Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní bhrúfaí rudaí orainn things wouldn't be forced on us
" Bheadh ár gcomharsana Eorpacha deas linn i gcónaí, ní bhrúfaí rudaí orainn.
á brú orthu being forced on them
" Ní bhraitheann daoine gur namhaid dóibh an Ghaeilge níos mó nó go bhfuil an Ghaeilge á brú orthu mar a bhíodh.
cuireadh an ruaig ar ocht dteaghlach Moslamach as a gcuid tithe eight Muslim families were forced out of their homes
" An bhliain seo caite, cuireadh an ruaig ar ocht dteaghlach Moslamach as a gcuid tithe.
a bhrúigh an t-eitleán chun talaimh. which forced the airoplane to the ground
" Nó b’fhéidir go raibh spéirling sa cheantar a bhrúigh an t-eitleán chun talaimh.
beartas na coinneála éigeantaí the plan of forced incarceration
" Nuair a thosaigh iarrthóirí na hÁise ag teacht i dtír as báid neamhúdaraithe ag lorg tearmainn go luath sna nóchaidí, cuireadh i bhfeidhm beartas na coinneála éigeantaí, ar bhonn tacaíochta dépháirtí.
B'éigean do were forced to
" B'éigean do na comhlachtaí móra cairr, mar shampla, dul ar a nglúine go Washington mí Feabhra chun iasachtaí a lorg ón rialtas nua, agus fós féin, táthar ag tuar go mbeidh ar an ollchomhlacht General Motors (a dhéanann Opel, Saab, agus Vauxhall, mar shampla, san Eoraip) bancbhristeacht a fhógairt.
oibrithe éagantais forced labour
" Ní bhíonn oideachas ná seirbhísí stáit le fáil ina n-áiteanna dúchais trí mheán a dteanga féin, díshealbhaítear iad, dóitear a mbailte is a mbarra, baintear úsáid astu mar oibrithe éagantais chun mianaigh talún a ghlanadh, déantar éigniú agus foréigean gnéis eile orthu.
iallach orthu they're forced
" Scoitear iad as na háiteanna a bhfuil taithí acu orthu is naisc spioradálta acu leo agus cuirtear iallach orthu dul isteach i sochaithe coimhthíocha.
iachall ar forced to
" Bheadh iachall ar na comhlachtaí árachais daoine a ghlacadh beag beann ar a sláinte, agus bheadh iachall ar na hotharlanna agus ar na comhlachtaí leighis seirbhísí agus táirgí a dhíol ar chonarthaí réasúnta.
chuir iallach ar forced
" Léirsithe, Agóidí is Círéibeacha Leanadh ar aghaidh leis an gcos ar bolg i 1985 nuair a rinneadh gníomhaithe Imazigh eile a ghabháil is a chur i bpríosún ach níor bhain sin an ghaoth as seolta agóideoirí Kabyle: i 1988 ghlac siad páirt i léirsithe i Kabylie is in Algiers a chuir iallach ar an rialtas deireadh a chur leis an gcóras aonpháirtí a bhí ag an Ailgéire ó bunaíodh an stát.
iallach ar forced to
" Cuirtear iallach ar Rohingya, idir óg is aosta, obair gan íocaíocht a dhéanamh ar thionscadail éagsúla cosúil le tógáil is cothabháil champaí an airm.
cuireadh iachall were forced
" Fuaireamar an deis dráma den scoth a fheiceáil ar an teilifís le déanaí nuair a cuireadh iachall ar ghníomhairí Goldman Sachs, an príomhfheidhmeannach Lloyd Blankfein ina measc, labhairt go poiblí os comhair coiste Seanaid faoinar thit amach ina chomhlucht i dtaobh infheistíocht agus caimiléireacht i 2007 and 2008.
ab éigean was forced to
" Thit an tóin as geilleagar na tíre dá dheasca sin agus tá a fhios ag gach duine cén dua agus doghrainn a bhí le fulaingt ag deireadh na n-ochtóidí nuair ab éigean d’fhear na scine, Ray Mac Sharry, ciorruithe uafásacha a chur i bhfeidhm.
níorbh mhór do was forced to
" Scar sí leis an bhfear seo, ach níorbh mhór do Assange agus dá mháthair dul ar a dteitheadh ar feadh cúig bliana ón gcultas.
B'éigean dó he was forced
" B'éigean dó cur suas dá oifigí go léir, ach bhí trua ag an rí dó, agus thug sé Tiarnacht dó i dteach Tiarnaí Éireann.
chuir ár gcúirt iachall ar our court forced
" “Thosnaíos ag gol nuair a chuir ár gcúirt iachall ar Rialtas na hAfraice Theas drugaí frith-HIV a thabhairt do leanaí nuabheirthe.
cuireadh iachall air he was forced
" Feictear mothúcháin as riocht i mbreithiúnais Sachs, ach go háirithe nuair a cuireadh iachall air teorainn bhunreachtúil a chur ar chearta an chreidimh.
chuir iachaill air forced him
" Ba ghealt é Íosa Chríost dar leis, an chéad ghealt sa stair fiú; luaitear mac an athar shleamchúisigh a chuir iachaill air dul fé chúram dhlí na Rómhánach, an t-athair a dhiúltaigh aon chúnamh a thabhairt dá mhac agus a cholainn á réabadh ag tairní, an t-athair a nasc an grá le ciapadh agus céasadh poiblí, an mac dar ghlac leis an dearcadh seo.
b’éigean do was forced to
" De réir fhorálacha an fhorógra sin, b’éigean do gach fear agus do gach bean dul ar ais go dtí an áit ar tháinig siad as, le go n-áireofaí iad chun vóta a chaitheamh don churadh ab’ áil leo a bheith ina chónaí (nó ina cónaí, mar nach bhfuil rud ar bith cinnte sa lá atá inniu ann) in Áras na nDaoine sa Phoeno.
bhíodh iachall ar na cimí eile breathnú air the prisoners were forced to look on
" Maraíodh cimí go mion is go minic san áit, agus bhíodh iachall ar na cimí eile breathnú air.
B'éigean had to, was forced to
" B'éigean don mhórshiúl tiontú thart agus dul ar ais go Kirkdale, áit a raibh slógadh acu taobh istigh de chlub sóisialta.
ar cuireadh iachall air nó uirthi who were forced to
" I bhfocail eile, is beag duine faoi bhun 35 bliain d'aois ar cuireadh iachall air nó uirthi an leabhar a léamh ar scoil.
B’éigean don bhanríon the Queen was forced
" B’éigean don bhanríon cur suas le go leor i rith a saoil fhada, agus ansin agus í i ndiaidh seasca bliain a chaitheamh ag obair, cuireadh tuilleadh brú ar an bhean bhocht le linn na míosa seo a chuaigh thart.
cuirtear iallach ar dhaoine déircínteacht people are forced to beg
" Uaireanta cuirtear iallach ar dhaoine déircínteacht nó gadaíocht a dhéanamh.
cuirtear iachall ar is forced
" Nuair a dhéanann duine achainí ar chúirt reacht éigin a chrosadh ina iomlán, tugtar ‘*facial challenge*’ nó “gearán ginearálta” ar sin agus cuirtear iachall ar an nduine a dhéanann an gearán a thaispeánt ná féidir an reacht sin a chur i bhfeidhm riamh gan dochar éigin a dhéanamh.
minic a chuirtear iachall ar dhreamanna groups are often forced
" Dúradh nach raibh baint ar bith ag an bhfírinne leis an scéal áfach, agus dúradh ina leith chomh maith go ndéanfar iniúchadh ar chuntais an Chéid Náisiúin i bhfad níos minice ná cuntais aon dream eile, agus gur minic a chuirtear iachall ar dhreamanna an t-airgead a chaitheamh go fánach, cé nach dteastaíonn uathu féin a leithéid a dhéanamh i gcónaí.
chuirfí iachall ar gach stát every state shall be forced
" Dá scriosfaí an dlí úd, chuirfí iachall ar gach stát sa tír póstaí aeracha a aithint, cuma cá dtarla siad.
ina hoibrí éigeantais a forced labourer
" Nuair a bhuail an tIodálach Luigi Pedutto leis an Úcránach Mokryna Yurzuk breis is seachtó bliain ó shin, ba chime cogaidh é i sluachampa géibhinn Naitsíoch san Ostair agus bhí sise ina hoibrí éigeantais le hiníon óg.
thug ar na milliúin daoine forced millions of people
" Mar a deir González féin, arbh inimirce ó Phórtó Ríce é a athair, “ní mhúineann siad dúinn ar scoil go bhfuil an méid sin Laidin-Mheirceánach sna Stáit mar gheall ar ainghníomhartha rialtas SAM a thug ar na milliúin daoine a dtíortha dúchais a thréigean agus triall ar na Stáit Aontaithe.
bíonn iachall orthu treoir a thógáil they’re forced to take a lead
" (Chonaic mé le linn na díospóireachta ar Bhille na Gaeltachta Seanadóir ón bhfreasúra ag iarraidh córam agus é ag siúl amach é féin, tar éis dhó córam a iarraidh!) Ach ’sé an fhadhb is mó leis an Seanad ná go bhfuil an iomarca de na Seanadóirí faoi cheangal ag na páirtithe, agus in áit a n-intinn féin a dhéanamh suas faoi reachtaíocht nó leasú ar reachtaíocht, bíonn iachall orthu treoir a thógáil ón bpáirtí.
dá gcuirfí iachall uirthi an páiste a thabhairt ar an saol if she was forced to bear the child
" 3 a iompú droim ar ais nuair a rialaíodh sa bhliain 1992 go raibh ceart ginmhillte faoin mbunreacht ag an gcailín óg 14 bhliana d’aois i gcás X, mar go raibh baol ann go bhféadfadh sí í féin a mharú, dá gcuirfí iachall uirthi an páiste a thabhairt ar an saol.
chuir sí iachall orthu she forced them
" Ba chuma léi gur cheap formhór státseirbhíseach na hÉireann go raibh sí as a meabhair i 1981 nuair a chuir sí iachall orthu an focal “*alienation*” a bhaint de cháipéis oifigiúil.
Thug na srianta seo orthu these restraints forced them
" Brú chun Oiliúna ======= Thug na srianta seo orthu féachaint ar chás na ndaoine óga a scrúdú maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh.
a bhrúigh an oiread sin íobartha orainn which forced so much suffering on us
" Cuideoidh sé seo, tá súil agam, leis an tsochaí agus leis an ngeilleagar seo ’gainne a bhogadh ar aghaidh ón leagan amach a thug an oiread sin anró orainn agus a bhrúigh an oiread sin íobartha orainn.
chuir sé iachall orm it forced me
" ná Gaeilge! Ar bhealach, rud dearfach a bhí ann toisc gur chuir sé iachall orm an Spáinnis a fhoglaim.
faoi éigeantas go minic often forced to do so
" Cé leis an ealaín a cruthaíodh sna campaí báis i ré na Naitsithe, ealaín a chruthaigh na cimí faoi éigeantas go minic.
cuireadh ag obair ar bhonn éigeantach forced to work
" I measc na n-ealaíontóirí cáiliúla a cuireadh ag obair ar bhonn éigeantach bhí péintéirí mór le rá, Fernand Van Horen, Moshe Rynecki, Joseph Nassy agus Karl Stojka ina measc.
chuir Mengele iallach uirthi M. forced her
" Gilín Sneachta in Auschwitz-Birkenau =============== Tar éis do Mengele múrmhaisiú de Gilín Sneachta agus an Seachtar Abhac a rinne Dina Gottliebova ar bhalla an champa a fheiceáil, chuir Mengele iallach uirthi pictiúir eile a dhéanamh.
níl de dhul as agam I’m forced to
" Agus más trí mheán na putóga a oibríonn fíorscannán, go príomhga, agus creidim gurb é sin nádúr agus eisint scannáin, níl de dhul as agam ansin ach fíorscannán a thabhairt ar obair dhéanaí Steve Mc Queen, Sasanach.
rud a thug orm something which forced me
" D'inseoinnse an scéal ó thús deireadh go fial, fonnmhar, ach bhí daoine eile sa gcomhluadar, cuntasóir Béarlóra as Baile Átha Cliath, agus beirt as Londain, rud a thug orm freagra gonta a thabhairt ar an gceist ar fhaitíos go gcuirfinn bréantan ar an gcóisir le saineolas.
chuir iachall ar they forced
" Nuair a ghlac Meiriceá seilbh ar an Iaráic, scoir siad an t-arm uilig agus chuir iachall ar na saighdiúirí cur isteach ar phostanna ann as an nua.
ó fáisceadh gobadán from the time gags were forced
" Ní mó ná sásta atá Balor ó fáisceadh gobadán i mbéal roinnt bheag de na sagairt, an dream sagart a thuig go ndearna an béal druidte dochar mór do na daoine cheana agus labhair siad amach.
is é an dóigh gur brúdh air an leabhar a chur de he was forced to write the book
" Tá Tony Birtill i ndiaidh dul faoi chló is faoi chlúdach leabhair, ach is é an dóigh gur brúdh air an leabhar a chur de agus le scéal tábhachtach a bhí contráilte a chur ina cheart.