Pota Focal Intergaelic
afore | fíre | foe | for | for-
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
réamhtheachtaí an rialtóra reatha the fore-runner of the current regulator
" Rinne an t-acht seo socrú chun comhlacht a bhunú a dhíscaoilfeadh Oifig an Stiúrthóra Rialála Teileachumarsáide (réamhtheachtaí an rialtóra reatha).
chun tosaigh to the fore
" Bhí mé ar an pharáid Lá Fhéile Pádraig i Learpholl i mbliana nuair a bhí an JLRFB chun tosaigh, agus mar is ghnáth, bhí drochaoibh ar na póilíní.
chun tosaigh to the fore
" Rinneadh cuimhneachán ar an tubaiste i Márta 1995 nuair a chuaigh grúpa daoine, agus an sagart paróiste chun tosaigh, suas Cró na Rad ó na Cealla Beaga agus dúradh paidreacha ar an suíomh.
chun tosaigh. to the fore, to light
" I dtreo dheireadh na bliana a tháinig scéalta uafáis faoin chóicín chun tosaigh.
a chur chun cinn. to promote, bring to the fore
" Agus na Cluichí Oilimpeacha ar tí a bheith ar siúl i mBéising i mí Lúnasa, ní fhéadfaí am níos oiriúnaí a roghnú le cearta daonna mhuintir na Tibéide a chur chun cinn.
cén duine a bhrúigh an tionscadal seo chun cinn who pushed this project to the fore
" Ní gá a rá, áfach, cén duine a bhrúigh an tionscadal seo chun cinn.
atá tagtha chun cinn which has emerged or come to the fore
" Ó thaobh an dearcaidh nua tuaithe atá tagtha chun cinn sa Pháirtí Poblachtánach, is ionadaí maith í Sarah Palin.
i dtreis to the fore
" Bhíodh seanteangacha a raibh cuma an iarthair orthu – an fhuaim ‘k’ in áit ‘s’ ar ‘cent’ agus ‘celt’, abair – i dtreis i bhfad fadó san áit sular tháinig an Tuircis ina neart ann.
réamhcheapadh fore-planning
" Tagann an fhreagracht nua seo orthu gan réamhcheapadh is gan choinne.
thuasluaite fore-mentioned
" Nuair a fógraíodh toradh an reifrinn thuasluaite sa bhliain 1999, inár vótáil beagnach 80 faoin gcéad de mhuintir na tíre ar son an neamhspleáchais, rinne arm na hIndinéise agus na mílístí a bhí i gcoinne an reifrinn sléacht uafásach sa tír (Féach Eagrán 14, Meitheamh 2000).
i dtosach cadhnaíochta to the fore in
" Bhí an t-ádh ar Éireannaigh go raibh an duine ceart ar fáil don tionscnamh, mar a bhí scoláire sároilte Gearmánach, an Dr Wilhelm Dögen, a bhí i dtosach cadhnaíochta léann na foghraíochta sna blianta roimh an Dara Cogadh Domhanda.
chun tosaigh to the fore
" com>* Tá naisc de leataobh an ailt seo a threoróidh thú ar an eolas faoin amaidí go léir a cheadaigh an tUasal Bille Clinton agus a lig an bhradaíl dleathach chun tosaigh i saol na margaíochta nach raibh chomh scaoilte ón am ar thit an tóin as Sráid an Bhalla cheana, 1929, agus as geilleagar an domhain dá réir.
i réim to the fore
" Tá an ‘fhorbairt leithleach’ i réim maidir leis an áit a mbíonn daoine ina gcónaí, ina mbíonn siad ag obair agus ina bhfaigheann siad a gcuid oideachais.
thagann chun cinn comes to the fore
" Tugtar spléachadh dúinn ar an bhfrustrachas, ar an easaontas, ar an bhfearg agus ar an drochtheanga a thagann chun cinn nuair a sheasann an chosmhuintir an fód i gcoinne chórais an stáit agus ollchomhlachtaí idirnáisiúnta.
chun tosaigh to the fore
" Feictear dom go bhfuil sé fíoríorónta gur roghnaíodh an meafar seo de bharr gur foilsíodh roinnt tuarascálacha le blianta beaga anuas a léiríonn go bhfuil an Astráil chun tosaigh ar beagnach gach tír eile i ngné áirithe amháin a bhaineann le meáchan, ach ní hábhar bróid ná ceiliúrtha é.
chun tosaigh to the fore
" Is saoithiúil ar bhealach gur i dtaobh tíre a raibh muintir Laoire go láidir ann tráth den saol gur tháinig muintir Calvert chun tosaigh ar ball.
tagtha chun tosaigh has come to the fore
" Uirlis atá tagtha chun tosaigh sa Bhreatain le bliain nó dhó anuas ná an ‘sárurghaire’ a chuireann cosc ar nuachtáin eolas a chur i gcló faoi chaidrimh ghnéis sheachphósta a bhíonn ag daoine cáiliúla áirithe.
i lár an mhargaidh front stage, to the fore
" Cathain a smaoinigh tú dul amach ar an mbóthar leis an gclár raidió seo an chéad lá? **Cliodhna Ní Anluain** Shíl mé go mbeadh sé oiriúnach, b’fhéidir, clár beo a dhéanamh ach theastaigh uaim é a dhéanamh i gcomhthéacs ina n-aithneodh daoine an clár agus nach rachaimid amach linn féin ach go rachaimid amach i lár an mhargaidh i bhféile éigin agus shíl mé go mbeadh Lios Tuathail feiliúnach dó sin, mar tugann Lios Tuathail aird ar údair nua agus ar mhórúdair agus ar ábhar.
atá an láimh in uachtar ag an tart agus ag an ocras thirst and hunger are to the fore
" Is fánach an rud a chuirfeadh an lasair sa bharrach nuair atá an láimh in uachtar ag an tart agus ag an ocras.
tháinig ann an t-uafás i réim horror came to the fore
" Gach uair a chlis ar an daonlathas, tháinig ann an t-uafás i réim.
chun tosaigh i bhfeachtas to the fore in the campaign
" ’* Bhí ceol na hÉireann go deas fóirsteanach, mar nach amháin go raibh neart íobartach de bhunadh na hÉireann i measc an 96 a fuair bás sa tubaiste ar 15 Aibreán 1989, ach bhí siadsan chun tosaigh i bhfeachtas an *Hillsborough Justice Campaign* chun an fhírinne faoin ár a aimsiú.
a bheadh in uachtar which would be to the fore
" An Fhís 25 Bliain ó Shin ======== Sa bhfís a bhí againne, 25 bliain ó shin, nuair a cuireadh Teilifís na Gaeltachta ar an aer i Ros Muc, samhlaíodh dúinn gurb í an Ghaeilge a bheadh in uachtar i ndéantús na gclár don stáisiún teilifíse a bhí á éileamh againn.
san alt thuasluaite in the fore-mentioned article
" Thug Eoghan Ó Néill laoch spóirt agus laoch an chine dhaonna ar Norman san alt thuasluaite agus más mall is mithid go bhfuil sé aitheanta ina thír féin faoi dheireadh thiar thall.
suaimhneas agus ciall ag teacht i réim peace and sense coming to the fore
" Ní fheicfimid suaimhneas agus ciall ag teacht i réim go dtí sin.
atá i dtreis which are to the fore
" Athrú radacach a bhíonn i gceist le ‘hathrú múnla’ ar bith agus titeann sé seo amach nuair a chaitear na tuiscintí atá i dtreis i múnla tuisceana amháin i gcártaí d’fhonn forás feasa nua a chruthú in ionad an tseanmhúnla.
a raibh an ceart ina phríomhchloch ar a phaidrín who had justice to the fore in his mind
" Fear a raibh an ceart ina phríomhchloch ar a phaidrín ab ea sean-Abe.
i réim to the fore
" Agus smaoiním ar na córais chánach sna tíortha is mó a bhfuil an caipitleachas Angla-Shacsanach i réim iontu, mar atá, Sasana, na Stáit Aontaithe agus, ar ndóigh, Éire.
an Tadhg-an-dá-thaobhachais réamhluaite the fore-mentioned two-facedness
" Go deimhin, má bhaintear na spriocanna polaitiúla amach trí bhíthin an Tadhg-an-dá-thaobhachais réamhluaite, samhlaítear suáilce pholaitiúil leis an gcur chuige sin ana-mhinic.
leorghníomh a dhéanamh sa ghníomh réamhluaite as féin (morality on its own ..) to make recompense in the fore-mentioned deed
" Má sháraíonn polaiteoir áirithe cuimsí na polaitíochta le haitheasc ciníoch, mar shampla, is í an mhoráltacht a chuireann cosc seachtarach ar allagar na polaitíochta agus ba cheart go dtabharfadh an mhoráltacht ar an bpolaiteoir leorghníomh a dhéanamh sa ghníomh réamhluaite as féin.
athraíonn na rialacha a bhíonn i dtreis, dá réir the rules which come to the fore change accordingly
" Nuair a bhristear dlí an Stáit, áfach, ní bhaineann an cheist leis an duine aonair a thuilleadh agus athraíonn na rialacha a bhíonn i dtreis, dá réir.
ag teacht in inmhe ar an idirlíon coming to the fore on the internet
" Tá sí ag teacht in inmhe ar an idirlíon.
Bhí síocháin, dóchas agus tírghrá i réim peace, hope and patriotism was to the fore
" Bhí síocháin, dóchas agus tírghrá i réim ar chearnóg mhór Campo Grande, i lár cathair Salvador, áit ar chruinnigh fiche míle duine le chéile faoi theas ghrian an tráthnóna.
tréimhse ina raibh rabhcáin i mbarr a réime period when ballads were to the fore
" Spreagfaidh an díolaim seo cuimhní go leor den tréimhse ina raibh rabhcáin i mbarr a réime sna tithe tábhairne agus i gclubanna na tíre.
bean a bhí i dtús cadhnaíochta a woman who was to the fore
" Ba é ab aite faoi sin nár éirigh fiú duine amháin den ochtar airí mná san aireacht as a post le dlúthpháirtíocht a léiriú le céad príomh-aire mná na tíre, bean a bhí i dtús cadhnaíochta ar mhaithe le cur chun cinn cearta na mban.
i réim ina dtír dhúchais féin arís ever come the fore in its native land again
" Ba dhóigh leis an bpainéal go bhfuil dhá leagan ann feasta ar na teangacha Ceilteacha éagsúla, an leagan traidisiúnta agus an leagan nua; ba dhóigh leo nach dtiocfaidh ceann ar bith de na teangacha Ceilteacha i réim ina dtír dhúchais féin arís; ba dhóigh leo gur teangachaí mionphobail – micrea-phobail go deimhin – a bheas iontu amach anseo, seachas teangacha mionlaigh.
chun tosaigh in an-chuid eagraíochtaí éagsúla to the fore in a lot of various organizations
" Na blianta siar, is iad na mic léinn a bhíodh chun tosaigh in an-chuid eagraíochtaí éagsúla a bhíodh ag ceistiú an tsaoil in ionad a bheith ag ceistiú a staid airgeadais féin.
an leagan Béarla den stair atá chun tosaigh the English version of history to the fore
" ie (eagráin 93, 94 agus 98), tuigim gur teanga mhionlaithe atá inti agus mar sin, is é an leagan Béarla den stair atá chun tosaigh agus tá leabhar amháin go háirithe go mór faoi thrácht sa chathair: *Irish, Catholic and Scouse: The History of the Liverpool-Irish 1800-1939* le John Belcham (LUP 2007).
réamhráite fore-mentioned
" Dá dtarlódh an cás is measa agus go gcuirfeadh Toyota deireadh lena dtáirgeadh san Astráil, bhrisfí thart ar 50,000 fostaí as a bpoist san earnáil fud fad na tíre agus bheadh cúlú geilleagair sa dá stát réamhráite.
meallann brings to the fore
" Is sármhaistir é Cumberbatch ag léiriú na débhríochta, agus meallann Mc Queen taispeántas den scoth as.
torthaí an chláir eolaíoch seo réamhráite the results of this fore mentioned scientific program
" Níor foilsíodh torthaí an chláir eolaíoch seo réamhráite agus measann saineolaithe go leor gur féidir an t-eolas thuas a fháil gan an t-ainmhí mara a mharú.
chun tosaigh i leith to the fore as regards
" Dála na chéad scannáin ghrianghrafadóireachta a cruthaíodh, bhí na Francaigh chun tosaigh i leith forbairtí nua maidir leis an fantasmagorie agus cathair Versailles ina lár-ionad ag na turgnaimh chéanna.
go mór chun cinn san fheachtas ar son well to the fore in the campaign for
" Bhí fadhbanna eile acu - díobháil foirne, díobháil áiseanna, díobháil taithí - agus ainneoin an dea-thoil, thit an tóin as an ghluaiseacht cé gur ann dó go fóill agus tá Mairéad Corrigan Maguire go mór chun cinn san fheachtas ar son Gháza faoi láthair.
atá chun tosaigh which is to the fore
" Mhol an Seanadóir Richard Di Natale an bille agus is ball den Pháirtí Glas é an seanadóir, páirtí atá chun tosaigh i dtaca le beartas sóisialta le blianta fada anuas.
chun tosaigh to the fore
" Is ait an mac an pholaitíocht; Martin McGuinness le labhairt ag Comhdháil na gCoimeádach? An DUP, na Tóraithe móide LibDem agus Sinn Féin, b’fhéidir, a deir Robert McMillen, gurb shin an meascán a bhéarfas an chaoinfhulaingt agus an fhíorpholaitíocht chun tosaigh.
chun tosaigh le moltaí to the fore with opinions
" Creideann Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil airgead á chur amú ar an nGaeilge agus in áit a bheith dhá shéanadh go mba cheart do lucht na Gaeilge a bheith chun tosaigh le moltaí faoin mbealach a bhféadfaí airgead na Gaeilge a chaitheamh ar mhodh níos feidhmiúla sa gcaoi go mbeadh toradh níos fearr.