Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fónta useful
" Anois an t-am le brú a chur ar na polaiteoirí iachall a chur ar RTÉ rud éigin fónta a dhéanamh, ní hamháin maidir le fógraíocht, ach maidir le hábhar na gcláracha féin.
moltaí fónta useful recommendations
" Bhí go leor moltaí fónta sa straitéis seo, dá gcuirfí i bhfeidhm iad, a mhaolódh fadhb na ndaoine gan dídean, ach toisc nach raibh sé ar bhonn reachtúil ní raibh aon rud a d'fhéadfaí a dhéanamh le húdaráis áitiúla a thug neamhaird uirthi.
gníomh éigin dearfa agus fónta some positive and useful act
" Shíl go leor againn i l988, agus Cluichí Oilimpeacha Seoul ag teacht chun deiridh agus Ben Johnson ciontaithe as drugaí a ghlacadh, drugaí a chabhraigh leis curiarracht an domhain a shárú agus an bonn óir sa 100m a bhuachaint, shíl muid an t-am sin go ndéanfaí rud éigin, gníomh éigin dearfa agus fónta chun deireadh a chur le caimiléireacht ghránna na ndrugaí.
fónta sound
" “Agus nuair a bheidh mé i mo Thaoiseach cuirfidh mé daoine cearta, daoine fónta, daoine fiúntacha i mbun Údarás na Galltachta agus Fhoraois na Gaeilge agus cuirfidh mé tusa, a Bhaloir, i mbun.
gníomh fónta worthwhile act
" Sular ceapadh Diarmuid bhí brú mór ar choiste an chontae ó lucht iománaíochta i mBaile Átha Cliath gníomh fónta a dhéanamh don chluiche san ardchathair.
toradh fónta useful outcome
" An-áthas air go bhfuil toradh fónta ar an gcomhairle a chuir sé orm faoi chriosanna an mhála a fheistiú orm.
fónta sound
" Ba bheag am méid reachtaíocht fónta a ritheadh.
fónta good
" Thar rud ar bith eile, is náisiún muid a bhfuil teacht aniar ionainn, a bhfuil réiteach ár gcuid fadhbanna againn, nach bhfuil eagla orainn roimh an dua ná roimh an dochma, agus a thógfaidh saol fónta in Éirinn do na glúine atá fós le teacht.
torthaí fónta good results
" Tuigim dóibh ach feicimse deis iontach anseo, le beartais chiallmhara mhealltacha dhearfacha a chur ina áit ar a mbeidh torthaí fónta amach anseo.
fónta positive
" “Níl aon mhaolú tagtha ar dhiongbháilteacht an Rialtais maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga.
obair fónta work proper
" Ainneoin an jab atá déanta ag lucht a dtacaíochta, is beag duine nach gcreideann go raibh rud éigin rúnda ag dul ar aghaidh ag an triúir i Meiriceá Theas, ach tá Ruane diongbháilte go raibh obair fónta a déanamh ag Connolly, Monaghan agus McCauley.
lusanna áirithe fónta particular useful plants
" Ní raibh an céachta acu, leoga, ach bhainidís feidhm as dóiteoireacht rialta leis an fhásra a dhó chun sealgaireacht a éascú agus le lusanna áirithe fónta a chur chun cinn.
níl sé ag feidhmiú go fónta it’s not working properly
" Ionad cabairachta costasach le cumhachtaí teoranta atá ann agus níl sé ag feidhmiú go fónta.
aon toradh fónta no positive result
" Ceithre bliana de fhuinneamh agus d'aighneas caite agus gan aon toradh fónta le feiceáil.
bhfeidhmíonn teach uachtarach go fónta the upper house performs perfectly as
" Sílimse gur meancóg a bheadh ansin mar go bhfeidhmíonn teach uachtarach go fónta i dtíortha eile ina ndéanann daoine le saineolas uathúil scagadh níos doimhne ar reachtaíocht de chuid na Parlaiminte.
i mbealach fónta straitéiseach in a sound strategic way
" Nuair nach bhfuil rialtas na hÉireann sásta gníomhú i mbealach fónta straitéiseach leis an nGaeilge a chaomhnú, b’fhéidir go mbeadh an Eorap sásta a ladar a chur sa scéal! Más féidir le Aontas na hEorpa iachall a chur ar Rialtas na hÉireann na portaigh a chaomhnú agus an soláthar uisce a ghlanadh, shílfeá go mbeadh an Bhruiséal in ann iachall a chur ar an Rialtas maidir le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht.
rud éigint fónta a dhéanamh to do something beneficial
" Bhí brú ar n’a' haon duine a bhí sáite i gcúrsaí caide i gCiarraí rud éigint fónta a dhéanamh.
bhfaighfear léirstean fónta go forleathan ar ghnóthaí geilleagair a broad healthy view of economics is obtained
" Go dtí go bhfaighfear léirstean fónta go forleathan ar ghnóthaí geilleagair, is ag únfairt thart a bheas an córas daonlathach.