Pota Focal Intergaelic
ate | fat | fata | fated | eat
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a bheith rannpháirteach i gcinniúint a chéile to participate in each other's fate
" Is é a bheith rannpháirteach i gcinniúint a chéile.
Chuir an chinniúint a ladhar isteach sa scéal fate intervened in matters
" Chuir an chinniúint a ladhar isteach sa scéal ansin nuair a tharla an galar crúibe agus béil.
cinniúint fate
" Stair ======= Ba í an Phlandáil Ultach (1609) a chuir cor i gcinniúint na paróiste.
cinniúna fate
" Léas *Cumhacht na cinniúna* le Tomás Bairéad fadó agus gan agam ach Gaeilge na scoile; ar chuma éigin, dhiúltaíos riamh don *kismet*, do nóisean sin na cinniúna.
cinniúint fate
" Bíodh is gur ceanglaíodh cinniúint Nice leis an reifreann in Éirinn, bhí teipthe ar Nice sular thosaigh pobal na hÉireann ag smaoineamh air mar chonradh.
cor i gcinniúint na bpearsana a twist in the characters' fate
" Murach í ní aithneodh sé tús pléascach ná casadh tobann i scéal ná cor i gcinniúint na bpearsana ná na múrtha ábhar eile a gcuireann léitheoirí, idir lucht acadúil agus eile, suim iontu sa litríocht.
mhíchinniúint ill fate
" Í féin a bhí ann, caróg de bhean bhuí, dhera, agus an cloigeann in airde aici, gan aird aici air féin ná ar an teas ach oiread, teas úd an deiscirt (fear é arbh fhearr leis na réigiúin fhuara, ach d'fhág an mhíchinniúint anseo é).
cinniúint fate
" Is iomaí cor is lúb a tharla i gcinniúint na nGael ó shin ar ndóigh agus tá ceart na bpobal iad féin a rialú bainte amach anois.
cinniúint fate
" D’fhéadfaidís a mhaíomh gur cuireadh cor leatromach ina gcinniúint ó tharla b’fhéidir nach bhfuair siad dóthain pointí le tabhairt faoina rogha cúrsa ollscoile, nach bhfuil siad sona sásta ina ngairm bheatha agus nach dtuilleann siad an oiread is a d’fhéadfaidís dá mba rud é gur bronnadh na marcanna orthu a bhí dlite dóibh.
Bhí sé i mo chinniúint it's been my fate
" Bhí sé i mo chinniúint go mbeadh orm leanúint ar aghaidh ag obair, mar tá go leor acu nach bhfuil suim acu in aon rud ach amháin bheith ag úsáid na dteangacha chun páipéir léannta a scríobh, a shaothróidh turais saor in aisce dóibh go dtí an Mhongóil, agus áiteacha mar sin.
cén chinniúint atá i ndán dó what fate lies ahead of it
" “Tá Aontroim Thoir-theas ar a chonlán féin, agus ar a chonlán féin oibreoidh sé amach cén chinniúint atá i ndán dó agus an bealach is fearr chun tosaigh,” arsa Kirkham.
An bhfuil an rud céanna i ndán do Bertie Ahern Will Bertie Ahern be in for the same fate
" An bhfuil an rud céanna i ndán do Bertie Ahern tar éis dó an cineál céanna ráitis a dhéanamh? Dealraíonn sé anois go mbeidh ar Ahern éirí as a phost agus é a fhágáil faoi scamall – deireadh brónach le gairm amhra.
Murab ionann is cinniúint na Teamhrach, unlike the fate of Tara
" Murab ionann is cinniúint na Teamhrach, áfach, tá sé intuigthe go mbeidh dea-chríoch leis an scéal seo do dhaoine óga.
chinniúint fate
" B’fhéidir nach raibh sé sa chinniúint ag Liam go mbeadh sé ina phéintéir mar ní raibh saol sócúil aige agus é ag fás aníos - bhí sé tinn ar feadh i bhfad agus ní raibh mórán airgid sa chlann a ligfeadh dó a aisling a leanstan.
hinniúint an bhalla the wall's fate
" Rinneadh neamhaird ar chinniúint an bhalla – briseadh suas cuid de le dul isteach in autobahn nua, díoladh mionphíosaí eile le bailitheoirí agus thóg cuairteoirí giotaí leo mar chuimhneacháin.
chinniúnt fate
" Ar bhealach is féidir amharc ar stair na sibhialtachta, ní mar choimhlint leis an chinniúnt ná leis an talamh, ach mar choimhlint i gcoinne chroí dorcha an duine féin.
gcinniúint fate
" Cé gur fiagaithe-cnuasaitheoirí a bhí sna Batwa ó dhúchas, rud atá fíor i gcás na bPigmithe go léir, fágann gach cor atá curtha ina gcinniúint nach gcleachtann roinnt mhaith Batwa an saghas sin saoil a thuilleadh.
cinniúint fate
" An tUileloscadh Bhí bolscaireacht mar seo le cloisteáil in aghaidh na nGiúdach sa Ghearmáin sna 1930s agus déanann Buttimer comórtas idir cinniúint na nGael agus na nGiúdach.
mhí-áidh ill-fated
" Is iad an trí dhream is mó a shamhlaímid leis an tír mhí-áidh seo, ar ndóigh, ná na Sunnaígh, na Siaigh is na Coirdínigh agus is cinnte go bhfuil a gcuid d’anachain an tsaoil fulaingthe ag gach dream díobh um an dtaca seo.
oidhe an duine a person's fate
" Ar ndóighe, ní raibh ann ach timpiste i gcás an Bhetelgeuse, ach an rud a bhí gránna ann ná nach raibh na socruithe déanta faoina choinne sin agus go raibh an chontúirt séanta ag comhairleoirí contae agus ag lucht ola agus ag lucht stáit agus ag airí stáit agus ag gach cineál diabhail a shíl go raibh oidhe an duine ina láimh acu agus go raibh an ceart go mbeadh oidhe an duine ina láimh acu.
mí-áidh ill-fated
" Dóchas an Dlí Tá léaró dóchais ag an mionlach mí-áidh, áfach.
Cinniúint fate
" Cinneadh le Glacadh nó Glacfar le Cinniúint =========== Níl Aodán chomh héadóchasach céanna faoin Ghaeltacht áfach, ainneoin go gcreideann sé go mbíonn doicheall ag bunadh na Gaeltachta roimh ionchur óna leithéid, agus an ceart acu, a deir sé.
gcinniúint fate
" ” Níorbh fhada, áfach, gur chuir cúrsaí spóirt cor i gcinniúint na mná óige, rud nach ndéanfar iontas chomh mór sin de nuair a thuigtear go bhfuil cúrsa in iriseoireacht spóirt déanta aici.
a gcinniúint their fate
" ”* Thuig Tom Deirg go maith an bhunchúis a bhí ag cosmhuintir na Gaeltachta le Gaeilge a cheilt ar a gcuid gasúr: ní mba bhuntáiste ar bith dóibh a bheith ag fás aníos sa Ghaeltacht le Gaeilge craicneach gan Béarla líofa acu nuair ab é bád bán na himirce a gcinniúint.
nach dtiocfadh linn “lámh mhuintir na hÉireann a chur i mbéal an mhadaidh we couldn’t tempt fate with the Irish people
" Tháinig rialtas úrnua i gcumhacht faoi Éanna Ó Cionnaith, agus sílim gur tú féin a dúirt ar Raidió na Gaeltachta, san am nach dtiocfadh linn “lámh mhuintir na hÉireann a chur i mbéal an mhadaidh.
chinniúint fate
" Is é barúil choiteann na ndaoine abhus go bhfágadh an mhuintir dhúchais gach uile shórt faoin chinniúint agus go mbíodh a mbeathú ó lá go lá ag brath go hiomlán ar an méid a bhíodh le fáil gan dua sa dúiche ina mbídís ina gcónaí.
An chinniúnt fate
" "An chinniúnt, is dócha: féach an féileacán úd thall atá ar foluain os cionn mo choinnle.
chinnteofar cinniúint na Gaeltachta the fate of the G. shall be determined
" Is le linn do shealsa mar Phríomhfheidhmeanach mar sin a chinnteofar cinniúint na Gaeltachta agus an dtiocfaidh an tuar fán tairngreacht dhuairc a rinne údair an Staidéir Chuimsithigh.
chur an rialtas ina chinniúint performed by the government in its fate
" Tar éis an tsaoil, ba mhó an bhagairt í an imirce don teanga sa Ghaeltacht ná aon chor diúltach ná dearfach a chur an rialtas ina chinniúint.
cinniúint na gcainteoirí dúchais the native speakers fate
" Tá An Chonair Chaoch (2012) lán de thagairtí do na codarsnaí seo a dhealaíonn T1 agus T2 óna chéile agus don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu: ‘Cé go bhfuil cinniúint na gcainteoirí dúchais agus na bhfoghlaimeoirí i dtuilleamaí a chéile, .
faoi chinniúint na nUltach about the fate of the Ulster warriors
" Níl a fhios agam an mbeidh orm turas na Síne a dhéanamh ag cantaireacht sa tSean-Ghaeilge faoi Dheirdre agus faoi chinniúint na nUltach.
i gcinniúint an Chamarúnaigh in the fate of the person from the Cameroons
" Ciallaíonn sé sin gur ar thalamh na hIlchríche Dorcha atá an teorainn idir an Eoraip is an Afraic agus is ag an teorainn seo a tháinig an chéad chor mí-áidh eile i gcinniúint an Chamarúnaigh, Eric Tabo.
coranna casta i gcinniúint an cheantair seo the twists and turns in the fate of this area
" Léiríonn sé na coranna casta i gcinniúint an cheantair seo go bhfuil an struchtúr is sine i mBéal Feirste, an droichead ag Connswater – Abhainn Choinn (baiste as an tiarna Gaelach, Conn Ó Neill) anois i gcroílár an cheantair atá ag seasamh an fhóid (mar dhea) ar son an cheangail leis an Bhreatain.
i ndán dúinn fated, destined for us
" Feictear dom go gceapann go leor Éireannach go bhfuil sé seo i ndán dúinn, go bhfuil sé cineál tuillte againn, go gcaithfidh muid glacadh leis, gur rud é atá ag tarlú dhúinn agus ‘imeoidh mise mo bhealach féin’.
gcinniúint na hÉireann Ireland’s fate
" Agus gan amhras chuir sé cor mór i gcinniúint na hÉireann.
d’éirigh leo an chinniúint sin a sheachaint they succeeded in avoiding such fate
" Bhí siad ann a thuar go gcríochnódh an Afraic Theas amhlaidh, ach buíochas le Dia d’éirigh leo an chinniúint sin a sheachaint.
dá mbeadh an chinniúint sin i ndán were such in fate
" B'fhéidir nár mhiste le státseirbhíseach nó beirt de chuid na linne seo dá mbeadh an chinniúint sin i ndán do Mhícheál freisin: ní cheileann 'Roy Keane na Gaeilge' an mhífhoighid atá air faoin státchóras, faoin gcaoi a múintear an teanga, ná faoin bpolaitíocht áitiúil i gConamara.
cinniúint fate
" ) An bhfuil éifeacht ag d’ainm ort? Nomen est omen a deireadh na Rómhánaigh: tá cinniúint san ainm.
an Cat Mara ill fate
" Ní fios do Ghaelneachaibh an tráth so an Cat Mara a bheith rompu amach ná lena gcúl.