Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
flosc zest
" Mhair Cumann Báire Caoimhín ar feadh céad bliain go dtí seo, uaireanta ar éigean agus uaireanta le flosc agus le spleodar.
flosca chun cáinte eagerness to criticise
" Tá an oiread flosca chun cáinte air gur mór an t-iontas nár chuir sé an milleán ar Shinn Féin as teip fhoirne na hÉireann i gCaerdydd agus i dTel Aviv.
flosc chun comhrialtais eagerness to join a coalition government
" Ní bheadh flosc chun comhrialtais ar Higgins é féin ná ar a leathbhádóir, Clare Daly, má thoghtar í.
corraí mór agus flosc great excitement
"corraí mór agus flosc ar lucht stair na healaíne faoi láthair agus iad ag iarraidh brí a bhaint as *Naomh Séamas Mór *(1661), pictiúr as an tsraith dheireanach de shaothar Rembrandt, a tháinig ar an mhargadh le gairid i Sotheby’s i Nua-Eabhrac agus a díoladh ar $25.
aon fhlosc mór any big excitment
" Ní cosúil go bhfuil aon fhlosc mór ann an chonspóid a réiteach nó go bhfuil sé mar ábhar práinne ar an chlár polaitiúil.
oiread flosca ná fuadair as much eagerness and hurry
" Ach murab ionann agus a cur chuige i leith cheist an luath-thumoideachais agus i leith theanga teagaisc na Pobalscoile úire sa Daingean, ní léir go raibh oiread flosca ná fuadair ar an Aire Hanafin tabhairt faoin phrácás áirithe seo.
le flosc with a dash
" Thapaigh Roger Allam rógaireacht Falstaff le flosc.
Cuireann an flosc chun forbartha the eagerness for development (reminds me)
" Cuireann an flosc chun forbartha an borradh a bhí faoi thionscal na tógála roimh chliseadh an gheilleagair i gcuimhne dom.
ar a gcumas a thaisteal le muinín agus le flosc which they’re able to travel with confidence and zest
" Le Craobh an hÉireann a bhuachan caithfidh siad buachan ar Chorcaigh, Chiarraí agus Mhaigh Eo measaim, bóthar achrannach go leor bliain ar bith, ach bóthar atá ar a gcumas a thaisteal le muinín agus le flosc.