Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
baineadh an-gheit aisti she got quite a fright
" "Chonaic duine de na cuairteoirí í agus baineadh an-gheit aisti.
go mbainfeadh sé stangadh asam féin that it would give me a fright
" " "Cad é a dhéanann tú? Caithfidh mé a rá go mbainfeadh sé stangadh asam féin," arsa Risteard.
scanradh fright
" San am b’fhurasta don Pháirtí Liobrálach a chur ina luí ar an phobal gur cheart dóibh scanradh a bheith orthu roimh pholasaithe an Pháirtí Choimeádaigh ach gurbh fhéidir leis an phobal brath ar na Liobrálaigh chun cosaint a dhéanamh ar bhunluachanna ar nós an chórais sláinte phoiblí.
Baineadh geit uafásach asam I got a terrible fright
" Baineadh geit uafásach asam nuair a chonaic mé an duine míshláintiúil seo sa scáthán agus thuig mé ansin go raibh orm mé féin a shaoradh sula mbáfaí ar fad mé i measc na gcúisíní agus na bpluideanna! Ar thóir oibre Dúirt mé liom féin go mbeadh orm dul sa tóir ar phost samhraidh.
geit chomh mór such a big fright
" Bhain an "tseirbhís" nua seo, ar a dtugtar Beacon, geit as daoine – geit chomh mór sin go bhfuil deireadh ag teacht le ré Facebook, dar le daoine áirithe.
preab jump, fright
" Agus baineadh preab eile as cartlannaí an Warhol Museum, áit a bhfuil na boscaí á gcoimeád, nuair a tháinig sé ar chos daonna i mbosca amháin agus í seargtha.
geit fright
" Mar sin féin, ní thugann tú faoi deara go bhfuil tú ag caitheamh ama – go dtí go dtagann aon choinne mhór amháin agus baineann an choinne mhór amháin geit asat; músclaíonn tú as suan na gcéadta mionchoinne pléisiúrtha agus feiceann tú go bhfuil níos mó ama caite agat ná mar a shíl tú.
gheit fright
" Ní chaithfidh mé a mhíniú cén mhéid de gheit a baineadh asam (agus a nimhní is a bhí mo ghualainn).
geit a jump, fright
" Nárbh é an bratach trídhathach ba chúis le chéad racáin mhóra na dtrioblóidí i Sráid Duibhise i 1964? Uair amháin, b’éigean dom cor bealaigh a ghlacadh i gceantar na Seanchille agus ag dul thart coirnéal áirithe, baineadh geit asam nuair a chonaic mé an bratach ba mhó UVF dá bhfaca mé riamh díreach os mo chomhair.
geit fright
" Ach i mí Dheireadh Fómhair, bhain an Chéad Aire, Peter Robinson, geit as daoine nuair a mhaígh sé gur comhartha sóirt na cinedheighilte é an córas oideachais ó thuaidh agus go raibh córas ar bith a chruthaigh deighilt idir pháistí, "mímhorálta".
an gheit a bhaintear asat níos measa the fright you receive worse
" Ballaí an Uafáis ======== Cuireann solas niamhrach agus ciúnas na heaglaise ar do shuaimhneas thú ar do bhealach isteach ann, rud a dhéanann an gheit a bhaintear asat níos measa nuair a thagann tú go tobann ar na híomhánna gáirsiúla briúidiúla, atá ar beagnach achan bhalla.