannann céanna saying the exact same thing
" Má bhí poblachtachaí in ann an dlí a sheachaint, nár chóir go bhfaigheadh Paratrúpaí Dhomhnach na Fola deis an rud céanna a dhéanamh? An Sprioc: Síth do Shaighdiúirí Shasana ================= Níorbh fhada go raibh Peter Hain ar an teilifís agus ar an raidió ag rá an rud ceannann céanna.
an dúshaothrú ceannann céanna the exact same exploitation
" Is éard atá á rá ag Muingu ná seo: Tá Ceaușescu imithe, tá an euro i bhfeidhm mar airgead reatha, ach tá an domhan laethúil chomh duairc agus chomh leatromach agus a bhí riamh, é ar maos le saint, cruálacht agus an dúshaothrú ceannann céanna agus a bhí ann faoin seanchóras.
an eolas cheannann chéanna the exact same information
" Tá clár plaisteach, leis an eolas cheannann chéanna air is atá ar an leacht chloiche crochta ann! ‘*The introduction of man-made artefacts into the natural environment*’ Sin an rud a dhéanann gach páirc náisiúnta iarracht a sheachaint, ach tarlaíonn sé san LCS seo gan stró! Dá mbeadh áit mar seo i dtír ar bith eile san Eoraip, dhéanfaí iarracht é a chaomhnú, chan é a scrios.