Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fhiachas liability
" Chun dul i ngleic leis an fhiachas náisiúnta, déanfar ciorruithe ollmhóra in achan Roinn.
géarchéim fiachais debt crisis
" Tá na Fíor-Fhionlannaigh glan i gcoinne an AE agus tá siad ag cur in aghaidh na bpacáistí cúnaimh atá á gcur ar fáil ag an AE do na tíortha a bhfuil géarchéim fiachais ar siúl iontu – Éire ina measc.
a theorainn fiachais féin its own liability limit
" ) Tá na Stáit Aontaithe chun iasacht $1 billiún a ráthú ar son na hÉigipte, cé go bhfuil a theorainn fiachais féin sáraithe ag an ngeilleagar is mó ar domhan, agus Rúnaí Státchiste Timothy Geithner ag déanamh ruathair ar chistí pinsin leis an bhfiachas a mhaoiniú.
teorann fiachais debt ceiling, limit
" Thug an ghéarchéim faoin teorann fiachais le fios gur ar éigin atá rialtas na Stát Aontaithe ag feidhmiú mar rialtas.
fiachais debt
" Bhí an cóimheas fiachais-OTI ag 150% faoin bhliain 1987.
bhfiachas liability
" Cuireann Crumley i gcuimhne don léitheoir an mana a bhí ag Bill Clinton agus é i mbun toghchánaíochta i 1992: Is é an geilleagar an mhórcheist, a phleidhce! Má bhíonn tréimhse cúig bliana Sarkozy san Elysée le hiniúchadh go fuarchúiseach, dar le Crumley, tabharfar faoi deara go bhfuil méadú ollmhór tar éis teacht ar an bhfiachas náisiúnta ó 2007 i leith agus gur íslíodh rátáil chreidmheasa na Fraince ar na margaí airgeadais aon chéim i mí Eanáir seo caite.
i dtaobh an fhiachais náisiúnta in regard to the national debt
" An rud céanna i dtaobh an fhiachais náisiúnta, méid an phacáiste tarrthála, agus céatadán na morgáistí atá i riaráiste.
fógraí faoisimh fiachais debt relief notices
" Bhí an tuairim ann go gcuideoidh an córas nua a tugadh isteach faoin Acht um Dócmhainneacht Phearsanta 2012 le teaghlaigh ach ó thaobh na forála is mó a bhíonn SBCA ag plé leis - fógraí faoisimh fiachais a bhaineann le fiacha faoi €20,000 - is beag an líon daoine atá ag dul ar aghaidh faoin gcóras nua chun faoisimh fiachais a bhaint amach.