Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scanrúil frightening
" Má tá an foirgneamh i gcathair mhór, is féidir grianghraf breá den fhoirgneamh sin a fheiceáil freisin - léiriú breá ar theicneolaíocht atá suimiúil agus scanrúil ag an am céanna.
foláireamh scanrúil frightening warning
" Ach nach bhfuil an Pápa ar shiúl ar oilithreacht go Ceanada agus Meicsiceo agus áiteanna beannaithe eile? Rún docht daingean é seo, rún nach féidir a scaoileadh le bhur mbeo, rún a chualthas ó ghníomhairí rúnda "Beo Ar Éigean" sa Róimh, rún ar tháinig an foláireamh scanrúil seo leis: "Do Not Repeat This!" Mar sin, níl mé sásta é a rá ach an t-aon uair amháin: Ní hé an Pápa atá imithe ar oilithreacht ar chor ar bith.
a scaip an scéinscéal who spread the frightening news
" Tar éis an tsaoil ba é féin an chéad duine a bhí ar an láthair ceathrú uaire roimhe sin, a chonaic é gan aithne gan urlabhra agus a scaip an scéinscéal, a ghair daoine, daoine a bhí anois ag tabhairt cluas bhodhar dó.
scread sceonmhar péine a frightening scream of pain
" Lig sé scread sceonmhar péine as a tholl poill bhreise i ngach cluas dá raibh i láthair.
scanrúil frightening
" B'fhéidir nach mbeidh athrú ar scéal scanrúil an ólacháin go mbeidh Methusalah ina ghasúr arís.
scanraithe frightened
" "Bhí na mná rialta agus na múinteoirí scanraithe ag mo mháthair.
scéiniúil frightening
" Bhí a leathshúil druidte go teann le faitíos roimh an fhís fhíochmhar a nochtaíodh dó: Éire mar a bheas i gcionn deich mbliana! Éire i samhradh na bliana 2013! Bhí sé scanrúil, scéiniúil, scáfar mar aisling.
scanraitheach frightening
" Cad é chomh scanraitheach is atá sin? Tá líon na n-ionsaithe den chineál seo ag méadú an t-am ar fad ó thuaidh.
scáthach frightening
" " Is fíor go bhfuil saothar Clemente mar a bheadh filíocht fhísíúil ann, ina bhfuil domhan mistiúil scáthach cruthaithe aige.
níos scéiniúla more frightening
" Caithfear féachaint ar an gcomhthéacs inar tógadh an cinneadh seo agus an cúlra as a dtagann sé go náisiúnta, mar tá ceist níos scéiniúla agus níos leithne ná an mótarbhealach féin le freagairt anseo: Cén fáth go bhfuil an rialtas seo, agus Martin Cullen go háirithe, meáite ar oidhreacht chultúrtha na tíre agus Chontae na Mí a scrios? Ó tháinig sé i gceannas ar an roinn nua atá freagrach anois as an gcomhshaol, an oidhreacht agus rialtas áitiúil, tá borradh as cuimse tagtha ar fhorbairt na mbóithre, ach tá praghas nach féidir glacadh léi á íoc againne mar náisiún.
nithe scanrúla frightening things
" Tá an tuairimíocht seo i measc na nithe scanrúla atá le léamh i dtuarascáil rúnda dár teideal *An Abrupt Climate Change Scenario and Its Implications for United States National Security.
is scáfara most frightening
" An rud is scáfara ná go bhfuil Bob Stoker luaite le heite fhorásach an UUP agus measann náisiúnaithe go bhfuil sé ag tabhairt tacaíochta go hindíreach d'fheachtas seicteach a bhfuil sé mar aidhm aige Caitlicigh a ruaigeadh amach as ceantracha Protastúnacha.
chuir sé critheagla uirthi it frightened her
" Ar chúis inteacht chuir sé critheagla uirthi agus, ar ndóighe, níor imigh sin ar Chonchubhar.
dóiteán scanrúil frightening conflagration
" McEneaney gur tháinig sé amach as an dóiteán scanrúil sin san Ionad Trádála Domhanda ar an 26 Feabhra, 1993 mar laoch.
scéiniúil frightening
" Cé nach raibh sé riamh ar an chnoc, is iomaí scéal scéiniúil a chuala sé ó oifigigh an NRA faoi na beanna contúirteacha, na hainmhithe allta agus an daoscarshlua dúchasach fiáin, fiata, fraochta.
an cor is scanrúla the most frightening twist
" Cor scanrúil ======= Is dócha gurb é an cor is scanrúla sa scéal seo, áfach, ná an tuairisc a bhí ag Nuacht TG4 cúpla seachtain ó shin go bhfuil mianach nua den MRSA sa tír seo anois.
scanraithe frightened
" Ar ndóigh, tá na comhlachtaí traidisiúnta cumarsáide scanraithe ag an teicneolaíocht nua seo atá ag laghdú bhillí a gcuid custaiméirí agus tá siad ag iarraidh stop a chur leo.
cuma fhaiteach frightened look
"cuma fhaiteach ar na saighdiúirí armtha atá ar patról timpeall Penn Station i Manhattan, ceann de na stáisiúin traenach is gnóthaí i Nua-Eabhrac.
scanrúil frightening
" Bhí Donie Nealon mar bhall de fhoireann láidir, scanrúil a bhí ag Tiobraid Árann sna seascaidí.
go n-uamhnódh mo ghnúis ghnaíúil ghalánta duine ar bith that my beautiful lovely face would frighten anyone
" Bhí mé ag iarraidh dul suas ar an altóir le Finbar Furey mar chuid den cheolchoirm ag deireadh an Aifrinn ach dúirt siad go scanróinn an pobal – amhail is go n-uamhnódh mo ghnúis ghnaíúil ghalánta duine ar bith.
scanrúil agus scannalach frightening and scandalous
" Tá sin scanrúil agus scannalach a leithéid a scríobh agus a léamh anois i gcomhthéacs eachtraí an lae inniu, ach bhí sin comónta go dtí le gairid.
na tuaisceartaigh diamhra, scanraitheacha seo these mysterious, frightening northerners
" Tugadh a luach saothair d’Adams as an obair a bhí déanta aige féin agus ag gluaiseacht na poblachta le deireadh a chur leis an choimhlint ó thuaidh ach is coimhthigh iad na tuaisceartaigh diamhra, scanraitheacha seo agus beidh Michael McDowell bródúil as an bhuille a thug sé do Gerry Adams le linn na díospóireachta ar RTÉ seachtain an toghcháin.
thar a bheith scáfar extremely frightening
" Smaoineamh thar a bheith scáfar é sin ach níl éalú air nó, mar a léiríonn Ó Canainn, bhain Ó hEaráin le glúin na hAthbheochana a raibh “caint na ndaoine” mar mhana acu ach a bhí éagumasach an teanga a choinneáil beo mar nár theastaigh ón phobal féin í a choinneáil beo.
go dtí gur éalaigh an fear ionaid faiteach until the frightened substitute disappared
" Diaidh ar ndiaidh, bádh a ghuth sa ruabhéic a bhí ag éirí d’aonghuth aníos ón scaifte: ‘Éamó is our Aire – we shall not be moved!’ – iad á ghlaoch arís agus arís eile, go dtí gur éalaigh an fear ionaid faiteach isteach sa Mother Macree Pretzel Cottage.
scanrúil. frightening.
" Rinneadh coimisiúnú orm beathaisnéis Bhreandáin Uí Eithir a scríobh agus bhí an réimse sin chomh leathan go raibh sé scanrúil.
bhí an oiread sin eagla air he was so frightened
" Seoladh bagairtí báis chuige féin, bagraíodh ar a bhean chéile agus ar a pháistí agus sa deireadh, bhí an oiread sin eagla air gurbh éigean dó Léim a Mhadaidh a fhágáil.
chuirfeadh sceoin ort would frighten one
" Níor thug sé faoi deara go raibh an carr mícheart tógtha aige go dtí gur dhúisigh duine de na páistí agus gur labhair sí leis i bPléimeannais! Chualathas faoi eachtraí eile a tharla a chuirfeadh sceoin ort dá mbainfidís duit féin ach a chuirfeadh ag gáire thú, b’fhéidir, fhad is gur duine eile a bheadh i gceist.
scáfar frightening
" cá háit a rachadh sé? Beidh an Síneach gan ainm seo reoite mar seo go deo mar is marbhán é, cosúil leis an cheathrar déag eile atá le feicéail sa taispeántas scáfar seo.
heachtraí ba scanrúla most frightening events
" Bhí baint mhór ag athair an tseanadóra i bhforcheilt ar cheann de na heachtraí ba scanrúla i stair mhíleata SAM.
scáfar frightening
" Bhí sé scanrúil, scéiniúil, scáfar mar fhís.
scanradh to frighten
" Ar tugadh? Tá an dealramh ar an scéal go mb’fhéidir gur tugadh cúpla duine, is gur fógraíodh an leagan scéil seo ar na meáin leis an dream isteach ar ruaig dól a bhailiú a scanradh as a gcleachtas.
scanraigh mé frightened me
" D’éirigh liom go leor a chur i gcrích, rinne mé go leor rudaí a scanraigh mé (ar bhealach maith) agus tháinig mé amach an taobh eile in aon phíosa amháin.
scanrúil frightening
" Foireann Chiarraí na 1950-60aidí Agus mé im’ ghasúr óg, shíl mé go mba dhuine ar leith é Charlie, duine a bhí suimiúil agus beagán scanrúil san am céanna.
scanraithe scared, frightened
" Mencken, an scríbhneoir mór aorach Meiriceánach, thart sa lá inniu, is cinnte go mbainfeadh sé an-ghreann as an tslí a bhaineann polaiteoirí Mheiriceá leas go seanbhlastúil as “hobgoblins” ar nós Muammar al-Gaddafi, Osama bin Laden, Saddam Hussein agus Mahmoud Ahmedinejad leis an bpobal a choinneáil scanraithe ar mhaithe leis an tionscal ollmhór míleata Meiriceánach agus leis an stát Iosraelach.
scanrúil frightening
" Níl éinne chomh maith leis! Dochreidte, ach scanrúil.
faiteach frightened
" An aineolas go dtí dearcadh faiteach sin Chumann na Múinteoirí? An bhfuil siad a dhath níos fearr ná liarlóga tráthnóna Shasana agus na hÉireann? Thit Éireannaigh siar i muinín na heagla dhá chéad bliain ó shin, ach bhí leithscéal 163 bliain den Ghéarleanúint ag cur isteach orthusan, agus chrap an Ghaeltacht amach as an chuid is mó d’Éirinn mar a bhainfeá smeach.
scanraithe frightened
" Bhí Rudd scanraithe ag ionsaí an fhreasúra agus chuir sé ar fionraí aon iarratas dídine ó dhaoine as an dá thír.
is scanrúla most frightening
" ’Sé an rud is scanrúla domsa faoi seo, go bhfuil urlabhraí Gaeltachta an pháirtí a bheas i gceannas na tíre th’éis an chéad olltoghcháin eile, ag moladh a leithéid de thionscnamh teanga: airgead, acmhainní agus fuinneamh a chaitheamh amú ag iarraidh an Ghaeilge a athbheochaint in áit cosúil le Cliara nuair atá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh an méidín beag den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge fós in uachtar, iompaithe ar an mBéarla faoi 2030.
scanrúil frightening
" Thuig muid a chontúirtí is atá an t-arracht scanrúil seo a luaithe is a chonaic muid ceann acu den chéad uair.
scanrúil frightening
" Ní minic sna scannáin, nó sa litríocht, anois go smaoiním air, a thagann duine ar Mhaimeó a thugann dúshlán Lady Macbeth mar aingeal baineann an uabhair – mar bhanphrionsa scanrúil an dorchadais.
Scanraíonn frighten
torann millteanach scanrúil a ferocious frightening noise
" Bhí trí mhaidhm cloiste againn sa dorchadas cheana féin, le torann millteanach scanrúil.
meabhrúchán scanrúil a frightening reminder
" Sa chomhthéacs seo, is meabhrúchán scanrúil iad na hionsaithe in Osló agus ar Oileán Utøya faoin gcontúirt a bhaineann le hantoisceachas a eascraíonn as dearcadh na comhcheilge.
chomh scanrúil as frightening
" Cad é a bhí sa tuarascáil a bhí chomh scanrúil sin a spreag chun gnímh iad? Airgead an phobail a d’íoc as an tuarascáil sin ach níl freagra na ceiste sin againn go fóill.
aill scáfar a frightening cliff
" As Mostar soir, ní raibh fúinn ach bóthar sléibhe, agus aill scáfar chaon taobh dínn.
an croí á chur trasna ionam frightened the life out of me
" Is a mhalairt a bheadh fíor le tiománaí an bhus agus an croí á chur trasna ionam aige ag bualadh bos do *‘The Birdy Song’* ag tiomáint bus abhaile ag leathuair tar éis a ceathair ar maidin - agus gan lámh ar bith aige ar an roth stiúrtha! Bhain mé an t-óstán amach go sábháilte mar sin féin agus ba léir gur chuid den chraic é an turas bus mar bhí muintir na háite breá compordach leis an ngeaitsíocht! *‘The Telegraph House’* ab ainm don óstán - ag cloí le téama Alexander Graham Bell mar fhear an ghutháin, agus mar ábhar tarraingteach turasóireachta an bhaile.
mo chroi chomh fada suas i mo bhéal as frightened
" Má mhairim an céad, ní dóigh liom go mbeidh mo chroi chomh fada suas i mo bhéal ’s a bhí an lá ar thiomáin muid an seanbhóthar a dtugann siad an Transalpina air i sléibhte Pharâng trí bhearnas Urdele.
Tá cuma puipéidí scantraithe ar look like frightened puppets
" Tá cuma puipéidí scantraithe ar Enda Kenny agus Éamonn Gilmore, gan bunsmaoineamh ar bith dá gcuid féin acu, gan aon mhisneach acu agus gan de chumas iontu dóchas a thabhairt don phobal a thogh iad.
scanrúil frightening
" Agus tá sé scanrúil tar éis chuile dhráma agus nuair a thosaíonn tú ar dhráma nua, á, bím scanraithe agus bíonn na nerves ag imeacht agus de réir mar a éiríonn tú níos sine, silim go n-éiríonn siad níos measa.
sáite in eachtraí scáfara enmeshed in frightening incidents
" Is gairid go raibh sé sáite in eachtraí scáfara agus é ar a mhíle dícheall na Clocha agus an Chailís a aimsiú sula mbeidh sé ródhéanach .
sáite in eachtraí scáfara enmeshed in frightening incidents
" Is gairid go raibh sé sáite in eachtraí scáfara agus é ar a mhíle dícheall na Clocha agus an Chailís a aimsiú sula mbeidh sé ródhéanach .
uaigneach scáfar fosta frightening and lonely also
" Tá áilleacht ag baint leis an íomhá ach tá sé uaigneach scáfar fosta.
scanraigh sé muintir na cathrach it frightened the citizens
" Bhí an dúnmharú seo, an Tomahawk Murder mar a thug na meáin air, ar na coireanna ba mhíchlúití riamh in Darwin, príomhchathair na Críche Thuaidh, agus scanraigh sé muintir na cathrach.
rud atá ag cur scaoll ar cheannairí na tíre something which frightens the national leaders
" An Cat Mara Romhainn ====== Amach romhainn tá an "Aill Fhioscach", rud atá ag cur scaoll ar cheannairí na tíre.
Dhírigh na soilse scáfara seo these frightening lights directed
" Dhírigh na soilse scáfara seo an spotsolas ar cheannaireacht fhabhtach na bpáirtí polaitíochta aontachtacha, an DUP agus an UUP araon.
An Untermensch Scáfar the frightening subhuman(s)
" An Untermensch Scáfar ========== Stát aonpháirtí a bhí i dtuaisceart Éireann ar feadh leathchéad bliain, ach cad é a rinne na ridirí agus captaein tionsclaíochta an Pháirtí Aontachtaigh a bhí mar theachtaí i Stormont ar son an aicme oibre Protastúnach? Faic.
is scanrúla go mór is more frightening by far
" Ach más dúshlán eisiach é ‘Hors Satan’, aiste dhébhríoch Bruno Dumont, Francach, is scanrúla go mór ‘Mea Maxima Culpa’, le Alex Gibney.
Léanmhar agus scanrúil piteous and frightening
"Léanmhar agus scanrúil” a thug sé ar an fhadhb agus "spreagúil" ar na daoine a bhí ag iarraidh theacht i gcabhair ar dhaoine.
bhí an croí céanna ina bhéal fosta he was frightened just the same
" Cé go raibh croí Bhaloir tógtha, bhí an croí céanna ina bhéal fosta in amanna.
Bhí brón is scanradh orthu they were saddened and frightened
" Bhí brón is scanradh orthu faoi na hionsuithe uafásacha i mBostún, níos lú ná 100 ciloméadar ón gcampas againne, ach fós féin thosaigh siad ag tabhairt amach láithreach faoi na meáin chumarsáide sa tír agus an tslí ar mhaith leo sceimlitheoir eachtrannach a ainmniú chun an foréigean a scaradh ó shochaí Mheiriceá.
is scanrúla most frightening
" Ar na rudaí is scanrúla ar an tsaol seo, tá an *X-Factor*.
scanrúla frightening
" Teilgeadh íomhánna scanrúla de chnámharlaigh, dheamhain, agus de thaibhsí ar bhallaí, ar bhráillíní agus ar scáileáin de chineálacha éagsúla agus clúdaíodh le deatach iad go minic chun atmaisféar níos taibhsiúla fós a chruthú.
na híomhánna is scáfara the most frightening images
" Tá na grianghraif den sléacht a bhí ar na nuachtáin agus ar an teilifís ar na híomhánna is scáfara dar foilsíodh le linn na dtrioblóidí.
rud inteacht scáfar something frightening
"rud inteacht scáfar ag baint leis; an smaoineamh ar fad, nach mbeadh boladh ag duine inteacht; go bhfuil tábhacht ag baint le chuile chéadfa atá againn.