Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach n-oireann focla dóibh that words don't suit
" Tá fáinne eochrach an tseomra fós agam, meabhrú laethúil ó shin dom ar na huafáis a chonaiceamar, uafáis nach n-oireann focla dóibh.
ag dul fríd na focla uilig liom. going through all the words with me.
" ’ Tá cuimhne agam m’athair ag dul amach taobh amuigh agus ag dul fríd na focla uilig liom.
focla folmha empty words
" Léirítear arís agus arís eile sna pobalbhreitheanna nach bhfuil muinín ag daoine a thuilleadh as a chumas an geilleagar a láimhseáil agus nach bhfuil san fhoirmle ‘travailler plus pour gagner plus’, foirmle a bhíodh le cloisteáil go minic ó bhéal Sarkozy le linn feachtas toghchánaíochta 2007, ach focla folmha.
cuirtear téagar le focla substance is given to the words
" Maidir le laigí polaitiúla - cuirtear téagar le focla Thaddeus Stevens (nár ghearráin iad ag an seanrógaire aclaí céanna) gur éascaigh Lincoln camastaíl pholaitiúil.
neart leathanach agus neart focla ann plenty of pages and words in it
" Cáipéis toirtiúl go maith é an tuarascáil, neart leathanach agus neart focla ann ach nuair a scagtar a bhfuil inti is léir nach mórán dul chun cinn atá déanta.
ag gabháil fríd na focla going through the words
" Mar sin, chaith mé leath na hama ag obair sa leabharlann agus a leath eile ag obair le de Bhaldraithe ag gabháil fríd na focla agus achan rud agus bhí sé iontach.
tuilleadh de na focla more of the words
" ) Ag fágáil na leabharlainne dom bhí fonn an amhráin agus tuilleadh de na focla ag éirí i mo cheann: 'S níl duine dá gcuala mo scéal an uair sin nár shíl gur thrua bhocht é an Caisideach Bán'.