Pota Focal Intergaelic
clo | clós | cíos | clas | clis | clog
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le clos to be heard
" Bhí sé le clos le déanaí ar *Morning Ireland *agus ar chlár raidió Marian Finnucane ar RTÉ ag cosaint a dhuine muinteartha Páidí Ó Sé, traenálaí fhoireann chaide Chiarraí.
bhí guth na cuaiche le clos the cuckoo's voice could be heard
" An tsaoirse is an t-áthas a fuair greim ar mo chroí … Bhí gile sa spéir, bhí úire san aer, bhí guth na cuaiche le clos … Bhí mo *mhagnificat *féin á chanadh agam.
le clos to be heard
" Tá guth na cathrach le clos ar TG4 agus táimid, dar liom, tar éis pobal Gaeilge níos dlúithe a chruthú i mBaile Átha Cliath.
le clos to be heard
" Ba í an oíche roimh Nollaig is ní raibh fuaim le clos.
clos-chlóscríbhneoireacht audiotyping
" In oifig amháin ina raibh clos-chlóscríbhneoireacht á déanamh agam, bhí ceannaire agam a d’itheadh agus a bhíodh ag brúchtadh agus í ag deachtú a cuid téipeanna.
le clos to be heard
" Ní raibh Gaeilge Dhún na nGall le clos sna scoileanna; is dócha go raibh na daoine ó Thír Chonaill in Albain - ní raibh siad sna scoileanna i mBaile Átha Cliath.
le clos to be heard
" Bhíodh leithéidí Jackie Daly, Seamus Creagh, Noel Shine agus Eoin Ó Riabhaigh le clos go rialta ansin, agus nuair a chuala mé Jackie bheartaíos go gcaithfinn an bosca ceoil a fhoghlaim.
le clos go hard to be heard aloud
" Ba cheart go mbeadh guth an phobail iad féin, le clos go hard in achan ghné den chóras toghcháin, mar is minic nach dtagann an dá ghlór sin le chéile, an glór aníos agus an glór anuas.
clos hear
" ISBN 978-0-9565016-0-8 Éabhlóid 2010Blaiseadh le clos anseo, (taobh thíos ar chlí): http://www.
Is oth liom a chlos I’m sad to hear
" Deirtear gur chum an tAthair Maurice Stack as Lios Tuathail an aoir dhátheangach seo a leanas agus gur aithris sé ón gcrannóg í: “Is oth liom a chlos gur chaill Billy Rockett *All the gold that he had through a hole in his pocket* Imídh libh abhaile agus ná déanaidh dearúd ar an mbailiúchán eile Dé Domhnaigh seo chúinn”.
le clos a thuilleadh to be heard anymore
" Bhí ciúnas marfach ann, rud atá aisteach don dufair agus ní raibh torann na dtonnta le clos a thuilleadh agam anois.