fhoireann tarrthála
rescue team

D'éirigh léi leanúint ar aghaidh go dtí an sráidbhaile mar sin féin agus chuir sí fios ar
fhoireann tarrthála Lochaber (www.
fhoireann chaide Chiarraí
the Kerry football team

Bhí sé le clos le déanaí ar *Morning Ireland *agus ar chlár raidió Marian Finnucane ar RTÉ ag cosaint a dhuine muinteartha Páidí Ó Sé, traenálaí
fhoireann chaide Chiarraí.
an fhoireann sinsear
the senior team

Bhain
an fhoireann sinsear Craobh an Chontae amach i 1996 agus Craobh Chomórtas Peile na Gaeltachta i 1997.
fhoireann tarrthála sléibhe
mountain rescue team

Rinne sé a sheirbhís náisiúnta san RAF, agus bhí sé ina bhall den
fhoireann tarrthála sléibhe i Kinloss nuair a bhí sé ar stáisiún in Albain thart fá 1957.
an fhoireann a ghnóthaigh
the team that won

Chaith
an fhoireann a ghnóthaigh bliain ag réiteach don rása seo.
muna sciobfadh an fhoireann pheile é
if the football team didn't snatch him

Mar sin, chomh fada is a bhain sé le lucht iomána Átha Cliath ba chailliúint an-mhór é Niall Ó Cuinn dá gcúis mar bhí blianta maithe roimhe ag iomáint d'Áth Cliath, is é sin
muna sciobfadh an fhoireann pheile é, mar a tharla i gcás Mick Holden.
fhoireann thánaisteach
second team

Le ceathracha bliain anuas, is iad Loch Garman agus Uíbh Fháilí atá san iomaíocht don stádas mar
fhoireann thánaisteach Chúige Laighean (Cill Chainnigh na taoisigh).
ball d'fhoireann Stephens
a member of the Stephens team

Robálaí agus cladhaire
=======
Le déanaí, in agallamh leis na meáin sa Bhreatain, dúirt
ball d'fhoireann Stephens atá in Éirinn ag fiosrú claonpháirteachais sa Tuaisceart, an tArd-Cheannfort Richard Turner, gur "robálaí agus cladhaire" é Kevin Fulton agus nach bhfuil sé iontaofa.
an fhoireann cheamara
the camera crew

B'éigean dom áiteanna áille a aimsiú don léiritheoir a bheadh
an fhoireann cheamara ábalta a bhaint amach.
fhoireann lúthcleasa
athletics team

Fear breá aclaí ab ea an t-athair nuair a bhí sé óg - bhí sé ar
fhoireann lúthcleasa Chontae Thír Eoghain tráth.
chuile bhall den fhoireann
every member of staff

"
Is léir go bhfuil an-mheas ag
chuile bhall den fhoireann san ionad ar Ray.
fhoireann bhuan
permanent staff

Cé mhéad duine atá fostaithe ag AnBL anois?
Tá seisear eile ar
fhoireann bhuan an Bhrainse: beirt Ardoifigeach Logainmneacha, beirt Oifigeach Logainmneacha agus beirt Oifigeach Cléireachais.
fhoireann an chéid
the team of the century

Tharla sin i gcás Brian Whelehan i 1994, iománaí a roghnaíodh ar
fhoireann an chéid ina dhiaidh sin.
fhoireann píob
a set of pipes

Bhí obair aige teacht ar
fhoireann píob ach, sa deireadh, rinne Frank McFadden ó Bhóthar Chluanaí i mBéal Feirste foireann dó.
fhoireann
staff

Cad iad na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann leis an Acadamh faoi láthair?
Is iad láidreachtaí an Acadaimh na mic léinn atá agus a bheas againn, an
fhoireann atá againn agus na dreamanna éagsúla a thugann tacaíocht dúinn, san Ollscoil agus lasmuigh di.
i gceannas ar fhoireann
in charge of a team

Aon uair a bhíos féin
i gceannas ar fhoireann, cuma cén grád nó aois, bhínn an-dian orm féin aon uair a bhí cluiche caillte.
fhoireann riaracháin
administrative staff

Nuair a d’fhiosraigh an Coimisinéir Teanga an cheist, dúradh leis nach bhfuil ach 3% d’
fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge anois.
san fhoireann mhírathúil Cheanadach
in the unsuccessful Canadian team

Ach tar éis do líomhaintí a bheith ann go raibh lámh ag bean chéile Gretzky i gciorcal cearrbhachais a chuireadh geallta mídhleathacha ar imeachtaí spóirt phroifisiúnta agus tar éis do Gretzky féin páirt stiúrtha a bheith aige
san fhoireann mhírathúil Cheanadach nár thug an bonn cré-umha féin abhaile leo ó Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in Torino na hIodáile, tá gaoth an fhocail eiriciúil le mothú den chéad uair: an féidir nach bhfuil i Gretzky ach dia bréige?
Pele an tsacair agus Mohammed Ali na dornála.
buachan ar aon fhoireann
to beat any team

Tuigfidh siad gur féidir leo
buachan ar aon fhoireann faoi láthair, seachas an dá cheann sin, b’fhéidir.
an chéad fhoireann ghairmiúil
the first professional team

Ba iad na Cincinnati Red Stockings, a bunaíodh in 1869,
an chéad fhoireann ghairmiúil i Meiriceá.
na háiseanna agus an fhoireann
the facilities and the staff

Tá
na háiseanna agus an fhoireann sa stiúideo sin iontach go deo agus tá an radharc ón stiúideo fíorálainn.
an fhoireann léachtóireachta agus riaracháin
the lecturing and administrative staff

Chiallódh sé seo go mbeadh
an fhoireann léachtóireachta agus riaracháin ag déanamh a ngnó i nGaeilge agus go mbeadh na cleachtais oibre uilig sa teanga sin.
ar fhoireann
on the staff

Cén ról atá agat féin i gCumann na bhFiann (CnaF) agus cén fhad atá tú sa phost?
Tá mé i mo bhainisteoir ar Chumann na bhFiann le ceithre bliana anuas agus
ar fhoireann Chumann na bhFiann le naoi mbliana.
i gcoinne fhoireann Laighean
against the Leinster team

Bhí mé an-óg ag an am, gan dabht, ach tá cuimhne nó cineál pictiúrtha i mo cheann den laoch mór ag scóráil cúil i gcluiche ceannais Chorn an Bhóthar Iarainn
i gcoinne fhoireann Laighean ar a raibh cuid mhaith *Dubs*.
go raibh an-áthas ar fad ar fhoireann iomána na Gaillimhe
that the Galway hurling team were very happy

Is cuimhin liom freisin
go raibh an-áthas ar fad ar fhoireann iomána na Gaillimhe Corn an Oireachtais a bhuachaint sa bhliain 1979, b’fhéidir, agus ba chineál cloch cora é ar an mbóthar go dtí Corn Mhic Cárthaigh i 1980.
ó neart go neart mar fhoireann iomána
from strength to strength as a hurling team

Buanna éagsúla
Ar chaoi ar bith, d’imigh na blianta agus chuamar
ó neart go neart mar fhoireann iomána agus ar feadh scaithimh ní raibh ár sárú i measc chlubanna sóisearacha agus idirmheánacha iomána Átha Cliath.
dhá fhoireann ó lártíre
two teams from the middle of the country

I mbliana tá
dhá fhoireann ó lártíre ag imirt in aghaidh a chéile nach bhfuil ach 190 míle eatarthu ar bhóthar idirstáit I-65.
roghnaítear dhá fhoireann don chraobh.
two teams are chosen for the final.

Anois roghnaítear na hocht bhfoireann is fearr sa sraithchomórtas agus trí imirt dhíbeartha,
roghnaítear dhá fhoireann don chraobh.
i gcás mheáin agus fhoireann Shasana,
in the case of the English media and team,

Go fiú
i gcás mheáin agus fhoireann Shasana, léiríodh suim i stair Pháirc an Chrócaigh agus CLG.
leis an fhoireann dhíograiseach
with the enthusiastic staff

É sin ráite, tá mé ag súil go mór le bheith ag obair
leis an fhoireann dhíograiseach in Rough Magic.
an fhoireann ba sciliúla
the most skillful team

Tá mé den tuairim láidir gurb iad
an fhoireann ba sciliúla a chonaic mé riamh i ngach gné den imirt.
tá borradh faoi fhoireann Átha Cliath.
the Dublin team is thriving.

Tá Ger Ó Lachtnáin i mbun na Gaillimhe agus
tá borradh faoi fhoireann Átha Cliath.
ar fhoireann shóisearach an chontae
on the county minor team

D’imir mé
ar fhoireann shóisearach an chontae agus ní fhaca m’athair mé ag imirt.
ar fhoireann shinsearach an chlub
on the club senior team

D’imir mé
ar fhoireann shinsearach an chlub agus ní fhaca m’athair mé – cé go raibh an pháirc díreach trasna an bhóthair ó theach s’againne.
mar fhoireann phroifisiúnta rugbaí
as a professional rugby team

Cén fáth a bhfaigheadh imreoir airgead ach nach bhfaigheadh réiteoir airgead? Chomh maith leis sin, le bheith réalaíoch, cé as a dtiocfadh an t-airgead? Bhí caint tamall ó shin go bhfaighfí réidh le Connachta
mar fhoireann phroifisiúnta rugbaí agus níl ach ceithre fhoireann sa tír sa spórt sin.
iarchaptaen fhoireann na hÉireann
former captain of the Irish team

Má bhí na hAstrálaigh ag breathnú ar an gcéad chluiche idir Baile Átha Cliath agus an Mhí, seans go raibh cineál mearbhaill orthu nuair a chonaic siad imreoir de chuid na Mí, ar
iarchaptaen fhoireann na hÉireann sna cluichí idirnáisiúnta é, ag caitheamh doirn faoi dhó le cloigeann a chéile comhraic agus a lámh timpeall ar mhuineál imreora eile geábh eile.
an fhoireann eile
the other team

Bhí sé sin níb fhearr mar théadh an liathróid chugam ní ba mhinice agus bhíodh an-chraic agam á ciceáil as an bpáirc sula dtagadh
an fhoireann eile anuas orm.
go ngabhfadh an fhoireann eile ar an ionsaí.
that the other team would go on the attack.

Bheadh contúirt ag baint leis sin mar go mbeadh baol ann go mbéarfaí orm, go gcaillfinn an liathróid agus
go ngabhfadh an fhoireann eile ar an ionsaí.
an fhoireann eile go léir ina luí orm,
and the other team all lying on me,

Agus mé brúite isteach sa phuiteach acu, agus
an fhoireann eile go léir ina luí orm, bhíos cinnte go bhfaighinn bás díreach ansin.
in éadan fhoireann na hAirgintíne
against the Argentinian team

I dtreo dheireadh na míosa, beidh cluiche acu
in éadan fhoireann na hAirgintíne agus bainfidh Poblacht na hÉireann a deich in aghaidh a náid.
ar fhoireann na Roinne Oideachais
on the staff of the Department of Education

”*
Is comhairleoir dlí
ar fhoireann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta é an fear Dalton Tatton a luaítear thuas.
ar fhoireann mionúr
minor team

D’imir siad
ar fhoireann mionúr agus ar fhoireann faoi 21 bliain Bhaile Átha Cliath agus rinne an triúr acu gaisce sa bhliain 1973 nuair a d’imir siad i gcluiche ceannais na hÉireann ar fhoireann faoi 21 bliain, cluiche a imríodh i gcoinne na Gaillimhe.
ar fhoireann shinsear iomána Átha Cliath.
on the senior Dublin hurling team

Crainn thacaAg druidim le deireadh na seachtóidí, bhí Mick agus a dheartháireacha ina gcrainn thaca
ar fhoireann shinsear iomána Átha Cliath.
mar bhall d'fhoireann chlúiteach peile Átha Cliath
as a member of an infamous Dublin football team

Bhuaigh sé bonn Uile Éireann sa bhliain 1983
mar bhall d'fhoireann chlúiteach peile Átha Cliath ar a tugadh “ an dáréag aspal”.
ach dé réir leagan fhoireann na Gaillimhe den scéal,
but according to Galway's version of the story

Dar le foireann Átha Cliath, “dáréag aspal” a bhí iontu,
ach dé réir leagan fhoireann na Gaillimhe den scéal, is cinnte go dtabharfaí “dáréag lofa” ar imreoirí Bhaile Átha Cliath mar gheall ar chomh salach is a bhí a gcuid saorimeartha.
an fhoireann shinsearach
the senior team

Bhuaigh
an fhoireann shinsearach an sraithchomórtas fosta.
ghnóthaigh an fhoireann shinsearach áit
the senior team earned a place

”
I mbliana, tar éis cluiche a bhuachan in aghaidh Young Irelands, foireann arb as Yorkshire di, ar an 12 Deireadh Fómhair,
ghnóthaigh an fhoireann shinsearach áit i gcluiche leathcheannais chraobhchomórtas na Breataine.
nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha
when the Australian cricket team got the better of the team of its paternal country

Maítear gur tréisíodh an feachtas go mór
nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha – arbh é Sasana – mar gur múisclíodh an meanma náisiúnta de thoradh an bhua.
ar fhoireann sacair Chorcaí faoi bhun ceithre bliana déag,
on Cork's under-14 soccer team

Tá mo mhic comhshamhlaithe go maith i sochaí na hÉireann, tá duine acu
ar fhoireann sacair Chorcaí faoi bhun ceithre bliana déag, agus tá staidéar gnó á dhéanamh ag an duine eile in institiúid tríú leibhéal.
a bhuíochas sin ar lag-imirt fhoireann Chorcaí
thanks to the weak play of the Cork team

Ba léir tar éis cuid ghearr a bheith imeartha go mbeadh an bua ag foireann Chiarraí,
a bhuíochas sin ar lag-imirt fhoireann Chorcaí níos mó ná ar shár-imirt na gCiarraíoch.
baill áirithe den fhoireann
certain members of staff

Bhí
baill áirithe den fhoireann ag achrann is ag bruíon le chéile go leanúnach agus d’éirigh cúrsaí chomh holc sin sa deireadh go raibh ailt sna nuachtáin náisiúnta, fiú, faoi chúrsaí ansin.
go mbíonn idir mhic léinn agus fhoireann thíos léi
that both students and staff suffer because of it

Ach tá mé lánchinnte
go mbíonn idir mhic léinn agus fhoireann thíos léi agus ní thaitníonn sí liom, ar chor ar bith.
an fhoireann cruicéid
the cricket team

CruicéadBa í foireann Éireannach na bliana anuraidh ná
an fhoireann cruicéid a bhain stádas an-ard amach di féin lena bua iontach i gcoinne fhoireann na Pacastáine i gCorn Domhanda an Chruicéid.
gach duine ar fhoireann an óstáin
all of the hotel staff

Nach bhfeiceann siad go bhfuil conradh beag i gceist – duine a thabhairt ó A go B – agus nuair a bhíonn an conradh beag sin comhlíonta go mbíonn cead acu tú a robáil!
Nuair a bhím i siopa, nó in san óstán, bím i gcónaí ag iarraidh mo chuid Fraincise a chleachtadh, agus cé go mbíonn Béarla ag
gach duine ar fhoireann an óstáin de ghnáth, tá sé deas a bheith múinte agus iarracht a dhéanamh a dteanga a úsáid.
ar fhoireann peile nó iománaíochta
of a football or hurling team

Cén duine ciallmhar a bheadh ag iarraidh a bheith ina bhainisteoir
ar fhoireann peile nó iománaíochta nó a leithéid ar na saolta seo? Cén cineál duine nár mhiste leis dá ndéanfaí mionanailís agus plé ar a raibh déanta aige gach seachtain sna meáin chumarsáide – na saineolaithe ar an bpainéal, na hiománaithe ar an gclaí, blagodóirí na ríomhairí glúine agus téacsóirí an domhain mhóir ag caint faoi? Amadán, b’fhéidir, nó fealsamh nó fanaiceach, nó gnáthdhuine, seans, ar mian leis a bheith páirteach i gcúrsaí spóirt i ndiaidh dá sheal imeartha féin teacht chun críche.
bainisteoir bocht fhoireann peile Chorcaí,
the poor manager of the Cork football team,

Níl ach mí imithe thart ó bhí raic ann maidir le
bainisteoir bocht fhoireann peile Chorcaí, Teddy Holland.
ar fhoireann raoin agus faiche
on the track and field team

”*
Ní raibh ach beirt Ghiúdach
ar fhoireann raoin agus faiche na Stát Aontaithe ag na Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl i mBeirlín sa bhliain 1936 – Marty Glickman agus Sam Stoller – ach baineadh den fhoireann iad roimh chraobh an rása sealaíochta 400 méadar.
baineadh den fhoireann iad
they were taken off the team

”*
Ní raibh ach beirt Ghiúdach ar fhoireann raoin agus faiche na Stát Aontaithe ag na Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl i mBeirlín sa bhliain 1936 – Marty Glickman agus Sam Stoller – ach
baineadh den fhoireann iad roimh chraobh an rása sealaíochta 400 méadar.
ar fhoireann tacaíochta mac léinn.
on a student support team.

Níl a fhios agam an mbíonn síceolaí ina measc siúd de ghnáth, ach is mór an méid é seacht n-oifigeach déag a bheith
ar fhoireann tacaíochta mac léinn.
ar an fhoireann taca
on the reserve team

Barry Andrews:** Ógánach (tá sé 41 bliain d’aois!) atá ag fáil a dheise ar an phríomhfhoireann mar gheall ar rudaí maithe a bheith déanta aige le bliain anuas, cé nach raibh sé
ar an fhoireann taca fiú.
an fhoireann ollmhór
the massive team

**Aidhm **
Is í an phríomhaidhm atá le Phoenix, agus ag
an fhoireann ollmhór atá ag obair taobh thiar de, ná uisce a aimsiú ar Mhars.
don fhoireann
for the staff

Tugadh £12m do USAIG le foirgneamh a fháil
don fhoireann agus le tabhairt faoi thionscadal an Acadaimh.
nuair a fuair beirt eile a bhí ar fhoireann Zhvania bás gan choinne
when two other from Zhvania's staff died suddenly or without warning

Bhí go leor daoine ann, áfach, nár chreid gur bás tionóisceach a bhí ann, go háirithe
nuair a fuair beirt eile a bhí ar fhoireann Zhvania bás gan choinne go luath ina dhiaidh sin.
fhoireann
team

Ba
fhoireann iontach iad John is Colm, ag sealaíocht ar a chéile agus na múrtha eolais a bhí acu faoi gach gné d’fhíon á roinnt acu linn.
fhoireann
staff

Cheap an tUachtarán Lincoln daoine fíorchumasacha ar an
fhoireann a d'oibrigh leis.
Fhoireann Tarrthála
Rescue Team

De réir Ian Henderson ó
Fhoireann Tarrthála Llanberis, nach raibh siad ag caitheamh croibh oighir ná ní raibh piocóidí oighir acu agus d'iarr sé ar shiúlóirí gan dul suas sna sléibhte gan trealamh geimhridh.
ball den fhoireann
a member of the team

Chas muid ar ár gcara Glynn, an
ball den fhoireann a d'aimsigh na coirp, nuair a bhí muid ar an droim sléibhe Crib Goch cúpla lá i ndiaidh an timpiste.
fhoireann
team

Is ait an tAthair an Saol!
Tá foireann curtha le chéile anseo i gCois Fharraige de bhuachaillí faoi 12 le mise mar bhainisteoir! Sea, táimse im bhainisteoir ar
fhoireann sacair sa Ghaeltacht! Tá muid le páirt a thógáil i gcomórtas sacair a bheas ar bun le gairid mar chuid de Chluichí Pobail na Gaillimhe.
fhoireann
team

Mar is eol do leath na tíre, ba iománaí cumasach é Setanta ar
fhoireann Chorcaí sular fhág sé Éire ag tús 2004 chun tabhairt faoi Aussie Rules san Astráil.
Fhoireann Tarrthála
rescue team

Cuireadh scairt ar
Fhoireann Tarrthála a’ Chairn Ghoirm agus bhí siad ar a mbealach de chois, nuair a nocht bearna sa scamall agus bhí an t-ingearán ábalta ísliú isteach agus James a ghlinneáil aníos 7.
fhoireann
staff

Tá an staisiún sé bliana déag ar an saol i mbliana agus é faoi stiúir chumasach Mhuiris Uí Fhiannachta agus a
fhoireann.
fhoireann
team(s)

Bhí laochra móra iomána ar an dá
fhoireann.
fhoireann
staff

SMM: An cuma leat labhairt faoi chlár ar leith nuair a chuirfeadh duine, cosúil liomsa taobh amuigh de RTÉ, ceist ort agus b’fhéidir go bhfuil aithne de chineál agat ar an duine nó ar an dream den
fhoireann a chaith obair is allas leis an gclár? Fágaim - céard a mhothaigh tú le clár na hoíche aréir, Anonymous? Ar cuireadh machnamh go leor isteach sa gclár sin meas tú? BNC: Ní raibh a fhios a’msa tada faoi.
fhoireann na hÍsiltíre
the Netherlands team

Ach ar an drochuair, is ar
fhoireann na hÍsiltíre a bhí sí agus níor le hÉirinn.
fhoireann
team, staff

Arís eile, níl duine ar bith sa dá fhoras sin in ann cuid áirithe den
fhoireann, nó de na comhlachtaí a oibríonn dóibh, a thabhairt ar chruinneas urlabhra.
fhoireann
a set

Nach maise ar sheilf na nDVD-anna agam féin le fada é an
fhoireann boscaí a cheannaíos san Astráil ón ndáilitheoir Madman Cinema, sa tsraith *‘Director’s Suite’*, a thugann *‘The Wind Will Carry Us’*, *‘Ten’* agus *‘Taste of Cherry’* le Kiarostami dúinn.
fhoireann
team

Nuair a bhí mé ag caint le fear as Tiobraid Árann a bhfuil aithne mhaith aige ar Liam Ó Síoda, bainisteoir Thiobraid Árann, an lá tar éis an chluiche ceannais, dúirt sé gurb é an rud ab fhearr a tharla do Thiobraid Árann ná cailliúint i gcoinne Chorcaí i mbabhta tosaigh chraobh na Mumhan mar go mba ‘chic sa tóin’ don
fhoireann ag an am ceart é.
fhoireann
team

Bíonn náisiúnaithe an tuaiscirt i bhfách le foireann na hÉireann agus iad ag imirt le liathróid ubhchruthach agus fiú nuair is sacair atá ar bun agus an
fhoireann dá réir, na 26 Chontae, ach ní ní leo foireann sacair Thuaisceart (sic) Éireann.
fhoireann riaracháin
admin staff

5% de
fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais is Scileanna in innimh a gcuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge anois.
fhoireann den chéad scoth
first class staff

Agus é ag tagairt don “
fhoireann den chéad scoth” de Dhaonlathaigh Ghiúdacha a dhéanann cathaoirleacht ar choistí Tí tábhachtacha,
dúirt Ackerman: *“We are all pro-Israel and we all have major, major, major influence in the executive branch.
fhoireann
crew

Bhí sé ar an
fhoireann *Dicovery* le Captaen Scott, in éineacht leis an Chiarraíoch, Tomás ’ac Criomhthainn, nó mar is fearr aithne air, Tom Crean, ar an taiscéaladh Antartach i 1901 agus bhí sé ina cheannaire ar an Nimrod, taiscéaladh Antartach eile i 1908.
fhoireann chuí
suitable staff

Deirtear go gcuirfear ‘an
fhoireann chuí agus na hacmhainní cuí’ ar fáil do COGG le dualgais áirithe a chomhlíonadh i réimse an oideachais ar nós téacsleabhair agus áiseanna foghlama agus múinteoireachta a sholáthar agus comhairle a chur ar an Aire maidir le beartais a bhaineann le hoideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil.
fhoireann sinsir
senior team

Is é is ábhar don leabhar ná tuairisc Uí Sheancháin ina chuid focal féin ar a sheal mar iománaí ó bhí sé ina ghasúr go dtí an lá a d’fhág sé slán lena chomrádaithe ar
fhoireann sinsir Phort Láirge.
fhoireann
team(s)

Iománaíocht agus Gníomhaíocht
===============
**SMM: Ba bharrúil an chaoi sin nár luaithe anseo thú ná go raibh tú ag imirt ar
fhoireann iománaíochta an chontae!**
RÓS: (phléasc amach ag gáire) Bhí sé greannmhar.
fhoireann na carcrach
of the prison staff

Measadh go raibh Rodford faoi bhagairt bháis ag poblachtánaigh
An tseachtain seo, cuireadh beirt eochróirí ar fionraí i ndiaidh fiosrúcháin ó Ombudsman na gcarcracha, Pauline McCabe, a mhaígh gur dócha gur bhall de
fhoireann na carcrach a leag na sonraí sa chillín.
a fhoireann rúnaithe
his staff of secretaries

Tá Ardstiúrthóir agus
a fhoireann rúnaithe agus lucht riaracháin i gcoitinne sa cheannáras náisúnta i bPáirc an Chrócaigh.
Is cuid den fhoireann í
she’s one of the staff
Is cuid den fhoireann í Brody anois.
fhoireann
team

Ba í 1938 an bhliain deiridh ar ardaigh iománaithe Átha Cliath Corn Mhic Cárthaigh agus ba í 1961 an bhliain deiridh ar shroich an
fhoireann iomána cluiche ceannais sinsearach na hÉireann agus ar bhuaigh an
fhoireann shinsearach Craobh Laighean.
fhoireann
staff

Saol Comhaimseartha na hÉireann
==============
Rud amháin atá ag déanamh buartha dom faoi na ranna Nua-Ghaeilge sna hollscoileanna, nach mór do na léachtóirí, an
fhoireann, ins na ranna Nua-Ghaeilge suim a chur in athréimniú na Gaeilge, i ndán na Gaeilge ins an saol comhaimseartha mar tá an dá rud fite fuaite ina chéile.
fhoireann riaracháin
admin staff

5% de
fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais in innimh a gcuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.
níl aon fhoireann mhór againn
we have a small staff

Agus an chéad uair i Lios Tuathail ag cur na gcathaoireacha le céile agus
níl aon fhoireann mhór againn agus ag cur gach éinne ina suí san ord ina mbeidís ar an stáitse agus i St John’s Theatre, tá sé beag, ach ní raibh muid cinnte an mbeadh an amharclann sin lán nó nach mbeadh.
d’fhoireann
of the staff

Oibríonn an chuid is mó
d’fhoireann Raidió na Life ar bhonn deonach agus bíonn éagsúlacht deiseanna ar fáil d’oibrithe ann mar sin idir léamh na nuachta, thuairiscí le déanamh ar ócáidí speisialta, daoine a chur faoi agallamh, eagarthóireacht is thaighde.
fhoireann loinge
ship’s crew

Ach beidh The Draken Harald Fairhair (DHF) ar an atógáil is mó riamh, le 25 péire maide rámha ann - sin bád 50 buille - agus le beirt ar gach maide sin 100 fear iomraimh ar an
fhoireann loinge 150 duine.
an fhoireann a chosaint
to defend the team

Ainneoin iarrachtaí Capello chun
an fhoireann a chosaint ar na meáin, bhí an t-uafás raflaí á mbíogáil ar twitter agus ar láithreáin líonraithe shóisialta den chineál sin.
fhoireann
cast

Ach rinne muid é mar bhí eolas maith againn ar an ábhar ag an am is dócha agus bhí an chuid is mó den
fhoireann a bhí ag obair air sa Taibhdhearc, bhí siad páirteach ann freisin.
fhoireann
crew

Agus ní hiad iníon Bono, Eve Hewson, ná Kerry Condon, Tiobradach mná, an t-aon bheirt Éireannach ar
fhoireann Sorrentino.
dálta bhainisteoir fhoireann spóirt
similar to sports team manager

Ach
dálta bhainisteoir fhoireann spóirt atá gar do bhun na sraithe, ní mheasfar Nesbitt mar is ceart go dtí go bhfeicfidh muid é ag tabhairt aghaidh ar na fáthaigh sa DUP agus i Sinn Féin.
fhoireann
team

Bhí cloiste agam ar éachtaí
fhoireann sacair na cathrach, Deportivo, faoi mar a bhí ag mórán Éireannach ón uair a chloígh siad Síol Broin cróga Bhleá Cliath i Sraith na gCuradh i 2004.
fhoireann chúltaca
reserve team

Tá Darach ar
fhoireann chúltaca *Blackburn* agus mar sin bíonn sé ag traenáil leo chomh maith leis dream óg an acadaimh.
atheagar ó bhonn de dhíth ar fhoireann
a staff re-organization needed

Má bhíonn an tÚdarás ag déanamh maoirseacht ar fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht, beidh
atheagar ó bhonn de dhíth ar fhoireann na heagraíochta.