Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag lionadh na mbearnaí filling the gaps
" Dúirt Creed go raibh sé "ag lionadh na mbearnaí".
ag líonadh filling
" Tá na coláistí ag líonadh níos luaithe chuile bhliain, agus tá liosta feithimh anois i go leor de na cumainn – nílimid in ann glacadh leis na daltaí go léir a bhfuil suim acu bheith páirteach sa chumann.
ag líonadh bearna filling a gap
" “Bhí duine amháin nach raibh eolas aige faoin Oireachtas agus dúirt sé, ‘Céard tá i gceist leis an Oireachtas?’ agus chas cailín chuige agus dúirt, ‘Níl ann ach na tseachtain is fearr sa mbliain, *duh*!’ “Sin é mo thaithí thar na blianta: éireoidh le rud ar bith i nGaeilge má tá sé ag líonadh bearna atá ann, nach bhfuil á líonadh i mBéarla.
ag comhlánú na bhfoirmeacha custaim filling in the customs forms
" Ba dhúshlán é 100 canbhás a smuigleáil as an Iaráic trí chóras poist arm na Stát Aontaithe agus, lena chinntiú go dtiocfaidís ar fad slán sábháilte go Nua-Eabhrac, níor inis Brownfield an fhírinne iomlán agus é ag comhlánú na bhfoirmeacha custaim.
ag líonadh filling
" Cá raibh Biffo le linn do na linnte a bheith ag líonadh? Bhí sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, mar a dhéanfadh gobadán maith: ag coinneáil a chloigeann os cionn uisce agus ag déanamh a dhíchill gan a bheith fágtha ar an trá fholamh.
líonadh filling
" Ghlac James Pinnington (nó 'J' mar a thugtaí air) scor luath as an phost a bhí aige sa státseirbhís agus bhí sé ag líonadh a chuid ama ag déanamh na ‘Munros’.
líonadh filling
" Táthar ann a dhéarfadh nach mbeadh in aistriú na gcúram seo ó eagraíocht phoiblí amháin go ceann eile, ach cur i gcéill mar a bheadh i mbabhtáil cathaoireacha ar an Titanic agus í ag líonadh le huisce.
líonadh filling
" Braithim mo scamhóga ag líonadh agus mo chliabhrach ag at.
ag líonadh spás filling the space
" Is deacair ar na saolta seo neamhaird a thabhairt ar cheist atá ag crá údaráis an Chumann Lúthchleas Gael le tamall de bhlianta agus atá, ceal cluichí móra le tuairisciú, ag líonadh spás na gcluichí Gaelacha ar leathanaigh na nuachtán náisiúnta agus eile.
ag líonadh le gaineamh filling with sand
" Bhain mé mo bhuataisí díom toisc go raibh siad ag líonadh le gaineamh agus bhí sé deacair siúl leo.
ag líonadh na leathanach seo filling these pages
" Beidh mé ag líonadh na leathanach seo le heolas faoi gluaisteáin nua agus faoi ghluaisteáin athláimhe – agus cuirfear liosta ar fáil de na rudaí ar cheart agus nár cheart duit a dhéanamh agus tú ag ceannach gluaisteán athláimhe.
ag líonadh a bpócaí féin filling their own pockets
" Foilsíodh gearáin fosta maidir le hairgeadas na tréibhe Attawapiskat a thug le fios go raibh airgead á dhíomailt go ciotach agus go raibh ceannairí an Chéid Náisiúin ag líonadh a bpócaí féin le hairgead a cuireadh ar fáil dóibh.
lón líonmhar a filling lunch
" Ní hamháin go ndearna na 'chai wallahs' bricfeasta breá blasta a sholáthar ach thug siad lón líonmhar dúinn fosta mar aon le focail mhisnigh don dúshlán a bhí romhainn.
tá sí á líonadh lena cuid focal féin it’s filling it with its own lexicon
" Tá lingua franca na sibhialtachta nua-aimseartha tar éis greim a fháil ar theanga na nGearmánach agus tá sí á líonadh lena cuid focal féin.
agus tú gnóthach i mbun gloiní a líonadh is ar uile while you’re busy filling glasses and else
" Agus má tá rath mór ar an gcóisir, agus má bhíonn doirseoir uait, is féidir le Raspberry Pi aire a thabhairt don doras agus tú gnóthach i mbun gloiní a líonadh is ar uile (Speaker Deck)(https://speakerdeck.
ag líonadh foirme filling out a form
" Ach ’sé an dara córas a thosaíonn ag oibriú nuair a chuirtear an cheist cé mhéad é 13 x 27? Is é an dara córas fosta a bhíonn ar obair nuair a bhíonn tú ag líonadh foirme.
ag líonadh na cearnóige filling the square
" Chaith mé tráthnóna aoibhinn ag an Buenos Aires *Hurling Club*, d’fhreastail mé ar cheiliúradh mór Lá na Féile Pádraig in Plaza San Martin atá baiste as laoch mór agus fuasclaitheoir na hAirgintíne, José de San Martin agus ceol traidisiúnta, amhráin tíre agus callán na mbróg damhsa a lá Riverdance ag líonadh na cearnóige ag dul ó sholas dó.