Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shainmhíniú na faidhbe the definition of the problem
" Féachadh ar na Taistealaithe féin mar shainmhíniú na faidhbe.
réiteach na faidhbe the solution to the problem
" Tá cúiseanna ann gan amhras agus is againne féin réiteach na faidhbe.
fuascailt gach faidhbe the solution to each problem
" Mar is dual do rialtas den eite dheas, tá sé de nós ag an rialtas a rá gurb é an margadh an máistir agus gur aige atá fuascailt gach faidhbe.
croí na faidhbe the heart of the problem
" Córas lochtach ======= Ag croí na faidhbe tá an córas lochtach faoina shocraítear na cuotaí éisc san Aontas Eorpach.
de dheasca na faidhbe seo because of this problem
" Tá comhlachtaí ag bogadh as an Ghaeltacht agus as áiteanna eile de dheasca na faidhbe seo agus is léir go mbeidh deacracht ann cuid eile acu a choinneáil i bhfad.
préamh na faidhbe the root of the problem
" Uaillmhian agus fuath ======= Is é préamh na faidhbe dáiríre ná gné áirithe de chúltúr na gcluichí ag gach leibhéal, cultúr a chruthaíonn paisean agus uaillmhian agus fuath, uaireanta, in imreoirí agus i bhfoirne agus a théann thar fóir rómhinic.
croílár na faidhbe the heart of the problem
" Ach is é córas an chraobhchomórtais, a chinntíonn go mbíonn míbhuntáiste na heaspa taithí ag gach foireann as Ulaidh (an cuimhin le héinne Doire dhá bhliain ó shin i gcoinne Uíbh Fháilí?) nuair a théann siad chun páirce sa chluiche ceathrú ceannais croílár na faidhbe.
réiteach na faidhbe the solution to the problem
" Ach is i lámha an Rialtais a bhí, agus atá, réiteach na faidhbe.
fuascailt na faidhbe the solution to the problem
" B’fhéidir é, ach is i lámha glana an rialtais atá fuascailt na faidhbe.
réiteach na faidhbe the solution to the problem
" Ach ní bhainfidh siad sin amach mura dtugann Jeffrey agus polaiteoirí aontachtacha a n-aghaidh ar réiteach na faidhbe agus chan ar *bete noire *an náisiúnachais, máthair gach oilc, dar leo.
i bhfuascailt na faidhbe in solving the problem
" Deirtear i gcás alcólaigh gurb í an chéad chéim i bhfuascailt na faidhbe ná a aithint go bhfuil fadhb ann.
croí na faidhbe the heart of the problem
" Agus sin croí na faidhbe, dar liomsa.
réiteach gach faidhbe the solution to every problem
" Roimh theacht na déabhlóide, gan mórán cumhachta acu, bhí na páirtithe Albanacha den bharúil gurb é tuilleadh maoinithe rialtais réiteach gach faidhbe.
croí na faidhbe the heart of the problem
" Is minic ráite é gurb í an phóilíneacht croí na faidhbe i dTuaisceart Éireann.
teacht ar réiteach na faidhbe to find the solution to the problem
" I bhfocail eile, is faoi na tábhairneoirí féin atá sé teacht ar réiteach na faidhbe más mian leo leanstan lena ngnó.
croí na faidhbe heart of the problem
" Baineann an anailís a rinneadh sa tuarascáil seo le croí na faidhbe – nuair a thagann an crú ar an tairne, is léir nach bhfuil mórán dóchais i ndán don Ghaeilge mar theanga phobail más rud é nach bhfuil an teanga á húsáid mar theanga theaghlaigh ar bhonn laethúil.
réiteach na faidhbe solution
" An é gur réiteach na faidhbe é níos mó arm a thabhairt do na póilíní? Dá mbeinn i mo phóilín, déarfainn gurb é, ach ar ndóigh tá léamh eile ag lucht na gcearta sibhialta air seo.
réiteach na faidhbe the solution to the prolem
" Tá daoine ag súil go bhfaighidh an rialtas réiteach na faidhbe, ach i ndáiríre, tá cumhacht an rialtais teorannta go maith agus beidh ar mhuintir na tíre, mar dhuine aonair, mar theaghlaigh, agus mar phobal, an cruatan a fhulaingt agus beidh ar chách a ndícheall a dhéanamh cuidiú lena chéile mar chomharsana agus mar náisiún.
réiteach na faidhbe the solution
" Ní bhfuair siad réiteach na faidhbe fós, ach tá siad ag teacht ar aon intinn maidir leis na srianta nua ar chóir dóibh a chur ar an mhargadh airgeadais.
réiteach gach faidhbe the cure of all ills
" Níl mé a rá go mbeadh a oiread sin d’airgead á shábháil ag an Stát, dá ndéanfaí an córas úd a leasú, ná go mbeadh réiteach gach faidhbe againn dá ngearrfaí siar ar na costais a dhíoltar le polaiteoirí.
croí na faidhbe the heart of the problem
" Sílim féin gur theip ar thráchtairí, cheardchumainn, agus ar pholaiteoirí croí na faidhbe a aithint.
cionsiocair na faidhbe the cause of the problem
" Ba é iompar frithshóisialta agus gnáthchoiriúlacht cionsiocair na faidhbe, de réir an ráitis, agus ní raibh ciníochas i gceist.
na faidhbe of the problem
" Agus sin é croílár na faidhbe: ní athrú beag (ar nós dhíobhadh na CFCs) atá i gceist.
croí na faidhbe central problem
" Is í croí na faidhbe san anailís nár tugadh san áireamh go bhfuil poist áirithe ann nach féidir le duine le Béarla amháin a fháil mar nach bhfuil siad cáilithe chucu.
seachaint na faidhbe avoiding the problem
" D'fhéadfaí a mhaíomh fiú amháin, gur seachaint na faidhbe atá san éileamh ar athchaighdeánú na teangan.
fuascailt faidhbe problem solution
" Ach dá fheabhas an dul chun cinn é sin, ní fuascailt faidhbe é, ná geall leis maidir le dúshaothrú na n-oibrithe baile.
réiteach na faidhbe the solution
" Cén Leigheas? ======= Cad é réiteach na faidhbe mar sin? Is cinnte nach dtig an chlog a chur siar agus pilleadh ar an seanchóras de Ghaeilge éigeantach.
faidhbe problem
" Bhíodh na bainc róthoilteanach iasachtaí a thabhairt dúinn tráth; an é a mhalairt faidhbe a bhéas againn as seo amach? Comhartha Dóchais? ======== Don tríú mí as a chéile, tá líon na ndaoine atá dífhostaithe ag titim.
fréamhacha na faidhbe the roots of the problem
"fréamhacha na faidhbe chomh fite fuaite le ceist chonspóideach úinéireacht na talún sa tír, áfach, gur dóichí ná a mhalairt gur de réir a chéile a rachfar i mbun leigheas an scéil.
croí na faidhbe the heart of the matter
eochair scaoilte na faidhbe the problem's opening key
" Ach nuair a tharla an beart onóra, umhlaíochta, maithiúnais, aiféala i nGairdin na Laochra ar Chearnóg Pharnell, shín Banríon Shasana eochair scaoilte na faidhbe sin chugainn.
Fuascailt na faidhbe the solution
" Agus fé dheireadh fuarthas Fuascailt na faidhbe i riocht bunreachtuil.
fuascailt na faidhbe the solution
" Ní bhfuair geilleagar thíortha an Iarthair suaitheadh chomh mór ó bhí an ghéarchéim ola ann sna seachtóidí, ach mar sin féin, ní thig le ceannairí na hEorpa teacht ar aon intinn maidir le fuascailt na faidhbe.
préamhacha na faidhbe the roots of the problem
" Creidim fós go bhfuil cuid den locht ar an gcúrsa Matamaitice sna meánscoileanna agus ar chaighdeán na múinteoireachta sa seomra ranga ach anois ceapaim gur sna bunscoileanna atá préamhacha na faidhbe lonnaithe: tá sciar áirithe bunscoileanna ann atá ag cliseadh ó thaobh múineadh na mbunscileanna uimhríochta do na daltaí agus tá na daltaí sin ag snámh in aghaidh easa nuair a théann siad isteach sa gcóras meánscolaíochta.
réiteach na faidhbe the solution
" B’in an chéad chéim i bpróiseas atá tionscanta ag an CLG chun teacht ar réiteach na faidhbe.
méid na faidhbe the size of the problem
" Léiríonn sé seo méid na faidhbe agus a thábhachtaí is atá na heagraíochtaí um fheasacht meabhairshláinte.
croílár na faidhbe at the heart of the problem
" Mhaígh siad go neamhbhalbh fiú go raibh gach uile chosúlacht ar an scéal gur le lucht Mafia na Tuirce a bhí baint nach beag ag na híospairtaigh féin agus gurbh é smuigleáil drugaí croílár na faidhbe.
fuascailt na faidhbe baincéireachta the alleviation of the banking problem
" Dar le Ferguson, ní féidir fuascailt na faidhbe baincéireachta a dh’fháilt trí fhiacha nua a ghineadh ná trí dhiansmacht a chur ar na bancanna ach an oiread.
croílár na faidhbe the heart of the problem
" Contúirt an Neamhaitheantais ============== Is é sin croílár na faidhbe i saol na n-inimirceach seo.
bun agus barr na faidhbe the whole problem
" Is í bun agus barr na faidhbe in Éirinn ná nach bhfuil aon reachtaíocht againn a thugann cead don saoránach talamh na tíre a shiúl.
acmhainní móra a chur i dtreo na ‘faidhbe’ sin direct large resources at that problem
" Bheadh ar na Meiriceánaigh acmhainní móra a chur i dtreo na ‘faidhbe’ sin.
na faidhbe of the problem
" Tig linn Tolamaes-iú na faidhbe a ghairm den chur chuige cosantach a chleacht an t-aos léinn sa chás seo.
eisint na faidhbe the essence of the problem
" Ach sin agaibh eisint na faidhbe.
Ní furasta teacht ar fhoinse na faidhbe it’s not easy to get to the root of the problem
" ” Cad chuige an aigne mhaol dhiúltach sin in aghaidh na Gaeilge? Ní furasta teacht ar fhoinse na faidhbe agus d'fhéadfadh an iliomad fáthanna a bheith taobh thiar de, idir sheicteachas, leithcheal, daille intinne, mhothú éada agus eile nach iad.
dtiteann ualach na faidhbe ar the brunt of the problem falls on
" Is cosúil go dtiteann ualach na faidhbe ar mhná agus sa bhliain 2013, ba mhná iad 55% de na cliaint nua.
b’ionann fuascailt na faidhbe the solution was equivalent to
" Ní fhéadfadh an tsochaí “normálachas” a bhaint amach gan an tírghrá sin a chuir béim ar oilithreacht speisialta na hÉireann, agus, más ea, b’ionann fuascailt na faidhbe agus: *“a succession of nationalistic movements, rising and falling, each dissolving into a period of reaction, of provincialism, yet each for all that leaving the nation a little more sturdy, a little more normal, a little less provincial than before.
réiteach gach faidhbe the solution to every problem
" Measann Diarmaid Mac Mathúna go bhfuiltear ag cur an iomarca béime ar an tábhacht a bhaineann le bandaleithead leathan, nach réiteach gach faidhbe é mar a cheapann daoine áirithe.