Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go fánach occasionally
" Ach bhí an mhórchuid againn tar éis teileafón soghluaiste a cheannach bliain nó dhó roimhe sin agus níor bhraitheamar an gá a thuilleadh airgid a chaitheamh ar sheirbhís a d'úsáidfeadh muid go fánach, dá n-úsáidfeadh muid í ar chor ar bith.
iarsmaí fánacha rare remnants
" Bhí múinteoirí díograiseacha i scoileanna eile ag múineadh an oiread ábhar agus ab fhéidir leo trí Ghaeilge - iarsmaí fánacha ón seanchóras scoite amach leo féin.
freagraí fánacha haphazard answers
" Ach bhí máinliath na scine róghnóthach ag gearradh is fágadh an slua i dtuilleamaí a gcuid smaointe is a gcuid freagraí fánacha féin.
scéimeanna fánacha occasional schemes
" Bhí an scéal amhlaidh 40 bliain ó shin agus, in ainneoin iarrachtaí agus scéimeanna fánacha idir an dá linn, is beag atá tar éis athrú.
ábhair fhánacha trivial subjects
" Cén cineál ráitis é seo? Nach bhfuil seans ag aon duine seachas ealaíontóirí óga ardaidhmeannacha agus *cool *an duais a bhaint? Nach gcuirfeadh sé *Pop Idol *i gcuimhne duit ar bhealach? Dúirt an fear teoirice mór le rá Clement Greenberg nár tháinig rud ar bith seachas *pop *chun cinn i ndiaidh 1960, is é sin le rá go raibh an bhéim ón am sin ar aghaidh ar ábhair fhánacha.
eagarthóir fánach editor-at-large
" Nuair a fuair sé bás, bhí Kelly - a d'fhás aníos i Washington DC - ag obair mar eagarthóir fánach an *Atlantic Monthly *agus ag scríobh colúin don *Washington Post*.
fánaí slopes
" Tá na fánaí measartha géar agus clúdaithe le beitheanna.
go fánach casually
" Ach, ar nós léitheoirí an *Funday World*, is iomaí duine a admhaíonn go bhfaca siad an clúdach, nó gur léigh siad giotaí as; nó go raibh sé caite ar leataobh ar bharr cófra agus gur oscail siad é, go fánach; nó nach raibh ábhar léitheoireachta ar bith eile fágtha thart sa seomra feithimh agus iad ar cuairt ag an dochtúir, nó ag an fhiaclóir, ag an radharceolaí nó ag an dlíodóir.
is fánach an turasóir a fheicfidh an radharc seo very few tourists will see this view
" Ach is fánach an turasóir a fheicfidh an radharc seo i mbliana mar go bhfuil fógraí crochta in airde ag tabhairt le fios go bhfuil cosc iomlán ar shiúl sa cheantar.
fuaimeanna fánacha occasional noises
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
iarratais fhánacha, mhíréasúnta trivial, unreasonable applications
" Mura ngearrfaí táillí ar na hiarratasóirí, d’fhéadfaidís a bheith ag cuardach agus ag fótachóipeáil go lá Sheoin Dic le hiarratais fhánacha, mhíréasúnta a shásamh.
go fánach a roghnaíodh na láithreacha the sites were chosen randomly
" Ceann de na fadhbanna a bhaineann le sin ná gur go fánach a roghnaíodh na láithreacha a bhí le sochar a bhaint as an dílárú.
cúpla ceist fhánach a few trivial questions
" Faoi láthair tá daoine in ainm is eolas de shaghas éicint a bheith acu ar an mBéarla ach ní chuirtear ach cúpla ceist fhánach orthu ar nós “Cén fhad san Astráil tú?” nó “Cé mhéad páiste atá agat?” agus ní cosúil go ndéanann sé mórán difríochta an bhfuil siad in ann iad a fhreagairt nó nach bhfuil.
lá fánach, an insignificant day,
" Ní raibh ann ach lá fánach, mar Fhéile Mhuire gan Smál ar an 8 Nollaig in Éirinn, agus é mar réiteach don Nollaig féin, nárbh ea? “Dheamhan a fhios agam,” a d’fhreagraíos.
fánaí sciála ski slopes
" An trealamh ceart Níl Coire an t-Sneachda agus fánaí sciála Chairn Gorm ach uair go leith siúil ón charrchlós agus téann na céadta dreapadóir ansin, mé féin ina measc.
faoin chaoi fhánach about the haphazard way
" Cáineadh géarI mBealtaine na bliana 2006, rinne an Bord Pleanála cáineadh géar ar Chomhairle Contae na Gaillimhe faoin chaoi fhánach a leagann siad síos coinníollacha teanga ar fhorbairtí sa Ghaeltacht.
go fánach randomly
" Creidim go dtagann muid ar an saol go fánach.
Tagairt fhánach faint mention
" (Tagairt fhánach, chliathánach don phlean a bhí i gceann amháin acu siúd.
smaointe fánacha a meandering mind
" Spreagfaidh sé smaointe fánacha.
chrágáil fánach aimless wandering
" Is maith liom a bheith ag siúl, agus siúlaim an t-am ar fad nuair a bhím thall (diomaite de chúpla tacsaí nuair a bhím ró-ólta le mo bhealach féin a dhéanamh go dtí an t-óstán), ach an chrágáil fánach seo thart ar shiopaí gan sprioc ná aidhm – bheir sé cráphian mhillteannach in íochtair mo dhroma – síceasómatach, gan amhras, ach fós do mo chraplú.
Smaointe fánacha wandering thoughts
" An Fuaimlios Agus na smaointe seo uilig ag sruthlú tríd mo cheann cheapas go mbeadh sé go hálainn gléas éigin a bheith ann ina mbeadh muid in ann luí nó suí go compórdach agus go dtabharfaí suthaireacht fuaime dúinn! Nó cad faoi cúpla abairt ciúin calma ó mháthair nó ó dheirfiúr a thaifeadadh agus a mheascadh leis an bhfuaim – cén saghas leighis a bheadh ansin don duine faoi stró inchinne? Smaointe fánacha iad seo agus gach seans go bhfuil díomhaointeoir diamhair éigin ag obair ar seo cheana féín – ba bhreá liom é a fhéachaint, má tá sé ann.
fánacha odd
" Blúiríní fánacha eolais faoi Capa: Ba chara leis an scríbhneoir John Steinbeck é agus thaisteal sé go dtí an Rúis ina chuideachta i 1947.
go fánach easily
" Is sothuigthe mar sin go mba leasc leis an tSín neamhspleáchas a thabhairt go fánach nó go fadálach don réigiún.
go fánach at random
" Osclaím é go fánach anseo is ansiúd ag breathnú ar na leathanaigh is mé ag goideadh réamhfhéachána ar altanna.
fánaí wayfarer
" Bhí bannaí ceoil agus grúpaí damhsa ar gach taobh díom ag batráil mo dhá chluais; bhí mé bodhraithe ag bodhráin, ag boscaí, ag bainseonna; mé ag iarraidh an chluas bhodhar a thabhairt do na bodhráin a bhí dá mbualadh ar gach taobh díom agus do The Bould O Donoghue, Ceann Comhairle na Dála agus fánaí clúiteach thar fhánaithe clúiteacha Theach Laighean a a bhí ag rith thart ó stáitse go stáitse ag óráidíocht ar áilleacht an cheoil agus ar shaibhreas an chultúir agus ar an tábhacht a bhain le cuireadh a thabhairt dó ar ais chuig Irish Fest 2010.
fánach odd, seldom
" Mo mhéaracha ag bogadh go fánach idir nótaí.
go fánach anywhere, wandering
" Mo mhéaracha ag bogadh go fánach idir nótaí.
le fánaí downhill
" Chuir an balla deireadh leis na turasanna chuig The Key, an chippy ba chóngaraí don teach s'againne, le turasanna siopadóireacht - bhí i bhfad níba mhó siopaí ar Bhóthar na Seanchille ná a mar a bhí ar Bhóthar na bhFál - agus chuir sé deireadh leis na rásaí guider - carbaid de dhéantús baile a rinne muid as adhmad, rotha agus sreang! Rachadh na guiders síos le fánaí isteach go Sráid Cupar ar an taobh ‘Protastúnach’ den deighilt.
is fánach an áit it's strange
" Fágaim gur bhuaigh mise ticéad clainne don bhFéile Pupadóireachta cúpla seachtain ó shin! Agus mar a deir an Béarla, “*No strings attached*!” Is mór an gar a leithéid agus is fánach an áit a bhfaighfeá ticéad clainne.
fánacha meandering
" Ach ag an tráth seo den bhliain nuair atá flúirse agus raidhse i siopaí agus in ollmhargaí na tíre idir foie gras agus sliogéisc, torc allta agus seilidí, maith dom é má roinnim leat cuid de na smaointe fánacha atá agam féin i leith an ábhair.
fánacha odd
" Amharcann siad go hamhrasach ar charranna fánacha i sráideanna cúnga ciúine.
fánach pointless
" Rinne ceannasaithe fhórsaí na gComhghuaillithe botúin mhíleata go leor roimh an bhfeachtas agus lena linn agus, tar éis leamhsháinn fuilteach fánach, b’éigean dóibh a gcuid fórsaí a aistharraingt gan aon sprioc gnóthaithe acu.
na smaointe fánacha the occasional thoughts
" ag ligean do na smaointe fánacha teacht agus imeacht de réir a dtola’.
gcaitheamh go fánach spending it foolishly
" Thug Haughey comhairle do dhaoine a bhí ag saothrú a gcuid pingeacha go cneasta go raibh siad á gcaitheamh go fánach agus go rábach fad is a bhí sé féin ag síneadh bhabhla na déirce i dtreo bhoic mhóra an rachmais.
mbeadh sé fánach acu they
" Agus tá daoine sa tríú dáil seo, agus ní hamháin gur cuma leo teanga ach is is fuath leo í ina gcroí istigh – cén fáth mar sin nach gcuireann siad in aghaidh an ailt seo (an t-alt a bhaineann leis an nGaeilge) atá i gceist agam? An é an chaoi gur dóigh leo go mbeadh sé fánach acu? Ní hea ar chor ar bith, ach go bhfuil a fhios acu go rímhaith nach bhfuil san alt ach ornáideachas.
fhánach once off
" Dúirt sé gur gnáthiompar teanga í an droch-chaint fhánach ar pháirceanna CLG.
fánaí sciála ski slopes
" Theastaigh uainn uile a bheith amuigh ar na fánaí sciála an chéad rud an mhaidin dár gcionn.
chorrbhlag fánach the very odd blog
" Díomaite de chorrbhlag fánach, is beag nuashonrú a dhéantar ar fhormhór na suíomhanna a áirítear i mblaglann na Gaeilge.
cuimhní fánacha ar odd memories of
" Teach béal dorais leis an teach inar dtógadh m’athair a bhi i gceist ag an am ach is beag cuimhne atá agam air sin dáiríre, seachas cuimhní fánacha ar an trá agus ócáidí thiar.
fánacha occasional
" Is iad na himreoirí fánacha atá ag athrú an chluiche ina iomlán.
Is fánach an rud the tiniest thing
" Is fánach an rud a chuirfeadh an lasair sa bharrach nuair atá an láimh in uachtar ag an tart agus ag an ocras.
Is fánach an áit a gheobhfá breac one may find a gem anywhere
" Is fánach an áit a gheobhfá breac, ach oscailt amach chuige.
Is fánach an duine a people are few and far between who
" Is fánach an duine a bheidh de bhrabach aige uaireadóir galánta nó mála gáifeach de dhéantús clúiteach i ndiaidh a chónaithe in A Coruña.
gur fánach an áit a bhfaighfeá gliomach you may find a real jewel in the strangest of places
" Deir siad gur fánach an áit a bhfaighfeá gliomach, agus anseo in A Coruña tá cumann peile, ar Ghailísigh uilig iad lucht a bhunaithe, ar an bhfód le bliain go leith.
smaointí fánacha i mo cheann (brought) various thoughts to mind
" Agus chuir an áit bheag dhraíochtúil seo smaointí fánacha i mo cheann.
Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach one finds precious things in the strangest of places
" Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach.
san fheistiú agus an ghné fánach sin in the dressage and that unimportant aspect
" Níl san fheistiú agus an ghné fánach sin ach cuid bheag de na rudaí a bhfuil suim agam iontu,” ar sí.
go furasta ná go fánach too easily
" Caithfimid níos mó a fháil mar níl an rialtas ag tabhairt aon rud amach go furasta ná go fánach.
chaitheamh go fánach spent haplessly
" Dúradh nach raibh baint ar bith ag an bhfírinne leis an scéal áfach, agus dúradh ina leith chomh maith go ndéanfar iniúchadh ar chuntais an Chéid Náisiúin i bhfad níos minice ná cuntais aon dream eile, agus gur minic a chuirtear iachall ar dhreamanna an t-airgead a chaitheamh go fánach, cé nach dteastaíonn uathu féin a leithéid a dhéanamh i gcónaí.
ar mhianta fánacha doshásta an tomhaltóra the consumer’s insatiable and whimsical desires
" Is é an faisean gasta (nó táirgí ar saolré ghairid) an toradh ar mhianta fánacha doshásta an tomhaltóra.
Dúirt mé trí cheathrú den Spailpín Fánach I sang three verses of the wandering labourer
" “Abair rud eicínt!” Dúirt mé trí cheathrú den Spailpín Fánach.
fad is nach bhfuil i gcuid eile acu ach smaointe fánacha while others are just ideas
" Táim cinnte go bhfuil bunús le cuid de na míniúcháin seo fad is nach bhfuil i gcuid eile acu ach smaointe fánacha.
Ní rud fánach a bhí ina leithéid de chuireadh such an invite wasn’t some petty thing
" “B’fhéidir go dtiocfá ar cuairt chugainn,’ arsa sé féin ansin, Ní rud fánach a bhí ina leithéid de chuireadh.
go fánach every way
" Mura mbeadh ann ach an t-aineolas chaithfeadh na daoine aineolacha a gcuid vótaí go fánach, agus tríd is tríd, nó go staitisticiúil, rachadh a leath de na vótaí ar son na dúnghaoise cirte agus a leath eile ina coinne.
léann an t-údar sleachta fánacha as the author reads occasional excerpts from it
" Tá sé i bhfad róchasta le cur síos iomlán a dhéanamh air anseo, ach caithfidh tú leabhair a roghnú - *The Star Factory* le Ciaran Carson sa chás seo - léann an t-údar sleachta fánacha as, seinntear ceol traidisiúnta, agus gach fuaim atá luaite sa leabhar, is éigean sin a thaifeadadh le go mbeidh sé mar chuid den taibhléiriú.
achan eachtra fánach every minor incident
" Bíonn muid den tuairim i dtólamh go mbíonn an domhan mór ag faire ar achan eachtra fánach a tharlaíonn in Éirinn agus go gcaitear linn in amanta mar cheap magaidh na hEorpa.
a raibh fánaí géara which had a steep slope
" Dá mbeadh sioc á thuar chuirimis uisce ar na casáin a raibh fánaí géara leo agus bheadh sleamhnán iontach sciorrach againn an lá dár gcionn.
gach uile smaoineamh fánach every single random thought
" Céard faoi gach uile smaoineamh fánach atá roinnte ag ár ‘gcairde’ ar *Facebook, Twitter, LinkedIn* srl? Braithim uaireanta go bhfuil rud éigin as riocht agus go bhfuil réiteach de dhíth orainn.
tar éis dó scaoileadh léi go fánach he having let her slip away so easily
" Fé dheireadh, fágann Cox slán againn le cur síos ar an lá ar phós a chailín féin Garda i mBleá Cliath tar éis dó scaoileadh léi go fánach, gan chéill.
cé is moite d’abairtín fánach amháin apart from one tiny wee phrase
" Sách dona agus mar bharr ar an donais is i mBéarla, cé is moite d’abairtín fánach amháin, a bhí an bhileog faoi Matt Carthy a scaipeadh ar thithe anseo i nGaeltacht Chonamara.
Go fánach recklessly, too easily
" Go fánach a chrochadh uainn é, deirtear linn, agus nach iontach cliste an dream abhus a d’aimsigh iad is a chuir stad leis na scabhaitéirí?
Is fánach it's so easy
" Is fánach mar a tharlaíonn sa teach féin nó faoin sliabh ard, ach is faide a bheas tú ag fanacht le tarrtháil más amuigh ar an sliabh a thiteann sé amach.
fánach odd, seldom
" Más fánach an áit a bhfaighfeá fonn ceoil, is féidir gur fánach an áit a bhfaighfeá sióg freisin.
Is fánach an áit a bhfaighfeá uaigh Éireannaigh one finds grave(s) of Irish (people) in strange places
" Is fánach an áit a bhfaighfeá uaigh Éireannaigh agus níl an Róimh gann san aicme sin.
Is fánach an áit a bhfaighfeá iomrall agus imirt na héagóra ar dhaoine one may find mistakes and injustice in strange places
" Is fánach an áit a bhfaighfeá iomrall agus imirt na héagóra ar dhaoine.
Is fánach an áit a bhfaighfeá fear Gaelainne one may meet an Irish speaker anywhere in the world
" Is fánach an áit a bhfaighfeá fear Gaelainne.