Pota Focal Intergaelic
eel | fee | feed | feil | fell
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhraith siad they felt
" Bhí Gaeilge sa bhaile agus ar scoil ag a bpáistí ach bhraith siad gur ghá céim eile a thógaint le saol níos leithne a chur ar fáil dóibh trí imeachtaí sóisialta agus oideachasúla, ranganna, ceardlanna, cóisirí, etc.
mbeidh a thionchar le brath its influence will be felt
" Cé go bhfuil Napster féin beagnach imithe, is cinnte go mbeidh a thionchar le brath ar an tslí a scaiptear eolas ar an idirlíon amach anseo.
braitheann tú you feel
" Ní mór duit bád a fháil idir na bailte agus braitheann tú go bhfuil tú sa Ghréig ag taisteal ó oileán go hoileán.
le fonn caointe feeling like they want to cry
" Ar an drochuair, tá an píosa áirithe talaimh sin ag titim isteach sa chlábar agus lucht féachana scanraithe ag breathú air le fonn caointe.
go mothóidh daoine that people will feel
" Is é an dóigh is fearr le dul chun cinn a dhéanamh ná níos mó saothair a chaitheamh in áiteanna mar seo, sa dóigh is go mothóidh daoine go bhfuil siad páirteach sna rudaí atá ag tarlú.
Mothaím I feel
" Bíonn siad ag rá, 'Is that a mountain?' nó 'That's lovely, what is it?' "Bheinnse sásta dá mbeadh daoine ábalta dul isteach chuig taispeántas agus a rá 'Taitníonn na pictiúirí liom' nó 'Ní thaitníonn siad liom' nó 'Mothaím ciúin nuair a fhéachaim orthu.
an samhnas le bia feeling sickened by food
" " "Gheobhaidh mise tacsaí," arsa Cian, agus fuair, nó ní raibh lá suime aige sa tseanrámhailligh a bhí ar Dhónall faoin "chloigeann mhór", "an teangaidh ramhar", "an goile dóite", "an samhnas le bia" nó "tinneas póite".
a mhothú to feel
" Agus in dhá réadúlacht chomhthreomhara na Sé Chontae, ba doiligh leo taithí na "bhFíníní bradacha" seo a mhothú ina gcroí.
bhraitheas I felt
" Is oscailt súl an méid atá le rá aici agus bhraitheas go raibh mo shúile féin oscailte i bhfad níos leithne tar éis bualadh léi.
an samhnas le bia feeling sickened by food
" " "Gheobhaidh mise tacsaí," arsa Cian, agus fuair, nó ní raibh lá suime aige sa tseanrámhailligh a bhí ar Dhónall faoin "chloigeann mhór", "an teangaidh ramhar", "an goile dóite", "an samhnas le bia" nó "tinneas póite".
braitheann tú you feel
" Dala an té a chuir mé faoi agallamh ar an raidió an uair úd, is fear é Higgins atá an-tógtha leis na ceisteanna móra polaitiúla agus idé-eolaíocha agus braitheann tú gur beag fonn atá air labhairt faoina shaol féin.
a bheith le brath to be felt
" Dúirt sé gur paradacsa a bhí ann dó a bheith ina sheasamh i suíomh lán áilleachta agus ciúnais ach ag an am céanna brón a bheith le brath ann chomh maith.
nuair a mhothaíonn when they feel
" Ach, ar an drochuair, nuair a bhíonn níos mó misnigh ag na Caitlicigh, nuair a mhothaíonn siad gurb é an Tuaisceart a mbaile, bíonn imní ar na Protastúnaigh ansin, a dúirt sé.
an phian a mhothú to feel the pain
" Bainfear an leathmhagairle eile de Raidió na Gaeltachta ach beidh lucht RnaG féin róghnoitheach ag caint ar chúrsaí toghcháin leis an phian a mhothú.
Mothaím go mór trína chéile I feel terribly upset
comhbhá felow-feeling, compassion
" Tá an bhá atá léirithe ag an domhan mór le híospartaigh an 11 Meán Fómhair dochreidte, agus tá comhbhá dhaonna tagtha chun cinn go láidir de bharr na tragóide uafasaí seo.
nár mhothaigh that didn't feel
" Is iomaí páiste nár mhothaigh uafás na dTrioblóidí mar go raibh siad ina gcónaí i gceantar sábháilte.
bhraith sí she felt
" " In ainneoin an mhíshuaimhnis a bhraith sí, bhí blianta thús na n-ochtóidí rathúil go maith ó thaobh na filíochta de.
mothaím I feel
" Corruair, agus mé ag caint ar an ghuthán nó ag seoladh teachtaireacht ríomhphoist, mothaím mar a bheinn taobh amuigh de Halla na Cathrach agus meigeafón agam.
comhbhá felow-feeling, sympathy
"comhbhá láidir instinneach ag an phobal náisiúnaíoch leis na Palaistínaigh, de bharr go bhfuil tír s'acusan faoi fhorghabháil fosta.
de bharr an struis a bhraitheann sí because of the stress she feels
" De réir dhlí na hÉireann faoi láthair, tá cead ag bean ginmhilleadh a fháil más féidir léi féin nó le dochtúir a chruthú go bhfuil sí chun lámh a chur ina bás féin de bharr an struis a bhraitheann sí.
Braitheadh it was felt
" Braitheadh go raibh géarghá le heagraíocht a bheadh in ann a bheith mar ghuth ag na scoileanna a bhí fágtha agus ag an gcúpla ceann nua a bhí ag teacht chun cinn.
Braithim I feel
" Braithim gur chóir suim bheag ar nós $20 a ghearradh ar dhaoine gach bliain chun gurbh fhiú dóibh leanúint le haon chúrsa a bheadh ar fáil.
Braithim sábháilte I feel safe
Bhraith mé I felt
" Bhraith mé mar bhall de ghrúpa mionlaigh i mo chathair féin.
mhothaigh muid uilig we all felt
" "Tar éis na cigireachta, bhí muid ar fad scriosta, bhí *Transit Van* lán páipéir agus cáipéisí againn agus mhothaigh muid uilig gur am agus airgead amú a bhí ann.
Níor airigh muid riamh we never felt
" "Níor airigh muid riamh gurbh áit í an tuaisceart a mbeadh fonn orainn an chuid eile d'ár saol a chaitheamh inti.
le mothú to be felt
" Ós ag caint ar thionchar atá mé, tá tionchar an bhoscadóra cháiliúil Johnny O'Leary as Sliabh Luachra le mothú go láidir ar an albam seo.
comhbhá fellow-feeling
" Cothaíonn *zazen* comhbhá agus tuiscint don fhulaingt, don duine eile - agus níl fhios ag éinne cá luíonn an bhróg ar an duine eile.
ag daingniú na dáimhe atá aige cheana strengthening the fellow-feeling it already has
" "Ag breathnú ar an chomhthéacs iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta, leis na hathruithe atá ag tarlú sa tír seo agus ar fud na hEorpa, níl aon dul as ach go mbeadh an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna 26 Chontae ag daingniú na dáimhe atá aige cheana leis an pháirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna Sé Chontae," arsa Malcolm Byrne, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i nGuaire, Contae Loch Garman atá ar dhuine den dream atá ag iarraidh go mbeadh diminsean uile-Éireann ag baint le Fianna Fáil.
Bhraith mé gur chúis náire é I felt it was a reason to be ashamed
" Bhraith mé gur chúis náire é a bheith dhá bhomaite mall ag casadh le Pádraigín Ní Uallacháin.
mhothaigh mé I felt
" Ag tús ár gcomhrá mhothaigh mé go raibh sí pas beag amhrasach faoi mo leithéidse, bean óg, a bheith ag cur agallaimh uirthi.
bhraith sé he felt
" Chaith Conall seal ag teagasc ealaíne do dhaoine fásta agus bhraith sé go raibh sé tábhachtach go mbeadh deiseanna ann chun ligint do dhaoine leanúint ar aghaidh ag saothrú agus chun tacaíocht a thabhairt dá chéile.
mhothaigh mé slán sábháilte I felt safe
" "Níl sé foirfe ach ar a laghad faoin riail dhíreach, mhothaigh mé slán sábháilte.
mhothaigh sí she felt
" In ainneoin an deonacháin fola a rinne sí agus an t-airgead a bhronn sí, mhothaigh sí gur chóir di níos mó a dhéanamh.
chomhbhá empathy, fellow-feeling
" An phríomhcháilíocht a bhaineann leis na scannáin ná an chomhbhá atá le fáil iontu le daoine atá ag fulaingt.
mothaíonn tú you feel
" mothaíonn tú go bhfuil léaró léargais faighte agat ar shaol s'acu, agus go gcaithfidh tú rud inteacht a dhéanamh faoina gcás.
ar a sáimhín suilt feeling happy and at ease
" Mheasfá mar sin gur ar a sáimhín suilt a bheadh sí, ach ní sin mar a bhí.
bhraith sí she felt
" Dúirt sí gur bhraith sí gur cineál Oisín i ndiaidh na Féinne a bhí inti ar feadh i bhfad ach nach mothaíonn sí mar sin níos mó de bharr go bhfuil oiread suime ag a cuid páistí féin sna hamhráin agus sna scéalta.
nach mothaíonn sí mar sin níos mó that she doesn't feel like that any more
" Dúirt sí gur bhraith sí gur cineál Oisín i ndiaidh na Féinne a bhí inti ar feadh i bhfad ach nach mothaíonn sí mar sin níos mó de bharr go bhfuil oiread suime ag a cuid páistí féin sna hamhráin agus sna scéalta.
bhraith sé náire he felt shame
" Is minic nár thuig Pádraig cuid Béarla na múinteoirí agus bhraith sé náire lá sa rang nuair a bhí air sin a admháil os comhair na ndaltaí eile.
gur mhothaigh sí comhbhá that she felt empathy
" Comhbhá ======= Mhínigh Fenster dom gur mhothaigh sí comhbhá leis na mná nuair a chuala sí fúthu féin agus faoi na tithe níocháin, gur bhraith sí go raibh cosúlachtaí indíreacha idir a saol féin agus í ag fás aníos agus a saol siúd.
Bhraith mé I felt
" Bhraith mé go raibh aithne agam ar na daoine ar an liosta, ainneoin nach raibh dada scríofa agam chucu i ndairíre.
a tionchar á mhothú its influence being felt
" An é go bhfuil an sneachta geanmnaíochta ag titim ar mhuintir na hÉireann faoi láthair? Tá an Eaglais Chaitliceach ar cheann de na fórsaí is cumhachtaí sa tír seo agus a tionchar á mhothú i ngach réimse den tsochaí, ón bhunscolaíocht go dtí an pobal is imeallaí sa tír.
Mothaím I feel
" "Mothaím mar chuid den phobal, agus Mothaím go bhfuil mé i ndiaidh cónaí a bheith orm anseo ar feadh mo shaoil go léir.
Bhraith muid an-bhródúil we felt very proud
" Bhraith muid an-bhródúil nuair a thóg an captaen, Ronnie Whelan as Baile Átha Cliath, an corn san aer.
d'ainneoin an mhothúcháin sin despite that feeling
" Ar ndóigh, d'ainneoin an mhothúcháin sin, chinn sé ar shacar idirnáisiúnta a imirt le Sasana, agus bhí sé go hiontach i gCorn an Domhain i Meicsiceo i 1986.
ar mhothaigh sé ciontach that he felt guilty
" Labhraíonn sé faoin teannas a bhí ann agus an chaoi ar mhothaigh sé ciontach go raibh fiche dollar ina phóca aige agus é ansin.
ní mhothaíonn Ruth Ruth doesn't feel
" " Tromlach ======= Na laethanta seo, ní mhothaíonn Ruth ar chor ar bith gur strainséirí iad an pobal Caitliceach.
airíonn siad brú mór a bheith orthu they feel under a lot of pressure
" Ag an leibhéal is airde, agus go mór mór i gcás cluichí a chraoltar beo ar an teilifís, airíonn siad brú mór a bheith orthu toisc go bhfeiceann na ceamaraí go leor nach bhfeiceann siad féin.
Sin é a bhraitheas That's what I felt
Braitheann siad they feel
" Braitheann siad nach mbaineann an teanga leis an gcultúr atá acu féin - na cairteanna, an popcheol agus na scannáin as Hollywood a mbíonn athghuthú Spáinnise déanta orthu.
d'airigh mé I felt
" Dúshlán mór ======= Ní beag an rud é tabhairt faoi thionscadal mar sin nuair atá tú tagtha in inmhe agus d'inchinn chomh crua le cloch! Ach d'airigh mé gurbh é sin an rud ba thabháchtaí ar an saol an uair sin, cé gur mhór an dúshlán é.
a bhraitheas I felt
" (*Deora Dé*, 1987) Is é an ceiliúradh sin is mó a bhraitheas ó Phádraig Ó Fiannachta nuair a bhíos ag caint leis.
Bhraithfeá you'd feel
" Bhraithfeá gur fear é atá sásta, a dhéanann a dhícheall daoine eile a dhéanamh sásta agus a chur ar a gcompord chomh maith.
D'fhéach sé a cuisle he felt her pulse
" D'fhéach sé a cuisle, chuir sé a lámh go héadrom ar a croí agus ba léir go raibh geit bainte as.
cad é a bhí sé ag brath what she felt
" Bhí sí oiread trína chéile nár thuig sí cad é a bhí i ndiaidh tarlú, bhí mearbhall rómhór uirthi le fios a bheith aici cad é a bhí sé ag brath, nó chun a cuid mothúchán a chur in iúl.
Braitheann tú you feel
" Braitheann tú súile ag stánadh ort agus tú ag siúl thart ar stiúideo an dealbhóra Séigheann Ó Draoi.
dá mbraithfidís gur chóir dóibh leithscéal a ghabháil that they felt they should apologise
" Chúlaigh an slua cúpla coiscéim siar uaidh go scanrúil amhail is dá mbeadh stangadh bainte astu, nó dá mbraithfidís gur chóir dóibh leithscéal a ghabháil faoina bheith ar an láthair.
dá mbraithfidís in aon chontúirt í if they felt it was in any danger
" Í a aistriú ó reoiteoir go reoiteoir ar fud an eastáit dá mbraithfidís in aon chontúirt í .
bhraithfeá go minic you'd often feel
" Bhí drámaí agus aisteoirí eisceachtúla ann ó am go ham, ach fiú nuair a chuir Amharclann na Mainistreach, an Amharclann Náisiúnta, dráma Gaeilge ar stáitse bhraithfeá go minic nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag cuid de na haisteoirí, rud a bhain de bhrí agus d'fhuinneamh an dráma agus de thaitneamh an lucht féachana.
le mothú to be felt
" Tá tionchar na hEaglaise Caitlicí le mothú agus le feiceáil go mór sa bhaile.
dáimh fellow-feeling
" An mhí seo caite, dúirt Gerry Adams go raibh sé de dhualgas ar phoblachtánaigh dáimh le haontachtóirí a chothú, gur seo ceann de na hathruithe riachtanacha a gcaithfidh poblachtánaigh dul fríd.
ag déanamh trua dhó feeling sorry for him
" Bhí daoine tosaithe ag déanamh trua dhó agus b'fhaoiseamh mór dá lucht leanúna nuair a d'éirigh leis sa Ghearmáin.
mothú feeling
" Bíonn an mothú sin agam, is dócha.
mothaíonn tú you feel
" In ainneoin go bhfuil graífheirmeacha thart timpeall air, mothaíonn tú go mbaineann an muileann féin le ré eile.
mothaíonn tú you feel
" Ón bhomaite a thagann tú i dtír mothaíonn tú go bhfuil tú i ndiaidh cúraimí an tsaoil a fhágáil i do dhiaidh.
Bhraith na bunaitheoirí the founders felt
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bhraith na bunaitheoirí nach raibh go leor ar siúl ag an Rialtas chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus go raibh gníomh práinneach ag teastáil sa Ghaeltacht.
mhothaigh mé dobrón mairbhleach pobail I felt the numbing sadness of a people
" Scríobh an t-iriseoir Hugh Lunn: "Chonaic mé an t-imeacht sin, chonaic mé fimínteacht lucht polaitíochta an domhain, mhothaigh mé dobrón mairbhleach pobail agus cine eile ag glacadh seilbhe orthu.
ní raibh fonn orm I didn't feel like
" " Macasamhail na mílte Éireannach eile, a dúirt mé liom féin, ach ní raibh fonn orm a bheith ag argóint faoi amaidí mar seo.
mothaíonn tú ar do shuaimhneas you feel at ease
" Ón gcéad nóiméad a shroicheann tú an áit, faigheann tú boladh na farraige agus mothaíonn tú ar do shuaimhneas.
muna mbraithfeá if you didn't feel
" "A Bhean Mhic an tSaoi," a dúirt sé, "níl d'fhear céile á *hire*áil agam, ach do bheinn faoi chomaoin agat muna mbraithfeá go gcaithfeá an scéal ar fad a insint do na tuismitheoirí!" Seal san ollscoil ======= Tar éis na scoile, chuaigh Máire go dtí An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a ndearna sí an Léann Ceilteach agus nuatheangacha - Gaeilge, Béarla agus Fraincis.
mothú feeling
" Ní scríobhann sí ach nuair a thagann an mothú chuici, agus de ghnáth faoin am a shroicheann sí peann agus páipéar, bíonn an dán scríofa cheana féin - scríobhann sé féin é féin.
a bhraith mé that I felt
" Bhain mé taitneamh chomh maith as teanga bheo na nGael agus as an cheol, agus thit mé i ngrá leis na radharcanna tíre is mara (agus níorbh shin amháin é!) Thógfadh sé leabhar iomlán orm cuntas a thabhairt ar gach aoibhneas agus brón a bhraith mé le linn mo laethanta in Éirinn.
braithimid we feel
" Tá feabhas an-mhór tagtha ar na scéimeanna trína gcuirtear maoiniú ar fáil, ach ní cumarsáid aon-treoch a bhíonn ann; bíonn tionscal na foilsitheoireachta ag forbairt i gcónaí agus braithimid go bhfuil dualgas orainne mar fhoilsitheoirí deiseanna a chur ar a súile do na heagrais mhaoinithe.
Mhothaigh mé I felt
" Mhothaigh mé ansin go raibh aithne curtha agam ar leathchuid de mhuintir an oileáin.
údar náire reaon to feel ashamed
" Tá beagnach gach cluiche idir-chontae le feiceáil ar an teilifís anois agus is údar náire agus imní an méid eachtraí atá ag tarlú i gcluiche i ndiaidh cluiche.
Mothaíonn tú you feel
" Mothaíonn tú gur cathair uaigneach cairtchláir atá ann.
ceiliúradh ó chroí heart-felt
" Bhí ceiliúradh ó chroí ar siúl ag cór éan an bealach ar fad.
mothú feeling
" "Tá an fhuaim sin a chluin tú san obair a rinne sé le Planxty chomh glan, néata sin, agus mhothaigh mé é a bheith lán mothúchán agus mé i mo pháiste.
mura bhfuil fonn ort íoc as if you don't feel like paying for it
" I gcás an chláir ríomhphoist Eudora, mura bhfuil fonn ort íoc as nó má theastaíonn uait triail a bhaint as ar dtús, is féidir leagan saor in aisce a íoschóipeáil.
Braithim go bhfuil droch-chomaoin curtha orainne Meiriceánaigh I feel we have been disserviced as Americans
" "Braithim go bhfuil droch-chomaoin curtha orainne Meiriceánaigh ag na leabhair sin go léir atá tar éis miotas Camelot a chothú.
mhothaigh mé I felt
" mhothaigh mé ansin gur cheart scéal na n-amhrán a insint; scéal na bhfilí agus na gcláirseoirí; scéal na mbailitheoirí agus na ndaoine.
an mbraitheann sé does he feel
" Nuair a fhiafraím de an mbraitheann sé go bhfuil na caighdeáin acadúla agus caighdeán na Gaeilge tar éis dul in olcas ó chuaigh seisean i mbun oibre mar léachtóir, cuireann a fhreagra iontas orm.
Bhraith sé he felt
" * Gluais • Glossary i gcoinne na dtonntrachaagainst the waves ag dreapadhclimbing gíogsqueak ionadhsurprise míthuiscintmisunderstanding a bhéic CathalCathal shouted bhfolachhiding an-mhíshasúilvery unsatisfactory ní chuirfidh mise isteach ortI won't bother you gáire meidhreachmirthful laugh ag útamáil thartfumbling around gan amhrasundoubtedly lig dom mo mhachnamh a dhéanamhlet me have a think ag déanamh aithrise arcopying a cásher situation Bhraith séhe felt praiseachmess os ísealin a low voice mí-ádhbad luck piseogsuperstition caladhport, harbour Gháir SaidíSaidí laughed catachcurly chun é a ghríosadhto incite him ceangalbond an tríú mílaoisthe third millennium mí-ádhbad luck cinneadhdecision chun na líonta a tharraingtto draw the nets péarlachpearly íoróinirony i gcruachásin a predicament ag treabhadhploughing déanachlate ag ardúrising ag luascadh go fíochmharrocking fiercely fothainshelter fliuch báitesoaking wet cuma chrostaa cross look sorncooker doirtealsink cuisneoirfridge ar eagla go gcasfadh séin case he'd turn around Bhí sí i bponc ceart.
ach go mothaíonn tú thar barr ar fad but that you feel really great
" Níl dabht ar bith ach go mothaíonn tú thar barr ar fad tar éis seisiúin ann - ar ndóigh is beag snámh a dhéanfas tú toisc nach féidir ach luí siar agus iarracht a dhéanamh gan é a shlogadh! Is dócha gurb í Petra féin seoid turasóireachta na hIordáine.
bhraith mé I felt
" bhraith mé uaim sléibhte agus gleannta na hÉireann.
le sonrú to be felt
" " Cad faoin nGaeilge agus an riocht ina bhfuil sí? Ón méid atá feicthe aici, an gceapann sí go bhfuil an teanga truaillithe agus go bhfuil an iomarca Béarla tríthi? "Níor bhain seo leis na haíonna a bhí againne mar roghnaíodh iad de bharr feabhas a gcuid Gaeilge ach caithfidh mé a rá go bhfuil rian an Bhéarla le sonrú i gcaint an-chuid de mhuintir na Gaeilge.
Cén chaoi a mothaíonn tú faoi sin? How do you feel about that?
" Cén chaoi a mothaíonn tú faoi sin? Éamon Ó Donnchadha: Airím go hiontach dá bharr.
Airím go hiontach I feel great
" Cén chaoi a mothaíonn tú faoi sin? Éamon Ó Donnchadha: Airím go hiontach dá bharr.
mothú feeling
" Tá áilleacht, croí, mothú, nádúr agus clisteacht ina chuid dánta.
mothúchán feeling
" Maireann an mothúchán a spreagtar sa pháiste ag caint athar.
chomh míshuaimhneach is a bhraitheann daoine how uneasy people feel
" Úsáidtear na sofhriotail seo - *the birds and the bees* nó *the facts of life *- chomh minic céanna, b'fhéidir, is a úsáidtear na cinn a bhaineann le gnéas féin, rud a léiríonn chomh míshuaimhneach is a bhraitheann daoine faoi oideachas gnéasachta a chur ar dhaoine óga.
D'airigh mé I felt
" D'airigh mé i gcónaí gur rud an-nádúrtha a bhí ann dom féin nuair a d'fhoghlaim mé an Ghaeilge.
Braithim I feel
" " Braithim go bhfaighinn uair an chloig eile a chaitheamh ag comhrá le Tadhg ach tugaim faoi deara nach bhfuair an fear bocht seans, fiú amháin, an dara bolgam den tae a ól ó thosaíomar ag caint.
mhothaigh sé he felt
" Chuaigh scéal na Páise go mór i bhfeidhm air agus mhothaigh sé go raibh sé de dhualgas air é a insint ar a bhealach féin.
bhuail fonn múisce muid we felt like vomiting
" * Gluais • Glossary mo dhícheallmy best a gheallaim dom féinI promise myself san fhásachin the desert d'fhéadfainn staonadh ó sheacláidI could abstain from chocolate don Charghasfor Lent cleastrick chuirfinn dallamullóg orm féinI'd delude myself blastatasty íobairtsacrifice maitheasgood bródúilproud casacht mhór ghroía great big cough tairseachthreshold tanaíthin fiáinwild de shíoralways seanfhaiseantaold-fashioned láchfriendly, pleasant mearbhallconfusion cheapasI thought a bhlas tuaisceartachhis northern accent chloisimis a chasachtwe used to hear his cough bhímis ar bíswe used to be excited/impatient cúbógacollections of Easter eggs scaoilimis gach uile ní uainnwe'd cast everything aside go scafántaspeedily ghlacadh sí buíochas leisshe would thank him chuireadh sí i bhfolach éshe would hide it ag iomrascáil lena chéilewrestling one another suachmáneasy-going person gan puth análawithout a puff of breath parlúsparlour, sitting-room deireadh sí linnshe would say to us cur i gcéill iomlántotal pretence thuigeadh siseshe'd understand bheannaímis dówe would greet him d'fhiafraímis dewe'd ask him d'fhreagraímiswe would answer go fuarbhruiteindifferently ag tóraíocht an mhálasearching for the bag nodclue go n-alpfadh Daidí siar iadthat Dad would devour them beadaílover of sweet things dá bharras a result d'éalaigh méI escaped cófrapress ag póirseáil thartrummaging about málaí plaisteachaplastic bags doirtealsink de phreabsuddenly go raibh mo chosa nitethat it was all up with me polaitíocht an tuaiscirtthe politics of the north daoine muinteartharelations díospóireachtaí bríomharalively debates a chuairteannahis visits b'annamh cuideachta na bhfear aigehe seldom had the company of men ag útamáilfumbling ba ghiorra in aois diclosest to her in age mo dhála féin agus Tríonajust like myself and Tríona fé mar a chaitheadh Tríona liomsaas Tríona used to treat me barrúilfunny de shíor dár gcáineadhalways criticizing us ag spochadh as m'uncailteasing my uncle agus uasal le híseal á dhéanamh aigesean uirthiseand he was patronizing her tá sé chomh maith agamI may as well á leanúintfollowing him garda gradaimguard of honour cársánwheeze inchreidtecredible plúchadhasthma ag sméideadh ar m'uncailnodding at my uncle dá mbéarfaí ormif I was caught isteach sna gnáthchróite folaighinto the usual hiding-places macalla na nglórthathe echo of the voices tuaromen, sign an ceann ab ansa liom féinthe one I liked best mealltachenticing bonnánhorn fardoraslintel of door vardúswardrobe bheir mé barróg airI hugged him ag cóiriú na n-adhartánarranging the cushions glicsly caoi a chur ar an áitto tidy up the place margadhdeal a roinntto share stróic méI tore daitecoloured dúil chráitetorturous desire candaí móra seacláidebig chunks of chocolate blúire ar bhlúirebit by bit giodalachperky bhuail fonn múisce muidwe felt like vomiting tháinig iarracht den cheann faoi orainnwe became a little bit down smeartha le seacláidcovered in chocolate teipfailure
ag brath ciontach feeling guilty
" Meallann Hopper isteach muid i ndomhan príobháideach mar *peeping toms*; amharcann muid isteach ar an saol uaigneach seo, muid ag brath ciontach de bharr ár bhfiosrachta ach ar bís le níos mó a fheiceáil.
a bhraithim that I feel
" AÓF: Cén t-amhrán is fearr leat agus an bhfuil aon amhrán ann gur fuath leat? MNA: Ní mar sin a bhraithim mar gheall ar amhráin.
bhí an-drogall orm I felt very reluctant
" Nuair a d'iarr an ghníomhaireacht fostaíochta orm dul go hoifig ar Bhóthar na Seancille, bhí an-drogall orm.