Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lochtach faulty
" Chuala an fiosrúchán gur scríobh Shipman cúiseanna bréige ar 215 teastas eile ar an laghad agus dúirt Angela Woodruff go raibh sé ábalta leanúint ar aghaidh mar seo de bharr go raibh an córas lochtach agus nár chaith duine ar bith amhras air go dtí bás a máthar féin.
an gcomhpholasaí lochtach seo this faulty common policy
" ) In áit aon mhórleasú a dhéanamh ar an gcomhpholasaí lochtach seo, áfach, ní dhearna na hairí mara ach pleananna bainistíochta ilbhliana a thabhairt isteach (más mall is mithid) agus cúpla mionleasú eile.
córas lochtach faulty system
" córas lochtach ======= Ag croí na faidhbe tá an córas lochtach faoina shocraítear na cuotaí éisc san Aontas Eorpach.
lochtach faulty
" Bhí an tine lochtach agus de thairbhe gás ag éalú amach as tháinig cineál fanntaise ar Bhalor bocht.
lochtach faulty
" Ba léir go raibh roinnt den eolas a bhí ag na Coimisinéirí lochtach agus gur chuir bainisteoirí bainc comhairle mhí-ionraic ar dhaoine.
fabhtacha faulty
" Cosa tinne fabhtacha ab fheiliúnaí do thástálacha is do thaighde, ba dhóigh, ní píosa as seo agus píosa as siúd.
polasaí lochtach faulty policy
" Mhothaigh sé gur thosaigh na liobrálaigh nua-aoiseacha ag baint úsáid fhairsing as an chinsireach chun daoine a smachtú agus a choimeád ar imeall na sochaí agus, ar an drochuair, gur lean an polasaí lochtach seo ar aghaidh ar feadh blianta fada na coimhlinte.
fabhtach faulty
" Tá dhá ghné den chultúr a bhaineann leis na cluichí s'againne atá fabhtach.
lochtach faulty
" Is iad na saineolaithe ríomhaireachta is cúis leis an bhfadhb, idir na daoine a chuir bogearraí lochtacha ar fáil agus na daoine a bhíonn ag scríobh na víreas.
lochtach faulty
" Chuir Coimisiún na hEorpa tuarascáil ar fáil ar Charraig Mhaighin a léiríonn go sóiléir go raibh an Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol lochtach.
lochtach faulty
" Tá dhá rogha agat: is féidir leat drochaisteoir a bhfuil togha na Gaeilge aige a roghnú nó sáraisteoir ag a bhfuil Gaeilge lochtach a fhostú.
lochtach faulty
" " Is léir ón taighde a rinne an Dochtúir Newman go bhfuil an Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol (RTC) thar a bheith lochtach sa chás seo freisin.
lochtach faulty
" In ainneoin cé chomh lochtach is a bhí an fhaisnéis roimh an ionradh, dúirt an rialtas go ndéanfaidís an cleas céanna arís agus nach raibh aiféala ar bith orthu.
chóras lochtach faulty system
" Ach ní léir go bhfuil aon leasuithe i ndán don chóras lochtach a chothaigh an fhadhb seo sa chéad dul síos.
fabhtach faulty
" Bhí cuid de na tráchtairí á rá go ndearna tacaithe ar an dá thaobh an iomarca botún agus nach bhféadfaí a rá gur sárchluiche a bhí ann dá bhrí sin, ach measaim féin go raibh an léamh sin ar an gcluiche fabhtach.
lochtach faulty
" Osama bin Laden ======= Ní ba luaithe sa chomhrá, dúirt sé go bhfeiceann daoine an t-aingeal i ndaoine a bhfuil siad mór leo, is cuma cé chomh lochtach is atá siad.
lochtach faulty
" Ní mór dóibh siúd dul i dtuilleamaí an chórais, fiú más lochtach an córas é.
lochtach faulty
" Ach nuair atá deireadh ráite is é an cur chuige (nó an easpa cur chuige) atá lochtach seachas an coincheap féin.
lochtach faulty
" Stuacach agus ceanndána, áfach, agus a bhreithiúnas lochtach i dtaca leis an láimhseáil a rinne sé ar an chonspóid faoi Chás A agus sa dóigh inar shantaigh sé ceannaireacht a pháirtí féin ag am míchuí.
earraí fabhtacha faulty ware
" Dhéanadh baill áirithe d’fhórsaí cosanta Cheanada clamhsán faoin easpa maoinithe a thabharfadh orthu earraí fabhtacha den chineál sin a cheannach.
Béarla lochtach, faulty English,
" Is éacht é seo do bhean nach bhfuil ach 27 bliain aici agus Béarla lochtach, leis.
lochtach faulty
" Ritheann an cheist chéanna liom arís is arís eile agus mé ag breathnú orthu: cén sórt oideachais a fuair na daoine óga seo ó thaobh an cheoil de? Oideachas ceoilTuigim go maith nach bhfuair an chuid is mó acu oideachas foirmiúil ceoil riamh – agus ní gá go gciallódh sé sin go bhfuil siad lochtach ó thaobh an cheoil de mar gheall ar an easpa sin.
lochtach faulty
" Mar sin, ní rabhthas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán – rud a bheadh lochtach ann féin – ach bhíothas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán ar chualathas cur síos air.
fabhtach faulty
" Coicís ina dhiaidh sin, dhearbhaigh imscrúdaitheoirí de chuid an FBI gurbh é nimhiú ó théitheoir gáis a bhí fabhtach ba chúis lena bhás.
lochtach faulty
" “Le blianta anuas, táthar ag cumadh agus ceapadh "táirgí úra airgeadais" le fadhbanna a sheachaint nó a mhaolú ach táthar ag fáil amach go bhfuil na táirgí úra sin féin lochtach," ar sé liom i mbliana.
saormhargadh lochtach freemarket (is) faulty
" Fíorluach agus luach an mhargaidh Tá sé tuigthe ag eacnamaithe le fada an lá – nó ag cuid mhaith acu – go bhfuil an saormhargadh lochtach.
lochtach faulty
" Tá a leithéid de chóras lochtach, dar liom, agus is furasta don té atá mí-ionraic teacht i dtír air.
bonn lochtach a faulty basis
" Braithim mar sin go bhfuil bonn lochtach faoin staidéar ón tús sa mhéid is go bhfuil sé bunaithe ar an teoiric gur cheart go mbeadh ionannas agus cothromaíocht fostaíochta idir daoine le Gaeilge agus daoine le Béarla.
lochtach faulty
" Ar an drochuair, tá fianaise acu gur foras thar a bheith lochtach ag barr Chnoc an Anfa agus nach bhfuil an seanmhúnla seicteach briste agus córas úr a bhéarfadh dóchas do gach duine curtha ina áit.
fabhtach faulty
" An “dátheangachas fabhtach” a thugann an Dr.
Glas lochtach a faulty lock
" Glas lochtach a ba shiocair leis an tsáinn a raibh sí agus toisc nach gcónaíonn aon duine eile léi, ní raibh éinne ann a thiocfadh i gcabhair uirthi.
lochtach faulty
" Má tá an Bord atá ann faoi láthair lochtach, bheadh Bord den chineál sin níos measa fós, im’ thuairimse.
lochtach faulty
" Anois dá mbeadh an obair cheamara lochtach, ní ghlacfadh siad leis, ní chraolfadh siad é! Dá mbeadh an fhuaim lochtach, ní chraolfadh siad é, ach craolfaidh siad an drochthráchtaireacht lofa, an fear atá ag cur an chláir i láthair nó ag déanamh an cheangail.
fhabhtach faulty
" Seo bean leochailleach, chruaidh, fhabhtach, ghrástúil, aoibhinn, cliste, láimhsitheach, nuair ba ghá – bean chreidiúnach, iomlán daonna.
fhabhtacht faulty
" Ach is é bua an leabhair nach ndéantar na gnéithe míthaitneamhacha den pheil Ghaelach a cheilt agus trí insint lom, fhírinneach na n-imreoirí go gcaitear solas ar an uirísle, an fhabhtacht agus ar an bhfalcaireacht a bhíonn chun cinn uaireanta ar pháirc na himeartha.
lochtach faulty
" Nach é seo an t-am le Peter Robinson seasamh taobh thiar de na daoine sin a bheas thíos le cur chuige geilleagair atá chomh lochtach sin, dar le saineolaithe airgeadais an FT féin.
lochtach faulty
" Thug tionscadal de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann le fios go bhfuil ár gcóras oideachais lochtach ó thaobh teangacha de.
lochtach faulty
lochtach faulty
" É sin ráite, sheas an daonlathas in Éirinn, bíodh is go raibh sé lochtach, nuair a chlis air ar fud na hEorpa – sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, sa Spáinn, agus sa Phortaingéil.
lochtach faulty
" Thuigeamar leis go bhféadfadh an córas moltóireachta a bheith lochtach faoi mar a bhí ar uairibh san am a caitheadh.
socrú fabhtach faulty solution
" Cha raibh aontachtaithe dúra n 6-chontae sásta a muinín a chur in uimhríocht Parlaiminte agus fuair muid an socrú fabhtach a bhí againn le 50 bliain.
lochtach faulty
" Cé go bhfuil an tAcht Gaeltachta lochtach, tá áthas an domhain orm go bhfuil an cúram ar na comhlachtaí pobalbhunaithe.
cheannaireacht fhabhtach faulty leadership
" Dhírigh na soilse scáfara seo an spotsolas ar cheannaireacht fhabhtach na bpáirtí polaitíochta aontachtacha, an DUP agus an UUP araon.
tuiscint lochtach mearathalach a faulty mistaken understanding
" Nuair a d’fhógair Mikołaj Kopernik (1473-1543) don saol gur tuiscint lochtach mearathalach ab ea an tuiscint cheannasach cosmeolaíochta a bhí suas lena linnse .
d’údaráis lochtacha faulty authorities
" Breathnaíonn daoine áirithe orthu mar fhir chróga a thug dúshlán d’údaráis lochtacha a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir na tíre, ach mothaíonn a lánoiread nach raibh i gceist leo ach coirpigh uirísle a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin.
lochtach faulty
" Tá ganntanas póilíní ann, tá an soláthar uisce agus an tseirbhís bhailiúchán bruscair lochtach.
córais oideachais agus shláinte lochtacha faulty education and health systems
" Liosta gan áireamh a bhí sna cúiseanna gearáin acu: costas ard an iompair phoiblí, caimiléireacht, córais oideachais agus shláinte lochtacha, foréigean na bpóilíní agus míle rud eile.
Reachtaíocht Lochtach faulty legislation
" Is cuid den córas parlaiminte sa stát seo, go bhfuil sé ceadaithe don Taoiseach bagairtí oscailte a dhéanamh ar Theachtaí Dála, vótáil do réir mar a shocraíonn an rialtas, fiú amháin má tá sin ag dul glan in aghaidh geallúintí a tugadh don phobal sa toghchán inar toghadh na Teachtaí Dála go daonlathach! Reachtaíocht Lochtach ========= Is í mo thuairimse gur Reachtaíocht Lochtach atá sa Bhille faoin nginmhilleadh, ar ghlac tithe an Oireachtais leis roimh bhriseadh an tsamhraidh.
an chrág lochtach the clutch faulty
" Deirtear go mbíonn an chrág lochtach.
lochtach faulty
" Ach cionn is go bhfuil sé gasta in áit a bheith mall, agus go bhfuil sé garbh in áit a bheith cruinn, is minic a bhíonn sé lochtach.
a lochtaí is atá réasúnaíocht how faulty (human) reasoning is
" Léiríonn Kahneman tríd a chuid turgnamh féin agus na céadta eile a rinne taighdeoirí ar fud an domhain a lochtaí is atá réasúnaíocht, nó eagna, an duine.
a lochtaí is atá eagna an duine how faulty human wisdom is
" Muid Féin Araon ====== Cuireann Kahneman síos ar go leor leor turgnamh mar seo ina léiríonn sé a lochtaí is atá eagna an duine.
a bhfuil modh oibre na mbreitheamh lochtach the judges’ work method is faulty
" Tugann Kahneman léargas dúinn ar an dóigh a bhfuil modh oibre na mbreitheamh lochtach, agus an dóigh ar féidir feabhas a chur ar chóir phianmhar leighis, agus ar an dóigh nach bhfuil in obair na “dtiarnaí airgeadais” ach feallaireacht agus cur i gcéill.
lochtach faulty
" Tá an daonlathas liobrálach lochtach gan amhras agus tá an córas caipitlíoch míchothrom.
bhí an chuimhne s’acu lochtach their memory was faulty
" Ach má bhí, bhí an chuimhne s’acu lochtach.
lochtach faulty
" Tá Colm Mac Séalaigh go láidir den tuairim go bhfuil cuid mhór de na córais agus rialacha atá ag Cumann Lúthchleas Gael thar a bheith lochtach.
an-lochtach very faulty
" Measann Tony Birtill go bhfuil leabhar nua faoi na hÉireannaigh i Learpholl, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair, an-lochtach de bhrí gur thug an t-údar neamhaird ar na foinsí Gaeilge.