Is é an chiall atá leis an fhocal “Trondheim” nó ‘áit chónaithe na ndaoine torthúla, láidre,’ agus níl amhras ar bith fá dtaobh de – bhí cuma mhillteanach láidir agus
torthúil orthu uilig, ach is dócha gurbh é cionn is go bhfuil duine as seisear sa chathair seo ina mhac léinn – mar sin caidé mar a bheadh siad?! Lasmuigh den óige a bheith acu, tá siad ina gcónaí sa tír is saibhre ar domhain, i gceann de na cathracha is gleoite a bhfuil ann.