Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tite fallen
" Faoi lár na nóchaidí, bhí sé seo tite go dtí an leathchuid díobh.
i ndiaidh dóibh titim ar gcúl le deich bpointe after they had fallen ten points behind
" Dáiríre, seans maith gur fháiltigh go leor daoine roimhe ar an ábhar gur amhrán poblachtánach é! An chéad chluiche rugbaí mar chluiche, céard tá le rá faoi? Díomá is mó a bhí ar lucht leanúna na hÉireann toisc gur scóráil an Fhrainc úd sna soicindí deireanacha chun an bua a “robáil” tar éis d’Éirinn troid ar ais i ndiaidh dóibh titim ar gcúl le deich bpointe go luath sa chluiche.
an tóin tite as geilleagar na tíre, the bottom fallen from the country's economy,
" Faraor, is mó is dóichí go gcríochnóidh téarma an Uasail Bush leis an Meánoirthear faoi thine, an tóin tite as geilleagar na tíre, agus go mbeidh sé ar dhuine de na huachtaráin is lú a raibh gean air riamh.
titithe fallen
" Go hiondúil, bhíodh an t-airgead a sábháladh ceangailte isteach leis an stocmhargadh, atá titithe níos mó ná 50% le bliain.
codladh tar éis titim had fallen asleep
" Bhí a scéal féin ag gach duine acu, faoin tiománaí a shuigh isteach sa charr mícheart i ngan fhios dó tar éis dó teacht amach as an leithreas agus ionadh air go raibh an codladh tar éis titim ar an gclann ar fad le linn dó a bheith imithe.
cháil titithe popularity fallen
" A cháil titithe go mór ar na mallaibh, áfach, de dheasca na tubaiste a bhain le príosún Halla Uí Dhroighneáin a bheith caite i dtraipisí agus faoina chuid claonadh i dtreo na heite deise agus coir an Diamhaslú á dhleathú aige.
tóin tite bottom fallen
" Tá an tóin tite as an tír.
aingeal baineann an uabhair the female fallen angel
" Ní minic sna scannáin, nó sa litríocht, anois go smaoiním air, a thagann duine ar Mhaimeó a thugann dúshlán Lady Macbeth mar aingeal baineann an uabhair – mar bhanphrionsa scanrúil an dorchadais.
tite fallen
" Bhí na céatadáin seo tite go 18 faoin gcéad de na fir agus 15 faoin gcéad de na mná faoin mbliain 2007, an bhliain deiridh a bhí staidreamh oifigiúil ar fáil.
tite faoi dhraíocht fallen under (the) spell
" Ná bí buartha, a léitheoirí, níl mé tite faoi dhraíocht an chiníochais.
sleamhnaithe leath bealaigh anuas fallen halfway down
" - (ii) An dara céim ar dhréimire na foghlama is ea éisteacht leis na tráchtairí céanna anois agus sinn sleamhnaithe leath bealaigh anuas in umar na haimiléise.
tite fallen
" Tá líon na gcóálaí ar tír mór san Astráil tite 51 faoin gcéad le trí bliana anuas, de réir an Líonra, agus tá titim de 64 faoin gcéad le sonrú ó cuireadh tús le monatóireacht an Líonra deich mbliana ó shin.
tite fallen
" I bhfocla eile bhí beagnach 61% de na Protastúnaigh a bhreathnaigh orthu féin mar Éireannaigh de chineál éicint sarar thosaigh na Sinn Féin is an PIRA i mbun an fheachtais mharfaigh, ach faoin am ar thuig ceannairí Sinn Féin nach raibh ag éirí leis an bhfeachtas míleata, bhí an céatadán Protastúnach ó thuaidh le féiniúlacht Éireannach de chineál éicint acu tite ón 61% i 1968 go 32% i 1989.
agus an tóin tite as the arse having fallen out of
" I gcás ár dtíre féin tá an-chuid cainte le blianta beaga anuas ar ár gceannasacht geilleagair a bheith caillte againn i ndiaidh teacht na Triarachta i 2010 chun tarrtháil a thabhairt dúinn agus an tóin tite as an ngeilleagar i 2008.
tite chun mífheidhme fallen into ineffectiveness
" Ní hamháin go bhfuil athrú ó bhun go barr ar an ord geilleagair idirnáisiúnta ach tá cuid mhaith de thíortha daonlathacha an iarthair tite chun mífheidhme.
bhfuil laghdú tagtha ar an líon oibre the amount of work (available) has fallen off
" Feiceann Muireann go bhfuil laghdú tagtha ar an líon oibre atá ar fáil agus go bhfuil ‘race to the bottom’ i gceist leis an ghairm chomh maith le neart tionscal eile in Éirinn.
tite go dona fallen badly
" Anuas air sin, bhí tacaíocht do pháirtithe an chomhrialtais tite go dona mar gur chreid muintir na tíre go raibh an cháinaisnéis bunaithe ar bhréaga agus ar ghealltanais sháraithe.
laoch tite fallen hero
" An laoch tite nach bhfuil gean an phobail air a thuilleadh, sin é a tharraing aird Cholaim Mhic Shéalaigh.