Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Beidh an droim síos linn Our backs will be killing us
" "Beidh an droim síos linn roimh dheireadh an lae.
do mo mharú killing me
" "Tá mé ag obair ar leabhar eile anois, ach *God bless us*, tá sé do mo mharú! Tá sé ghearrscéal críochnaithe agam ach níl iontu ach an chéad dréacht agus níl meas dá laghad agam orthu.
á marú féin killing themselves
" Coirp iomlána a bhí ó thaighdeoirí na hollscoile is bhí neart acu siúd le fáil acu agus an oiread daoine ag fáil bháis is á marú féin go rialta.
marú seachbhreithiúnach extra-judicial killings
" Tá eagraíochtaí móra le rá mar Amnesty International agus Human Rights Watch ag iarraidh aird a tharraingt ar shárú cearta daonna i bPapua Thiar, ina measc coinneáil dhírialta, éigniú, céasadh, bualadh príosúnach faoi choimeád agus marú seachbhreithiúnach.
Tá na lámha síos liom my arms are killing me
" Tá na lámha síos liom fosta," arsa Seán go truacánta, "agus tá mé stiúgtha leis an ocras.
Bhí an dá lámh síos léi her arms were killing her
" Bhí an dá lámh síos léi faoin am a tháinig sí a fhad leis an tábla.
maraithe an-chonspóideacha very controversial killings
" Deirtear gur 301 duine a mharaigh Arm na Breataine, maraithe an-chonspóideacha a mbunús - Domhnach na Fola, ochtar Loch gCál, agus na haonaráin sin a bhí san áit chontráilte ag an am chontráilte, leithéidí Leo Norney as Béal Feirste nó John Boyle as Ard Mhacha.
marú onóra honour killing
" In 2002 foilsíodh an leabhar *Forbidden Love *le Norma Khouri, scéal fírinneach a bhain le Dalia, dlúthchara leis an údar ar mharaigh a hathair í sna nóchaidí i "marú onóra" de bharr a cairdis le hoifigeach Críostaí in arm na hIordáine.
ag marú caorach killing sheep
" Nuair a cuireadh tús le feilméaracht sa stát sin ag tús an naoú céad déag, rinneadh clamhsán go raibh siad ag marú caorach agus ainmhithe eile.
marú brúidiúil brutal killing
" Thosaigh sé roimh an Nollaig le goid £26m ón Northern Bank ach ba mheasa i bhfad marú brúidiúil Robert McCartney mar gur ghoill sé go mór ar a bpobal féin.
bhí an dá chos síos léi her feet were killing her
" Ní ag déanamh scéal fada gairid atá mé nuair a deirim ach raibh siad ag teacht le chéile fá éadach a phioc Aoife ach ghéill Gráinne sa deireadh nó bhí an dá chos síos léi, bhí sí leathbhodhar agus thuig sí go raibh fiche máthair eile ar a laghad amuigh ansin a raibh iníon acu a bhí ar chuma Aoife.
ag meilt ama killing time
" Bhí sé díreach i ndiaidh a chuid a chaitheamh agus shuigh sé síos os comhair an teilifíseáin agus é ag meilt ama go dtiocfadh Ellen chun na bhaile óna cuid oibre.
bhí an dá lámh síos liom my arms were killing me
" Dá bhfeicfeá an ghruaig a bhí uirthi fosta; bhí folt tiubh catach uirthi agus nuair a bhí sin dírithe agus slíocaithe agam bhí an dá lámh síos liom, tá mé ag inse duit.
maruithe killings
" Tháinig an nuacht teilifíse ar siúl ag a cúig, agus mar is iondúil, ba iad maruithe san Iaráic príomhscéal an lae.
marú uafásach terrible killing
" Cuirfidh an DUP ceisteanna crua ar “Sinn Féin /PSNI” maidir le marú uafásach Robert McCartney agus airgead Bhanc an Tuaiscirt ach cá fhad a ghlacfaidh sé sula n-aithneoidh Paisley – agus Peter Robinson, atá i bhfad níos deimhní nó níos pragmataí ná bunús a chomhghleacaithe – a sean-namhaid, Gerry Adams, mar chéile rialtais? Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen.
a phléadáil ciontach as Pat Finucane a mharú who pleaded guilty to killing Pat Finucane
" San ionsaí ar an Devenish Arms agus ar Graham’s Bookmakers, ba iad na póilíní a thug an piostal Browning do na dúnmharfóirí! Cad é mar a fuarthas na gunnaí? Bhuel, mar a fuair an Breitheamh Peter Cory amach, chuaigh fear de chuid an UDA/UFF, Ken Barrett – an fear a phléadáil ciontach as Pat Finucane a mharú – isteach i mbeairic de chuid an UDR agus éide an UDR air.
an scannán oifigiúil den bhású the official film of his killing
" Craoladh an scannán oifigiúil den bhású ó cheann ceann na cruinne agus foilsíodh pictiúir éadrócaireacha de Saddam agus snaidhm reatha ar a mhuineál.
shíormharú san Iaráic, (such as) eternal killing in Iraq,
" Bíodh an diabhal ag scéalta beaga mar thrioblóid ar an stocmhalartán, shíormharú san Iaráic, agus easpa árachais i measc na saoránach bocht - ba é an scéal mór ná an troid a thit amach idir sonóg pheile Ollscoil Oregon agus sonóg pheile Ollscoil Houston i rith cluiche peile Meiriceánach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.
formhór na maruithe most of the killings
" Bhí dlúthbhaint agam le formhór na maruithe a ndearna mé cur síos orthu sa leabhar – bhí mé ag scríobh faoi íospartaigh a raibh mé cairdiúil leo, a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú nó a raibh mé i láthair ag a sochraid.
as misinéir a dhúnmharú for killing a missionary
" I ndiaidh do na hEorpaigh iad a ionsaí as misinéir a dhúnmharú (rud nach ndearna siad), d’éirigh na *Tūhoe* amach in Ōrākau in 1864, agus coigistíodh a gcuid talún.
as fear neamharmtha a mharú for killing an unarmed man
" Bhí triúr póilíní ar a dtriail as fear neamharmtha a mharú agus iad i ngnáthéadach taobh amuigh de chlub i lár na hoíche.
marú killing
" Bhrisfeadh sé do chroí nuair a thoisigh siad ag titim amach lena chéile, ag marú a chéile agus achan rud eile.
marú killing
" In aon lá amháin, de réir an chuntais chéanna, cuireadh cúigear saighdiúirí Éireannach chun báis i St Germain toisc go bhfuarthas ciontach iad i ngoid agus i marú (féach freisin ‘The Stuart Court in Exile and the Jacobites’, curtha in eagar ag Eveline Cruickshanks agus ag Edward Corp).
díothaithe killing
" Tá traidisiún sealgaireachta láidir sa tír seo agus níl aon amhras ach go mbeadh sealgairí go leor abhus lán sásta páirt dhíograiseach a ghlacadh in aon chlár díothaithe.
Nil sa Straitéis ach Marú na ‘dTalaban the strategy is merely the killing of Taliban
" Nil sa Straitéis ach Marú na ‘dTalaban’ ================ Ach cén fáth nach bhfuil sé ag míniú don dream óg in Éirinn gur doirteadh fola in aisce atá i gceist, go mór mór sa chogadh san Afganastáin.
mharú killing
" Cloisim daoine ar RTÉ ag plé cuairt na banríona ar Éirinn roimh i bhfad, ach ní chloisim éinne i mbun scagtha faoi ról an teaghlaigh ríoga sa mharú in Afganastáin agus i dtíortha eile.
Díothú na Traenach killing off the train(s)
" D'fhéadfá tiomáint ó dhoras go doras dá mba mhian leat! Díothú na Traenach ========== Mar is eol don saol, tá neamhspleáchas tábhachtach don Mheiriceánach, agus cheannaíodar na modhanna taistil nua seo go tiubh.
an buille marfach the killing blow
" An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair? Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
ag sléachtadh killing
" ”* Lean an phreaseisiúint ar aghaidh chun an milleán a chur ar na scríbhneoirí frith-Mhoslamacha (mar a rinne mé féin in eagrán mhí Lúnasa) a luaitear sa bhforógra 1,500 leathanach a foilsíodh ar líne tamall gairid sula ndeachaigh Anders Behring Breivik ag scaoileadh is ag sléachtadh faoi is thairis.
díothú an fhíordhaonlathais the killing of true democracy
níl siad ag marú a dhath ar bith they’re not killing anything
" ” “A dhuine gan ainm agus gan ghnúis,” a d’fhiafraigh Balor, “cén dóigh a thig leo rud a fheabhsú má tá siad i mbun é a chur chun báis?” Tarrthaigh an Damhsa! ========= “Ach níl siad ag marú a dhath ar bith,” a d’fhreagair an duine gan ainm agus gan ghnúis.
an dortadh fola agus an bháis the spilling of blood and the killing
" I ndeireadh báire, seacht lá i ndiaidh an dortadh fola agus an bháis, d'eagraigh siad preasagallamh.
ar fhearaistí marfacha an Iarthair of the west’s killing equipment
" Is é tuairim lucht an ionsaithe faoin am seo go mb’fhéidir go bhfuil an Iaráin chun cinn go mór ar fhearaistí marfacha an Iarthair.
curtha i mbun slad ar a chéile put to killing each other
" Tá ionradh na Mór-Roinne ar a bhonnaí cearta anois, tá drad an Iarthair nochta agus tá na mílte curtha i mbun slad ar a chéile mar is toil leo, ó Libia go Máilí.
Marú Dearthár the killing of a brother
" " Marú Dearthár ====== Agus an smaointeoireacht seo ina chloigeann, d'aithin Feargal go raibh a shaol sóisialta fite fuaite leis an streachailt a bhí ag dul ar aghaidh thart air.
machairí maraithe killing fields
" ” Turas fada é ó Dhomhnach Broc go dtí an Chéinia agus Kosovo, ó cheamaraí agus smideadh RTÉ agus TG4 go dtí machairí maraithe na hAfraice agus na hEorpa ach níor leor riamh é bheith ag léamh scéalta nuachta ag Róisín.
ag marú nó ag gabháil killing or arresting
" Cé gur fhás sé aníos beo bocht sna sléibhte os cionn na Meánmhara, dhreap Hafez dréimire an airm óna óige, agus d'éirigh leis uachtaránacht na Siria a bhaint amach le meascán de ghliceas agus den láimh láidir sna 1960aí agus na 1970aí, ag marú nó ag gabháil gach duine a sheas ina aghaidh.
ag marú beirt acu killing two of them
" Agus é marbh, sciurd an carr a raibh sé ann i dtreo na bpáistí, ag marú beirt acu, Joanne agus Andrew, i bpreabadh na súl, an tríú páiste, John ag fáil bháis an lá ina dhiaidh.
marú killing
" Neamart an pholaiteora i leith fhulaingt agus marú saighdiúirí na hAstráile san Afganastáin a tharraing aird Bhearnaí Uí Dhoibhlin.
marú killing
" Ní as an aer a thosaigh an réabadh agus an marú.
ag marú killing
" Éireannaigh ina saighdiúirí tuarastail ag marú daoine i dtíortha thar lear faoin ainm ‘Irish Guards’ agus a bheith á marú ag daoine thar lear chomh maith mar a mhíníonn Tony Birtill.
mharú dleathach legal killing
" Bhí údar buartha ag daoine faoi mharú dleathach Troy Davis le gairid mar a mhíníonn Brian Ó Broin.