Pota Focal Intergaelic
at | fa | fact | fad | faí
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mór míofar ná beag ramhar big and ugly or short and fat
" Ina shuí ag bun an staighre bhí fear nach raibh mór míofar ná beag ramhar.
mór míofar ná beag ramhar big and ugly or short and fat
" Ina shuí ag bun an staighre bhí fear nach raibh mór míofar ná beag ramhar.
Ghillín large, fat, sleek animal
" "'Sé mo Laoch, mo Ghillín Mearaí," a chaoineann Balor.
mulldaí beag a term of endearment to describe a fat 'cherubic' baby. Only used for babies and children, otherwise usually used to poke fun or in an insulting way
" "Árú cad é an dóigh nach dtiocfadh leat an mulldaí beag seo a mhilleadh?" arsa Nuala agus chrom sí os a chionn.
phutrachán fat clumsy person
" "Tá an Nollaig fuadaithe ag Cóca Cóla agus ag an phutrachán plobartha sin a thionscain siad ag tús an chéid seo caite.
feolamán fat person
" " Dar le Balor Bearránach go mb'fhearr go mór é féin mar Dhaidí na Nollag ná feolamán díolta Chóca Cóla.
saill mhuice bacon fat
" " Ní hamháin go ndéanann daoine a gcuid cócaireachta mar a rinne a muintir rompu - an ghnáthstíl dheisceartach, gach rud friochta i mblonag nó saill mhuice - ach tá glasraí úra agus bia sláintiúil eile daor agus tá sé deacair teacht orthu.
mheilleoga feola rolls of fat, spare tyres
" Bhí sé ina mheilleoga feola agus chuir sé a sáith iontais uirthi go raibh sé ábalta an cineál seo oibre a dhéanamh ar chor ar bith.
tóiteag bheag fhalsa lazy little fat girl
" " Bhí Áine ag coinneáil súil mhaith ar Bhríd nó bhí a fhios aici gur tóiteag bheag fhalsa a bhí inti.
ag teannadh suas leis an meilleoga feola sin squeezing up against those rolls of fat
" Char mhaith liom a bheith ag teannadh suas leis an meilleoga feola sin," arsa Nuala.
an náisiún is raimhre the fattest nation
" Cé gurb é Meiriceá "an náisiún is raimhre ar domhan" go fóill, tá na coinníollacha céanna is cúis le Meiriceánaigh a bheith chomh ramhar sin ag teacht chun cinn in Éirinn sa ré seo tar éis an Tíogair Cheiltigh.
geire fat
" Ní hamháin go mbíonn roinnt mhaith geire agus calraí i mbeatha na gnáthbhialainne, ach tá na "super sizes" agus na "*value meals*", agus na béilí eile a bhfuil ainmhéid iontu, ag cur le heipidéim na raimhre ar fud Mheiriceá fosta.
ba ramhra donna fat brown cows
" Tá cuma gharbh ar an talamh, ach bhí ba ramhra donna ar féarach anseo is ansiúd agus laonna leo.
Is beag is eagal domh fat chance
" " "Is beag is eagal domh," arsa Dónall leis féin.
Bróis déanta fat mess (referring back to her stomach)
" "Bróis déanta," arsa Ingrid agus chroith sí a ceann.
putrachán plobartha bloated/fat-cheeked clumsy person
" Seo chugainn arís an Nollaig agus an fústar ar fad; an putrachán plobartha sa chulaith dhearg agus bhán ag gáire os ard, agus na mná óga dathúla ar fad ag stánadh go grámhar isteach ina shúile, mar dhea.
glugaí blonagach fat flabby person
" Breast an glugaí blonagach agus a Hó! Hó! Hó! Breast muintir Coca Cola a thionscain an húr an chéad lá riamh.
saill mhuice pork-fat
" Agus in aice leis, i mbloclitreacha móra tá scríofa *Up The Dubs*! Agus cad é atá scríofa ar an léarscáil seo in aice le príomhchathair Chorca Dhuibhne? Bhuel, ós rud é gur fear mór comhghéillte é Ó Caoimhnis, mar is eol do chách, agus ós rud é nach féidir an troid idir lucht an Daingin agus lucht Dingle a choinneáil ag gabháil mórán níos faide, rinne Balor tuar agus tairngreacht agus chruthaigh sé logainm úr a bheas inghlactha don dá thaobh: *Dingle Uí Chúis!* Do Mháire Ní Chlochráin, an bhean a chaith seal sa Roinn chéanna agus atá anois ag déileáil le cuótaí bainne, le coirce, le cruithneacht, le saill mhuice agus le feoil mhairt, tá bronntanas ar leith ag Balor ina shac Nollag – cúpla cloch meáchain de shiúcra candaí.
gheir fat
" Shamhlaigh sé aghaidh Artair agus é ag gabháil dóibh go díbhirceach, subhachas ag leathadh ar a chraos agus an gheir ag rith isteach ina bhéal bréan.
róghar do mhianta bhoic mhóra an ghnó too close to the desires of the fat cats of business
" Beidh sé le rá faoin rialtas atá faoina stiúir go bhfuil siad róghar do mhianta bhoic mhóra an ghnó.
Balor an Biatach Blonagach Balor the Flabby Fat Person
" Bhrúigh Balor an Biatach Blonagach a bhealach fríd na sluaite, bhailigh sé cúig bhairille pórtair leis ón bheár, agus ar aghaidh leis amach go dtí forhalla an óstáin, áit a raibh rudaí ní ba shéimhe, ní ba chiúine, ní ba chosúla leis an seanam, agus áit a raibh cuid mhór de sheanchairde Bhaloir cruinnithe le bheith ag ól agus ag ceol go maidin.
ar thóineanna ramhra, on fat backsides,
" Is breá liomsa iad a fheiceáil taobh amuigh, in ionad iad a bheith sáite os comhair scáileán teilifíse nó ríomhairí ar thóineanna ramhra, go háirithe agus muid i ré ina bhfuil fadhb an mhurtaill ag méadú de shíor i measc na hóige.
go bhfuil muintir na hAstráile ar an dara daonra is raimhre ar domhain. that Australians are the second fattest population in the world.
" Baineadh geit astu ní ba luaithe i mbliana nuair a foilsíodh tuarascáil a léirigh go bhfuil muintir na hAstráile ar an dara daonra is raimhre ar domhain.
ina suí ar a dtóineanna ramhara sitting on their fat backsides
" Ach is trua é gur baolach go mbeidh lucht leanúna spóirt na tíre seo ina suí ar a dtóineanna ramhara ag breathnú orthu ar a scáileáin leathana.
geire fat
" Géaga móra fada dubha; coirp fhoirfe; chomh caol le cúanna; gach matán le feiceáil; Adonises; gan pioc geire ar ’nduine acu.
phutrachán fat kid
" “Tá an Nollaig fuadaithe ag Cóca Cóla agus ag an phutrachán plobartha sin a thionscain siad,” a mhaíonn sé, “agus ní Brains Cowen atá i gceist agam!” Breast Rúdolf! Dar le Balor Bearránach go mb’fhearr go mór é féin mar Dhaidí na Nollag ná feolamán díolta Cóca Cóla.
phatachán fat kid
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
dtáinig bolg air got fat
" Bíodh sé fíor nó bréagach, bhí an cháil amuigh gur earnáil í seo a dtáinig bolg air le linn caiteachas rábach réimeas an Tíogair Cheiltigh.
tháinig bolg orainn we became fat
" Ach chaith muid rófhada i gcumhacht agus tháinig bolg orainn le teann sotail is le falsacht aigne.
blonag fat
" Úsáidtear blonag an ainmhí mar fhuinneamh lena choinneáil ag imeacht ar an gcaoi sin fad is a bhíonn sé ag geimhriú.
mblonag fat flesh
" Leis an mblonag mealltach orthu, go feiceálach, bainfidh siad plaic i ndiaidh a chéile as an bhfeoil bhlasta.
boic mhóra áirithe certain fat cats
" Níor luaigh sé May Mac Ránais ar chor ar bith, a múinteoir Gaeilge pearsanta a bhíonn ag briseadh a thóna ó cheann ceanna na bliana ag iarraidh cur leis an chúpla focal atá aici, in ainneoin na leithscéalta ar fad a bhíonn aici faoin obair bhaile gan a bheith déanta: cruinniú leis an Phápa; dinnéar le hAngela Merkel; lón le Nicolas Sarkozy… May bocht! Nach diabhalta an jab atá aige! Folúsghlanadh Tóna =========== Daoine eile a mbíonn jab deacair acu ná glantóirí na seomraí sna tithe ósta a mbíonn boic mhóra áirithe ag fanacht iontu.
bholg biata blonagach his buttery fat belly
" I ndáiríre píre is idir dhá áit atá sé, nó tá sé ag iarraidh a intinn bhocht a shocrú ar ionad saoire chun cúpla seachtain a chaitheamh ann ar a shuaimhneas, a bholg biata blonagach le grian gheal dheireadh an tsamhraidh, a thóin théagartha thathagach le gráinníní gainmheacha na trá, cúpla galún de shú na braiche áitiúla lena thaobh, agus scaifte péas armtha ina seasamh i bhfáinne thart air chun mná óga áille na háite a choinneáil amach óna cholainn fhearga fheiceálach.
Blonaige fat
" Nuair a d’éirigh le Balor Biatach na Blonaige a cholainn chaomh a fháisceadh suas staighre cúng an teachín seo, agus trí dhoras caol na hoifige, ba bheag an spás a bhí fágtha sa seomra.
ní áirím na toicithe ramhra not to mention the fat cats
" Bíonn na bithiúnaigh ina suí in íoslach beag dorcha éigin “amuigh ansin” – ní áirím na toicithe ramhra a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin laistigh de na boghtaí bainc in Éirinn le blianta beaga anuas! Is minic a ghoidtear airgead trí ainmneacha agus pasfhocail daoine eile a sciobadh uathu.
chuir an lasair sa bharrach put the fat in the fire
" An rud a chuir an lasair sa bharrach ná gur baineadh feidhm an cheannaire de Terry agus tugadh suaitheantas an chaptaein do Steven Gerrard, Learphollach, fear atá sách ciúin ann féin agus nach raibh an tóir chéanna aige ar an bpoiblíocht agus a bhí ag Terry.
rialtóir ramhar the fat governor
" Ach na coinbhinsiúin – is léir go bhfuil an Páirtí Poblachtach ag luascadh i dtreo na heite deise, ach is beag duine ón taobh sin a bhfuil tarraingt aige i measc na cosmhuintire, taobh amuigh de Chris Christie, rialtóir ramhar Nua-Gheirsí.
an Biatach Beathaithe the fatted hosteller
" Bhuel, tá an Nollaig thart go ceann bliana eile, a léitheoirí dílse, agus nach é Balor an Biatach Beathaithe atá thar a bheith sásta.
An Titim Chun Feola getting fat
" Bheadh seisean ag gearán agus ag olagón: ‘Cén fáth go bhfuil cead ag Obama agus nach bhfuil cead agamsa?’ An Titim Chun Feola ======== **Balor: Luaigh tú cúrsaí meáchain ar ball, a Michelle.
duine a bhí ag titim chun feola a person who was becoming fat
" Nuair a bhreathnaigh mé sa scáthán chonaic mé duine a bhí ag titim chun feola in ionad a bheith ag éirí níos lú.
stán mór ramhar amháin one big fat tin
" Bhain mé na seilfeanna cúil amach agus chonaic go raibh stán mór ramhar amháin de phúdar bainne fanta agus cheannaigh mé é.
gloine lán gheire na staire a glass full of history’s fat
" Ach ní deoch mheisciúil atá i gceist anseo ach gloine lán gheire na staire, an díoltais, an forchiníochais agus an fhuatha.
Blonagach fat
" Tá súil agam go raibh Nollaig mhór mhaith agaibh, a léitheoirí dílse, agus gur bhain sibh ceol agus sú as an chearc fhrancach agus eile – mar a bhain Balor Blonagach gan dabht.
mór agus ramhar large and fat
" Bhí sé mór agus ramhar agus ba léir gur thaitin an bia leis.
Caitheadh lasadh sa bharrach the fat was thrown in the fire
" Caitheadh lasadh sa bharrach leis an bhfógra seo, agus d’eascair díospóireacht fhíochmhar eatarthu siúd a d’aontaigh leis an gcairt, na Franca-Cheanadaigh (scarúnaíthe agus lucht na tuaithe don chuid is mó), agus an chuid eile a d’easaontaigh leis (muintir na cathrach agus lucht an Bhéarla don chuid is mó).
fear ramhar a fat man
" Is fear ramhar é nach dtugann aire cheart dó féin agus bíonn sé fial lena chuid cainte nuair a fheiceann sé daoine ag siúl thart sa tsráid.
an Ridire Ramhar the fat knight
" An tAmadán, an Póca Teann, Norman Bates agus an Ridire Ramhar ag iomrascáil lena chéile os comhair comharsa bhaineann nua.
ag éirí níos raimhre getting fatter
" Tá páistí in Éirinn agus i dtíortha forbartha eile ag éirí níos raimhre.
ag titim chun feola getting fat
" Tá muintir Mheiriceá ag titim chun feola agus tá go leor tuairimí i measc an phobail faoin fhadhb agus faoin dóigh is éifeachtaí le déileáil léi, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.
ag titim chun feola getting fat
" Tá páistí na tíre ag titim chun feola agus cuireann Colm Mac Séalaigh an locht ar na polaiteoirí nach bhfuil sásta airgead stáit a chaitheamh ar áiseanna spóirt.