Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
de réir mar a scaiptear an scéal fúinn as news of us spreads
" Tá an t-éileamh atá ar ár seirbhísí ag fás de réir mar a scaiptear an scéal fúinn.
an áit a bhfuil muid ag baint fúinn where we are living
" Ní bhaineann sin le náisiúnachas ná tírghrá fiú ach le haitheantas a chur orainn féin agus ar an áit a bhfuil muid ag baint fúinn.
fúinn, faoi cheilt, under us, hidden,
" Ní fios an bhfuilid ann go fóill, fúinn, faoi cheilt, ag fanacht go dtugtar seans dóibh teacht chun solais arís.
fágtar fúinn féin it is left to ourselves
" Ligeann sé dóibh a scéalta brónacha féin a insint os comhair an cheamara agus fágtar fúinn féin breithiúnas a thabhairt orthu.
fúinne, about us,
" ‘Sin scéal fúinne, nach ea?’ ‘Sea.
sular chuir muid fúinn abhus before we settled over here
" In ainneoin gur bhain mé céim amach sa tíreolaíocht in Éirinn, caithfidh mé a admháil nach raibh ach tuiscint dhoiléir agam ar gheografaíocht na hAstráile sular chuir muid fúinn abhus in Canberra, príomhchathair na tíre, sa bhliain 1973.
chuir muid fúinn we settled
" Míshásamh Bíodh is go bhfuil ardmheas ag muintir na hAstráile ar Lá Anzac faoi láthair, níorbh amhlaidh a bhí cúrsaí nuair a chuir muid fúinn abhus go luath sna seachtóidí.
An fúinne is it up to us
" Labhair sé go ciúin is go céillí: “An fúinne nó fúthu féin a bhí siad ag magadh, a fheara? An duine a bhíonn ag magadh faoi dhaoine eile, is minic faoi féin, i ndáiríre, a bhíonn sé ag magadh, má éisteann tú go cúramach leis an fhothéacs…” “Fothéacs mo thóin!” arsa Ó Clarion, agus é ag revvvveáil inneall na cathaoireach.
ag snámh fúinn is tharainn moving all around us
" Tá oiread eolais ag snámh fúinn is tharainn anois is nach mbeidh an t-aineolas inleithscéal feasta.
chuir muid fúinn we settled down
" Sular chuir muid fúinn abhus ba mhinic a chuala muid trácht ar na siorcanna marfacha san fharraige, agus ar na nathracha nimhe agus na damháin alla nimhiúla ar an talamh.
Chuir muid fúinn we settled
" Chuir muid fúinn san Astráil thiar sa bhliain 1972 agus bhí beagnach gach saghas fógraíochta, coimircíochta agus spreagadh díolacháin i dtaca le táirgí tobac ceadaithe abhus um an dtaca sin.
Chuir muid fúinn we settled
" Chuir muid fúinn san Astráil sa bhliain 1972 agus ní raibh muid ach roinnt míonna sa tír nuair a bhí feachtas olltoghchánaíochta faoi lán seoil.
sciobtar na cosa amach fúinn we’re whisked away
" Seo *‘Everyman’*, nó *‘Everyleanbh’*, agus sciobtar na cosa amach fúinn i bhfianaise ‘ghlaine a chroí, neart a ghéag’ agus an ‘beart de réir a bhriathair’.
chuireamar fúinn we settled
" Bhí sé beartaithe againn, agamsa ar aon nós, gan dul thar n-ais, agus nuair a thánamar abhaile go hÉirinn as na Stáit Aontaithe, is i mBéal Feirste a chuireamar fúinn.
Chuir muidne fúinn abhus we settled here
" Chuir muidne fúinn abhus an bhliain chéanna agus is iontach an t-athrú atá le sonrú i gcúrsaí inimirce in imeacht na mblianta ó shin i leith.
fágann siad an chraic fúinn féin they leave the fun up to us
" Eagraíonn foireann chumasach Oireachtas na Gaeilge gach rud go paiteanta agus go pointeáilte, agus fágann siad an chraic fúinn féin.
Chuir muid fúinn we settled
" Chuir muid fúinn in Canberra, príomhchathair na hAstráile, bunáite ceathracha bliain ó shin agus is breá linn an chathair dheas seo.
Chuireamar fúinn i we settled into
" Chuireamar fúinn i gceantar bocht i Mazabuka na Saimbia.
Chuir muid fúinn san we settled in
" *’ Chuir muid fúinn san Astráil thiar sa bhliain 1972 agus ní raibh muid ach gearrthamall sa tír nuair a chuala mé ár ngearrchailí ag canadh an ghligín fógraíochta thuas.
ag cur fúinn anseo go fóill still living here
" Tá rogha gach bia agus togha gach dí anseo! “I rith an gheimhridh, téim ag clársciáil ag an deireadh seachtaine go minic agus i rith an tsamhraidh caithim an deireadh seachtaine amuigh sa gcathair ag clamhsán faoin teocht damanta de ghnáth!” Is léir go bhfuil tallann ar leith in Muireann ach cad é mar a fheiceann sí í féin i gceann 5 bliana? Níl tuairim aici! “Cúig bliana ó shin bhog mo bhuachaill ag an am go Nua-Eabhrac ar feadh sé mhí – anois tá muid pósta agus ag cur fúinn anseo go fóill.