Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Níorbh fholáir dom ligint orm gur pháiste mé I had to pretend that I was a child
" Níorbh fholáir dom ligint orm gur pháiste mé a raibh cead aici botúin a dhéanamh chun brú ar aghaidh.
ní foláir it is necessary
" De réir rialacha an chomórtais OSP don bhealach seo, ní foláir go mbeadh trí eitilt ó dheas agus trí eitilt ó thuaidh gach aon lá.
ní foláir do dhuine gearán foirmeálta a dhéanamh one must make a formal complaint
" (A mhalairt ar fad atá i gceist sa Bhreatain: ní foláir do dhuine gearán foirmeálta a dhéanamh chun stop a chur leis an dramhphost.
ní foláir do dhuine gearán foirmeálta a dhéanamh one must make a formal complaint
" (A mhalairt ar fad atá i gceist sa Bhreatain: ní foláir do dhuine gearán foirmeálta a dhéanamh chun stop a chur leis an dramhphost.
Ní foláir it is necessary
" Ní foláir mar sin go mbeadh socrú maith cánach ann lena chinntiú gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
ní foláir it is necessary
" Is é sin le rá, ní foláir do na haerlínte a bhíonn ag iompar paisinéirí eitleáin réasúnta nua, réasúnta compordach a bheith acu chun bheith iomaíoch, ach is féidir le haerlínte lasta eitleáin níos sine agus níos saoire a úsáid.
níorbh fholáir dóibh bheith cinnte they would need to be sure
" Agus níorbh fholáir dóibh bheith cinnte cé mhéad a chosnódh an leictreachas i gceann fiche nó tríocha bliain, chun go mbeadh go leor brabúis chinnte freisin.
Ní foláir nó obviously
"Ní foláir nó go bhfuil am saor as cuimse ar fad ag an dream seo más chomh tapa sin a thagann a n-ionsaithe idirlín.
Ní foláir obviously
" Ní foláir nó go bhfuil sí ar na mná is feiceálaí i gCorcaigh i láthair na huaire.
ní foláir obviously
" ní foláir nó go bhfuil sí ar na mná is feiceálaí i gCorcaigh i láthair na huaire.
ní foláir (we) have to
" Ach anois agus sinn i gceartlár an ghála, ní foláir ár n-aird a dhíriú ar gach cinneadh mór.
gurbh fholáir would have to
" Titim an Chórais Leasa Shóisialaigh? Nuair a bhuail an meathlú mór, shíl go leor Fionlannach go gcuirfí deireadh leis an chóras leasa shóisialaigh ar fad agus gurbh fholáir córas ní ba bhunúsaí a chur ina áit.
ní foláir obviously
" Ach ní foláir nó gur foinse domhain dóchais é go bhfuil an T’mazight caomhnaithe ag muintir Chaibíl na hAilgéire ón 7ú haois in ainneoin an bhrú atá á chur ar lucht a labhartha ó shin i leith.
ní foláir one must
" Chomh maith le sin, ní foláir smaoineamh nár cuireadh Kyoto le chéile go gasta ach oiread.
ní foláir obviously
" Dréacht-Straitéis an Ghrinn Ní cúram mar mhagadh é an greann agus ní foláir dua agus am a chaitheamh leis.
Ní foláir obviously
" Is dócha gurb í an phríomhcheist atá le cur agus muid ag iarraidh meabhair a bhaint as an gceapachán mar sin, an cúis sách maith tóir an phobail a bheith ar dhuine leis an duine céanna a roghnú i gcomhair post fíordhúshlánach? Ní foláir a chur sa mheá freisin gur fear é Maradona – bíodh go bhfuil sé ag teannadh le leathchéad bliain d’aois – a bhfuil go leor fadhbanna domhainfhréamhaithe dá chuid féin aige, ní áirím an cúram a bheith air faire amach do scata imreoirí éilitheacha, cuid acu an-teasaí ina mbealach féin.
ní foláir (it) must
" 4 den Bhunreacht - a deir "i gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin ní foláir tiontú oifigiúil eile" - nach bhfuil aon dualgas bunreachtúil ann reachtaíocht a achtú sa dá theanga oifigiúil.
Ní foláir surely
" Ní foláir nach aon chomhtharlú é caint den saghas seo agus an laghdú atá ag teacht ar bhuiséid chúnaimh na dtíortha saibhre le blianta beaga anuas.
Ní foláir obviously
" Ní foláir nó go bhfuil scéalta cloiste ag gach Éireannach faoi inimircigh a oibríonn i mbialanna, abair, nó sa tionscal tógála ar thuarastal nach nglacfadh Éireannach leis.
ní foláir a chuimhneamh one must remember
" Thug Vladimir Putin aitheasc breá forásach os comhair chomhaltaí an fhóraim, á mholadh aige go n-oibreodh na tíortha éagsúla as lámh a chéile, ach ní foláir a chuimhneamh go raibh port an-difriúil á sheinm bliain ó shin, nuair a bhagair an Chreimil go mbeidís toilteanach an lámh láidir a úsáid chun a gcearta san Artach a chosaint.
Ní foláir obviously
"Ní foláir, áfach, deireadh a chur am éigin leis an díospóireacht agus tús a chur le feidhmiú na straitéise.
ní foláir obviously
" Fiafraíonn duine éigin dá chara, “Focail chomh mín chomh cneasta leó cionnus thárlóchadh go mbeadh cealg ionntu?” Cé nár ghlac naimhdeas eitneach Corkery greim dhaingean ar intleacht Niall Tóibín riamh, ní foláir nó go n-oireann ceist seo Corkery leis.
Ní foláir no doubt
" Ní foláir go bhfuil ceannaireacht Londain na linne seo faoi sceimhle ag dul chun cinn agus ag gnóthaí Alastar Mhic Bhradain agus an Páirtí Náisiúnach.
Ní foláir féachaint obviously one must look
" Ní foláir féachaint ar an ngiota seo cúpla uair i ndiaidh a chéile chun dearadh daonna Milch a thuiscint, agus na híomhánna casta ann a dhíleá.
Ní foláir obviously
" Ní foláir nó gur cheap Walsh gur chime i gcarcair na nDaoine ab ea an Rialtas lá amháin, agus gur caomhnóir an leasa phoiblí é lá eile.
Ní foláir nó go obviously
" Ní foláir nó go raibh Ollie Rehn agus M.
Ní foláir obviously
" ’)* Ní foláir nó go raibh Vidal ceangailte go daingean docht freisin leis an dtraidisiún stairiúil raidiceach sin a bhláthaigh i Meiriceá ó 1900 ar aghaidh, an traidisiún sin a dhiúltaigh ómós a dhéanamh do laochra na staire.
ní foláir tagairt a dhéanamh do one must mention
" Ó thaobh an athar ghairbh de ansin, ní foláir tagairt a dhéanamh do chuimhní cinn Denis Donoghue, Warrenpoint.
Ní foláir obviously
" Ní foláir nó gur éirigh le Mac Amhlaigh príomhcheachtanna Gharvin agus Hubert Butler fiú a mhúineadh i líne ghonta amháin.
Ní foláir nó gur obviously
" Ní foláir nó gur ghríosaigh cláracha breátha TG4 mar gheall ar stair an Chongó an lucht féachana chun tabhairt an athuair fé sheanleabhar cáiliúil Conor Cruise O Brien ó 1962, To Katanga and back: A U.
ní foláir dó a bheith glic has to be wise
" An té nach bhfuil láidir ní foláir dó a bheith glic.
Ní foláir obviously
" Dath Gallda ar Leabhar ======== Ní foláir nó gur léigh O Leary beagnach gach aon fhoinse Gaelach dár cruthaíodh ó ré an Chonartha go dtí teacht an Dara Chogaidh Dhomanda.
ní foláir a admháil it has to be admitted also
" (ach ní foláir a admháil freisin) nach iad na húdair mhóruaisle is mó a thaithníonn le formhór na ndaoine… Dá mbeadh Shakespeare Gaelach againn níor mhór dúinn Edgar Wallace Gaelach leis”.
Ní foláir one has to
" Ní foláir an chéad leathanach den leabhar deireanach a chum David Foster Wallace a léamh fé dhó sula dtagann iarsma James Joyce chun solais.
ní foláir nó gur fhoghlaim Wallace an tseift seo uaidh W. obviously learned this trick from him
" Rud tobann ab ea í an ghalántacht ina phrós agus ní foláir nó gur fhoghlaim Wallace an tseift seo uaidh.
ní foláir definitely
" Dá léifí breithiúnais Hogan go stairiúil áfach, ní foláir nó go dtabharfaí tréith eile leanúnach fé dheara ina chuid scríbhneoireachta, agus sin easpa íoróine atá bunaithe ar thírghrá simplí.
Níorbh fholáir it was necessary
" Der Judenstaat le Bunú ======== Níorbh fholáir, dar le Herzl, stat dá gcuid féin a dhearadh as an gcloich agus as an ngaineamh.
Ní foláir nó gur rith sé le it obviously occurred to
" Ní foláir nó gur rith sé le Hitchens go raibh uirlis aonaránach fágtha dhó nuair ba léir ná féadfaí cur i gcoinne na hailse le fada, ’sé sin an fhuarchúis íorónach.
Ní foláir obviously, no doubt
" Ní foláir nó gur éirigh le Ripper Street scéalta corraitheacha a thairiscint mar aon le foclóir saibhir neamhghnách.
ní foláir a admháil it must be admitted
" Cáipéis fhada ab ea tuarascáil an Constitution Review Group, ach ní foláir a admháil gur cáipéis mhímhacánta ab ea é freisin.
ní foláir obviously
" Agus an leabhar éirimiúil croíúil seo á léamh arís ag an nglúin nua, ní foláir go dtabharfaidh siad cruth Janus na hargóna fé deara.