Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar ar feallmharaíodh JFK on which JFK was assassinated
" " Go deimhin, le cúpla seachtain anuas, díreach, agus muid ag tarraingt ar chothrom an lae ar ar feallmharaíodh JFK daichead bliain ó shin, táthar tar éis ualach leabhar eile a fhoilsiú faoi mhuintir Chinnéide.
fheallmharú assassination
" Nuair a chuala Dowd faoi bhás tragóideach Kelly anuraidh, chuimhnigh sí ar Pat Moynihan agus an méid a dúirt sé tar éis fheallmharú JFK: "Ní dóigh liom gur fiú duit a bheith i d'Éireannach mura bhfuil a fhios agat go bhfuil an saol seo chun do chroí a bhriseadh sa deireadh.
fheallmharú assassination
" Tá cur síos ina fhíseán siúd, *Un Ballo in Maschera (A Masked Ball)*, ar "fheallmharú an Rí Gustav II trí mheán an damhsa.
fheallmharú assisination
" Postmháistír ginearálta ======= Tar éis fheallmharú Kennedy, d’oibir O’Brien don Uachtarán Lyndon Johnson, agus bhain sé an post mar phostmháistir ginearálta amach sa deireadh.
Tchí sé feallmharaithe he sees assassinations
" Tchí sé feallmharaithe, bíonn sé ag déileáil le spiairí Gearmánacha, scriostar an t-eitleán a bhfuil sé ann ach tagann sé fríd agus faigheann sé an bhean is dóighiúla sa scannán.
a feallmharaíodh. who was assassinated
" Fir agus mná den traidisiún Críostaí atá faoi chaibidil aige agus aithneoidh léitheoirí cuid de na hainmneacha: Dietrich Bonhoeffer, ministir Protastúnach a mharaigh na Naitsithe de bharr nach ngéillfeadh sé dóibh; Dorothy Day, bean thar a bheith spéisiúil a chomhbhunaigh an nuachtán an *Catholic Worker* agus Máirtín Liútar Cing, soiscéalaí an chine ghoirm sna Stáit Aontaithe a feallmharaíodh.
freagrach as a bhfeallmharú. responsible for their assassinations
" Ach dar le himscrúdaitheoir ó na Náisiúin Aontaithe, Michael Hourigan, bhí an RPF freagrach as a bhfeallmharú.
feallmharaíodh an t-aon iarrthóir a raibh seans aige the only candidate who had a chance was assassinated
" Ní raibh suim ag uachtarán an ama sin, Lyndon Johnson, fanacht in oifig níos mó, agus feallmharaíodh an t-aon iarrthóir a raibh seans aige, Robert Kennedy, cúpla mí roimh an gcoinbhinsiún.
feallmharaíodh was assassinated
" Cá bhfios céard a tharlóidh san am atá fágtha idir seo agus lá an toghcháin? An scéala gur rugadh grápháiste Barack Obama de Madonna? Gur spáschoimhthíoch í Sarah Palin? Gur feallmharaíodh (agus faraor, d'fhéadfadh an ceann seo tarlú) duine de na hiarrthóirí? Tá feiniméan sna Stáit Aontaithe a dtugtar an "October Surprise" air ina dtarlaíonn rud ollmhór a athrós dreach an toghcháin as cuimse.
Feallmharú ceannaire assassination of a leader
" Feallmharú ceannaire Tríocha bliain níos déanaí bhí an duine gorm fós in umar na haimléise go heacnamaíoch agus go sóisialta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
fheallmharú (to) assinate
" I Meitheamh na bliana sin, ní mó ná sásta a bhí sé le hUachtarán Bush nuair a cháin Bush polasaí Iosrael maidir le ceannairí na bPailistíneach a fheallmharú.
feallmharaíodh was assassinated
" Cinnte, bheadh Caitríona Pháidín ag tabhairt amach go mbeadh a gaolta ag fáil £12,000 cionn is gur feallmharaíodh í nuair ba uaithise ar sciobadh an bheatha.
fheallmharú assassination
" Ghlac sé seasamh láidir fosta ar fheallmharú Michael Dwyer sa Bholaiv, nuair ba leasc le polaiteoirí de chuid Shinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre rialtas raidiceach Evo Morales a cháineadh.
feallmharaíodh assassinated
" org/) bean Rajiv Gandhi a feallmharaíodh i 1991, (feallmharaíodh a mháthair siúd, Indira Gandhi, chomh maith sa bhliain 1984) i gceannas ar an pháirtí seo agus tá clann Nehru fite fuaite leis freisin (Ba é Jawaharlal Nehru an chéad Taoiseach ar an India tar éis dóibh an tsaoirse a bhaint amach ón Bhreatain Mhór).
fheallmharú to assassination
" Rinneadh iarracht anuraidh an t-uachtarán, José Ramos-Horta, a fheallmharú.
feallmharú assassination
" Tá Assange é féin ar a theitheadh, ar bhealach, gan cinnteacht aige an é feallmharú atá i ndán dó, beart atá molta ag ceannairí polaitiúla áirithe.
feallmharú assassination
" Chuir an feallmharú samhnas ar mhuintir na Seanchille, daoine a mbeadh an PUP ag brath orthu.
feallmharaíodh é he was assassinated
" Ar an drochuair, idir an dá linn, maraíodh a pháirtí agus feallmharaíodh é féin tamall ina dhiaidh sin.
Feallmharaíodh ceathrar ball tábhachtacha four important members (of government) were assassinated
" Feallmharaíodh ceathrar ball tábhachtacha de rialtais al-Assad i gcathair na Damaisce cúpla mí ó shin, eachtra a thaispeáin go bhfuil a rialtas siúd níos leochailí ná mar a cheapamar ar an gcéad amharc.
bhfeallmharú assasination
" Bhuail sé féin le fear grinn atá ar an eolas ar fad faoin bhfeallmharú le linn a chuairte ar Dallas.