Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le fonn caointe feeling like they want to cry
" Ar an drochuair, tá an píosa áirithe talaimh sin ag titim isteach sa chlábar agus lucht féachana scanraithe ag breathú air le fonn caointe.
an samhnas le bia feeling sickened by food
" " "Gheobhaidh mise tacsaí," arsa Cian, agus fuair, nó ní raibh lá suime aige sa tseanrámhailligh a bhí ar Dhónall faoin "chloigeann mhór", "an teangaidh ramhar", "an goile dóite", "an samhnas le bia" nó "tinneas póite".
an samhnas le bia feeling sickened by food
" " "Gheobhaidh mise tacsaí," arsa Cian, agus fuair, nó ní raibh lá suime aige sa tseanrámhailligh a bhí ar Dhónall faoin "chloigeann mhór", "an teangaidh ramhar", "an goile dóite", "an samhnas le bia" nó "tinneas póite".
mothúcháin feelings, emotions
" I gcúlsráideanna cúnga chathracha na Sé Chontae, tá cónaí ar dhaoine a bhfuil cuimhne acu ar an dóigh ar buaileadh a gcomharsa go dona agus gan é ach ag teacht chun an bhaile ón phub, ar an dóigh ar cuireadh a gcuid daoine muinteartha amach as a gcuid tithe, ar an dóigh a mharaigh "an taobh eile" a gcairde - mothúcháin chomh láidir, chomh daonna sin nach bhfuil seans da laghad ag an chóras d'Hondt iad a leigheas.
comhbhá felow-feeling, compassion
" Tá an bhá atá léirithe ag an domhan mór le híospartaigh an 11 Meán Fómhair dochreidte, agus tá comhbhá dhaonna tagtha chun cinn go láidir de bharr na tragóide uafasaí seo.
a cuid mothúchán a cheilt to hide her feelings
" Is duine í Nuala a deir rudaí amach go lom díreach i gcónaí, nach ndéanann aon iarracht a cuid mothúchán a cheilt.
comhbhá felow-feeling, sympathy
"comhbhá láidir instinneach ag an phobal náisiúnaíoch leis na Palaistínaigh, de bharr go bhfuil tír s'acusan faoi fhorghabháil fosta.
comhbhá fellow-feeling
" Cothaíonn *zazen* comhbhá agus tuiscint don fhulaingt, don duine eile - agus níl fhios ag éinne cá luíonn an bhróg ar an duine eile.
ag daingniú na dáimhe atá aige cheana strengthening the fellow-feeling it already has
" "Ag breathnú ar an chomhthéacs iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta, leis na hathruithe atá ag tarlú sa tír seo agus ar fud na hEorpa, níl aon dul as ach go mbeadh an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna 26 Chontae ag daingniú na dáimhe atá aige cheana leis an pháirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna Sé Chontae," arsa Malcolm Byrne, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i nGuaire, Contae Loch Garman atá ar dhuine den dream atá ag iarraidh go mbeadh diminsean uile-Éireann ag baint le Fianna Fáil.
mothúcháin a mhúscailt iontu to awaken feelings in them
" Focal scoir ó Éamonn féin: dúirt sé liom agus muid ag druidim le deireadh ár gcomhrá gur rud thar a bheith speisialta a bhí ann dó a bheith ábalta daoine eile a spreagadh nó mothúcháin a mhúscailt iontu i ndiaidh dóibh a bheith ag amharc ar a shaothar.
mothúcháin feelings, emotions
" Bhí na mothúcháin ní ba láidre ná ba cheart dóibh a bheith.
chomhbhá empathy, fellow-feeling
" An phríomhcháilíocht a bhaineann leis na scannáin ná an chomhbhá atá le fáil iontu le daoine atá ag fulaingt.
mothúchán feelings
" Agus bhí gach cluiche mór ag an am sin chomh fada is a bhain siad linne (faoi mar a bhí gach céilí "mór" roinnt blianta ina dhiaidh sin!) agus, cé go bhfuilim tar éis 40 bliain a chaitheamh ag dul go dtí na cluichí móra agus go leor leor cluichí eile, níor tháinig aon athrú ar mo chuid mothúchán nó mo chuid tuairimí faoin iománaíocht.
ar a sáimhín suilt feeling happy and at ease
" Mheasfá mar sin gur ar a sáimhín suilt a bheadh sí, ach ní sin mar a bhí.
d'ainneoin an mhothúcháin sin despite that feeling
" Ar ndóigh, d'ainneoin an mhothúcháin sin, chinn sé ar shacar idirnáisiúnta a imirt le Sasana, agus bhí sé go hiontach i gCorn an Domhain i Meicsiceo i 1986.
mothúchán feelings
" Deir Áine go bhfuil "Barrscéalta" iontach tábhachtach do ghnáthphobal iarthuaisceart Thír Chonaill mar go dtugann sé glór do dhaoine agus deis a gcuid mothúchán a chur i láthair an phobail.
dáimh fellow-feeling
" An mhí seo caite, dúirt Gerry Adams go raibh sé de dhualgas ar phoblachtánaigh dáimh le haontachtóirí a chothú, gur seo ceann de na hathruithe riachtanacha a gcaithfidh poblachtánaigh dul fríd.
ag déanamh trua dhó feeling sorry for him
" Bhí daoine tosaithe ag déanamh trua dhó agus b'fhaoiseamh mór dá lucht leanúna nuair a d'éirigh leis sa Ghearmáin.
mothú feeling
" Bíonn an mothú sin agam, is dócha.
mothú feeling
" Ní scríobhann sí ach nuair a thagann an mothú chuici, agus de ghnáth faoin am a shroicheann sí peann agus páipéar, bíonn an dán scríofa cheana féin - scríobhann sé féin é féin.
mothú feeling
" "Tá an fhuaim sin a chluin tú san obair a rinne sé le Planxty chomh glan, néata sin, agus mhothaigh mé é a bheith lán mothúchán agus mé i mo pháiste.
lán mothúchán full of feelings
" "Tá an fhuaim sin a chluin tú san obair a rinne sé le Planxty chomh glan, néata sin, agus mhothaigh mé é a bheith lán mothúchán agus mé i mo pháiste.
faoina chuid mothucán about his feelings
" "Dúirt mé leis an spideog," arsa Mícheál, agus é ag gáire, "más tusa mo mháthair ag teacht ar ais ar cuairt, bí an-chúramach, nó críochnóidh tú i mbolg an chait!" Rud iontach faoi Mhícheál nach bhfuil eagla ná faitíos air labhairt faoina chuid mothucán.
mothúcháin feelings, emotions
" Bhí mé ag léamh ailt ansin an lá eile fá na mothúcháin agus tú ag foghlaim teanga.
mothú feeling
" Tá áilleacht, croí, mothú, nádúr agus clisteacht ina chuid dánta.
a gcuid mothúchán their feelings
" Deir na saineolaithe go mbíonn deacrachtaí ag fir óga ag déanamh cumarsáide, nach mbíonn siad ábalta a gcuid mothúchán a phlé lena dtuismitheoirí nó le cairde.
mothúchán feeling
" Maireann an mothúchán a spreagtar sa pháiste ag caint athar.
ag brath ciontach feeling guilty
" Meallann Hopper isteach muid i ndomhan príobháideach mar *peeping toms*; amharcann muid isteach ar an saol uaigneach seo, muid ag brath ciontach de bharr ár bhfiosrachta ach ar bís le níos mó a fheiceáil.
dáimh fellow-feeling
" B'fhéidir go mbeifeá ag súil go mbeadh dáimh éigin ag Bríd leis na Scotchies - Stratford an t-ainm a bhí uirthi sular phós sí, ainm Albanach Easpagóideach! Staidéar ar theangacha ======= Nuair a bhí Bríd ina cailín óg, bhí rún aici an domhan a thaisteal.
mothú feeling
" AÓF: Dhá n-iarrfainn ort aon chúis amháin a lua a mhíníonn cén fáth go dtaitníonn amhráin leat, céard a déarfá? CÓCC: Feidhmíonn amhráin mar fheithiclí ina bhfuil tú in ann do chuid mothúchán a nochtadh go príobháideach ar shlí amháin agus go poiblí ar shlí eile, agus maolaíonn sin an phian.
mothú feeling
" An tríú rud ná an mothúchán a bhuaileann tú nuair atá tú in áit eachtrannach, uaireanta - "iasc as uisce", mar a deirtear.
mothú feeling
" Glac "Salmon", mar shampla, dán ina bhfaigheann sé cothromaíocht idir an mothú ar thaobh amháin go bhfuil an saol gan bhrí agus, os a choinne sin, go bhfuil brí ag baint leis: "We are only but the salmon / In the stream / Fighting the currents of life / So that we may provide only / The Initial Breath for our / offspring.
mothúchán feeling
" Bíonn daoine bodhraithe agam scaití! AÓF: Céard faoi chomórtaisí? An mbíonn tú neirbhíseach? ÁNíD: An-neirbhíseach go deo! Amanna d'fhéadfadh sé cur le caighdéan do ghlóir agus na mothúchán, ach is minicí faitíos orm go ligfidh mé na focail i ndearmad nó go dtiocfaidh tocht i mo ghlór.
mothúcháin do chroí a chur in iúl to express the feelings of your heart
" Caithfidh do ghlór mothúcháin do chroí a chur in iúl.
mothúcháin láidre phoblachtánacha strong republican feelings
" Músclaíodh mothúcháin láidre phoblachtánacha i measc phobal an deiscirt nuair a bhris na Trioblóidí amach i 1968.
ag cothú na mbraistintí seo promoting these feelings
" Is minic an focal sin “*perception*” luaite i ráitis ó aontachtaithe agus ó dhílseoirí, agus ar an drochuair, ó lucht na n-eaglaisí Protastúnacha, ach cé tá ag cothú na mbraistintí seo? Má tá muinín ag daoine ionat, agus i bhfianaise an olltoghcháin dheireanaigh tá muinín ag an phobal aontachtach sa DUP, má deir tú le daoine go bhfuil siad beagmhaitheasach creidfidh siad tú, beag beann ar an fhianaise.
mothúchán feeling
" Sílim anois gur trua an mothúchán is mó atá agam ina leith.
driuch creepy feeling
" Ní raibh duine ar bith eile thart agus bhí driuch orm.
mothúcháin an-mheasctha very mixed feelings
"mothúcháin an-mheasctha agam féin faoin nginmhilleadh agus dá bhfiafrófaí díom an bhféadfainn é a dhéanamh mé féin, ní dóigh liom go bhféadfainn.
chomhbhá fellow-feeling, empathy
" Ach ní fear é a bhfuil an mianach ann ionannú leis an ghnáthdhuine nó a chomhbhá a roinnt leis.
comhbhá empathy, fellow-feeling
" Bhí an comhbhá seo le feiceáil in Anfield ar an 20 Márta 1997, nuair a thóg Robbie Fowler a léine dhearg suas i rith cluiche chun an teachtaireacht “Support The 500 Sacked Dockers” a chur os comhair an tsaoil.
braistintí feelings
" Feabhas na filíochta agus na cainte atá iontu, scóp agus íogaireacht na samhailteacha, na braistintí a bhaineann leo, sin é a chorraíonn mé.
dáimh fellow-feeling
mothúcháin feelings
" Bhí na mothúcháin ní ba láidre ná ba cheart dóibh a bheith.
le gustal with feeling
" Lá an chluiche, chan an slua “Amhrán na bhFiann” le gustal i airde a gcinn is a ngutha agus bhí an stáitse réitithe, mar a déarfá, le haghaidh taispeántais “stairiúil”.
Braithim ón mhéid a deir sé liom I get the feeling from what he tells me
" Braithim ón mhéid a deir sé liom nach bhfuil sé róthógtha le cuid den dream atá ag obair ansin anois agus nach bhfuil siadsan róthógtha leisean ach oiread.
a chuid mothúchán féin. his own feelings.
" Pléann gach caibidil sa leabhar le gach lá a chaith sé ar an *camino*, cuireann sé síos ar na daoine a casadh air, ar na radhairc a chonaic sé agus ar a chuid mothúchán féin.
mothúcháin láidre strong feelings
" Is léir go spreagann an bhratach seo mothúcháin láidre fós.
míshuaimhneas feeling of unease
" Cé go bhfuil sé luaite in ábhar poiblíochta an mhúsaeim gur bhunaigh an Rí John an baile mór mar ionad le hionsaí a dhéanamh ar Éirinn, níl aon anailís ná aon mhíniú ar impiriúlachas agus ar bhrúidiúlacht na Breataine in Éirinn, rud a chuir díomá agus míshuaimhneas ar a lán Éireannach sa chathair.
mothúchán tobann ciontachta a sudden guilty feeling
" Níl a fhios agam arbh é nádúr mothálach ba chúis leis an ngol nó mothúchán tobann ciontachta a bhuail í nuair a chonaic sí an trealamh a chuir a comhthírigh chun feidhme d'fhonn na milliúin a dhúnmharú.
mothúchán. feeling.
" Insíonn Kings scéal glúine atá caillte, i scannán atá lán daonnachta agus mothúchán.
aireachtáil feeling
" Maidir le foirne sacair agus rugbaí na hÉireann, ba iad díomá agus mearbhall an dá aireachtáil ba mhó a bhí ag daoine faoin mbliain seo a chuaigh thart.
dáimh fellow feeling
" Caithfidh siad dáimh a bheith acu leis na carachtair atá siad a fheiceáil agus muna gcuirfear saol na ndaoine seo i láthar ar bhealach a chreideann siad ní bhíonn meas acu air.
is tríd an gceol a thugtar léargas mar gheall ar mhothúcháin na beirte. it is through the music that an insight is gio ven on the feelings of the two people
" Úsáideann siad ceol mar mhodh cumarsáide agus is tríd an gceol a thugtar léargas mar gheall ar mhothúcháin na beirte.
mothúcháin agus tuairimí an phobail public feeling and opinion
" Tuigeann an chéad fhear a luadh mothúcháin agus tuairimí an phobail – léiríonn a chinneadh éirí as an méid sin.
bíonn meascán mothúchán i gceist lena linn. there are a fixture of feelings during it
" ************************************************ An chéad bhliain ar an ollscoil – i gcás na mílte duine, bíonn meascán mothúchán i gceist lena linn.
ag mothú go hiomlán caillte. feeling completely lost
" Sheas mé i lár na tolglainne imeachta in aerfort Heathrow ag stánadh timpeall orm agus ag mothú go hiomlán caillte.
gan beann ar mhothúcháin an ghrúpa mhóir daoine without heed to the feelings of the big group of people
" Dúirt Nicky Lidbetter, príomhfheidhmeannach Anxiety UK, go ndearnadh an taispeántas seo gan beann ar mhothúcháin an ghrúpa mhóir daoine a bhfuil eagla orthu roimh dhamháin alla.
lena racht a ligean to vent their feelings
" Mhothaigh roinnt daoine sa dá phobal san am corraithe sin gurb iad ballaí na dtithe agus na sráideanna an t-aon spás a bhí ar fáil acu féin lena racht a ligean, nuair a bhí cinsireacht ar bun sna gnáthmheáin chumarsáide agus nuair a bhí bac ar dhaoine labhairt amach.
Mothú feeling
" An Mothú ‘Léim mé suas agus thosaigh mé ag screadaíl: “Caithfidh muid stopadh.
drochmheas ill feeling
" Is é sin, an cineál a bhaineann le daoine a bhíonn i gcarranna, agus an drochmheas atá acu ar an chuid eile a roghnóidh an rothar mar mhodh taistil le fáil ó áit go háit.
Mothú an fhuadair agus an tsaothair feeling the bustle and the endeavour
" Mothú an fhuadair agus an tsaothair Mothaítear a lán den obair seo ó thráth go chéile, in ionad a bheith ag léamh faoi, glan soiléir, dubh agus bán, i gcolúin nuachtáin, nó éalaíonn a lán de scéal fíor ár linne féin tharainn, mórán i ngan fhios dúinn.
mothú feeling
" Níl aon easpa foinsí do chultúir na hÉireann anseo, agus is dóigh liom mar sin, gurb é an mothú go bhfuil Éire i bhfad uait atá ag spreagadh daoine abhus i leith an chultúir.
mhothúcháín feelings
" Deir an tOllamh Leon Schmidt, stairí ó Ollscoil Cottbus, go bhfuil sé dodhéanta an freagra ealaíne céanna a bheith agat ar mhothúcháín a bhí agat 10 mbliana ó shin, agus gur cheart ligint d’iarracht ealaíne fás go nádúrtha agus gan laincisí mar seo a chur air.
mothúchán feeling
" Is breá le Dee an mothúchán a thagann leis an bpíosa ceoil – deireann sí go bhfuil sé amhail is go mbíonn sí ag glacadh folcadh fuaime.
aoibh mhaith all happy, feeling good
" Lá deas geal a bhí ann agus bhí aoibh mhaith orainn uilig, ach ba léir go raibh seisean fós trína chéile faoin tubaiste.
bhraistint soirbhíochais feeling of optimism
" Ceann de na rudaí is tábhachtaí atá tugtha faoi deara agam anseo, agus a ndéanfaidh mé tréaniarracht a chur ina luí ar mo chairde sa bhaile, ná an bhraistint soirbhíochais atá le brath fud fad na háite abhus.
mothú an tsoirbhíochais the positive feeling
" D’ainneoin é seo, áfach, maireann mothú an tsoirbhíochais i measc na Meiriceánach.
mothúcháin feelings
" Feictear na mothúcháin agus na smaointe atá againn go furasta – an bealach a n-amharcfadh duine ort go cionmhar nó an tslí a dtitfeadh leathmhaig a bhéil ar dhuine agus drochscéal faighte aige.
mo chroí féin my own feeling(s)
" Chun an fhírinne a rá, tá mo chroí féin deighilte idir r-phost agus seirbhísí bunaithe ar RSS ó thaobh nuashonrú rialta.
mothúchán feeling(s)
" Ní fheiceann tú cineamatagrafaíocht chomh saibhir le seo gach aon lá den tseachtain, agus tabharfar trí réimse iomlán na mothúchán thú chomh maith.
mothúcháin feelings
" Níl d’acmhainn ann labhairt faoina chuid mothúcháin.
faoi bhlaiseadh feeling slightly
" Is iomaí scéal a chuala mé faoi thuismitheoirí de bheith ag ropadh is ag rúchladh ó áit go háit: obair, cóisireacha, siopaí, an lón sciobtha ag an oifig agus líon mór dualgaisí nach iad, agus fágadh na gasúir ar a n-ábhar féin, faoi bhlaiseadh den uaigneas, agus tá a fhios agam faoin tumadh iomlán sna fístéipeanna is sa ríomhaire a tharla mar gheall ar an deifir dhamanta sin.
dúchas natural feeling
" Beidh mé féin agus Dónal Mac Ruairí, mo léirtheoir, ag iarraidh níos mó focla úra a thabhairt isteach sa chaint, téarmaí a bhfuil dúchas iontu, a chumadh le Micí Mac Aoidh agus le daoine den chineál sin, Gaeil mhaithe a aimsiú insna Gaeltachtaí eile a mhealladh ar an chlár sa dóigh is go bhfuil siad ábalta cuidiú linn, agus cur leis an stór focal seo.
mothúcháin feelings
" Fáthmheas agus Féinleigheas Deintear ana-chuid cainte faoi 'chakras' i saol an leighis ailtéarnaigh – nóid diamhaireacha a bhfuil fuinneamh, dathanna, mothúcháin, codanna lárnacha de chóras endocrine na colainne agus fuaimeanna na ngutaí luaite leo.
daonnacht human feeling
" Ba shin an léiriú is fearr ar dhaonnacht a d’fhéadfaí a fháil i gceann de fhorais mhóra na tíre nach samhlófaí le dámh ná le daonnacht.
mothúchán feeling(s)
" Níl ár gcuid mothúchán á láimhseáil ná ár dtreorú le ceol aige ach oiread.
olc ill, bad feeling
" Mar sin i mo chroí istigh, níl aon olc agam do Thierry Annraoi.
aigne phobail feeling of community
" Is aigne phobail atá i gceist is dóigh liom.
Braithim ort I get the feeling
" Imeallach? SMM: Braithim ort go mb’fhéidir gur bhraith tú imeallach mar gheall ar an nGaeilge? CNC: Bhraith mé imeallach, tá sé an-ait.
mothúchain feelings
" Is cosúil gur fear dóighiúil, dea-bhéasach oilte a bhí ann a spreag mothúchain chomh domhain sin i Michelangelo gur scríobh sé litreacha agus dánta chuige chomh maith le cúig cinn de na pictiúir is fearr a rinne sé riamh ina shaol.
ciontacht feeling of guilt
" Má bhí Pádraig faoi ualach le ciontacht de dheasca gníomh barbartha collaíochta, nach tráthúil go bhfuil an Eaglais Rómhánach a thug sé go hÉirinn míle go leith bliain ó shin, faoi ualach trom ag peacaí móra collaíochta chomh maith.
mothúcháin na sraithe the feeling of the series
" Ní raibh sé deacair a lán de na sonraí a bhaineann leis an saol ann a chur in iúl ach bhí fíorluach agus fíorthionchar mothúcháin na sraithe le brath i scéal pearsanta na gcarachtar agus an caidreamh a bhí acu lena chéile gan aird a thabhairt ar an áit a raibh siad.
mothúcháin feelings
" Bhí a fhios againn mar sin faoi na coinníollacha sa champa, chomh maith le mothúcháin na gcimí.
bhraistint feeling
" Chonaic an tIontaobhas maolú suntasach ar an drochamhras faoin teanga a bhíodh coitianta nuair a bunaíodh sinn i 1990, agus tá roinnt fianaise ann a thabharfadh tacaíocht don bhraistint sin.
mothú feeling
" An Éigse ==== Deir Aurobindo nach é gnó na filíochta é go mbeadh mothú éigin againn nó smaoineamh éigin againn le linn dúinn nó tar éis dúinn dán a léamh ach go mbeadh domhan éigin feicthe againn, ní lenár súile cinn, ar ndóigh, ach le súile an anama istigh.
brath feeling
" Chuirfeadh brath láidir fairsing staire agus saibhreas saíochta na cathrach meadhrán ort go luath sa turas.
mothúchán feeling(s)
" Seoltar na splancanna ar aghaidh ó na cealla ar an liog éisteachta chuig stoc na hinchinne ar dtús agus ansin chuig an dá mhaothán tosaigh go réimse na haigneolaíochta agus na mothúchán, mar a ndéantar, idirdhealú idir ding agus dong, idir um agus am, idir glisiam agus fothram, idir sioscadh síoda taobh leat agus tuairt bhodhar agus ar ndóigh, idir drochcheol agus dea-cheol! In intinn an linbh óig, is nua gach fuaim agus mar sin bíonn stoc na hinchinne ag obair an-chrua leis na fuaimeanna nua uilig a rangú, a stóráil agus ord agus eagar slachtmhar a chur orthu le go n-aithneofaí na fuaimeanna chéanna nó fuaimeanna atá cosúil leo níos déanaí.
mothúcháin feelings
" Déanann beagnach gach gasúr bunscoile abhus staidéar ar an dán agus, cé go bhfuil nathanna seanreicthe go leor ann agus go bhfuil na mothúcháin maothintinneach in áiteanna, níl aon amhras ach go ndeachaigh na rainn i gcion go mór ar mhuintir na hAstráile.
mothúcháin feelings
" * An Chaint a Scaoileadh Amach =============== Is é an cumas atá ag Ó Domhnaill na mothúcháin seo a mhúscailt ionat, tú a chur ag gáire mar gurb é d’athair nó d’uncail nó do chomharsan a fheiceann tú os do chomhair, an ghné is láidre den scannán seo.
móthúcháin feelings
" Bhí móthúcháin agus leochailleacht ag baint lena shaothar chomh maith le bua péintéireachta a d’fhorbair sé ar feadh breis is trí scór blianta.
mothúcháin feelings
" Bíonn tionchar ar an aigne ag baint lena mhodh péintéireacta saonta agus cuireann sé in iúl go láidir na mothúcháin agus an gaol atá aige lena cheantar dúchais tríd na dathanna láidre a úsáideann sé chomh maith leis an lámh oilte láidir atá aige ar an scuab.
bhraistint feeling
" Geo-cultural orientation a thugtar i mBéarla ar an bhraistint sin a bhíos i logainm, i stéibh cheoil, i radharc uathúil taobh tíre.
an dáimh feeling of fellowship
" 
Bhí an daonnacht seo agus an dáimh le daoine ar an ghannchuid ina chroí istigh sular fhoghlaim sé faoi na teoiricí polaitíochta a bhí taobh thiar den chur chuige a chleacht sé ó shin.
fíormhothúcháin true feelings
" Dúirt Rivera faoi shaothar a mhná gur sampla gan comórtas é d’ealaíontóir a stróic oscailte a brollach agus a croí lena cuid fíormhothúcháin a nochtadh.
mothúcháin feelings
" An é sin a fheictear i bprós maoithneach Sachs, agus é lán go béal leis na mothúcháin, le féiníogaireacht agus le brionglóidí deasa? Cén chinéal carthanachta í an trócaire a mhúsclaítear díreach i ndiaidh chliseadh agus ciapadh inmheánach pearsanta? An bhféadfaí carthanacht a fhoghlaim, agus é a chur de ghlan mheabhair fiú? Nó ar chóir focal nua a chumadh dosna mothúcháin ildaite a bhlaistear i saothar scríte Sachs, focal cuí sainiúil a thabharfadh le fios nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an grá dleathach sin agus an éagóir mhillteach a rinneadh air? Gineann a chuid léachtaí íomhánna malartacha: an t-othar leochaileach ag dul i ngleic leis an mbreitheamh sotalach, uilechumhachtach; an apparatchik soineanta a bhaist “giolla na saoirse” air féin in iomaíocht leis an bhfealsúnaí aibí a thug comhairle do Ronald Dworkin fé choinceapanna teibí cosúil le *“reverse onus”*, *“proportionality review”* agus *“justiciability”*.
mothúcháin feelings
" ) Mhúscail Muirthéacht na Fraince mothúcháin éagsúla i samhlaíocht Foucault; meas ar an gcosmhuintir a tháinig aniar aduaidh ar Versailles i riocht jacquerie brúidiúil ach a chuir snas uasal orthu féin roimis dhúnmharú an rí, meas ar an fhuinneamh intleachtúil a gineadh, ach blaistear eagla agus amhras freisin.
mothúchán feeling
" aspx> faoin uirlis shoghluaiste seo ar dtús agus gurb é greann an mothúchán is mó a bhraith mé féin is a mhothaigh mé ar líne.
mothú feeling
" Taobhú ===== Gan amhras, déanann an fear magadh dá pearsa agus dá cuid mothúchán, mar ghlacann sé leis an dtaobh eile den díospóirecht.
gan mórán fonn orm not feeling any great wish to
" Bhí gach rud agam chun oíche a chaitheamh i m’aonar anseo, ach gan mórán fonn orm é sin a dhéanamh.