Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Féinmhuinín a fhorbairt To develop self-confidence
" (b) Féinmhuinín a fhorbairt sna páistí leis an nGaeilge a úsáid amuigh sa saol.
á bhforbairt being developed
" Is léir go bhfuil na cumainn charthannachta ag caitheamh an-dua lena gcuid suíomh gréasáin, agus is maith an rud é nach ar mhaithe le brabús amháin atá suímh á bhforbairt.
á forbairt being developed
" Níl aon straitéis á forbairt ach oiread leis an scéal a leigheas.
an fhorbairt mar a beartaítear í the development as it is intended
" Níl an Bord sásta, ag cur san áireamh an tionchar suntasach dochrach a bheadh ag an bhforbairt seo ar an timpeallacht, gurb í an fhorbairt mar a beartaítear í an réiteach is fearr le riachtanais leictreachais an limistéir a shásamh… Bheadh tionchar suntasach dochrach ag an bhforbairt atá beartaithe ar thaitneamhacht agus ar éiceolaíocht an limistéir agus ar fhiúntas an limistéir seo i gcomhair turasóireachta.
oifigeach forbartha development officer
" Ceapadh Tomás Ó Máille, a bhfuil taithí na mblianta aige ag obair do Roinn na Gaeltachta agus mar oibrí deonach don phobal, ina oifigeach forbartha páirtaimseartha i 2001.
a fhorbairt to develop
" Luimnigh cuireadh tús le plean chun imreoirí óga an chontae a fhorbairt ina gcuid scileanna agus cumas iomána.
fhorbairt pobail community development
" Anuraidh bhí an ardteicneolaíocht mar théama againn agus i mbliana bhíomar ag breathnú ar fhorbairt pobail.
Oifigeach Forbartha Development Officer
" Cén ról atá agaibh féin san eagraíocht agus cén fhad atá sibh in bhur bpost? Máire Uí Shíthigh - Oifigeach Forbartha, ag obair le hOidhreacht Chorca Dhuibhne ó 1988 i leith.
forbartha developed
" Déanaimid dearmad scaití gur a bhuíochas d'obair dheonach atá na seirbhísí seo chomh forbartha is atá.
Rannóg Forbartha Development Department
" " Faigheann an Rannóg Forbartha an maoiniú a chuireann ar chumas an ionaid leanúint air ar cur seirbhísí ar fáil.
Bhainisteoir Forbartha Gnó Business Development Manager
" com), an comhlacht a bhfuil Darren mar Bhainisteoir Forbartha Gnó air, is cinnte go mbeadh siad sásta.
forbairt develop
" Dúirt Tom liom nach raibh mórán cur amach ag daoine ar a leithéid de rud ag an am ach gur thuig a athair chomh tábhachtach is a bhí sé margaíocht agus poibíocht cheart a dhéanamh chun a bheith ábalta fás agus forbairt.
srianta forbartha development restraints
" Cuireann sin srianta forbartha orainn gan dabht.
a fhorbairt tuilleadh to develop further
" Deirtear go bhféadfadh an CLG na milliúin euro a thuilleamh tré chluichí sacair agus rugbaí a cheadú agus go bhféadfaí an t-airgead sin a úsáid ansin chun an iomáint agus an pheil, agus an liathróid láimhe ar ceann de chluichí an chumainn í chomh maith le cluiche corr chomh fada le m'eolas, a fhorbairt tuilleadh.
an domhain fhorbartha the developed world
" Cad é a tharla ina dhiaidh sin? Bhuel, cosúil le háiteanna eile fud fad an domhain fhorbartha, tháinig athrú ollmhór eacnamaíochta.
fhorbairt pobail community development
" Nuair a chuaigh John Robb, iarmháinlia agus bunaitheoir an New Ireland Movement go Baile Monaidh, thosaigh sé ag caint ar fhorbairt pobail.
forbairt development
" Ó shin i leith tá forbairt as cuimse ag teacht ar infrastruchtúr agus ar chruth fisiciúil Bhéal Feirste.
forbairt as cuimse massive development
" Ó shin i leith tá forbairt as cuimse ag teacht ar infrastruchtúr agus ar chruth fisiciúil Bhéal Feirste.
forbairt development
" Is breá leis an obair theilifíse, cé go measann sé go gcaithfidh sé forbairt a dhéanamh mar láithreoir.
forbartha developed
" Measaim nach mbíonn siad chomh forbartha mar dhaoine agus chomh hullamh don saol is a bhíonn mic léinn tar éis dóibh oideachas tríú leibhéal a fháil in Éirinn.
forbairt development
" Is de bharr obair Chraobh Cearta Chonradh na Gaeilge Ráth Cairn a fuair an ceantar an t-aitheantas seo agus bunaíodh Comharchumann Pobail go gairid ina dhiaidh sin chun cabhrú le forbairt na háite.
forbartha neamhshrianta unrestrained development
" Agus más fíor go dtuigeann níos mó daoine ná riamh san Eoraip go bhfuil praghas le n-íoc as ár gcuid caiteachais agus as ár gcuid forbartha neamhshrianta, agus as ár gcaidreamh éagórach agus impiriúil leis na tíortha bochta, is léir chomh maith nár bhog Stáit Aontaithe Mheiriceá oiread is órlach ón ráiteas cáiliúil a thug George Bush ag Rio sa mbliain 1992.
á bhforbairt being developed
" Is é argóint na hAstráile go bhfuil airm ollscriosta ag an Iaráic, nó á bhforbairt acu, agus go bhfuil sárú déanta acu ar rúin na Náisiún Aontaithe.
forbartha development
" Óg agus aosta fite fuaite i sruth nua forbartha i gceantar Charna mar sin? Sea, ar go leor bealaí.
forbairt rathúil successful development
" Níl freagra simplí ar bith ar an cheist seo: Cén dóigh is éifeachtaí ar féidir an Ghaeilge, agus na mílte teanga eile atá san fhaopach céanna, a choinneáil beo beathach? Gan amhras ar bith, tá forbairt rathúil na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht dlúthcheangailte le caomhnú na Gaeilge mar theanga laethúil i bpobail Ghaeltachta.
comhlachtaí santacha forbartha greedy development companies
" Is ar an Rialtas, ar na húdaráis áitiúla, ar an lucht pleanála, agus ar na comhlachtaí santacha forbartha atá an milleán.
dá mba mhian leis é a fhorbairt if he wanted to develop it
" Thuig an Céideach taobh istigh d'am gearr go gcaithfeadh sé a chuid fuinnimh ar fad a chaitheamh leis an chomhlacht dá mba mhian leis é a fhorbairt.
forbairt development
" Ó 1962 go 2001 d'imir foireann Átha Cliath cluiche amháin gach samhradh agus níor chabhraigh sé sin le forbairt aon fhoireann de chuid Átha Cliath.
fhorbairt development
" B'fhéidir gur chóir don Chumann Lúthchleas Gael níos mó leasa a bhaint as an acmhainn dhaonna seo atá ina measc chun feabhas a chur ar reáchtáil agus ar fhorbairt na gcluichí.
an-fhorbairt big development
" Is léir an-fhorbairt ar stádas na Gaeilge san Ollscoil ó bunaíodh Aonad na Gaeilge.
a nguthanna féin a fhorbairt to develop their own voices
" "Cheadaigh Ó Ríordáin do dhaoine a nguthanna féin a fhorbairt.
thír fhorbartha chomhaimseartha a contemporary developed country
" Baineann siad lenár stádas mar thír fhorbartha chomhaimseartha atá in ann teacht i dtír ar an réabhlóid chumarsáide chun postanna d'ardchaighdeán a chruthú.
lucht a fhorbartha its developers
" D'fhéach lucht a fhorbartha le cearnóg baile mhóir seanfhaiseanta a athchruthú, sa dóigh is go mbraithfeadh muintir na háite go raibh siad ag maireachtáil i sráidbhaile beag ina raibh "stíl mhaireachtála níos simplí agus níos taitneamhaí" ná mar atá le fáil áiteanna eile.
ag forbairt developing
" Bhí sé mar ábhar iontais do go leor daoine go ndearnadh faillí iomlán sa Ghaeilge nuair a bhíothas ag forbairt cheantar Bharra an Teampaill i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
dtíortha atá i mbéal forbartha developing countries
" Ní cheapfadh mórán daoine go raibh baint ar bith ag an gComórtas Amhrán Eoraifíse le dul chun cinn na tráchtála leictreonaí i dtíortha atá i mbéal forbartha.
Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus ar Fhorbairt United Nations Conference on Trade and Development
" Mar a léirítear i dtuarascáil 2002 Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus ar Fhorbairt, ceann de na fadhbanna a bhaineann le tráchtáil leictreonach a chothú ná go bhfuil sé deacair airgead a bhailiú ó chustaiméirí chun íoc as na hearraí agus as na seirbhísí atá á soláthar.
Oifigeach Forbartha Development Officer
" Roimhe sin, bhí mé ag obair mar Oifigeach Forbartha ag an Ghaeláras, ó bhí 1999 ann, ar thionscadal a raibh sé mar aidhm aige áiseanna agus seirbhísí ríomh-éascaithe a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i nDoire, trí theanglann agus ríomharlann a bhunú sa Ghaeláras.
Comharchumann Forbartha Development Co-operative
" Níos deise de bhaile, tá Comharchumann Forbartha ar an oileán le thart fá 30 bliain anois agus bainisteoir gairmiúil fostaithe le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta le forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha a bhrú chun cinn.
Forbairt eacnamaíoch economic development
" Forbairt eacnamaíoch i gceantraibh Ghaeltachta na hÉireann a spreagadh.
Bhord Forbartha Tionsclaíoch Industrial Development Board
" Nuair a chuir Raytheon fúthu i nDoire i 1999 fuair siad airgead ón Bhord Forbartha Tionsclaíoch nó an IDB.
ionad forbartha bogearraí software development centre
"ionad forbartha bogearraí bunaithe san ionad i nDoire.
sna tíortha atá i mbéal forbartha in developing countries
" "Caitear na billiúin punt le hairm a cheannach a d'fhéadfaí a chaitheamh ar otharlanna agus ar scoileanna anseo, agus ar leigheas agus uisce glan agus talmhaíocht sna tíortha atá i mbéal forbartha," a deir sí.
forbairt development
" Chomh maith leis sin, tá seirbhís eagarthóireachta á sólathar againn do chúpla comhlacht teilifíse agus tá taighde agus forbairt á déanamh againn faoi láthair ar thionscadal úrnua a thosnóidh an samhradh seo.
pleananna forbartha development plans
"pleananna forbartha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar an mbaile freisin.
leithéid d'fhorbairt such a development
" Chuir áitreabhaigh áitiúla ina choinne seo ar an mbonn go gcuirfeadh a leithéid d'fhorbairt as do dhinimic teanga an bhaile.
Éascaitheoir Forbartha Development Facilitator
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost? Is Éascaitheoir Forbartha mé agus tá mé sa phost ó bhí mí Iúil 2002 ann.
forbartha development
" Cé gur lean an grúpa daoine a bhí bailithe le chéile ag obair ar an tionscadal, faoi na nóchaidí bhí rudaí stalctha go mór, agus ní raibh mórán forbartha ag tarlú.
a smaointe gnó a fhorbairt agus a chur i gcrích to develop and put into practice their business ideas
" Tá na dreasachtaí ar fáil le tosú, macasamhail an phacáiste tacaíochta a d'fhógair Údarás na Gaeltachta an mhí seo caite le deis a thabhairt do dhaoine a smaointe gnó a fhorbairt agus a chur i gcrích.
scéimeanna forbartha tuaithe rural development schemes
" Beidh ciorruithe anseo is ansiúd, ach rachaidh an chuid is mó den airgead a ghearrfar ar ais chuig an bhfeirmeoireacht bealach amháin nó bealach eile - trí scéimeanna comhshaoil, cuir i gcás, nó scéimeanna forbartha tuaithe.
leis an tallann atá aici a fhorbairt to develop the talent that she has
" Tuigeann sí go bhfuil ceird na filíochta aici, ach deir sí go bhfuil aiféala uirthi anois nár oibrigh sí níos crua leis an tallann atá aici a fhorbairt.
forbairtí riachtanacha necessary developments
" "Ní dhéanfar an infheistíocht atá de dhíth chun forbairtí riachtanacha a dhéanamh in infrastruchtúr teileachumarsáide na tíre seo.
easpa oibre agus forbartha lack of work and development
" Ní raibh na monarchana ná na heastáit thionclaíocha oscailte go fóill agus bhí easpa oibre agus forbartha sa gceantar.
chomh forbartha as developed
" " "Faoi láthair, níl an earnáil neamhspleách chomh forbartha is ba cheart di a bheith.
tallann úr a fhorbairt to develop new talent
" Níl mórán deiseanna ann tallann úr a fhorbairt.
taighde agus forbairt research and development
" Is iarracht a bhí ann taighde agus forbairt a spreagadh agus a thaispeáint céard a d'fhéadfaí a dhéanamh le carranna gréine.
cheann de na forbairtí is nualaígh one of the most innovative developments
" Is fiú trácht a dhéanamh chomh maith ar cheann de na forbairtí is nualaígh atá tar éis tarlú i gcás TG4, is é sin an córas Webcast.
a fhorbairt its development
" Saineolaí ======= Is léir go bhfuil Con faoi dhraíocht ag gach saghas spóirt agus is minic é ag cíoradh na fealsúnachta taobh thiar de, a stair agus a fhorbairt i gcomhthéacs cluichí éagsúla.
fhorbairtí nua new developments
" Bhí alltacht agus uafás ar chomhairleoirí contae na Gaillimhe an lá cheana, nuair a chuir feidhmeannaigh na comhairle moltaí faoina mbráid a bhain leis na táillí seirbhíse a ghearrann an chomhairle ar fhorbairtí nua.
forbairt oirthear na hEorpa the development of eastern Europe
" Tá deireadh le flaithiúlacht na hEorpa i leith na hÉireann - go deimhin, beidh sciar den chostas a bhaineann le forbairt oirthear na hEorpa le n-íoc againne feasta.
fhorbairt na healaíne the development of art
" Bhí sé nimhneach go leor fosta ag caint faoi na pátrúin, ag rá go raibh Charles Saatchi agus an Tate Modern ag díriú isteach ar "an lowest common denominator" agus go raibh an chontúirt ann go mbeadh drochthionchar aige sin ar fhorbairt na healaíne.
ag forbairt developing
" AÓF: Mar sin, an gceapann tú go bhfuil an traidisiún damhsa ag coiscéimniú leis, ag fás agus ag forbairt ar bhealach sláintiúil? TM: Tá, go hiomlán.
forbairt development
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Baineadh amach na spriocanna gearrthéarmacha a bhí leagtha síos i dtús ama ach, de réir mar a bhí fás agus forbairt ag teacht ar ghníomhaíochtaí an Árais, bhí an fás agus an fhorbairt chéanna ag teacht ar na spriocanna.
forbairt na hollscolaíochta Gaeilge the development of Irish language university education
" De bharr na forbartha suntasaí seo atá déanta ag Áras Mháirtín Uí Chadhain agus ag Oifig na Gaeilge Labhartha i dtaca le forbairt na hollscolaíochta Gaeilge, tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh tar éis Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bhunú mar gur aithin sé go raibh gá le tabhairt faoin réimse seo ar bhonn straitéiseach.
forbartha developed
" Murab ionann agus in Iosrael, níl siad forbartha chomh mór sin, agus is féidir leis an taistealaí sásamh níos fearr a bhaint astu dá bharr.
forbairt phearsanta personal development
" Thaitin an bhunscoil go mór léi agus is anseo a leagadh an bhunchloch ó thaobh forbairt phearsanta de.
ag forbairt developing
" Ach sin mar atá sa lá atá inniu ann; sin é caint na ndaoine; is mar sin atá an teanga ag forbairt.
pleananna forbartha development plan
" Seo cuid den obair a bhíonn ar bun agam: ag plé le húsáid, riar agus cúrsaí airgid an Árais; ag stiúradh an Tionscadail Ghaeilge (atá á mhaoiniú ag Foras na nGaeilge); bainisteoireacht scéim FÁS; ag plé le Club Áras na nGael; agus ag plé le pleananna forbartha an Árais.
forbairt development
" Le cúpla bliain anuas cuireadh críoch leis an bhforbairt ar an bhfoirgneamh féin agus anois, den chéad uair ó 1938, tá úsáid á baint as gach cuid den Áras.
forbairt development
" Rinneadh cuideachta de le déanaí agus táim cinnte go gcabhróidh sé sin le forbairt na Seachtaine sa todhchaí.
phleananna forbartha development plans
" Cúrsaí pleanála ======= Ó thaobh cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht de, beidh Donncha Ó hÉallaithe ag déanamh anailíse ar phleananna forbartha na rialtas áitiúil agus tá Aneurin Philips, Príomhfheidhmeannach Pháirc Náisiúnta Snowdonia, ag teacht chun taithí na Breataine Bige i leith cúrsaí pleanála a roinnt linn.
forbairt development
" " An dóigh leis gur cailleadh aon rud mar thoradh ar an dul chun cinn sa gheilleagar; ar chailleamar aon rud mar shochaí leis an bhforbairt sin? "Ní tharlaíonn aon athruithe, fiú amháin athrú chun feabhais, gan ceataithe cinnte a bheith ag baint leis agus, cé go bhfuil caoi i bhfad níos fearr orainn anois, is laige anois, creidim, an tionchar ar iompar na ndaoine, meas na gcomharsan agus an mhoráltacht thraidisiúnta.
forbairt development
" An rud is mó a bhfuil tú sásta gur bhain tú amach i do shaol? Cuidiú le forbairt na tíre.
forbairt ainrianta disorderly development
" Bhí tuairim is 10 ngrúpa agus suas le 25 duine sa seomra leis na toscairí agus iad uile ag tabhairt na teachtaireachta céanna dóibh: go bhfuil ár n-oidhreacht á scrios ar mhaithe le forbairt ainrianta agus go bhfuil an rialtas agus an tAire beag beann ar thuairim an phobail.
Diúracáin núicléacha á bhforbairt nuclear weapons being developed
" Diúracáin núicléacha á bhforbairt ag an tSeapáin.
ag forbairt developing
" Tá cailíní óga ag forbairt anois, a deir sé, agus gan iad ach 9, 10, nó 11.
níos mó forbartha more development
" Is breá liom siúlóidí fada leis an seinnteoir miondioscaí! AÓF: Céard é an rud is mó gur mhaith leat a bhaint amach fós, ó thaobh an cheoil de? SJW: Ar leibhéal pearsanta, ba mhaith liom níos mó forbartha a dhéanamh ar an stíl atá agam agus a bheith dílis don traidisiún ag an am céanna.
forbairtí developments
" Tabharfaidh an bóthar seo torann, soilse agus tuilleadh forbairtí in éineacht leis.
tuilleadh forbairtí more developments
" Tabharfaidh an bóthar seo torann, soilse agus tuilleadh forbairtí in éineacht leis.
forbairt development
" Má tá forbairt le déanamh ar Pháirc an Chrócaigh, bíodh sí ina forbairt Ghaelach, dar leo.
tuilleadh forbartha more development
" Tá ag éirí thar na bearta leis an tionscadal sin agus ba mhaith leis an mBord tuilleadh forbartha a dhéanamh air.
Fostaíodh Oifigeach Forbartha a Development Officer was employed
" 1998 Fostaíodh Oifigeach Forbartha.
oibre forbartha development work
" Chomh maith leis sin, déanaimid roinnt mhaith oibre forbartha ar son na Gaeilge.
plean forbartha na Comhairle the Council's development plan
" ) Leis an nasc láidir atá againn le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas cheana féin, go láidreofaí plean forbartha na Comhairle chun aitheantas speisialta a thabhairt don Ghaeilge i gcúrsaí pleanála sa chontae.
ag forbairt developing
" Ach bhí a bhformhór míshásta a bheag nó a mhór leis an Aontas Eorpach agus leis an gcaoi a bhfuil an tAontas ag forbairt.
forbartha go leor developed enough
" Amach anseo b'fhéidir go mbeidh muid in ann eolas bith-mhéadrach ar nós méarloirg a úsáid chun ár gcéannacht a chruthú, ach níl an teicneolaíocht sin forbartha go leor go fóill.
ag forbairt developing
" Tá go leor curtha i gcrích le 32 bliain ag an tseirbhís ach, cosúil le gach seirbhís mhaith chumarsáide, ní féidir ariamh stopadh ag fás agus ag forbairt.
le straitéis fhorbartha idirnáisiúnta international development strategy
" Seasfaidh an t-aitheantas sin go mór le Telegael agus an comhlacht ag leanacht le straitéis fhorbartha idirnáisiúnta a thosaigh dornán blianta ó shin, a deir Pól Ó Cuimín.
ag forbairt developing
" Ní hamháin go bhfuil muid ag freastal agus ag cur áiseanna ar fáil do léiritheoirí eile agus do chraoltóirí, tá Telegael féin ag forbairt, ag léiriú, ag airgeadú a chláracha féin agus go leor de na tionscadail seo is tionscadail idirnáisiúnta iad.
go leor forbartha a lot of development
" Is maith linn go bhfuil muid in ann teacht isteach le comhlachtaí a bhfuil go leor taithí acu cheana féin sa ngnó seo mar ciallaíonn sin go bhfuil muid ag obair ar thionscadail a bhfuil go leor forbartha déanta orthu.
forbairt bhreise additional development
" " Mothaíonn sé go bhfuil áit straitéiseach aimsithe ag an gcomhlacht, áit éigin idir Bostún agus Beirlín, rud a chabhrós leo forbairt bhreise a dhéanamh amach anseo.
chun mo chumas cainte a fhorbairt to develop my spoken ability
" Chabhraigh sé seo go mór liom chun mo chumas cainte a fhorbairt.
forbairt development
" " Leis an bhforbairt atá déanta ar uirlisí logánaithe agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta ar nós Unicode le blianta beaga anuas, tá sé i bhfad níos éasca ag comhlachtaí ríomhaireachta an próiseas logánaithe a chur i bhfeidhm.
Oifigeach Forbartha Development Officer
" An bhfuil duine ar bith fostaithe ag an Chumann? Ní raibh ag an Chumann ach oibrithe deonacha go dtí go bhfuair muid deontas ó Fhoras na Gaeilge in 2001 le hOifigeach Forbartha a fhostú.
stiúrthóir na dtionscadal forbartha the director of the development projects
" Cén ról atá agat féin in Ciarraí Beo Teoranta (CBT) agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise an rúnaí comhlachta (deonach), mar aon le stiúrthóir na dtionscadal forbartha a bhíonn á reáchtáil againn le tacaíocht ó FÁS (Foras Áiseanna Saothair) agus Foras na Gaeilge.
i bhforbairt an duine óig in the development of the young person
" Tá an-suim ag Colmán Ó Flatharta sa spórt ach, níos tábhachtaí ná sin, tá spéis ar leith aige i bhforbairt an duine óig tríd an spórt.
margaí eile a fhorbairt to develop other markets
" Níl mórán de na turasóirí seo ann anois agus, dá bhrí sin, is gá dúinn iarracht a dhéanamh margaí eile a fhorbairt.
a chumas a fhorbairt to develop his ability
" Dá mbeadh cead, de réir argóna amháin, beadh an pháirc níos cothroimhe sa mhéid is go mbeadh an seans céanna ag gach lúthchleasaí a chumas a fhorbairt.
fonn forbartha desire for development
" Tá an tír á reáchtáil ag rialtas cumannach a bhfuil fonn forbartha air.
forbairtí developments
i dtíortha forbartha eile in other developed countries
" Agus, ar fhaitíos go gceapfadh duine go bhfuil mé ag déanamh éagóra ar mhuintir Liatroma, deir an Dr McMaster go bhfuil na torthaí ag dul le torthaí na suirbhéanna eile a rinneadh i gceantair eile sa tír agus go bhfuil an leibhéal raimhreachta inchurtha lena bhfuil ar fáil i dtíortha forbartha eile.