Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
radfar shall be flung
" I gcás na lánúine a mbriseann ar an bhfoighne acu is a théann os comhair na haltóra gan cead, tá gach seans go radfar isteach i ngéibheann iad.
caite anois i dtraipisí flung on the dunghill
" Níor Chaill a Intinn Dearmaid ar Fad Is cúis mhór bhuartha é do Bhalor go bhfuil Teachta Dála chomh léannta sin, chomh cliste sin, chomh huasal sin, chomh híseal sin, agus chomh humhal sin, caite anois i dtraipisí cionn is gur chaith sé anuas ar a chéile iomaíochta i mbealach a bhí chomh dearmadach sin.
theilg flung
" Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.
sacadh isteach sa Cheis Fhada iad they were flung into Long Kesh
" Comharsanaigh eile a bhí ag Gearóid, sacadh isteach sa Cheis Fhada iad mar gheall ar eachtraí ar son an UVF - ag an am céanna a raibh Gearóid ann mar gheall ar eachtraí ar son an IRA.
chartadh le haonaid ECAT flinging their (payloads) at NATO bases
" Má tá an ceart acu, ní fiú dul chun sleanntrach leo, nó dá n-eitlídís céad nó leathchéad ladrann amach as an Tuirc leis an Iaráin ‘a chur ó mhaith’ ní fios dóibh nach dtionfaí san aer iad ina n-éadan féin agus a gcuid diúracán a chartadh le haonaid ECAT nó le cathair Ancara.
rop buíon stócach an rud céanna chugam féin a group of teenagers flung the same abuse at me
" Caithfidh sé go mbíonn na heachtraí maslú seo ag titim amach ar bun sách forleathan mar rop buíon stócach an rud céanna chugam féin agus fear ar m’aithne nuair a bhí muid ag labhairt Gaeilge sa tsráid i mbaile mór in iarthar na hÉireann.
Chaith easaontóirí poblachtánacha buama píopa republican dissidents flung a pipe bomb
" Chaith easaontóirí poblachtánacha buama píopa ar bheirt phóilín i gceantar dhílseach seachtain i ndiaidh ‘Sheachtain Dhea-Chaidrimh’.
theilgeadar siúd they flung
" Rinneadar iarracht i ndiaidh iarrachta bac bóthar na bpóilíní a shárú, ach theilgeadar siúd buamaí deorgháis leis an slua.
Chaith sé isteach tiachóg óir he flung a small bag of gold in
" Chaith sé isteach tiachóg óir a thit isteach ina bróig.
scaipthe fud fad na tíre flung far and wide throughout the country
" Tá foirne na nuachtán sin scaipthe fud fad na tíre anois agus iad fostaithe i réimsí éagsúla den saol.
le spairteanna móna a chaitheamh to fling sods of turf
" Shaighdigh an tAthair Cosgrave daoine i dteach an phobail i nDroim ar Snámh amach le spairteanna móna a chaitheamh le Jimmy is lena lucht tacaíochta.