Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i lár an mhargaidh front stage, to the fore
" Cathain a smaoinigh tú dul amach ar an mbóthar leis an gclár raidió seo an chéad lá? **Cliodhna Ní Anluain** Shíl mé go mbeadh sé oiriúnach, b’fhéidir, clár beo a dhéanamh ach theastaigh uaim é a dhéanamh i gcomhthéacs ina n-aithneodh daoine an clár agus nach rachaimid amach linn féin ach go rachaimid amach i lár an mhargaidh i bhféile éigin agus shíl mé go mbeadh Lios Tuathail feiliúnach dó sin, mar tugann Lios Tuathail aird ar údair nua agus ar mhórúdair agus ar ábhar.