Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thaos fiacla tooth-paste
" Ach b'fhéidir go raibh sé níos éasca orthu siúd ná ar mo leithéidse, le mo ghlóthach ceatha agus glóthach speisialta do m'aghaidh, mo *factor 60*, mo thaos fiacla, mo spéaclaí gréine, mo stocaí agus bútaí siúil, mo bhríste siúlóide speisialta le pócaí agus zipeanna speisialta, mo mhála droma a dearadh go heolaíoch, agus na *plasters *speisialta do na spuaiceanna.
fiacla sáibh the teeth of a saw
" Bhí an Triúr Deirfiúr le feiceáil ón fhuinneog - trí spuaic ghéara atá iontu atá cosúil le fiacla sáibh, ag éirí ón fharraige ar an taobh eile de Chuan Ard na Caithne.
a chaill a cuid fiacla ar fad who lost all her teeth
" I measc an naonúir, bhí bean ann a chaill a cuid fiacla ar fad i ndiaidh di dul faoi scian chun a bolg a dhéanamh níos lú sa chlár “Brand New You”, agus fear óg a bhí trína chéile i ndiaidh dó a bheith ar chlár cleamhnais agus gan fhios aige gur fear a bhí sa mhainicín dathúil a raibh sé sa tóir air/uirthi.
tagann uisce le mo chuid fiacla my mouth starts to water
" B’an-chócaire mo mháthair; tagann uisce le mo chuid fiacla nuair a smaoiním siar ar laethanta m’óige agus an bia seo ar fad.
fiacla bréige, false teeth
" I measc na n-earraí a raibh spéis aige iontu bhí fiacla bréige, troscán *Art Deco* agus táirgí an-choitianta mar phrócaí brioscaí in ollmhargaí a raibh rian na comóntachta ag baint leo.
scuaba fiacla tooth brushes
" An rud ba mhó a ghoill ormsa ná na rudaí a thug na daoine leo ón Ísiltír, ón nGearmáin, ón Ungáir agus ón nGréig; na málaí, na scuaba fiacla agus na boscaí snasáin bróg.
gíoscán fiacla grinding of teeth
" Fad is a bhí gíoscán fiacla ar siúl ag leithéidí an Údarás Comhionannais agus Údarás na Gaeltachta faoin €2.
fiacla teeth
" Bhí blas fola i mo bhéal agus ceann de na fiacla tosaigh in easnamh.
fiacla teeth
" Shhhh! Don iarthaoiseach iarghaoiseach Garret Mac Gearailt thabharfainn fiacla úra – foireann iomlán acu – sa dóigh go mbeadh daoine in ann corrfhocal eile a thuigbheáil ag teacht amach as a bhéal seachas ‘duairceas agus doineann agus gruamacht’ agus ‘deich mbliana eile ar a laghad’.
fiacla teeth
" Níl go leor fiacla ag an Ombudsman Preasa ná ag an Chomhairle Preasa chun srian a chur ar an iriseoir a dhéanann treascairt ar shaol príobháideach daoine iomráiteacha.
Rith an t-uisce le mo chuid fiacla my mouth watered
" Rith an t-uisce le mo chuid fiacla.
fiacla á nochtadh baring of teeth
" Tháinig deireadh faoi dheireadh le fiacla á nochtadh agus cloigne dá gcroitheadh, le doirne san aer, le cos ar bolg, le béiceacha agus screadanna agus scréacha.
Is beag gol nó gioscán fiacla little crying and grinding of teeth
" Is beag gol nó gioscán fiacla a chluinfear ó ranna áirithe stáit faoin chinneadh thubaisteach seo mar sin.
gur beag fiacla a bheas ag shall have very little bite
" Tá an chosúlacht ar an scéal gur beag fiacla a bheas ag an Chomhdháil agus nach bhfuil ann ach iarracht mar dhea eile chun cuma na maitheasa a chur ar an rialtas i leith leasú a dhéanamh ar an chóras pholaitiúil.
a chuid fiacla a bhá i gcraiceann a chéile comhraic sinking his teeth into his opponent’s skin
" Tar éis do Luiz Suárez, imreoir sacair de chuid Learphoill, a chuid fiacla a bhá i gcraiceann a chéile comhraic Branislav Ivanovic (ag imirt le Chelsea) i gcluiche i bPríomh-Roinn Shasana, bhí alltacht agus déistin ar dhaoine a chonaic an eachtra go háirithe nuair a taispeánadh athchraoladh físe ó cheithre cheamara éagsúla arís is arís ar an teilifís.
abairt a chuireann roinnt Éireannach ag dioscán fiacla is dócha a sentence which puts some Irish to grinding their teeth
" Tá ardghradam ag an mBéarla sa domhan idirnáisiúnta agus má bhíonn Gearmánaigh óga ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa saol, is i dtreo an Bhéarla a rachaidh siad (abairt a chuireann roinnt Éireannach ag dioscán fiacla is dócha).
ná na fiacla céanna nor the same powers / teeth
" Ní bheifeá ag súil go mbeadh an réimse iniúchtha ná na fiacla céanna ag athbhreithniú is a bheadh ag fiosrúchán iomlán.