Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bréagnótaí forged notes
" Goideadh suas le €1 milliún i 2001, agus tá baol ann go dtiocfaidh bréagnótaí i gciorclaíocht.
bréige false, forged
" Tá deoraithe anseo ó gach áit agus léiríonn na ceisteanna agus na freagraí - gan trácht ar an aighneas bréige idir na foirne - an teagmháil chaol ghóstúil atá acu lena bhfód dúchais, má tá a leithéid acu níos mó.
go gcothófaí nasc níos láidre that a stronger link be forged
" Glacadh leis an rún go mbeadh Fianna Fáil ag eagrú ar fud an oileáin, nó go gcothófaí nasc níos láidre leis an SDLP.
tuile priontaí bréagacha a wave of forged prints
" Dúirt saineolaí amháin go raibh tuile priontaí bréagacha de chuid Hirst ag teacht ar an mhargadh anois agus go raibh siad chomh maith sin nár éirigh le Sotheby’s nó Christie’s iad a scagadh ó na fíorearraí.
céadta prionta bréagach hundreds of forged prints
" ” Is cinnte nach é Hirst an t-aon ealaíontóir atá faoi ionsaí ag na falsaitheoirí - tá na céadta prionta bréagach de shaothar na n-ealaíontóirí Chagall, Miró agus Dalí in ainm is a bheith ar fáil go flúirseach ar an mhargadh ealaíne.
do na bréagphictiúir bhréagacha! for the forged forgeries!
" Cé go bhfuil sé ar shlí na *fírinne *(!) le ceithre bliana is fiche tá an-mhargadh ann, ní hamháin dá chuid pictiúr bréagach ach margadh chomh bríomhar céanna do na bréagphictiúir bhréagacha! An comhartha é seo go bhfuil deireadh le réim ealaíontóirí ar nós Hirst ó thaobh smaointe úra spreagúla a bheith acu nó ar chóir go mbeadh cead ag ealaíontóirí smaointe a thógáil ó shaothar daoine eile ar mhaithe le healaín “úr” a chruthú? An seadánachas agus gliceas mí-onórach atá ann nó gné nádúrtha de phróiseas na cruthaitheachta?*Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.