Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhara rogha na coitiantachta second favourite
" Díol spéise é go raibh Ledwith mar dhara rogha na coitiantachta nuair a ceapadh an Cairdinéal Desmond Connell mar Ard-Easpag ar Bhaile Átha Cliath i 1988.
an t-amhrán is ansa liom my favourite song
" AÓF: An bhfuil aon amhrán ar leith a sciobann do chroí? ÉÓD: "Eileanóir na Rún" an t-amhrán is ansa liom.
rogha na coitiantachta the favourites
" Is é an tAire Sláinte Mícheál Ó Máirtín agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Brian Cowen, rogha na coitiantachta.
rogha na coitiantachta the favourites
" É fós sna déaga ar nós Setanta, bearradh lom gruaige aige ("skinhead" a thugtaí ar a leithéid, agus bhí sé an-neamhchoitianta i measc imreoirí peile agus iománaíochta san am), rinne Jimmy Barry rud nach bhfuil déagóir in ainm is a dhéanamh i gcluiche ceannais na hÉireann: cúl dána, sotalach a ghnóthú a bhuafadh an chraobh i gcoinne rogha na coitiantachta.
Rogha na coitiantachta favourites
" Rogha na coitiantachta a bhí iontu fosta agus airgead leath na tíre orthu mar mhuintir Allied Irish Banks.
an t-amhrán ab ansa leis an bPápa the Pope's favourite song
" Ag deireadh craolta i Lublin d’fhan na sluaite le “Barka”, an t-amhrán ab ansa leis an bPápa, a rá.
an t-amhrán ab ansa leis an bPápa the Pope's favourite song
" Ag deireadh craolta i Lublin d’fhan na sluaite le “Barka”, an t-amhrán ab ansa leis an bPápa, a rá.
Ceann de na huirlisí is ansa liom. One of my favourite instruments.
" Ceann de na huirlisí is ansa liom.
rogha na coitiantachta the favourite
" Agus tá sé mar rogha na coitiantachta chomh maith, *so he is*.
Ba é an dílseoir ab ansa le náisiúnaithe he was nationalists' favourite loyalist
" Ba é an dílseoir ab ansa le náisiúnaithe agus b'fhearr leis focal fada ná focal gearr, ach ba mhinic a léirigh Ervine an fhirinne lom agus moilleadóireacht ag dul ar aghaidh i measc a chomhghleacaithe sna páirtithe aontachtacha.
na háiteanna eile is ansa le múinteoirí na hÉireann the other places which are favourites of the teachers of Ireland
" Na múinteoirí bochta! Tá siad i ndiaidh cúig seachtaine a chur isteach gan saoire thar lear, na créatúir! Ní bhfuair siad a dhath ar bith ón phróiseas tagarmharcála, agus anois tá an priompallán sin Micí Ó Leery ag ardú phraghas na n-eitiltí amach as Baile Átha Cliath chuig Monte Carlo agus Nice agus Monaco agus na háiteanna eile is ansa le múinteoirí na hÉireann dul ag an bhriseadh lár téarma.
Rogha na coitiantachta the favourite
" Rogha na coitiantachta de ghnáth, is ea go nglactar le John (“Johnny”) Giles, an ceannfort lár páirce, a ndearnadh a lá breithe seachtó bliain a chomóradh le déanaí.
an t-éan is ansa liom ansin my favourite bird
" Is é an gainéad an t-éan is ansa liom ansin - tá sé an-mhór, an-deartha is maorga agus tá sé go hiontach é a fheiceáil ag tolgadh anuas ó airde an aeir síos díreach ingearach ag 90 céim isteach san fharraige le hiasc a cheapadh faoin fharraige.
Is í rogha na coitiantachta she’s the favourite
" Is í rogha na coitiantachta don bhonn óir agus cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbuafaidh sí (ach oiread le hiomaitheoir ar bith eile), is féidir a rá go bhfuil na tréithe sin atá riachtanach chun an bua a fháil aici – an scil, an croí, an diongbháilteacht, an cur chuige, an teacht aniar, an taithí agus an fhéinmhuinín.
rogha na coitiantachta favourite
" Is í foireann iontach Chill Chainnigh atá i gcónaí ar bharr an dréimire agus mar rogha na coitiantachta maidir le Corn Mhic Cárthaigh a bhuachan.
cóip dá rogha dánta a copy of his favourite poems
" ) Ar aon chuma, bhí an-áthas orm cóip dá rogha dánta i nGaeilge a bhronnadh ar an mórfhile K.
comhroghanna na coitiantachta the favourites
" Ba iad na rábálaithe Afra-Mheiriceánacha, Tommie Smith agus John Carlos, comhroghanna na coitiantachta sa rás, ach d’éirigh le Norman críochnú chun tosaigh ar Carlos.
i dtuairim na coitiantachta favourite
" Foilsíodh roinnt pobalbhreitheanna tar éis aiséirí Rudd a léirigh go bhfuil na páirtithe móra gob ar ghob, ach go bhfuil Abbott i bhfad chun cúil ar Rudd i dtuairim na coitiantachta mar phríomh-aire.
is ansa leo is their favourite
" Mhínigh an díoltóir dom gurb é San Nioclás an Naomh is ansa leo in Eaglais Ceartchreidmheach na Rúise agus gur Rúisigh iad ochtó faoin gcéad de na turasóirí a thagann ar chuairt nó ar pheiliríneacht ansin.
rogha na coitiantachta the favourite(s)
" Agus is í foireann Átha Cliath rogha na coitiantachta agus rogha na ngeallghlacadóirí chun Craobh na hÉireann a bhuachan in 2014.
an t-údar is rogha liom my favourite author
" Rinne mé céim Bhéarla sa choláiste, mar sin, thum mé mé féin sna saothair mhóra ansin, ach is é Roehl Dahl an t-údar is rogha liom, cheapfainn.
aoibh na ndaoine ar Phutin the peoples’ favourite
" Beidh lá eile ag al-Assad a deir Brian Ó Broin, rud a fhágann Obama faoi smúid agus aoibh na ndaoine ar Phutin.