Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fágtha ar lár left out
" Sa tuarascáil eacnamúil a thug an "solas glas" don mhonarcha nua bhí rud beag amháin fágtha ar lár: an costas tógála.
Fágadh an gáire ar an taobh eile den leiceann ag Dónall The smile was knocked off Dónall's face
" Fágadh an gáire ar an taobh eile den leiceann ag Dónall agus shuigh sé ansin, an teas ag spréadh óna chluas, anuas ar a leiceann.
fágtha ar lár left out
" (Nó ba cheart go mbeadh!) Má tá aon cheann acu fágtha ar lár, nó rófhada chun tosaigh, beidh locht agam uirthi.
fágadh ar mhullach a chinn é he fell over
" Rinne Tadhg ar Shiobhán mar bheadh sé ag treabhadh fríd chlábar, ach ní bhfuair sé céim amháin féin gur fágadh ar mhullach a chinn é.
fágtar rudaí ar lár things are left out
fágfaidh sí teachtaireachtaí ar a ngutháin phóca, she will leave messages on their mobiles
" Mar a mbeifeá ag súil leis, ní bheidh sí sásta labhairt suas lena mbéal, ach fágfaidh sí teachtaireachtaí ar a ngutháin phóca, teachtaireachtaí a scanróidh an t-anam astu agus a bhainfidh na putóga astu.
fágann muid rian ar an saol we leave a mark on the world
" Is aindiachaí í a shéanann a tógáil Chaitliceach agus a chreideann nach bhfuil ciall ar bith leis an tuairim go bhfuil anam síoraí ag baint leis an duine – fágann muid rian ar an saol ‘fhad agus atá muid beo, faigheann muid bás, bíonn cuimhne áirithe ag daoine orainn ar feadh tamaill agus, ansin, imíonn muid i ndíchuimhne.
agus cé acu ar fágadh ar siúl é, and whether it was left on
" Thug mé suntas ar leith don mhéid a dúirt sé faoi mhuintir na hÉireann a bheith ciaptha de shíor ag imní faoin tumthéitheoir agus cé acu ar fágadh ar siúl é, nó ar múchadh é! Dar leis, bhí neamhord éigníoch dúghafach ag muintir na tíre ina hiomláine faoi! Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm mar go bhfuil mo thuismitheoirí féin díreach mar sin.
braithim gur fágadh ar mo chonlán féin mé I feel that I was left to get on with things on my own
" Bhí mise thar a bheith glas ag an am sin agus braithim gur fágadh ar mo chonlán féin mé – níor tugadh treoir ar bith dom.
fágtha ar lár left out
" Locht amháin a gheobhainn air, áfach, ná na rudaí atá fágtha ar lár – idir dhaoine agus ábhair.
an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne the bad condition in which the Irish language movement has been left
" ***Fógraíocht trí Ghaeilge: an cosc atá curtha uirthi ag an fheidhmeannas ó thuaidh:*** Le linn ghéarchéim *Lá Nua*, tugadh le fios dúinn an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge.
má fhágann siad ar a chonlán féin é. if they leave him to his own devices
" Deir sé leo go dtiocfaidh sé chuige féin i ndeireadh báire má fhágann siad ar a chonlán féin é.
gan a bheith fágtha ar an trá fholamh not to be left destitute or high and dry
" Cá raibh Biffo le linn do na linnte a bheith ag líonadh? Bhí sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, mar a dhéanfadh gobadán maith: ag coinneáil a chloigeann os cionn uisce agus ag déanamh a dhíchill gan a bheith fágtha ar an trá fholamh.
fágfar na nuachtáin Ghaeilge ar an trá fholamh ar fad the Irish language newspapers will be left completely destitute
" Trá fholamhAr ndóigh, fágfar na nuachtáin Ghaeilge ar an trá fholamh ar fad má thriomaíonn tobar na bhfógraí stáit, rud a d’fhéadfadh a bheith ar na bacáin, dar liomsa.
fágtha ar lár left out
" Bhuel, más fíor do Orwell, is bréagadóirí den chéad scoth iad na meáin idirnáisiúnta, mar bhí go leor eolais fágtha ar lár acu ina gcuid tuairiscí faoin gcogadh a bhí ar siúl sa tSeoirsia i mí Lúnasa seo a chuaigh thart.
ar fhág sé rian did it leave a mark
" Fiafraím de ar fhág sé rian air gurbh eisean a bhí ina dheartháir mór ag ochtar? “D’fhág.
d’fhág ar an trá fholamh sinn left us up the S’wanee
" Aon iarrthóir Dála a chasfar orainn le linn an fheachtais, nó aon teachta a gcasfaimid air nó uirthi i ndiaidh an olltoghcháin, ba chóir dúinn cur ina luí orthu go bhfuilimid ag súil le leasuithe agus nach seasfaimid leis an tseanréim a d’fhág ar an trá fholamh sinn.
d’fhág ar a chumas left him able
" Na buanna a bhí ag Ahern a d’fhág ar a chumas aontú a fháil sa tuaisceart – is ea nach bhfuil bunphrionsabal ar bith nó fealsúnacht aige – d’fhágadar fosta go raibh sé ina thubaiste mar Thaoiseach.
fágtha ar an ngannchuid left in want
" Ba mhinic Neal óg fágtha ar an ngannchuid agus é ag cur faoi ar an tsráid in éineacht lena athair.
atá fágtha ar an bhallán chúil left with the crumbs
" Is iad drong an airgid mhóir, an CAI, agus an Banc Ceannais Eorpach, na fíormháistrí agus níl sa chóras daonlathais agus sna pobail a thoghann teachtaí chuige i ndáiríre ach na bómáin atá fágtha ar an bhallán chúil.
d'fhág an eaglais a hanáil ar the church left its mark
" Bhí an Cumannachas ina bhagairt ar fud na hEorpa ag am a dhréachta agus d'fhág an eaglais a hanáil ar na haltanna úd a bhaineann le sealbhúchas agus le príobháideachas.
a fágadh ar an trá fholamh who were left in the cold
" Cad é mar a mhíneodh lucht an Chúnaint d'aontachtaithe an Chabhain, Dhún na nGall agus Mhuineacháin ar hinseadh dóibh gur lena leas a bheadh sé an doiciméad a shíneadh, ach a fágadh ar an trá fholamh teacht 1921 ag na daoine céanna a bhí ag iarraidh tacaíochta uathu.
ní fhágtar dall sinn ar we’re not kept in the dark in relation to
" Ach ní fhágtar dall sinn ar na cúraim bhunúsacha níocháin agus leithris a thógann Georges air féin le croí maith mór.
ach foirgneamh amháin fágtha ar an tsráid just one building left on the street
" Shocraigh muid ar leac chuimhneacháin ach ní raibh ach foirgneamh amháin fágtha ar an tsráid: teach tábhairne The Globe agus ar ndóigh bhí cáil ar Jim Larkin mar dhuine a bhí go hiomlán in aghaidh na dí.
ba é ba mhó a d’fhág a lorg ar he more than anyone left his mark
" Thar aon duine eile dá chomhghleacaithe peile ba é ba mhó a d’fhág a lorg ar shaol an phobail ar díobh é.
Fágadh clab iontais agus alltachta ar dhaoine toisc people were amazed and horrified because
" Fágadh clab iontais agus alltachta ar dhaoine toisc nach bhfaca siad gníomh mar é ag Ó Drisdeoil cheana.
a d’fhág Wallace ar a bhórd which W. left on his table
" Cineál billet-doux do thírdhreach ildaite an American Midwest ab ea *The Pale King*, an leabhar a d’fhág Wallace ar a bhórd cúpla nóiméad sula bheartaigh sé é féin a chrochadh ina theach cónaithe i gCalifornia.
ar a fhágadh imircigh cloch upon which emigrants used to leave a stone
" Ag tarraingt ar bharr Chnoc Charn Tóchair, chonaic mé Carn na nImirceach, carn ar a fhágadh imircigh cloch agus iad ar a bhealach go Doire le himeacht chun na coigríche ar an bhóthar ársa a bhfuil a iarsmaí le feiceáil go fóill.
d’fhág an clár a lorg dá réir ar an tsráidbhaile the program left its mark then on the village
" Athraíodh ainm an teach leanna ‘JP Byrne’ go ‘Roartys’ le haghaidh na sraithe trí chlár agus d’fhág an clár a lorg dá réir ar an tsráidbhaile.
Níl sé ar a gcumas, fágaim they can’t, for example
" Níl sé ar a gcumas, fágaim, iriseoir a chur chuig cás cúirte a mhairfeadh ceithre seachtaini nó iad a chur thar sáile, bíodh siad sa tóir ar scéal caimiléireachta nó ar chluiche sacair.
gan rud ar bith fágtha acu ach left with nothing other than
" Ar an Imeall ====== Daoine ar an imeall atá le feiceáil sa taispeántas seo, gan rud ar bith fágtha acu ach a ndaonnacht agus instinn chun maireachtála.
Fágadh an chuid eile ar lár the others were left out on a limb
" Fágadh an chuid eile ar lár ón bhorradh gheilleagair.
Fágtha ar an mBlár Folamh completely deserted
" Fágtha ar an mBlár Folamh ===== Ar Oíche Shamhna, d’eisigh Príomh-Fheidhmeannach na bPoilíní in Toronto, Bill Blair, ráiteas ina ndúirt sé go bhfaca sé físeán, agus gur léir go raibh an Méara le feiceáil ann.
d’fhág a rian ar left their mark on
" Bheadh taifeadadh sóisialta i gceist chomh maith mar gur mian le daoine marbhnaí a léamh ar dhaoine a d’fhág a rian ar shaol na Gaeilge nó na Gaeltachta ach nach mbeadh luaite go deo ar leathanaigh na mórmheán Béarla.
nár fhág ar an mbád bán didn’t emigrate
" Tá Colm ag obair i nGaillimh, agus an t-ádh leis gurb eisean an t-aon duine againn nár fhág ar an mbád bán – cé gur beag seans go dtarlóidh sé sin leis an tóir atá aige ar chúrsaí spóirt sa mbaile!Is léir gur theaghlach mór Gaeilge a bhí i muintir Uí Chuív ach, b’fhéidir go mbeadh róshimpliú i gceist anseo, ach is cosúíl go bhfuil daoine óga sa Ghaeltacht ag déanamh neamhairde ar an Ghaeilge ach ní sin mar a bhí Muireann.
fágtha ar an trá fholamh left unaided
" Deineadh láimhseáil ábhairín níos fearr ar an phróiseas a tháinig sna sála air ach bhí sé mar thoradh air go raibh go leor daoine a shaothraigh go díograiseach ar son na teanga ar feadh na mblianta fada fágtha ar an trá fholamh, gan trua, gan taise.
Níor fhág Pat Butler fuíoll molta ar PB praised highly
" Níor fhág Pat Butler fuíoll molta ar scannán ‘Poetry’ Lee Chang-dong as an gCóiré Theas.
d’fhág lorg a láimhe ar left his mark on
" Molann John-Paul McCarthy saothar drámaíocht scáileáin David Milch, fear a d’fhág lorg a láimhe ar Hill Street Blues agus ar chláir eile nach é in imeacht na mblianta.
fágadh ar an trá fholamh was left high and dry
" Fuair Balor bearradh gruaige ó ghruagaire, croí isteach ó Michelle, iasc is sceallóga ó Burdocks, ach fágadh ar an trá fholamh is aithnid dúinn mar Éire bhocht ina dhiaidh sin é.
Níor fhág Tony Birtill fuíoll molta ar TB gave great praise to
" Níor fhág Tony Birtill fuíoll molta ar Iarsmalann Náisiúnta an tSacair in Orbis i Manchain.