Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
crainn na foraoise trees of the forest
foraoisí forests
" Ach bhí an méid sin bia mara ann - oisrí agus diúlicíní, cuir i gcás - agus an méid sin géim sna foraoisí, nach raibh orthu bogadh.
fhoraois bháistí rain forest
" Tá comhlachtaí ilnáisiúnta foraoiseachta ag gearradh crann adhmaid chrua san fhoraois bháistí.
foraois forest
" Deirtear gur foraois den chuid is mó a bhí sa talamh máguaird.
fhoraois giúise pine forest
" Téann an bóthar síos trí fhoraois giúise go Ros Treabhair, trábhaile gleoite a bhfuil cuma an rachmais air.
Fhoraois Delamere Delamere Forest
" Ní bhíonn na radhairc le feiceáil níos mó tar éis cúpla uair nuair a théann an tslí trí Fhoraois Delamere, áit a raibh lón againn i measc na gcrann.
in aice na foraoise beside the forest
" Tráthnóna amháin, áfach, agus muid sa dara bliain, d’imíomar isteach chuig an seomra gléasta a bhí ar chúl na scoile in aice na foraoise – seanfhoirgeamh *pre-fab* lán le macallaí a rinne damhsa timpeall orainn.
chun tinte foraoise a mhúchadh to put out forest fires
" Tá sibhialtaigh ann atá ag caitheamh i ndiaidh laethanta na mbairéad gorm nuair nach mbíodh airgead mór á ídiú ar an arm nó nuair a bhíodh an t-arm féin ar fáil chun tinte foraoise a mhúchadh sa samhradh agus an sneachta geimhridh a ghlanadh ó shráideanna Toronto.
Foraois Bháistí Daintree the Daintree Rainforest
"Foraois Bháistí Daintree díreach in aice leis an Mórsceir Bhacainneach – dhá Shuíomh Oidhreachta Domhanda taobh le taobh.
foraois sa Tasmáin a cheannach agus a chosaint. to buy and to protect a forest in Tasmania.
" Baineadh úsáid as an airgead le foraois sa Tasmáin a cheannach agus a chosaint.
foraois forest
" Nuair a shroicheann tú Jamestown féin, níl le feiceáil ach foraois agus uisce, beagnach mar a chonaic na chéad áitritheoirí é.
foraoisí fianna. deer forests.
" Ach i ndiaidh tamaill laghdaigh luach na gcaorach, agus athraíodh an talamh féaraigh ar na cnoic go foraoisí fianna.
trí easa agus foraoisí through waterfalls and forests
" Leantar sruthán ó bharr sléibhe trí easa agus foraoisí go dtí gur abhainn é.
tá an fhoraois bháistí á scrios the rain forest is being destroyed
" An fhoraois bháistí á milleadhTá fadhbanna eile ag teacht chun cinn: san Indinéis, tá an fhoraois bháistí á scrios níos tapúla ná mar a bhí riamh, chun crainn phailm a fhás do bhithbhreosla eile.
foraois forest
" Ó na Clabhstraí, atá suite ar chnoc, níl le feiceáil ach foraois trasna na habhann i Nua-Gheirsí.
i bhfolach i bhforaoisí an ama. hiding in the forests of time.
" Sa leabhar seo, áfach, is éard atá againn ná léargas ar fhear óg muiníneach, lán le sprid, lán le ceol, le grá don saol, é i mbun fionachtana in iarthar na tíre ag cuartú saoil a bhí ag sleamhnú uainn, ag iascaireacht fonn a bhí beagnach ar ghrinneall na farraige agus ag fiach amhrán a bhí i bhfolach i bhforaoisí an ama.
i bhforaois Puketi in Puketi forest
" Forais PuketiTheip ar chadhnraí mo cheamara agus mé ar thuras timpeall an tuaiscirt – mo léan! Stadamar i bhforaois Puketi chun breathnú ar na kauri móra atá ag fás inti.
foraoisí báistí rainforests
" Bhí foraoisí báistí ar fud fad an cheantair nuair a shroich an fear geal é i dtús báire, ach bhí luach ard ar na céadair dhearga a d’fhás go forleathan iontu.
an fhoraois i gcúlchríoch na Síre, the forest in the hinterland of the Shire,
" Ar an dea-uair, níor leagadh chun talaimh an fhoraois i gcúlchríoch na Síre, agus tá na gnáthóga tábhachtacha fós ansin.
chun na foraoisí a chosaint. to protect the forests.
" Tá páirceanna náisiúnta curtha ar bun anois chun na foraoisí a chosaint.
trí fhoraoisí, through forests
" Téann formhór den tsiúlóid seo trí bhealaigh thuaithe, trí fhoraoisí, fheirmeacha agus bhailte beaga tuaithe, áiteanna ar féidir fíorchultúr na Spáinne a fheiceáil.
bhforaoisí báistí the rain forests
" Go bunúsach is cliseadh ar an mhargadh í gach fadhb a bhaineann leis an chomhshaol: idir scriosadh na bhforaoisí báistí agus théamh an domhain.
foraoise forest
" Cónaíonn siad pé áit is féidir leo – i mbotháin trá nó i dtithe tréigthe, nó sa ‘dufair’ – an ceantar foraoise timpeall ar bhaile Calais – ar phailléid adhmaid faoi chlúdach plaisteach.
tailte foraoise forest lands
" Ós rud é go raibh talamh ag teastáil ó na pobail nua seo ar son na talmhaíochta is na tréadaíochta, cúngaíodh ar na Batwa is glacadh seilbh ar na tailte foraoise ina raibh siad ag maireachtáil.
bhforaois forest
" B’iontach an radharc a bhí againn amach as barr an chaisleáin ar bhaile St Germain féin agus ar an bhforaois ina bhfuil an caisleán.
fhoraois forest
" Ní fios go díreach cad a tharla ansin, ach fuarthas smionagar an eitleáin san fhoraois ar shliabh in aice an bhaile an lá dar gcionn.
foraoise forestry
" Gabhadh Jean-Pierre Treiber, iarmhaor foraoise, sa bhliain 2004 agus cuireadh dúnmharú bheirt bhan óga ina leith.
Foraois forest
"Foraois na Gaeilge i ndiaidh an deontas a athnuachan: sé mhilliún Euro sa mhí do Leamh Ó Cuinneagáin agus lucht Odious Gael chun trí bliana eile de Sheosamh Mac Slua Muirí a bhrú ar mhuintir bhocht mhánla na Gaeilge.
an cuibhreann a chothaíonn, an fhoraois a fholaíonn the field provides and the forest hides
" Deir seanfhocal sa Fhrainc: an cuibhreann a chothaíonn, an fhoraois a fholaíonn.
bhforaois bháistí rain forest
" Chuaigh ceann de bhuíonta armtha mídhleathacha na Colóime isteach i ndufair iarthuaisceart na tíre, i bhforaois bháistí Chocó, mí Márta na bliana seo caite, d’fhonn buíon armtha mhídhleathach eile a ruaigeadh as agus an áit a chur faoina smacht féin.
foraois forest
" Le tine an áitiúis seo dóigh foraois an aineolais go talamh.
bhforaois forest
" Tá sé cinn de phortráidí dá cuid le feiceáil sa taispeántas seo ina measc: ‘Féinphortráid le Moncaithe’ (1943) ina dtaispeánann sí í féin i bhforaois thrópaiceach agus moncaithe géagacha dubhmhalacha ag tabhairt barróg cosanta di.
sásta seasamh na Foraoise a chosaint satisfied to defend the F. position
" “Cé thú atá sásta seasamh na Foraoise a chosaint anseo i bPluais Bhaloir? Cé thú atá sásta le cinneadh na Foraoise gan dul i gcomhairle leis na heagraíochtaí Gaeilge faoin gceist seo? An cuma leatsa nach mbeidh todhchaí i ndán don amhránaíochta ar an sean-nós? An cuma leat todhchaí an Lúibín, nó todhchaí an damhsa ar an sean-nós?” “Sea! Cé thú?” a d’fhiafraigh Éamó Ó Caoimhnis.
Foraoise Duibhe Black Forest
" Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin samhraidh, chomh tiubh géar is a nocht ball bán ar an lá, ghléas Edna an Taoiseach Tréan é féin fá choinne an tsiúil: Grecian 2000 ar a chuid gruaige gleoite; lúireach láidir den Kevlar crua thart ar a choim seang singil; bróga nua na sál ard inmheánach rúnda ar a dhá chois; léine de dhath spéir an tsamhraidh os cionn na Foraoise Duibhe ar a chliabhrach caomh; agus culaith Louis de scoth an tsíoda agus an tsróil ar a cholainn fhearúil bhreá.
i ndorchadas na foraoise in the sylvan darkness
" I gcás ar bith, i bhfianaise na deacrachta ar fad a bhain d’Éirinn le cúpla seachtain anuas, agus de bhrí go raibh páirt nach beag ag an Bhanríon Angela sa scéal sin, chinn Balor ar chuairt a thabhairt uirthi ina caisleán saoire i ndorchadas na foraoise i sléibhte na Baváire.
i bhforaois in a forest
" Agus é i bhfolach i bhforaois i dtuaisceart Mharacó, ag fanacht le háiméar ar an teorainn le Melilla a thrasnú, tháinig saighdiúirí Mharacó air.
i mbearnaí sna foraoisí stáit in ‘forest gaps’ in the state forest
" Tá mé in ann breis is scór go leith crann a chuir mé a fheiceáil ón bhóthar phoiblí, mar is le taobh an bhóthair féin iad nó istigh i mbearnaí sna foraoisí stáit a chuir mé iad.
tailte foraoise forest lands
" Is beag a líon agus ní cosúil go bhfuil oiread tábhachta leo i súile an rialtais is atá lena gcuid tailte foraoise.