Pota Focal Intergaelic
féad | fad | feac | feadh | feag
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fead ghlaice finger-whistle
" Le sin, rinne Frank fead ghlaice agus seo anall tacsaí.
go bhfeadfaí a rá that it could be said
" Agus taitníonn Bertie Ahern le go leor daoine, is cosúil – is amhlaidh go bhfeadfaí a rá go bhfuil a phearsantacht ar cheann de na buanna is mó atá aige.
feadaim I whistle
" Canaim é, feadaim é agus braithim easnamh ann - tuigim go bhfuil tríú cuid ag teastáil.
d'fheadfá a rá you could say
" 
Fuair mé freagar gonta, d'fheadfá a rá.
an fhead deiridh the last whistle
" Fiú más iad na curaidh a bhí ina gcoinne, an fhoireann ab fhearr ar fad le roinnt blianta anuas, shíl chuile dhuine go ndéanfaidís cluiche maith de, go mbeadh coimhlint ghéar ann, go mb’fhéidir go mbeadh an imirt idir dhá cheann na meá suas go dtí an fhead deiridh.
i ndeireadh na feide giving their last gasp
" Láimh leis an Bhás ======= Caithfear a thuiscint go raibh na marthanóirí brúite in aice leis na daoine a fuair bás, páistí ina measc - chuala siad iad ag scairteadh amach, chonaic siad dreach an uafáis ar a n-aghaidheanna, mhothaigh siad a gcoirp ag streachailt, bhí siad taobh leo nuair a bhí siad i ndeireadh na feide, ag druidim leis an éag, agus ansin nuair a d’fhill siad abaile chuala siad ó na meáin chumarsáide go raibh an locht orthu féin, d’ainneoin a gcrógacht ar an lá.
bhfeadfaí saoirse a bhaint do chimí ar athchur remand prisoners could be freed
" Am ar bith a raibh Ó hEára os comhair na cúirte, dhiúltaigh sé seasamh, pléadáil nó an cúirt a aithint ach an bhliain sin, roghnaíodh seacht gcas ina bhfeadfaí saoirse a bhaint do chimí ar athchur ach iad an chúirt a aithint.
ag deireadh na feide at the end of his tether
" Agus é ag deireadh na feide, rith sé i dtreo an phobail ach cuireadh stop lena shodar nuair a leag sé Pam Mc Connell, comhairleoir cathrach atá sna seascaidí.
d’fheadfá a bheith you could be
" Mheall ceiliúradh San Patricio na sluaite - bíodh baint acu le hÉirinn nó ná bíodh - agus d’fheadfá a bheith in áit ar bith in Éirinn - mura raibh gach duine ag caint i Spáinnis! Lá na Féile Pádraig féin, chuaigh mé chuig Colegio Santa Brigidia, scoil ghalánta ar Avenida Gaona a bhunaigh an Asociación Católica Irlandesa in 1899 ach bhí ceol agus craic, pinsinéirí súgacha agus tachráin ghealgháireacha ag caitheamh éadaí glasa agus teaghlaigh ag baint suilt as a n-oidhreacht chultúir faoi sholas na gealaí.