Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i réim strong, flourishing
" Bíodh is go bhfuil an Ghaolainn imithe i léig le blianta beaga anuas, is iontach an ní é go bhfuil aon phioc den teanga beo san oileán má smaoinítear go bhfuil an Béarla i réim sna hoileáin eile agus sa dúthaigh ar fud an cheantair le fada an lá.
faoi bhláth flourishing
" Tá cuid den phobal ag rá má tá tacaíocht le tabhairt d'fheilméaraí ón státchiste nuair atá rudaí go dona, mar atá faoi láthair, nár chóir go mbeadh rud éicint le n-íoc ar ais nuair atá gach rud faoi bhláth? Ar ndóigh, ní thugann eagraíochtaí na bhfeilméaraí aon aird ar a leithéid - is admháil a bheadh ansin go mb'fhéidir go bhfuil fiúntas éicint leis an argóint.
an sceach gheal i réim the hawthorn flourishing
" Thiomáineas féin ar ais go mall agus an ghrian ag scaladh go láidir, an sceach gheal i réim agus an aitinn ag neadú go compordach ina measc.
healaíona faoi bhláth arts flourished
" Áit amháin, dhá thraidisiún (Mar a tharla i gcampaí géibhinn na Naitsithe, bhí na healaíona faoi bhláth agus rinne na braighdeanaigh pictiúir agus bunaíodh ceolfhoireann sa tréimhse sin.
nathanna cainte, ruthaig, na culaith ghaisce phrases, runs, flourishes
" Bíonn nathanna cainte, ruthaig, na culaith ghaisce sa chaint sin agus b’fhéidir nach dtuigfidís mórán de seo.