Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tuar a ghrá di forecasting/measuring his love for her
" Bheadh sé ag tuar a ghrá di.
Táthar ag tuar toirní thunder is being forecast
" "Táthar ag tuar toirní," a dúirt Dónall.
réamhaisnéis na haimsire the weather forecast
" Déanaimid ár gcraoladh nuachta féin sa seomra ranga, le ceannlínte, fógraí faoi cheolchoirmeacha, scannáin, srl, agus réamhaisnéis na haimsire.
réamhaisnéis na haimsire the weather forecast
" De réir réamhaisnéis na haimsire, bheadh gaoth ghéar ag séideadh in aice leis an chósta an lá sin, ach shíl mé féin go mbeadh an aimsir measartha maith ar Chró na Rad, áit a bhíonn faoi cheo cuid mhaith den am.
réamhaisnéis na haimsire the weather forecast
" Ach ní théim ann gan an trealamh ceart – éadaí teirmeacha, anarac, *bivvy bag* (mála éigeandála) –agus éistim le réamhaisnéis na haimsire roimh ré.
réamhaisnéis na haimsire the weather forecast
" Bhí réamhaisnéis na haimsire go maith don lá dár gcionn (Déardaoin) agus chinn mé ar dhul suas Guastatoppen i m’aonar.
bhíothas ag tuar it was forecast
" Maidir leis an gcéad chiste a luadh, Fís agus Fuaim, bhíothas ag tuar ag am a bhunaithe go n-athródh sé an earnáil léirithe neamhspleách ó bhonn, an earnáil léirithe Ghaeilge ach go háirithe.
tuar agus tairngreacht a dhéanamh faoi chúrsaí reatha na hÉireann forecast currents events in Ireland
" Ní fear é Balor le seans a ligean thairis agus rug sé greim sceadamáin ar an taibhreamh tanaí agus thug a rogha di idir bás nó beatha nó tuar agus tairngreacht a dhéanamh faoi chúrsaí reatha na hÉireann mar a bheadh i mí na Samhna.
tuar na haimsire weather forecast
" 30 pm agus tar éis dom lóistín a fháil don oíche, ba go hoifig na n-oilithreach a bhí mo thriall le stampa a fháil ar mo phas oilithrigh agus le tuar na haimsire sna Piréiní a fháil don lá arna mhárach.
Tuartha forecast
á dtuar being forecast
" Má chliseann sruth an gháis as an mBreatain, go sealadach féin, fiú amháin, an dtitfidh cúrsaí amach mar a bhfuil á dtuar ag an mBord Gáis? Tá seans ann nach dtitfidh, mar d'fhoilsigh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh (GIF) tuarascáil, ag deireadh na bliana seo caite, ina bhfuil rabhadh tromchúiseach dúinn go léir ann.
tuartha (had been) forecast
" Bhí gliondar orainn ár dtrealamh geimhridh a fáil réidh, go mór mór nuair a chuala muid an aimsir tuartha a bheith go maith.
réimhaisnéise is déanaí the latest forecast
" Tá an geilleagar ag crapadh thart timpeall orainn, agus de réir na réimhaisnéise is déanaí a d’fhoilsigh an Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta (CAI), is chun donachta níos túisce ná a mhalairt a bheas sé amach anseo agus go ceann fada go leor.
thuar forecast
" Tá an bás is an scrios á thuar ón tús.
tuar forecast
" Rinne mé tuar san iris seo an t-am seo anuraidh go mbainfí leas as an ghéarchéim gheilleagair le tuairimí agus dúnghaoisí a chur chun tosaigh nach nglacfaí leo cúpla bliain ó shin.
Tuarann forecasts
" ” Mar sin, céard atá i ndán dúinn? Tuarann Gates: “*Both nations can anticipate stagnation and inflation while ‘the people in between’ continue to amass more assets (at distressed prices) and collect more interest on more taxpayer-secured debt.
Tuar Cogaidh a forecast of war
" Tuar Cogaidh Tá cogadh cultúir á throid ag Nelson cóir le fada an lá.
thuar forecast
" Beidh orthu a bheith straitéiseach agus réadúil faoin mhéid atáthar ag iarrraidh a chosaint ó mholtaí thuarascáil McCarthy.
réamhaisnéis forecast
" Google Maps Chomh maith leis sin, bhaineamar úsáid as an ríomhaire agus an dangal gan sreang a thug mé liom chun eolas a aimsiú faoi ionaid turasóireachta éagsúla timpeall an chontae, faoi chladaigh dhifriúla, don réamhaisnéis aimsire agus le teacht ar eolas faoi na taoidí.
tuar forecast
" Ó tharla go gcaithfear lóistín a eagrú cúpla mí roimhe sin, níl aon bhaol nach dtiocfaidh siad mura mbíonn tuar na haimsire ag fóirstean.
thuar forecast, pre-empt
" Ar a laghad, d’fhéadfaí rabhaidh lucht Iosrael a thuar.
tuartha forecast
" Tá sé tuartha go gcaillfidh na Daonlathaigh 9 suíochán seanaid sa toghchán seo, agus go bpiocfaidh an ‘Tea Party’ suas iad.
geallta forecast
" Bhíomar uile inár suí go luath an lá arna mhárach, muid réidh don lá agus aimsir mhaith geallta.
mar a tuaradh as was forecast
" Tá sé ar bhóthar eadarstáit 95, an mótarbhealach a ritheann ó cheann ceann an cheantair seo, an bóthar is mó trácht sa tír, nach mór, agus tá na tranglaim tráchta chomh dona air go moltar anois tiomáint air i lár na hoíche agus é a sheachaint go hiomlán i rith an lae! Más ea, bhuaileamar bóthar i lár an lae mar sin féin, agus mar a tuaradh, chaitheamar seacht n-uaire an chloig ar an mbóthar seachas an trí go leith a thógfadh sé gan trácht.
an réamhaisnéis the forecast
" eu) a chuireann feidhmchláiríní ar fáil do *iOs, Android, Blackberry, WIndowsPhone* agus *Nokia* agus go dtí seo, bíonn an réamhaisnéis uaidh ceart níos minicí ná a mhalairt.
thairngreachtaí fadtéarmacha long term forecasts
" Insan aiste shíoraí seo, cháin Nietzsche na staraithe a leag an iomad béime ar thairngreachtaí fadtéarmacha agus a rinne iarracht na mílte bliain a achoimriú le halt aonaránach.
tairngreachtaí teibí seo a fhíorú ná iad a cháineadh verify nor censure such abstract forecasts
" Ba léir do Nietzsche gur chur i gcéill an cineál sin obair staire toisc ná féidir na tairngreachtaí teibí seo a fhíorú ná iad a cháineadh.
Má ghlactar leis an tuar duairc if one accepts the bleak forecast
" An bhfuil aon mhuinín againn go mbeidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta in ann don chúram dúshlánach atá leagtha orthu ó thaobh na pleanála teanga sa Ghaeltacht más aon teist é an cás seo? Má ghlactar leis an tuar duairc a rinne an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge go bhfuil an baol ann nach bhfuil ach idir cúig bliana déag agus fiche bliain fágtha ag an Ghaeilge mar roghatheanga an phobail (agus go bhfuil cúig bliana de sin imithe cheana féin) an bhfuil muid dóchasach go mbeidh a dhóthain fuadair faoin Roinn leis an phleanáil teanga a thabhairt go ceann scríbe?
réamhaisnéis na haimsire the weather forecast
" Bhí gálaí ann an tseachtain sin, agus choinnigh mé súil ghear ar réamhaisnéis na haimsire.
cos ar bolg atá á thuar do imperialism is being forecast for
" Géarleanúint chreidimh agus cos ar bolg atá á thuar do mhionlaigh na Siria má chuirtear Al-Assad as oifig.
shuíomh réamhfhaisnéis na haimsire weather forecast site
" Anois dá mbeadh feidhmchláirín a fhaigheann réidh leis na scamaill bheadh muid ar muin na muice! Ach i ndáiríre is fiú go mór eolas a bhailiú roimh do oíche mhór réaltóg ó fheidhmchláirín nó ó shuíomh réamhfhaisnéis na haimsire nó b’fhéidir gur ag cur amú do chuid ama a bheas tú.
bhí á tuar ó mheánlae being forecast from noon
" Tá cead ag dreapadóirí tosnú idir 5am agus 7am ach ba léir go raibh achan nduine ar an eolas faoin drochaimsir a bhí á tuar ó mheánlae roimhe sin.
tuar na haimsire the weather forecast
" An mbeidh an aicme oibre - an dream is mó a d’fhulaing le linn na dTrioblóidí - in ann theacht ar straitéis nach bhfuil ar chumas pholaiteoirí meánaicmeacha? Agus anois tuar na haimsire: cith agus dealán go dtí biaiste na mórshiúlta, ansin d'fhéadfadh stoirmeacha, toirneach agus tintreach a bheith forleathan, go háirithe i mBéal Feirste.
sioc á thuar frost being forecast
" Dá mbeadh sioc á thuar chuirimis uisce ar na casáin a raibh fánaí géara leo agus bheadh sleamhnán iontach sciorrach againn an lá dár gcionn.