Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fhasaigh precedents
" Is é gnó an ghrúpa seo, a bhfuil an t-abhcóide sinsearach Hugh Mohan ina chathaoirleach air, staidéar a dhéanamh ar an dlí, ar chleachtais agus ar fhasaigh sa stát seo agus i dtíortha eile, agus moltaí a chur chun cinn maidir le slite inar féidir dlí na hÉireann ar an gceist seo a fheabhsú le go mbeidh sé ar chaighdeán chomh hard is atá ar fáil i dtír ar bith.
fasach precedent
" Níl a leithéid de phlean gan fasach.
fhasach precedent
" Bhí ceisteanna ann faoin tionchar a d'fhéadfadh sé a imirt ar labhairt na Gaeilge san áit, agus an t-eastát poiblí eile atá ar an mbaile mar fhasach acu - eastát ina bhfuil an Béarla in uachtar.
cás gan fasach a case without precedent
" Sa deireadh lonnaíodh an bailiúchán i Músaem Belvedere i Vín, áit ar fhan sé go dtí gur chuir neacht leis na Bloch-Bauers, Maria Altmann (90), a tháinig slán ó chinedhíothú na Naitsithe í féin agus atá ina cónaí i Meiriceá ó shin, gur chuir sí tús le cás gan fasach sa Chúirt Uachtarach sna Stáit Aontaithe chun go dtabharfaí an bailiúchán ar ais do na hoidhrí dlisteanacha.
fasaigh shoiléire clear precedents
" Dúirt an Cigire Sinsearach Pleanála Kevin Moore go bhfuil fasaigh shoiléire leagtha síos ag an Bhord i gcásanna faoin chéatadán tithe a chaithfear a fhágáil ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
lárúchán gan fasach unprecedented centralization
" ” Ina alt “The Great Depression of the 21st Century,” taispeánann Chossudovsky gurb iad, fiach poiblí gan srian agus lárúchán gan fasach na cumhachta bainc, an toradh a bheidh ar phlean Paulson.
fasach precedent
" Is fasach tábhachtach dlí é seo mar gurb é an chéad uair san Afraic ar aithníodh cearta pobal dúchais ar an talamh a raibh seilbh le hoidhreacht acu air.
fasach precedent
" Chomh maith le sin, de bharr go raibh Breitheamh amháin – ’sé sin an Breitheamh Geoghegan - mar ghuth mionlaigh sa chás sin, ciallaíonn sé nach raibh ach beannacht beirte as ochtar chomhalta de chuid na Cúirte Uachtaraí luaite le fasach Uí Bheoláin.
fasach precident
" Thug Obama “tubaiste ollmhór timpeallachta gan fasach” ar an doirteadh i Murascaill Mheicsiceo.
dhianslándáil gan fasach unprecidented security
" Reáchtálfar na Cluiche Oilimpeacha i Londain idir 27 Iúil agus 12 Lúnasa faoi dhianslándáil gan fasach.
bhí fasach ann there was a precedent
" Bíodh is gur chothaigh an cinneadh naimhdeas láidir, bhí fasach ann do státchabhair eile a thabhairt do na scoileanna príobháideacha.
An bhféadfadh go bhfuil fasach could there be a precedent
" An bhféadfadh go bhfuil fasach i gcás dlí na hEorpa a bhainfeas tuisle as moltaí an Aire Oideachais?
an gcruthódh sé fasach would it start a precedent
" Dá ndéanfaí athdhúichiú ar an tsaothar seo ar fad, cé chomh fada siar ba cheart dul, agus an gcruthódh sé fasach a bheadh inoibrithe? Tá mórán den bharúil gur cás eisceachtúil é dealbha an Phartanóin mar go léiríonn siad ní hamháin buaicphointe shibhialtacht agus cultúr ársa na Gréige, ach tá an saothar sin de dhlúth agus d’inneach fhéiniúlacht na tire chomh maith agus is cúis mhór buartha do phobal na Gréige nach bhfuil an saothar ealaíne seo le feiceáil sa tír is dual dó.