Pota Focal Intergaelic
fad | fid | fódú | fón | fós
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag seasamh an fhóid standing up for
" Anois tá an Burnside céanna agus Jeffrey Donaldson ag seasamh an fhóid d'fhórsaí logánta slándála na Sé Chontae agus tá siad sásta na hinstitiúidí polaitiúla tuaisceartacha a tharraingt anuas dá bharr.
an chéad fhód the first sod
" Tá súil againn go leagfar an chéad fhód i mbliana san fhorbairt seo.
ar fhód a ndúchais in their native place
" Phill cuid mhór de bhunadh na háite chun an bhaile le clann a thógáil ar fhód a ndúchais agus go minic is Béarla a bhíonn ag duine de na tuismitheoirí agus ag na páistí.
lena bhfód dúchais with their native soil
" Tá deoraithe anseo ó gach áit agus léiríonn na ceisteanna agus na freagraí - gan trácht ar an aighneas bréige idir na foirne - an teagmháil chaol ghóstúil atá acu lena bhfód dúchais, má tá a leithéid acu níos mó.
an "bhfód beannaithe the hollowed ground
" An cúis mhaith í sin? Feicfimid amach anseo cé acu an ea nó nach ea, ach tá rud amháin cinnte agus is é sin go mbeidh éileamh an-láidir ag an Gaelic Players Association ar son íocaíochta má fheiceann siad imreoirí móra na gcluichí eile ag imirt ar an "bhfód beannaithe" agus na mílte euro á n-íoc leo as ucht sin a dhéanamh.
an chéad fhód the first sod
" Nuair a baineadh an chéad fhód don ionad cuimhneacháin leathacra, a chosain $5 mhilliún, Lá Fhéile Pádraig 2001, bhí an searmanas ar siúl faoi scáth an Dá Thúr.
ar a bhfód dúchais on their native sod
" Nach mbeidh na rialtais áitiúla ag díbirt ghlúin óg na Gaeltachta isteach sna cathracha trí bheith ag cur srianta orthu tithe a thógáil ar a bhfód dúchais.
ar an fhód dúchais on home soil
" Dhírigh sí a hintinn ar fhoghlaim na Gaeilge chomh maith agus í ar ais ar an fhód dúchais.
Phill sí ar an fhód dúchais she returned to her home place
" " Phill sí ar an fhód dúchais agus phós fear as ceantar na gCnoc, an áit arbh as a máthair féin.
phill go leor ar a bhfód dúchais many returned home
" Nuair a d'éirigh obair fairsing ó 1970 ar aghaidh, siocair na monarchain i nGaoth Dobhair, phill go leor ar a bhfód dúchais.
gur sheas an UUP an fód that the UUP stood its ground
" Ba é an masla a chaith an UUP ar an DUP ná gur éalaigh siad ón choimhlint le Sinn Féin agus gur sheas an UUP an fód sna cainteanna ilpháirtí as ar fáisceadh Comhaontú Aoine an Chéasta.
ar an fhód dúchais to the native land
" Bhí cúis eile ann gur fhill siad ar an fhód dúchais: níor theastaigh uathu go mbeadh a gcúigear páistí "idir dhá chultúr".
fód sods
" Thug se léiriú ar an nganntan cré a bhí ar Árainn agus thaispeáin sé muintir an oileáin ag déanamh talaimh, ag baint úsáide as feamainn, fód agus gaineamh.
ag seasamh an fhóid ar son Loch Garman competing for Wexford
" Dá bhfaigheadh muid iarratas amháin ó chuile chraobh bheadh an-chomórtas againn! Dá mbeinnse i mbun Chonradh na Gaeilge i Loch Garman, mar shampla, nó in aon chontae eile sa tír, bheinnse ag iarraidh go mbeadh seaimpín áitiúil ag seasamh an fhóid ar son Loch Garman ag an Oireachtas.
Nuair a tháinig GPS ar an bhfód when GPS emerged
" Srian ======= Nuair a tháinig GPS ar an bhfód i dtosach, chuir an Roinn Cosanta sna Stáit Aontaithe srian ar an gcruinneas a bhí ar fáil go forleathan chun nach bhféadfadh airm eile é a úsáid.
le teacht ar an bhfód set to emerge
" Seirbhísí den tríú glúin ======= Cé go bhfuil roinnt daoine ag cur i gcoinne na n-aeróg seo toisc go bhfuil imní orthu faoin tionchar a bheidh ag na comharthaí ó na haeróga ar a sláinte, tá an chuma ar an scéal go mbeidh níos mó aeróg fós á dtógaint, anois go bhfuil seirbhísí gutháin den tríú glúin le teacht ar an bhfód.
ar an bhfód dúchais to the native soil
" Rud amháin diúltach faoin fhilleadh seo ar an bhfód dúchais ná go bhfuil níos mó Béarla le cloisteáil ag gasúir na háite.
a phill ar an fhód dúchais who returned to the native sod
" Cainteoir dúchais ======= Ainneoin gur rugadh Aled Eirug i Londain, is cainteoir dúchais Breatnaise é, mac le beirt Bhreatnach a phill ar an fhód dúchais go luath i ndiaidh d'Aled a theacht ar an saol.
ar an fhód on the go
" Tá cuimhne agam gur fhoghlaim muid 'Na Buachaillí Álainn' ar an bhunscoil fosta agus níl a fhios agam cá háit faoi Dhia a dtáinig sí trasna air sin nó ní raibh Clannad ar an fhód san am sin.
leis an bhfód dúchais with the home sod
" An nasc deireanach leis an bhfód dúchais anois faoin bhfód céanna.
ag seasamh an fhóid standing the ground
" Ní raibh Dúchas riamh neamhspleách ach ar laghad bhí glór amháin Stáit ag seasamh an fhóid ar son na hoidhreachta.
tháinig siadsan ar an bhfód they came into existence
" An chéad ghrúpa, is dócha, ná Ceoltóirí Chualann agus tháinig siadsan ar an bhfód ag deireadh na tréimhse seo.
ná seas an fód don't stand up for yourself
" Bhí an chuma ar an scéal go rabhthas ag rá trí na fógraí seo: "Bíodh eagla ort ach ná seas an fód.
ar an fhód into being
" Tháinig páirtithe beaga eile ar an fhód ach ba bheag dul chun cinn a rinne leithéidí an Daonlathais Chlé nó Páirtí na nOibrithe.
ar an bhfód in existence
" Tá sé tráthúil go maith bheith i mbun cainte le hiarfhostaí de chuid Amharclann na Mainistreach agus díospóireachtaí leanúnacha ar siúl i dtaobh thodhchaí na hinstitiúide le linn di bheith ag ceiliúradh céad bliain ar an bhfód.
an seasfadh sé an fód would he stand his ground
" An dtitfeadh sé ar a chlaíomh, an ligfeadh sé do Brian Cowen a áit a ghlacadh agus an dteithfeadh sé féin chun na hEorpa le post compordach, a dúradh a bhí á thairsicint dó, a ghlacadh, nó an seasfadh sé an fód agus an dtroidfeadh sé a chúinne.
ar an bhfód in existence
" ” Cé gur dúnadh an tionscadal seo tar éis dó bheith trí bliana ar an bhfód toisc gur chaill siad an deontas a bhí á fháil acu, tá an dearcadh céanna aige go fóill i leith thábhacht na n-ealaíon Gaeilge don phobal ar fad.
chuig an “bhfód dúchais” to 'the native land'
" Dá bhrí sin, chinn mé ar thuras chuig an “bhfód dúchais” a dhéanamh.
chuig an “bhfód dúchais” to 'the native land'
" Dá bhrí sin, chinn mé ar thuras chuig an “bhfód dúchais” a dhéanamh.
Tá muid chun an fód a sheasamh we're going to stand our ground
" Cén fáth ar gá dúinne, na tomhaltóirí, íoc as na fiacha móra atá ar na comhlachtaí fóin toisc go ndearna siad botúin amaideacha fadó?! A chairde Gael, tá an réabhlóid ag tosú anseo! Tá muid chun an fód a sheasamh i gcoinne na nguthán siúil ainnis! Anois, fan nóiméad go seolfaidh mé teachtaireacht téacs chun an scéal a scaipeadh … Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel ((www.
ar an bhfód in existence
" Le teacht chun cinn na teilifíse digití, agus le TG4 10 mbliana ar an bhfód, beidh ábhar spleodrach san agallamh seo.
an fód a sheasamh to stand their ground
" Mar thoradh ar roghnú Karol Wojtyla mar Phápa méadaíodh ar dhásacht na hEaglaise Cailtlicí agus na ngnáthdhaoine an fód a sheasamh in aghaidh na n-údarás cumannach.
ar an bhfód in existence
" Le teacht chun cinn na teilifíse digití, agus le TG4 10 mbliana ar an bhfód, beidh ábhar spleodrach san agallamh seo.
an fód a sheasamh to stand their ground
" Mar thoradh ar roghnú Karol Wojtyla mar Phápa méadaíodh ar dhásacht na hEaglaise Cailtlicí agus na ngnáthdhaoine an fód a sheasamh in aghaidh na n-údarás cumannach.
ar an bhfód in existence
" Le teacht chun cinn na teilifíse digití, agus le TG4 10 mbliana ar an bhfód, beidh ábhar spleodrach san agallamh seo.
ó tháinig sé ar an bhfód since it came into existence
" Ainneoin na gconstaicí leanúnacha agus na mbuillí atá buailte ar an stáisiún ó tháinig sé ar an bhfód, tá forbairt ag teacht ar an tseirbhís chraolta i gcónaí, tá daoine nua á mealladh chuig an nGaeilge agus tá ardán á chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge agus do thallann óg na cathrach.
ar an bhfód in existence
" Bhí Clann na Talún ar an bhfód chomh maith.
ar an bhfód in existence
" Tá Gaillimh le Gaeilge ar an bhfód ó bhí 1987, ag cur na Gaeilge chun cinn i measc ghnólachtaí na cathrach.
dul i muinín an fhóid mhóna chéanna to resort to using the same sod of turf
" Mar dhuine atá ag treabhadh ghort na hiriseoireachta Gaeilge, is iomaí uair a bhí cathú orm féin dul i muinín an fhóid mhóna chéanna ach measaim go bhfuil iriseoirí na Gaeilge ag cur barraíocht brú ar acmhainní nádúrtha mar atá.
ag dul faoin fhód going into your grave
" Rinneadh thú a cháineadh agus a lochtú agus a chiontú, a Charlie, ach is beag duine de lucht do cháinte agus do lochtaithe agus do chiontaithe nach raibh snag lena slogadh nuair a bhí tú ag dul faoin fhód i gCill Fhiontáin.
leis an fhód a sheasamh in aghaidh an namhad. to take a stand against the enemy.
" Cé nach raibh muid inár mbaill den SWP (Socialist Workers Party) agus nár réitigh *Trotskyists* le Colin, bhíodh muid i láthair leis an fhód a sheasamh in aghaidh an namhad.
ar fhód beannaithe an Chrócaigh. on Croke's hallowed turf.
" Bhí daoine an-dearfach den chuid is mó faoi chluichí rugbaí a bheith á n-imirt i bPáirc an Chrócaigh, cé go raibh mionlach láidir, agus ní seanfhondúirí ar fad ab ea iad, a bhí go láidir in aghaidh cluichí rugbaí/gallda a bheith á n-imirt ar fhód beannaithe an Chrócaigh.
an fód a sheasamh to stand her ground
" Bhí sí ábalta an fód a sheasamh nuair a bhíodh na póilíní ag ciapadh a teaghlaigh.
fóid mhóna. peats.
" Íocadh an cíos le hábhar: eorna, min choirce, seagal, cearca, caoirigh, uibheacha agus fóid mhóna.
Tá an scéim ar an bhfód the scheme has been in existence
" Tá an scéim ar an bhfód le cúig bliana anois agus tá sparánachtaí á dtairiscint le haghaidh áiteanna ar thrí chúrsa éagsúla i rith an tsamhraidh.
ar an bhfód in existence
" Rinne sé obair cheannródaíoch maidir le taifeadadh an cheoil thraidisiúnta do lipéad Gael Linn, atá caoga bliain ar an bhfód i mbliana.
an fód a sheasamh. to maintain his standing.
" Is é an aidiacht is coitianta a úsáidtear sna meáin i leith na fianaise seo ná “dochreidte”, agus tá sé ag éirí níos deacra ag Ahern an fód a sheasamh.
ar an bhfód dúchais on the home turf, on the home sod
" Is údar bróid ar leith é i measc na nAstrálach nár chaill a bhfoireann náisiúnta sraith de chomórtais thrialacha ar an bhfód dúchais le blianta fada anuas.
ar an bhfód diaga on the hallowed turf
" Féidearthacht eile ná go mbeidh mé ag filleadh ar Éirinn le pleidhcí an fhlainín a fheiceáil ar an bhfód diaga, Páirc an Chrócaigh! As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann.
ar an bhfód in existence
" **Brúghrúpaí**Tá brúghrúpaí éagsúla anois ar an bhfód a bhfuil sé mar aidhm acu saol an rothaí a fheabhsú, rud a chuideoidh go mór leis an gcomhshaol freisin.
ar an bhfód dúchais on the home sod
" Thabharfadh foireann na Mumhan le fios go bhfuil speach agus breis fós i rugbaí na tíre seo, ach is cosúil nach bhfuil foireann na hÉireann chomh maith agus iad ag imirt as baile is a bhíonn siad agus iad ag imirt ar an bhfód dúchais – is geall le himreoir breise é an lucht leanúna agus an fhoireann ag imirt sa bhaile.
ar an bhfód in existence
" Is é gnó na Comhairle Ealaíon é tacú le compántais amharclainne, ach ní chuireann siad maoiniú leanúnach ar fáil do chompántais mura bhfuil siad ar an bhfód ar feadh ceithre bliana, ar a laghad.
ar an bhfód dúchais on the native sod, i.e. in Ireland
" Níor caitheadh ach €100,000 ag déanamh an scannáin - suim airgid nach n-íocfadh as na costais lónadóireachta ar an gcuid is mó de na scannáin a léirítear in Hollywood! In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán nuair a taispeánadh é ar an bhfód dúchais i dtosach, bhuaigh an stiúrthóir, John Carney, gradam ag an Sundance Film Festival i 2007.
ar an fhód anois in existence now
" Is díol spéise é go bhfuil cúis cheiliúrtha ag Opie agus Dánlann Hugh Lane araon in 2008 – bainfidh Opie a chaogadú breithlá amach i mbliana agus tá an dánlann ar an fhód anois le céad bliain anuas.
anois ar an bhfód now in existence
" Tá buíonta SWAT anois ar an bhfód a bhfuil ingearáin agus meaisínghunnaí acu, agus tá tanc Saracen – a ceannaíodh ón mBreatain – ag an buíon in Tulsa, Oklahoma.
ar an bhfód in existence
" Tá compántais áirithe damhsa comhaimseartha ar an bhfód – Coiscéim, cuir i gcás – nach bhfuil róthrom nó ró-shaindiamhair.
ar an bhfód in existence
" Cuirfear tús le Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, atá ar an bhfód anois le cúig bliana is fiche, ar an 13 Meitheamh.
an fód a sheasamh to stand his ground
" ***Buntáistí:*** Lán ábalta an fód a sheasamh in éadan brúghrúpaí ar nós na múinteoirí agus iad siúd a bhí i mbun feachtais in éadan chinneadh Aer Lingus deireadh a chur lena chuid eitiltí ó Londain go hAerfort na Sionainne.
ar an bhfód. in existence
" Tagann Scullion le chéile gach cúpla bliain, ach ba dhíol suntais í an tsraith dheireanach cheolchoirmeacha i gCorcaigh mar gur eagraíodh í le ceiliúradh a dhéanamh ar an mbanna a bheith tríocha bliain ar an bhfód.
leis an bhfód a sheasamh to stand their ground
" Le teann an uafáis, bailíonn na cait, na hainmhithe agus na daoine le chéile leis an bhfód a sheasamh agus le feachtas a chur ar bun i gcoinne Ghusaí.
go seasfadh an Astráil an fód leis na Stáit Aontaithe sa chogadh that Australia would take a stand with America in the war
" Mar bharr air sin, ní raibh a fhios agamsa go raibh sé ann, cé go raibh mé féin ar chósta Virginia, cúpla uair soir ó Washington, ar an lá céanna!) Bhuail Howard le hUachtarán Bush in Washington go gairid i ndiaidh na n-ionsaithe agus gheall sé, thar ceann a rialtais, go seasfadh an Astráil an fód leis na Stáit Aontaithe sa chogadh in éadan na sceimhlitheoireachta.
ar an bhfód dúchais. on the home sod, i.e. at home
" Ach de réir dealraimh níl difríocht dá laghad le sonrú san Iaráic – nó in aon áit eile – anois agus an bhuíon bheag d’fhórsaí Astrálacha ar ais ar an bhfód dúchais.
dhá fhód móna two sods of turf
" Tráchtann sé fosta ar a bheith ag siúl costarnocht ar scoil agus dhá fhód móna faoina ascaill aige agus ar a bheith ag buachailleacht i ndiaidh na scoile.
ar an bhfód into being
" Chomh maith leis an méid sin, chuir an stát bonneagar réamhscolaíochta éifeachtach ar an bhfód.
an fód a sheasamh to face up
" Leis na Trioblóidí ag dul in olcas ag an am, is dócha go raibh rogha ag 'An Nuachtán Éireannach' i Sasana: an cloigeann a choinneáil síos agus taobhú leis an tseoinínteacht, nó an fód a sheasamh ar son an daonlathais agus ar son chearta na ndaoine.
fhód glas emerald sod
" Ar scor ar bith, as go brách le Balor chun seal a chaitheamh ag súilnimheáil thart ar imeachtaí an tsamhraidh atá fós beo ar fhód glas na hÉireann.
sheas sí an fód she stood firm
" Troid idir an dubh agus an bán a bhí sa troid, dar léi agus sin an fáth gur sheas sí an fód.
a fhód dúchais his home country
" Fearadh fáilte is fiche roimh an dochtúir nuair a bhain sé a fhód dúchais amach, agus cáineadh go géar an drochdhóigh a caitheadh leis san Astráil sna meáin thall.
sheasann an fód holds firm
" An sóisialaí a sheasann an fód leis an ngnáthdhuine in éadan an chórais.
tagtha ar an bhfód come into being
" Níl ann ach go bhfuil bonneagar nua tagtha ar an bhfód atá ag bagairt ar mheanma na hóige agus ag teacht salach ar na daoine is goilliúnaí inár measc.
ar an bhfód on the go
" Seo an ghlúin ar a dtugtar ‘dúchasaigh digiteacha’ agus tá siad ag brath ar an teicneolaíocht atá thart fá 40 bliain ar an bhfód! Tá sé uilig ráite i bhfís amháin ar YouTube (http://www.
ag seasamh an fhóid holding its own
" Ba chúis mire é an chaoi a mbíodh daoine ag dul i muinín staidreamh ar an daonáireamh ar úsáid na Gaeilge chun cur i gcéill go raibh an teanga ag seasamh an fhóid lár an chéid seo caite.
bhFód Dúchais old home
" Filleadh ar an bhFód Dúchais Fasach eile a bhí i gcinneadh an ACHPR ná tuairim an Choimisiúin go bhfuil ceart ag pobail dhúchais chun forbartha is gur sáraíodh ceart na nEndorois chun forbartha.
teacht ar an fhód to take its place
" Níl sé furasta ag nuachtán teacht ar an fhód as an nua agus cruthú dó féin.
ar an fhód among us
" Tá níos mó ná glúin iomlán imithe ón uair sin agus féadaimid a bheith buíoch go bhfuil an duine ceart ar an fhód arís leis an ábhar luachmhar céanna a chur inár láthair ar bhealach cuimsitheach.
ar an bhfód in existence
" Bhí íonadh orm nuair a chuala mé an tseachtain seo chaite go raibh *YouTube* ag comóradh cúig bliana ar an bhfód, fód an idirlín! Bhí ionadh orm toisc nach cuimhin liom, roimh *YouTube*, cén áit a bhfuair mé físeanna de chait ag canadh is cailíní beaga ag déanamh aithris ar *Beyoncé* nó ataispeáint de radharc as *Return of the Jedi*, fráma ar fráma, déanta le *Lego*.
ar an fhód in existence
" Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh, agus muid cúig bliana ar an fhód, le mo bhuíochas a ghabháil le Michal, leis an eagarthóir Éamonn Ó Dónaill, leis an bhean theicniúil Cath Mhic Fhionnghaile, an cartúnaí Séan Ó Dónaill, agus na scríbhneoirí uilig, a bhfuil roinnt mhaith acu linn ón tús.
ar an bhfód has landed
" Agus ná déanaimis dearmad ar an gcumann idirnáisiúnta Daltaí na Gaeilge, bunaithe ag an Eabhracach as Ard Mhacha Ethel Brogan, atá ag eagrú cúrsaí Gaeilge timpeall Chuan Nua-Eabhrac anois! Agus anois tá Daithí Mac Lochlainn ar an bhfód.
Sheas seisean an fód he was unchanged
" Sheas seisean an fód, áfach, rud a léiríonn gur dúnghaois bhuan de chuid an pháirtí é seachas ceann ad hoc a dtagann athrú air de réir mar a athraítear a gcuid urlabhraithe oideachais.
fód sod
" Bhí cuma an-bhreá ar Pháirc an Chnoic, an féar gearr mar ba chóir do chluiche iománaíochta, an dromchla mín agus an fód seasmhach.
Má sheasann sé an fód if he stands his ground
" Má sheasann sé an fód ar cheist na bpinsean, ní fhágfaidh sé cos faoi lucht an fhreasúra.
an bhfód a sheasamh to hold the ground
" Am Scoir ===== Luaigh an príomhaire an dá phríomhaidhm a bhaineann le misean na nAstrálach san Afganastáin: le cinntiú nach mbeadh an tír ina tearmann ag lucht sceimhle arís agus leis an bhfód a sheasamh leis an “gcomhghuaillí is neasa dúinn”, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
ar an bhfód ‘on the go’, extant
" Is é an Christkindelmärik in Strasbourg an margadh Nollag is sine ar an bhfód sa Fhrainc.
ar an bhfód in business, on the go
" ie) agus chun freagra na ceiste seo a aimsiú: Cén t-achar blianta atá Cló Iar-Chonnacht ar an bhfód anois? ============== Nasc anseo: <http://www.
ar an bhfód in being
" Agus bhí páirtí polaitiúil nua ar an bhfód: Páirtí na nOibrithe (PT.
ag iompar na bhfód ‘pushing up daisies’
" Ag ráta 100 saighdiúir marbh gach bliana, beidh 400 ball breise de arm Shasana ag iompar na bhfód faoin am sin.
ar an bhfód founded
" Ní luaithe thú abhus agus bhí an ghaelscoil ar an bhfód agat – céard a thiomáin thú chomh mór sin leis an nGaeilge?** RÓS: Bhí riail docht daingean aige baile.
sheasann an chosmhuintir an fód ordinary people stand their ground
" Tugtar spléachadh dúinn ar an bhfrustrachas, ar an easaontas, ar an bhfearg agus ar an drochtheanga a thagann chun cinn nuair a sheasann an chosmhuintir an fód i gcoinne chórais an stáit agus ollchomhlachtaí idirnáisiúnta.
ag seasamh an fhóid holding the fort
" Fear nárbh é an scian ba ghéire sa chistin é, a raibh eagla a chraicinn air aghaidh a thabhairt ar Vincent Brown ach a bheas ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann in éadan shaoistí airgeadais dhúra na hEorpa, fear a bhí chomh feiceálach le yeti i rith an fheachtais toghchánaíochta ach atá anois - suí síos bomaite - atá anois ina Thaoiseach ar thírín iathghlas s'againn.
fhód sod
" Gan ach sampla a lua, cé go bhfuil feabhas mór curtha ar pháirceanna CLG le roinnt blianta anuas, idir pháirceanna na stáideanna móra go dtí páirceanna áitiúla timpeall na tíre, is minic a tharlaíonn sé (i mBaile Átha Cliath ar aon nós) go mbíonn ar imreoirí dul ag imirt sa tseachtain chéanna ar dhromchlaí éagsúla imeartha idir ghnáthpháirceanna féir, fhód astro agus pháirceanna uile-aimseartha, leathshaorga.
ar an bhfód on the go, in operation
" (Gáire) **SMM: Cé chuimhnigh ar Ghaillimh le Gaeilge a chur ar bun an chéad lá, nó bhí Gael-Taca ar an bhfód ó dheas agus b’fhéidir gurbh shin é a spreag sibh?** BNC: Níl a fhios agam.
chaoi ar sheas an Fhionlainn an fód how the Finns stood their ground
" Tá siad mórtasach as an chaoi ar sheas an Fhionlainn an fód i gcoinne an Airm Dheirg le linn an dara Cogadh Domhanda.
an fód a sheasamh to stand their ground
" 
Tá géarchéim geilleagair faoi lántseoil faoi láthair arís agus, arís eile, tá an lámh in uachtar ag baincéirí, amhantóirí, na forais airgeadais agus iad ag cur brú ar rialtais an fód a sheasamh amhail is nach bhfuil ann ach bealach amháin chun cinn.
Fód an Aoiseachais the area of ageism
" Sheas mé an fód i nGaillimh nuair a dhóigh mé… Fód an Aoiseachais ========= **Balor: Ach fan bomaite, a Mhichael Dee, tá muid anois sa bhliain 2011.
tháinig ar an bhfód which came into being
" Údarás Láidir ====== **SMM: An tÚdarás a tháinig ar an bhfód, ní féinriail é ná níl sé chomh cumhachtach is atá Comhairle nan Eilean Siar in Albain, abair, ach an bhfeictear duit – tharla a mhalairt ag tarlú le tamall anuas - go gcuirfear feabhas air nó an bhfágfar é mar atá sé?** SÓC: Tá an chontúirt ann gurb é an chaoi go n-imeodh sé ar fad agus tá sé gaibhte sách gar dhó anois.
fód a anama where his heart lay
" Rugadh i nDoire Cholm Cille i 1939 é agus in ainneoin gur chaith sé tréimhse shuntasach dá shaol i mBaile Átha Cliath agus i Loch Garman, ba é Inis Eoghain fód a anama i dtólamh agus chaith sé cuid mhór ama ansin.
ar an bhfód céanna in the same predicament
" B’fhéidir go ndéarfadh daoine gur seafóideach an beart a bhí ann, ach ní dóigh liom féin gur féidir linn breith a thabhairt muna bhfuil muid féin ar an bhfód céanna.
filleadh ar a bhfód dúchais of return to their own land
" Ar an 13 Feabhra i mbliana, d’inis Muammar Qaddafi do dhídeanaithe Palaistíneacha gur chóir dóibh teacht i dtír ar na muirthéachtaí sa Mheánoirthear agus cruinniú ar theorainneacha Iosrael ag léirsiú go síochánta go ngéillfeadh Tel Aviv dá gcearta filleadh ar a bhfód dúchais don chéad uair ó chuir fórsaí na nIosraelach iachall ar thart ar 750,000 acu imeacht i 1948.
ar an fhód le breis is on the go for more than
" Ba sa bhliain 1980 a bunaíodh an tÚdarás le teacht i gcomharbacht ar an áisíneacht forbartha ghnó Gaeltarra Éireann a bhí ar an fhód le breis is scór bliain roimhe sin.
ar an fhód into being
" **SÓC:Conas ar tháinig Ionad an Léinn Cheiltigh i Milwaukee ar an fhód?** JG: Bhí an Ollscoil san am sin ag tosnú lárionad do chultúir eile; Léann na nGiúdach, Léann Aerach, an Léann Easpáinneach.