Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cluichí leathcheannais semi-finals
" Tar éis tarraingthe ar ócáid speisialta, beo ar TG4 ======= **Roinn 1** **Roinn 2** **Roinn 3** **Roinn 4** Corcaigh Tiobraid Árann Cill Chainnigh Gaillimh An Clár Loch Garman Luimneach Uíbh Fhailí Baile Átha Cliath Laois Aontroim Port Láirge An Dún Doire An Mhí An Iarmhí Réamhbhabhtaí: Bealtaine, Meitheamh Cluichí Ceathrú Ceannais A agus B: mí Iúil Cluichí leathcheannais A agus B: mí Lúnasa Cluichí Ceannais A agus B: mí Mheán Fómhair D'fhéadfadh an córas seo a bheith ar fheabhas, le Gaillimh, Aontroim, Doire, etc.
gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann All-Ireland Hurling Final
" I 1961 d'imir foireann shinsear Átha Cliath i gcoinne Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann.
cluiche leathcheannais semi-final game
" Bia den chéad scoth ar fáil ag leath ama - sea is geall le cluiche leathcheannais haiku é seo ach nach bhfuilim in ann an scór a léamh.
cluichí craoibhe iomána agus peile hurling and football final games
" Ach cén chaoi a mbeadh sí ar fáil nuair a bheidh sí ag teastáil le haghaidh cluichí craoibhe iomána agus peile ag an am céanna? Ach in ainneoin sin is éard atá á rá ag lucht na meán cumarsáide ná go mbeidh an milleán ar an CLG má theipeann ar iarratas an FAI Craobhchomórtas na hEorpa a chomheagrú! Tá sé deacair a leithéid de raiméis a thuiscint - á rá go bhfuil dualgas ar bhealach éigin ar an CLG Páirc an Chrócaigh a "oscailt" do Chorn Sacair na hEorpa! Ní hamháin sin ach is cosúil go bhfuiltear ag rá freisin go bhfuil dualgas ar an CLG an FAI agus an Taoiseach é féin a tharrtháil ón bpraiseach ina bhfuil siad.
Cluiche Ceannais na hÉireann The All-Ireland Final
" Ar nós mar a rinne Kevin Heffernan le hÁth Cliath sa pheil, d'éirigh le Cyril Farrell foireann iomána na Gaillimhe a thabhairt ó umar na haimléise go dtí an buaicphointe i 1980, nuair a bhuaigh siad ar Luimneach i gCluiche Ceannais na hÉireann.
ceathrú ceannais quarter-final
" Is aisteach ar bhealach méid an fháiltithe agus an ceiliúradh a deineadh mar, tar éis an tsaoil, is foireann í seo nár bhuaigh aon chraobh ná corn agus nár éirigh léi dul chomh fada fiú amháin le cluiche ceathrú ceannais an chomórtais.
Cluiche Ceannais na hÉireann All-Ireland Final
" Sa chéad bhliain sin d'éirigh le Tiobraid Árann Cluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach in ainneoin gur bhuail an Clár iad i gcluiche ceannais na Mumhan.
cluiche ceathrú ceannais peile quarter-final football match
" An lá a chuaigh mé féin ar cuairt chuige bhí an cluiche ceathrú ceannais peile idir Dún na Gall agus Baile Átha Cliath le bheith beo ar an teilifís ón ceathair a chlog ar aghaidh agus, mar sin, d'iarr sé orm bualadh isteach chuige timpeall leath i ndiaidh a dó.
cluichí leath ceannais agus ceannais semi-final and final matches
" Agus mé i láthair ag cluichí leath ceannais agus ceannais na hÉireann i mbliana, bhain imirt Chill Chainnigh, Thiobraid Árann agus uaireanta imirt an Chláir, na Gaillimhe agus Phort Láirge an anáil díom.
an cluiche leathcheannais the semi-final
" Ciotóg a bhí i Mícheál agus greim ciotóige aige, ach theastaigh ón mBráthair Dwane deasóg a dhéanamh de! An Leader Cup (*Limerick Leader*) an comórtas a bhí ann ag an am sin ag na scoileanna agus shroich foireann Mhíchíl an cluiche leathcheannais.
i gCluiche Ceannais Chorn an FA in the FA Cup Final
" Bhí mé ag Wembley i 1989 nuair a fuair sé an chéad chúl sa bhua 3-2 in aghaidh Everton i gCluiche Ceannais Chorn an FA.
an cluiche ceathrú ceannais the quarter-finals
" Cé go bhfuil siad sa dara roinn anois, rinne siad go maith i gCorn an FA (bhain siad an cluiche ceathrú ceannais amach) agus i gCorn Worthington (cluiche ceannais) nuair a bhí Aldridge ina bhainisteoir.
gcluiche ceannais final
" Bhuaigh siad ar Thiobraid Árann (a raibh Pat Fox agus Nicky English ag imirt dóibh) sa chéad bhabhta ach bhuaigh Corcaigh orthu i gcluiche ceannais na Mumhan.
cluiche leathcheannais peile football semi-final
" Sa phictiúr sin feicimid Tommy Carr, bainisteoir fhoireann Átha Cliath, ag tabhairt amach go fíochmhar don réiteoir, **Mick Curley**, le linn cluiche leathcheannais peile na hÉireann i 2001.
i gcluiche leathcheannais na hÉireann in the All-Ireland semi-final
" Den chéad uair le fada chreid foireann as an Mhí go raibh siad chomh maith le foireann ar bith eile sa tír agus, cé gur bhuaigh Ciarraí orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann ina dhiaidh sin, bhí a lán acu cinnte go dtiocfadh a lá féin go luath.
cluiche leathcheannais na hÉireann All-Ireland semi-final
" Ceann de na cluichí is fearr ======= Ceann de na cluichí iomána is fearr le roinnt mhaith blianta anuas ná cluiche leathcheannais na hÉireann idir Uíbh Fhailí agus Corcaigh in 2001.
Chraobhchomórtas Snúcair an Domhain The World Snooker Final
" Thaispeáin Ken tréithe dochreidte ina charachtar le linn Chraobhchomórtas Snúcair an Domhain le déanaí.
Chraobh final
" Ceathrú-Chraobh Laighean idir Áth Cliath agus Laois, agus Leath-Chraobh Laighean idir Cill Chainnigh agus Áth Cliath ar oíche Shathairn.
Craobh Iomána Uladh The Ulster Hurling Final
" Craobh Iomána Uladh a chur ar siúl oíche Shathairn seachas ar an Domhnach mar a bhí i gcónaí cheana.
sa chluiche ceathrú ceannais in the quarter-final
" Ach is é córas an chraobhchomórtais, a chinntíonn go mbíonn míbhuntáiste na heaspa taithí ag gach foireann as Ulaidh (an cuimhin le héinne Doire dhá bhliain ó shin i gcoinne Uíbh Fháilí?) nuair a théann siad chun páirce sa chluiche ceathrú ceannais croílár na faidhbe.
i gcluiche leathcheannais na hÉireann in the All-Ireland semi-final
" Bhuaigh Cill Chainnigh ar Thiobrad Arann i gcluiche leathcheannais na hÉireann le 12 chúilín.
craobh iomána na hÉireann the All-Ireland hurling final
" Ní gá ach breathnú ar ar fhoilsigh nuachtán áirithe Domhnaigh faoi shaol pearsanta an iománaí DJ Carey an mhaidin a bhí craobh iomána na hÉireann le himirt, lena aithint go bhfuil géarghá le struchtúr a dhéanfadh monatóireacht ar na meáin.
sa chraobh in the final
" Ag dul i léig ======= Cé gur bhuaigh Cill Chainnigh Craobh na hÉireann i 1992, 1993, 2002 agus 2003, agus go rabhadar sa chraobh i 1991, 1998 agus 1999, agus go raibh an bua ag Uíbh Fháilí i 1994 agus 1998, agus ag Loch Garman i 1996, tá an tuairim amuigh go bhfuil an iománaíocht i gCúige Laighean ag dul i léig.
cluiche leathcheannais Chorn an FA the FA Cup semi-final
" D'inis Sheila Coleman, ball den HJC anseo i Learpholl, dom go mbíonn imeachtaí mar seo ar siúl go rialta in Éirinn le cuidiú a thabhairt don fheachtas, a bunaíodh tar éis na tubaiste ag cluiche leathcheannais Chorn an FA i 1989 idir Learpholl agus Nottingham Forest i Hillsborough, staid sacair Sheffield Wednesday.
oll-náiriú deireanach final humiliation
" *"Beidh pléisiúr faoi leith ag baint le holl-náiriú deireanach Paisley é féin, an fear a scread 'Nevaar, Nevaar, Nevaar!'" Dá mba sa *Sun *a bhí Feeney ag scríobh, ba leor focal amháin: *Gotcha*.
chluichí leathcheannais semi-finals
" Tae éis na gcluichí idir Corcaigh agus Loch Garman, agus Port Láirge agus Cill Chainnigh, ba chóir go dtárlódh seo: Corcaigh v Cill Chainnigh agus Loch Garman v Port Láirge mar chluichí leathcheannais.
cluichí ceannais finals
" Lá Fhéile Pádraig agus cluichí ceannais na gclub thart le haghaidh bliana eile.
i gcluiche ceannais Chorn na hEorpa in the European Cup final
" Ní bratach Celtic a bhí ann ná trídhathach féin! Bratach Liverpool a bhí ann i ndiaidh a mbua ar AC Milan (a bhunaigh Sasanach, dála an scéil!) i gcluiche ceannais Chorn na hEorpa.
lá an chraobhchluiche the day of the final match
" Agus Tír Eoghain – nach bhfuil an lámh dhearg mar shuaitheantas acu, mar atá againn féin? Nach muidne a bhí bródúil nuair a chonacthas an lámh dhearg in airde ar fud Pháirc an Chrócaigh lá an chraobhchluiche! Lámh Dhearg abú! Agus amharc ar na dathanna a chaitheann na himreoirí: dearg agus bán, agus dath gorm ar fhobhríste gach aon duine de na himreoirí – dearg, bán is gorm: dathanna na Ríochta Aontaithe – na dathanna is ansa le gach dílseoir beo nó marbh (seachas oráiste, dar ndóigh – agus ór bhonn an phuint sterling, agus dubh an Guinness, agus donn an ispín fhriochta, agus liath luaith gheansaí Celtic i ndiaidh a loiscthe.
de bharr na gcluichí leathchraoibhe agus craoibhe because of the semi-final and final games
" Bhí críoch an-mhaith leis an mbliain de bharr na gcluichí leathchraoibhe agus craoibhe ach is gá a rá go raibh an iomarca cluichí aontaobhacha i gceist, is é sin cluichí ina raibh bearna mhór idir an dá fhoireann.
cluichí ceannais Chorn an Domhain the World Cup finals
" Rinne sé a sheacht míle dícheall ar feadh dhá bhliain go leith chun foireann na hÉireann a ullmhú agus a threorú chomh fada le cluichí ceannais Chorn an Domhain sa Ghearmáin in 2006.
gcluiche ceannais final
" Imreoidh dhá foireann lánaimseartha i gcluiche ceannais Chorn an FAI den chéad uair riamh i gceann cúig seachtaine nuair a thabharfaidh Cathair Chorcaí agus Droichead Átha aghaidh ar a chéile.
an cluiche ceathrú ceannais the quarter finals
" Shroich siad an chéad bhabhta i gCorn UEFA i mbliana agus an cluiche ceathrú ceannais i gCorn Intertoto an bhliain seo caite.
babhtaí ceannais finals
" Cinnte bhí buanna ar leith ag daoine áirithe sa ghrúpa ach ní thar moladh beirte a bhíomar i ndáiríre agus, mar sin, níor shroicheamar babhtaí ceannais leithéidí Shlógadh, mar ba dhual do ghrúpaí ceoil na scoile.
snas deireanach final polish
" Ghlacamar seilbh ar sheomra in aice an halla, leis an snas deireanach a chur ar na píosaí a bhí curtha le chéile againn.
cluiche ceannais na hÉireann the All-Ireland final
" Ticéid – méid áirithe ticéad saor in aisce agus le ceannach le haghaidh cluichí idirchontae, cluiche ceannais na hÉireann san áireamh.
an cluiche ceannais the final
" Tá dhá chluiche ón gcomórtas sin a mhaireann i mo chuimhne, is é sin an Bhrasaíl in aghaidh Shasana, seaimpíní 1966, agus an cluiche ceannais idir an Bhrasaíl agus an Iodáil.
spriocdháta deiridh final deadline
" **AÓF: Cén saghas scála ama atá i gceist leis an tionscadal ar fad a chur sa tsiúl?** DdeB: Is rud é seo a chaithfear a thógáil de réir a chéile agus, mar sin, níl aon spriocdháta deiridh leis.
cáiliú do cheithre chluiche ceannais qualifying for four finals
" Má tá sin fíor, is foireann thar barr ar fad í foireann Chorcaí tar éis dóibh dhá chraobh as a chéile a bhuachan in 2004 agus 2005 agus cáiliú do cheithre chluiche ceannais as a chéile.
go gcasfaidís ar a chéile sa chluiche ceannais that they would meet in the final
" Bhí cuma thraidisiúnta le sonrú ar chúrsaí peile freisin agus Áth Cliath agus Ciarraí ag déanamh go maith i mí Lúnasa agus gach cosúlacht ar an scéal go gcasfaidís ar a chéile sa chluiche ceannais.
cluichí ceannais finals
" Mí an-tábhachtach i gcónaí i gcúrsaí spóirt na hÉireann is ea mí an Mheán Fómhair, mar go mbíonn cluichí ceannais na hÉireann san iomáint agus sa pheil ar siúl, ach bhí tábhacht bhreise léi i mbliana de bhrí go raibh Corn Ryder á reáchtáil sa K Club i gContae Chill Dara.
cluichí ceannais finals
" An uair úd, ceathracha éigin bliain ó shin, bhíodh sluaite móra ag freastal ar Pháirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig gach bliain chun cluichí ceannais Chorn an Bhóthair Iarainn san pheil agus san iomáint a fheiceáil.
an spreagadh deireanach the final encouragement
" Bhí rún agam éirí as an tseafóid leanbaí sula mbeinn tríocha bliain d’aois agus ba é sin an spreagadh deireanach a bhí uaim.
roghnaítear dhá fhoireann don chraobh. two teams are chosen for the final.
" Anois roghnaítear na hocht bhfoireann is fearr sa sraithchomórtas agus trí imirt dhíbeartha, roghnaítear dhá fhoireann don chraobh.
cluiche ceannais iomána na hÉireann the all-Ireland hurling final
" An cluiche a bhí ar siúl le déanaí agus ar chuir mé an-suim ann ná cluiche ceannais iomána na hÉireann 1995 nuair a bhuaigh an Clár a gcéad chraobh le 70 bliain nó mar sin.
i gcluiche leathcheannais peile na hÉireann. in the All-Ireland football semi-final.
" Tríocha bliain ó shin d’imir Ciarraí i gcoinne Átha Cliath i gcluiche leathcheannais peile na hÉireann.
bhuaigh Áth Cliath ar Chiarraí sa chluiche ceannais. Dublin beat Kerry in the final.
" An bhliain roimhe sin, 1976, bhuaigh Áth Cliath ar Chiarraí sa chluiche ceannais.
le linn na bpoll deireanach during the final holes
" Bhí gach duine acu chun tosaigh ag am éigin le linn na bpoll deireanach sin.
i gcluiche ceannais na Mumhan in the Munster final
" Bhí sin le sonrú ar a gcuid imeartha i gcoinne Chorcaí i gcluiche ceannais na Mumhan agus i gcoinne Mhuineacháin agus Átha Cliath ina dhiaidh sin.
an cluiche leathcheannais the semi-final
" Níl dabht ar bith ach gurb iad na cluichí ba shuntasaí don lucht féachana ná na trí chluiche idir Luimneach agus Tiobraid Árann, na trí chluiche idir Port Láirge agus Corcaigh agus an cluiche leathcheannais idir Luimneach agus Port Láirge.
sna babhtaí leathcheannais. in the semi-final rounds.
" Ba cheart don chóras a bheith níos solúbtha sa chaoi is go gcuirfí contaetha a d’imir a chéile cheana i gcoinne contaetha nár imir siad ina n-aghaidh fós sna babhtaí leathcheannais.
blianta deireanacha the final years
" Más cuimhin leat blianta deireanacha an Uachtaráin Clinton, caitheadh iad i mbun diantaidhleoireachta a thug síocháin do Thuaisceart Éireann agus a chuir Iosrael agus ceannairí na bPalaistíneach ag caint lena chéile.
sna cluichí ceannais, in the finals.
" Níos measa fós, le trí bliana anuas ní raibh fiú foireann amháin as Victoria páirteach sna cluichí ceannais, a imrítear gach bliain ag deireadh mhí Mheán Fómhair ar an fhaiche cruicéid in Melbourne.
Craobh Peile na hÉireann All-Ireland Final
" Samhlaigh, mar sin, cluiche atá níos mó ná Craobh Peile na hÉireann a bheith ar siúl gach deireadh seachtaine san fhómhar, i ngach ollscoil mhór sna Stáit Aontaithe.
i gcluichí ceannais na hÉireann in All-Ireland finals
" Bhí cáil náisiúnta bainte amach ag Mick mar pheileadóir a d’imir i gcluichí ceannais na hÉireann ar fhoireann Bhaile Áth Cliath sna blianta 1979, 1983 agus 1984, agus mar imreoir ionaid sa bhliain 1985.
cluichí leathcheannais semi-finals
" Rud eile ná, má éiríonn le Ciarraí agus Cill Chainnigh na cluichí leathcheannais a bhaint amach – agus dealraíonn sé go ndéanfaidh siad amhlaidh – ní bhfaighidh aon fhoireann sa tír an ceann is fearr orthu.
an chuid dheireanach den dúshlán his final part of the challenge
" Beidh siad le cloisteáil ar an 13 Márta mar chuid de sheó speisialta a bheas á reáchtáil ag Club Sult in Vicar Street le linn Sheachtain na Gaeilge, tráth a dhéanfaidh Des an chuid dheireanach den dúshlán a chur i gcrích mar gur daoine a bhfuil Gaeilge acu, den chuid is mó, a bheas sa lucht féachana.
leis an gcogadh deireanach a fhearadh to wage the final war
" Ina chuid leabhar nua-Naitsíoch, maíonn Serrano go bhfuil Hitler ag fanacht san Antartach, agus go bhfillfidh sé gan mhoill leis an gcogadh deireanach a fhearadh ar fhórsaí an dorchadais – na Giúdaigh.
dréacht deiridh final draft
" Cuireadh an bille áirithe seo ar chlár oibre an Rialtais ar éileamh an Chomhaontais Ghlais, ach is léir nach mó ná sásta atá John Gormley leis an dréacht deiridh mar gur measann sé é a bheith easnamhach.
cainteoirí traidisiúnta deiridh the final traditional speakers
" Bhí deis agam cuairt a thabhairt ar Chreneash, thíos in íochtar Mhanann, áit ar mhair go leor de na cainteoirí traidisiúnta deiridh san fhichiú haois.
ball deireanach final member
" Ba é an Prionsa Bernhard an ball deireanach (sin an fáth ar tugadh “1001” air).
fharpaisean criochnachaidh roinneil final championship competitions
" Thèid an dàrna Farpais Òran ann an Cànanan Ceilteach agus Albais a chumail ann an Inbhir Nis air 20 Òg-mhìos 2009, aon de ghrunn fharpaisean criochnachaidh roinneil a ghabhas àite air feadh na Roinn Eòrpa.
ceannais final
" Léirigh siad an aigne chéanna sin i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh i gcoinne Phort Láirge nuair b’éasca dóibh maolú ar a gcuid iarrachtaí sa dara leath i ngeall ar a bheith chomh fada chun tosaigh is a bhí siad, ach ní raibh sé iontu é sin a dhéanamh.
laethanta deiridh final days
" Gaisce de dhéanamh Seamus Darby (nó Shane Lowry fiú) ag teastáil uaidh ar laethanta deiridh an Rialtais, má táthar le fanacht i gcumhacht.
chríochnúil final
" Gan breith chríochnúil tugtha ag an choiste cúirte air go fóill.
mbabhta ceannais final round
" “Chuir mé mé féin i láthair trí Ghaeilge i mbabhta ceannais Chomórtas Áilleachta Miss Cork agus bhí mé i láthair cúpla mí ó shin chun Gradam Phádraig Uí Chuanacháin 2009 a sheoladh ar son na heagraíochta Gael-Taca.
ceathrú ceannais quarter final
" Beidh ochtar i mbliana agus beidh babhtaí ceathrú ceannais, leath ceannais agus babhtaí ceannais.
leath ceannais semi-final
" Beidh ochtar i mbliana agus beidh babhtaí ceathrú ceannais, leath ceannais agus babhtaí ceannais.
ceannais final
" Beidh ochtar i mbliana agus beidh babhtaí ceathrú ceannais, leath ceannais agus babhtaí ceannais.
a bheas cinniúnach which shall be final, determinate
" Cheap tú nuair a bhain tú 16-17 amach go raibh a fhios agat cér thú féin, ach anois, bíonn roghanna le déanamh, roghanna a bheas cinniúnach is a fhanfas leat go deireadh do shaoil.
bhfíordheireadh final moments
" Ní inseoidh na fíricí loma sin áfach, go raibh críoch a bhí conspóideach agus scannalach araon leis an gcluiche ceannais úd mar go ndearna an réiteoir, Martin Sludden, tuaiplis le cinneadh mícheart, rud a d’admhaigh sé féin níos déanaí, i bhfíordheireadh na himeartha a sciob an chraobh ó Lú agus a bhronn ar an Mhí í, dar le cách.
ceathrú ceannais quarter final
" An t-údar clamhsáin ba mhó a bhí ann is ag bainisteoirí na mbuaiteoirí cúige a bhí sé, is é sin nach mbíonn an dara deis acu i gCraobhchomórtas na hÉireann má chailleann siad an chéad chluiche eile tar éis craobh an chúige a bhaint, is é sin cluiche ceathrú ceannais na hÉireann.
snas polish, final touch
" Thug na cluichí breise sin deis don bhainistíocht imreoirí difriúla a fhéachaint, snas a chur ar imirt na foirne is araile.
leathcheannais semi-final
" Dúrt leo aige baile go rabhas ag dul suas go dtí an gcluiche leathcheannais – Ciarraí is Doire 1958.
ceannais finals
" Ní hamhlaidh áfach sna contaetha ar fud na tíre mar go bhfuil craobhchomórtais na gclub ag dul ar aghaidh i gcónaí agus tig linn a bheith ag súil is ag tnúth le cuid mhór de chluichí ceannais na gcontae a fheiceáil ar TG4 sna seachtainí atá amach romhainn.
cluiche ceannais final
" Cuireann siad cluiche ceannais chomórtas Chorn an Domhain i gcomórtas le cluiche ceannais na hiomána i bPáirc an Chrócaigh i mbliana.
cluiche ceannais na hÉireann all Ireland final
" An Taithí ===== Ar son léargas breise a fháil, labhair mé le réiteoir cáiliúil idirchontae a bhfuil taithí mhór, fhairsing aige ar chluichí gach leibhéal, cluiche ceannais na hÉireann san áireamh.
cluiche ceannais final game
" Níor imríodh cluiche ceannais na sraithe 2010 go dtí Feabhra 2011.
paidreacha deireanacha déanacha last and final prayers
" Is gearr go lasfar na coinnle leis na paidreacha deireanacha déanacha.
tsocrú dheireanach final settlement
" D’fhéadfadh go mbeadh gnéithe áirithe de phlean an Fhorais sa tsocrú dheireanach a dhéanfar idir na páirithe éagsúla – meascán de bhunmhaoiniú agus d’iarratais ar scéimeanna b’fhéidir – ach is féidir a bheith measartha cinnte de nach gcuirfear an tSamhail, mar a ‘samhlaíodh’ dóibh siúd a cheap é, i bhfeidhm.
ceannais an chomórtais the competition final
" Ar ndóigh, níorbh é an t-imeacht a d'eagraigh *Families Acting for Innocent Relatives* atá i gceist agam ach turas na mílte Ultach a fhad leis an Staid *Aviva* i mBaile Átha Cliath do chluiche leathcheannais Chorn *Heineken* ina bhfuair foireann rugbaí Chúige Uladh an lámh in uachtar ar Dhùn Èideann le háit a ghnóthú i gcluiche ceannais an chomórtais in éadan Chuige Laighean i *Twickenham*.
babhtaí ceannais the finals
" Mura mbeadh teorainn le líon na n-iomaitheoirí as gach tír, is amhlaidh nach mbeadh seans ach ag imreoirí nó lúthchleasaithe as na tíortha móra a bheith sna babhtaí ceannais, gan trácht ar bhonn a bhuachan.
mbeidh deireadh buan leis an aighneas ó thuaidh there’ll be a final end to the trouble in the north
" An gceanglóidh siad leis na heasaontóirí mé? “Nach bhfuil na fenians uilig mar a gceanna?” Chuala mé daoine a rá go mbeidh deireadh buan leis an aighneas ó thuaidh cionn is nach bhfuil an t-aos óg chomh seicteach leis an seandream.
craobh na Mumhan a bhuachan to win the M. final
" Ba iad Tiobraid Árann rogha na coitiantachta roimh an gcluiche sin, ní hamháin le bua a fháil ar Luimneach, ach le craobh na Mumhan a bhuachan arís agus dúshlán Chill Chainnigh a thabhairt i gcluiche ceannais na hÉireann.
tá éiginnteacht mhór maidir le cé bhuafas Craobh na hÉireann there is great uncertainty as to who will win the All Ireland Final
" Den chéad uair le fada an lá tá éiginnteacht mhór maidir le cé bhuafas Craobh na hÉireann agus tá sceitimíní ar lucht iomána ar fud na tíre.
ceathrú ceannais iomána na hÉireann Irish hurling quarter final
" Ní áibhéil é a rá gur tháinig deireadh le ré órga, an ré is órga is dóigh, i stair ghlórmhar iomána Chill Chainnigh ar an Domhnach deiridh de mhí Iúil seo caite nuair a bhuaigh Corcaigh orthu i gcluiche ceathrú ceannais iomána na hÉireann.
leathcheannais agus ceannais semi-finals and finals
" Buaic na Biaiste ===== Ach is gearr a bhíonn an samhradh ag imeacht agus na cluichí á n-imirt agus níl fágtha le himirt anois ach na cluichí ceathrú ceannais, leathcheannais agus ceannais sa pheil agus na cluichí leathcheannais agus ceannais san iomáint.
urdhún deiridh na ceannasachta the final bastion of sovereignty
" Dar leis an gCeanadach Catherine Dauvergne, is í an inimirce urdhún deiridh na ceannasachta.
gCraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain world athletics finals
" Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí spóirt, rinne Rob Heffernan éacht nuair a bhain sé an bonn óir i gCraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain.
i mblianta deiridh in the final years
" Tráthúil go maith, tháinig an ghluaiseacht Rómánsach agus an ghluaiseacht Ghotach chun cinn timpeall an ama chéanna i mblianta deiridh an ochtú haois déag, dhá ghluaiseacht a mhúscail spéis as cuimse i ngnéithe den osnádúr.
Chraobhchomórtais finals
" ’ Tá an chuma ar an scéal nach mbeadh trácht ar Gooch a bheith leo d’aon chuid den bhiaiste idirchontae gan trácht ar Chraobhchomórtais Chlubanna na Mumhan.
babhtaí ceannais finals
" De ghnáth titeann an comórtas amach le linn an tsamhraidh agus tuigimid go gcaitheann tacadóirí sacair a gcuid tacaíochta taobh thiar de thír amháin fiú nuair nach n-éiríonn lena náisiúin féin áit a bhaint amach sna babhtaí ceannais.
i mblianta deiridh in the final years
" Ach ní sheasfadh an t-áitiú gurb ionann an dochar a rinne Fine Gael agus an Lucht Oibre le trí bliana agus an dochar a rinne Fianna Fáil i mblianta deiridh an tíogair.
Craobh na Sraithe the league final
" Cad í an fhianaise? Más ea, torthaí ar an gcéad dul síos: trí chraobh buaite in 2013 - Craobh na Sraithe Náisiúnta, Craobh Laighean agus Craobh na hÉireann, agus Craobh na Sraithe curtha i dtaisce cheana féin i mbliana.
i gcluichí leathcheannais na peile agus na hiomána in the football and hurling semi-finals
" Tugann Colm Mac Séalaigh a bhreithiúnas ar na foirne a d’imir i gcluichí leathcheannais na peile agus na hiomána i mbliana.
leagan chríochnúil final version
" Cíorann Breandán Delap cuid de na hathruithe is suntasaí atá déanta ins an leagan chríochnúil den Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010 le hais na Dréachstraitéise a chuaigh roimhe.
i gcluiche ceannais in the final
" Tá trí bhonn uile Éireann ag Dara Ó Cinnéide agus ba é a bhí mar chaptaen ar fhoireann bhuacach Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann 2004.